35 1954


Uimhir 35 de 1954.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ) (UIMH. 2), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [22ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú) (Uimh. 2), 1954 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Alt 1.

Uimhir agus Bliain na nIonstraimí Reachtúla

Teideal

Abhar Ginearálta

Uimh. 93 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 328) (Scriúnna Tiomána agus Tairní Scriú Tiomána), 1954.

Dleacht d'fhorchur ar scriúnna tiomána agus tairní scriú tiomána.

Uimh. 94 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 329) (Gréasanna Miotail Cónrach), 1954.

An dleacht ar ghréasanna miotail cónrach d'athrú.

Uimh. 106 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 330) (Dí-Aicídigh, Etc.), 1954.

An dleacht ar dhí-aicídigh, etc., d'athrú.

Uimh. 107 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 331) (Foirne Tinteáin), 1954.

Dleacht d'fhorchur ar fhoirne tinteáin.

Uimh. 104 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 332) (Hataí agus Caipíní Feilte d'Fhir nó do Bhuachaillí), 1954.

An dleacht ar hataí agus caipíní feilte d'fhir nó do bhuacbaillí a mhéadú.

Uimh. 141 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach ( Acht Airgeadais, 1954 ) (Forála Iarmartacha), 1954.

Dleachta d'athrú de dhroim dleachta áirithe eile a chúlghairm san Acht Airgeadais, 1954 .

Uimh. 151 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 333) (Iarainn Smúdála Leictreacha), 1954.

An dleacht ar iarainn smúdála leictreacha d'athrú.

Uimh. 187 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 334) (Cairdeagáin etc., Chniotálta Olla), 1954.

An dleacht ar chairdeagáin, etc., chniotálta olla a mhéadú.