|
||||
|
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 27 de 1954. | ||
| [EN] |
ACHT NA nÚDARÁS POIBLÍ (IMEACHTA BREITHIÚNACHA), 1954. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN GO mBEADH CAINGIN, INCHÚISIMH AGUS IMEACHTA IN AGHAIDH ÚDARÁS POIBLÍ FAOI RÉIR REACHT SIN NA dTRÉIMHSÍ A bhFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE CAINGIN, INCHÚISIMH NÓ IMEACHTA DEN tSÓRT SIN IN AGHAIDH DAOINE ATÁ AG GNÍOMHÚ INA gCÁIL PHEARSANTA. [9ú Nollaig, 1954.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
| [EN] |
Tosach feidhme |
1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an chéad lá d'Eanáir, 1955. |
| [EN] |
Achtacháin d'athghairm. |
2. —(1) Athghairmtear leis seo an Public Authorities Protection Act, 1893. |
| [EN] | (2) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht sin sa mhéid go mbainid le caingin, inchúisimh nó imeachta eile a thórannú agus nach bhfuilid athghairmthe leis an Acht sin. | |
| [EN] | (3) Athghairmtear leis seo alt 259 agus fo-alt (4) d'alt 260 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ). | |
| [EN] | (4) Athghairmtear leis seo alt 44 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 ( Uimh. 17 de 1953 ). | |
| [EN] | (5) Athghairmtear leis seo míreanna (b), (c), (d), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 111 den Acht Cosanta, 1954 ( Uimh. 18 de 1954 ). | |
| [EN] | (6) Ní dhéanfaidh athghairm na n-achtachán thuasluaite difir d'aon chaingean, inchúiseamh ná imeacht eile má d'fhaibhrigh cúis an chaingin roimh an aonú lá d'Iúil, 1954. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar Acht na nUdarás Poiblí (Imeachta Breithiúnacha), 1954 , a ghairm den Acht seo. |