23 1954


Uimhir 23 de 1954.


AN tACHT SLÁINTE, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SHLÁINTE, 1953. [29ú Iúil, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Leasú ar alt 15 den Acht Sláinte, 1953 .

1. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ) (a dhéanas socrú le haghaidh seirbhísí forais agus sainliachta) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh fo-ailt (3) “agus, go dtí pé dáta a cheapfas an tAire le hordú, d'aon duine a bheas árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , agus a mbeadh, i gcás é do dhéanamh éilimh go cuí an 31ú lá d'Iúil, 1954, ach faoi threoir a imthosca reatha chun críocha árachais, ar an sochar ospidéil agus tí eadarshláinte a bhí, an 31ú lá sin d'Iúil, arna ordú faoi alt 25 den Acht sin, teideal aige chun go ngéillfí dá éileamh”.

Leasú ar alt 22 den Acht Sláinte, 1953 .

2. —Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Sláinte, 1953 (a dhéanas socrú le haghaidh rialachán maidir le seirbhísí sláinte) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (1) :

“(1A) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil, go háirithe, nach gcuirfear seirbhísí ar fáil ach d'aicme áirithe daoine (lena n-áirítear, maidir le hailt 15 agus 16 den Acht seo, aicme is fo-aicme d'aon aicme dá luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 15).”

Leasú ar alt 25 den Acht Sláinte, 1953 .

3. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Sláinte 1953 (a dhéanas socrú le haghaidh seirbhísí forais do réir rogha an othair, etc.) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ngach ceann de na fo-ailt (2) go (6) “(ach amháin, go dtí pé dáta a cheapfas an tAire le hordú, i gcás aon duine a bheas árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , agus a mbeadh, i gcás é do dhéanamh éilimh go cuí an 31ú lá d'Iúil, 1954, ach faoi threoir a imthosca reatha chun críocha árachais, ar an sochar ospidéil agus tí eadarshláinte a bhí, an 31ú lá sin d'Iúil, arna ordú faoi alt 25 den Acht sin, teideal aige chun go ngéillfí dá éileamh)” a chur isteach roimh “suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí”.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire Sláinte le hordú.

(3) Féadfar na h Achta Sláinte, 1947 go 1954, a ghairm de na h Achta Sláinte, 1947 agus 1953, agus den Acht seo le chéile.