36 1954


Uimhir 36 de 1954.


AN tACHT ATURNAETHE, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ATURNAETHE DO NA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS A GHLACADH ISTEACH, A ROLLÚ AGUS A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Aturnaethe, 1954 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mar leanas:

(a) tiocfaidh an méid den Acht a bhaineas le déanamh rialacha agus rialachán agus le heisiúint fógraí agus réamh-imeachta eile le haghaidh scrúduithe i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith,

(b) tiocfaidh alt 44 den Acht seo i ngníomh mar foráltar san alt sin,

(c) tiocfaidh an chuid eile den Acht i ngníomh an 6ú lá d'Eanáir, 1955.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle an Chumainn;

tá leis an abairt “an Coiste Araíonachta” an bhrí a bheirtear di in alt 13;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachta agus dualgais;

ciallaíonn “bliain chleachta” aon bhliain dar críoch an 5ú lá d'Eanáir;

tá leis an abairt “deimhniú cleachta” an bhrí a bheirtear di in alt 46;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann;

tá leis an abairt “clár na n-aturnaethe cleachtacha” an bhrí a bheirtear di in alt 47;

tá leis an bhfocal “cláraitheoir” an bhrí a bheirtear dó in alt 8;

tá leis an abairt “an rolla” an bhrí a bheirtear di in alt 9;

ciallaíonn “an Cumann” Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann;

ciallaíonn “aturnae” aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais; tá leis an abairt “aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (3) d'alt 54;

tá leis an abairt “aturnae atá cáilithe chun cleachtadh” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (1) d'alt 54;

tá réim ag na focail “iontaobhas” agus “iontaobhaí” maidir le hiontaobhais intuigthe nó iontaobhais inchiallaithe agus maidir le cásanna ina bhfuil leas tairbhiúil sa mhaoin iontaobhais ag an iontaobhaí, agus maidir leis na dualgais a ghabhas le hoifig ionadaí phearsanta, agus folaíonn an focal “iontaobhaí”, má cheadaíonn an comhthéacs é, ionadaí pearsanta;

ciallaíonn “duine neamhcháilithe”—

(a) aturnae nach aturnae atá cáilithe chun cleachtadh, nó

(b) duine nach aturnae.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachta, tagairt do na cumhachta sin d'fheidhmiú.

(3) I gcás inarb iomchuí é, folaíonn tagairt san Acht seo do shárú forála tagairt do dhiúltú nó mainneachtain déanamh do réir na forála sin.

(4) Déanfar tagairt san Acht seo don Phríomh-Bhreitheamh, i gcás an fheidhm áirithe a bheith arna tarmligean faoi alt 6 den Acht seo chun breithimh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt, d'fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh sin.

Comhlíonadh feidhmeanna an Chumainn.

4. —Is í an Chomhairle a chomhlíonfas na feidhmeanna a dílsítear sa Chumann leis an Acht seo nó faoin Acht seo.

Rialacháin i gcoitinne.

5. —(1) Féadfaidh an Cumann-rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú nó is ábhar do rialacháin.

(2) Féadfaidh an Cumann rialacháin a dhéanamh chun forála an Achta seo a chur i ngníomh.

(3) Leagfaidh an Cumann gach rialachán a déanfar faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Tarmligean ag an bPríomh-Bhreitheamh.

6. —(1) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo a tharmligean chun aon bhreithimh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt.

(2) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon tarmligean a bheas déanta aige faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

Athghairm.

7. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Déanfar tagairt i ndoiciméad d'Acht nó do pháirt d'Acht a hathghairmtear leis an Acht seo d'fhorléiriú mar thagairt don Acht seo nó don pháirt chomhréire den Acht seo, agus measfar gur cuid den chlár, den rolla nó den liosta comhréire faoin Acht seo clár, rolla nó liosta faoi Acht a hathghairmtear leis an Acht seo.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'fheidhm ghinearálta an Achta Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , maidir le héifeacht athghairme.

CUID II.

Cláraitheoir na nAturnaethe agus Rolla na nAturnaethe.

Cláraitheoir na n-aturnaethe.

8. —(1) Beidh cláraitheoir aturnaethe ann (dá ngairmtear an cláraitheoir san Acht seo).

(2) Ceapfaidh an Cumann rúnaí an Chumainn nó duine oiriúnach éigin eile ina chláraitheoir.

(3) Ceapfar an cláraitheoir ar pé téarmaí agus coinníollacha, agus le pé sochar oifige (más ann) a bheas iníoctha as cistí an Chumainn, a chinnfeas an Cumann.

(4) Féadfaidh an Cumann an cláraitheoir a chur as oifig.

(5) Féadfaidh an Cumann ionadaí a cheapadh chun gníomhú mar chláraitheoir go ceann tréimhse, agus comhlíonfaidh an t-ionadaí feidhmeanna an chláraitheora i gcaitheamh na tréimhse sin.

Rolla na n-aturnaethe.

9. —(1) Coimeádfaidh an cláraitheoir liosta in ord aibítre d'aturnaethe (dá ngairmtear an rolla san Acht seo).

(2) Coimeádfaidh an cláraitheoir an rolla ar fáil lena iniúchadh in aisce ag an bpobal le linn uaireanna oifige.

Glacadh agus rollú.

10. —(1) Féadfaidh duine a chomhlíonfas na cinn sin a bhaineas leis de cheanglais Choda IV den Acht seo a iarraidh ar an bPríomh-Bhreitheamh é a ghlacadh mar aturnae.

(2) Ar iarratas do réir fo-ailt (1) den alt seo d'fháil dó, glacfaidh an Príomh-Bhreitheamh an t-iarratasóir mar aturnae, le hionstraim i scríbhinn, mura suítear chun a shástachta cúis lena mhalairt a dhéanamh.

(3) Féadfaidh duine a glacfar mar aturnae a iarraidh ar an gcláraitheoir a ainm a thaifeadadh ar an rolla agus déanfaidh an cláraitheoir, ar ionstraim a ghlactha a thabhairt ar aird, ainm an duine sin a thaifeadadh ar an rolla.

Tórainn leis an tréimhse le haghaidh iarratas áirithe chun ainmneacha a scrios den rolla.

11. —(1) Ní féadfar ainm aturnae a scrios den rolla toisc éalaing a bheith ina dhintiúirí príntíseachta, nó i gclárú na ndintúirí sin nó ina sheirbhís fúthu, nó ina ghlacadh agus a rollú, mura ndéantar an t-iarratas chun a ainm a scrios den rolla laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta a rolluithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo má cruthaítear go ndearnadh calaois i ndáil leis na dintiúirí, leis an gclárú, leis an tseirbhís, leis an nglacadh nó leis an rollú.

Bás a chur in iúl.

12. —Déanfaidh cláraitheoir bás, nuair a taifeadfar i gclár na mbás bás duine a bhfuil a ainm ar an rolla, cóip dheimhnithe den taifead a chur láithreach leis an bpost chun an chláraitheora, agus féadfaidh sé costas an deimhnithe agus a churtha chun an chláraitheora d'éileamh mar chaiteachas a ghabhas lena oifig mar chláraitheoir bás.

CUID III.

An Coiste Araíonachta.

An Coiste Araíonachta.

13. —(1) Ceapfaidh an Cumann gach bliain, as comhaltaí na Comhairle agus na hiar-chomhaltaí sin den Chomhairle atá ag cleachtadh mar aturnaethe, coiste araíonachta (dá ngairmtear an Coiste Araíonachta san Acht seo) ar a mbeidh líon nach lú ná seachtar agus nach mó ná deichniúr.

(2) Féadfaidh an Cumann comhalta den Choiste Araíonachta a chur as oifig, folúntas sa Choiste Araíonachta a líonadh agus, faoi réir na dtórann a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, an líon daoine air a mhéadú nó a laghdú.

(3) Raghaidh comhaltaí an Choiste Araíonachta as oifig nuair a ceapfar a gcomharbaí faoi fho-alt (1) den alt seo, ach beidh aon chomhalta den tsórt sin inathcheaptha.

(4) Féadfaidh an Coiste Araíonachta gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais a bheith ina gcomhaltas.

(5) Cúigear is córam don Choiste Araíonachta.

(6) Ní ceapfar comhalta ná ní cuirfear as oifig é faoi fho-alt (1) ná (2) den alt seo ach le haontú an Phríomh-Bhreithimh.

Iarratais chun an Choiste Araíonachta.

14. —(1) Is chun an Choiste Araíonachta a déanfar na hiarratais seo a leanas:

(a) iarratas ó aturnae á iarraidh a ainm a bhaint den rolla,

(b) iarratas ó dhuine eile nó ón gCumann á iarraidh ainm aturnae a scrios den rolla ar aon fhoras acu seo a leanas:

(i) an t-aturnae a bheith ciontach i mí-iompar, lena n-áirítear iompar a tharraingeodh táirmheas ar ghairm na n-aturnaethe,

(ii) sárú a bheith déanta ag an aturnae ar fhoráil den Acht seo nó d'ordú nó de rialachán a rinneadh faoin Acht seo,

(iii) an t-aturnae a bheith ciontaithe i dtréas nó i bhfeileontacht nó in oilghníomh nó é a bheith ciontaithe lasmuigh den Stát i gcoir nó i gcion ba feileontacht nó oilghníomh dá mba sa Stát a déanfaí é,

(c) iarratas chun a cheangal ar aturnae freagra a thabhairt ar líomhna a rinneadh i mionnscríbhinn,

(d) iarratas á iarraidh ainm a baineadh nó a scriosadh den rolla a chur ar ais ar an rolla.

(2) Ní foláir iarratas faoin alt seo a bheith i scríbhinn, a bheith sínithe ag an iarratasóir agus na nithe seo a leanas a chur ina theannta chun an Choiste Araíonachta—

(a) mionnscríbhinn ón iarratasóir ina sonrófar na hábhair a bheas mar thaca leis an iarratas, agus

(b) na doiciméid a bheas mar thaca leis an iarratas nó cóipeanna de na doiciméid sin.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó aon bhreitheamh den Ard-Chúirt, d'ainneoin aon ní san Acht seo, aon dlínse d'fheidhmiú ar aturnaethe d'fhéadfadh sé d'fheidhmiú dá mba nach rithfí an tAcht seo.

An nós imeachta i gcás ina n-iarrfaidh aturnae a ainm a bhaint den rolla.

15. —I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus—

(a) má chinnid go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal a ainm a bhaint den rolla gan tuilleadh fiosruithe, ordóid dá réir sin,

(b) má chinnid go bhfuil cúis le fiosrú, déanfaid fiosrú.

An nós imeachta i gcás ina ndéanfar cúiseamh i gcoinne aturnae.

16. —(1) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi mhír (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus—

(a) má chinnid nár suíodh cás prima facie, cuirfid sin in iúl don iarratasóir agus don aturnae agus ní dhéanfaid aon bheart eile,

(b) má chinnid gur suíodh cás prima facie, seirbheálfaid ar an aturnae—

(i) cóip den iarratas,

(ii) cóip den mhionnscríbhinn,

(iii) cóipeanna de na doiciméid nó, de rogha an chláraitheora, liosta de na doiciméid, agus

(iv) fógra á cheangal ar an aturnae mionnscríbhinn uaidh mar fhreagra ar an iarratas a chur chun an Choiste Araíonachta laistigh de thréimhse shonraithe maraon le haon doiciméid, nó cóipeanna díobh, a bheas mar thaca aige lena fhreagra.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ceachtar páirtí na doiciméid a thug an páirtí eile d'iniúchadh.

(3) I ndeireadh na tréimhse a sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus pé mionnscríbhinn agus doiciméid (más ann) a thug an t-aturnae agus—

(a) má chinnid nach bhfuil aon chúis le tuilleadh fiosruithe, cuirfid sin in iúl don iarratasóir agus don aturnae agus ní dhéanfaid aon bheart eile,

(b) má chinnid go bhfuil cúis le fiosrú, déanfaid fiosrú.

(4) I gcás ina gcuirfear cinneadh in iúl d'iarratasóir faoi mhír (a) d'fho-alt (1) nó faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh an Coiste Araíonachta, má iarrann an t-iarratasóir é, ordú foirmiúil den chinneadh.

An nós imeachta i gcás ina n-iarrfar ainm a chur ar ais ar an rolla.

17. —I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas agus an mhionnscríbhinn agus na doiciméid tacaíochta agus déanfaid ordú ag diúltú don iarratas nó á ordú an ainm a bheas i gceist a chur ar ais ar an rolla.

Orduithe ón gCoiste Araíonachta tar éis fiosrúcháin.

18. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Coiste Araíonachta fiosrú, féadfaid ordú a dhéanamh ag ordú ní nó nithe acu seo a leanas:

(a) an t-iarratas a dhíbhe,

(b) an t-aturnae d'iomardú,

(c) an t-aturnae d'fhionraí ó chleachtach.

(d) ainm an aturnae a bhaint nó a scrios den rolla,

(e) aon pháirtí sa bhfiosrú d'íoc costas nó d'íoc suime áirithe i leith costas,

(f) an t-aturnae do thabhairt pé aisig nó sásaimh is oiriúnach leis an gCoiste Araíonachta d'aon pháirtí éagóraithe.

(2) Féadfaidh an Coiste Araíonachta déanamh orduithe faoin alt seo a chur siar.

(3) I gcás ina gcuirfear siar déanamh orduithe faoin alt seo, féadfaidh an Coiste Araíonachta, má hiarrtar sin orthu nuair a bheas breithniú á dhéanamh acu tar éis a churtha siar, a cheadú an t-iarratas a tharraing siar, gan aon ordú a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an Coiste Araíonachta, ar iarratas ón aturnae lena mbaineann ordú faoin alt seo, oibriú an orduithe d'fhionraí ag feitheamh ar achomharc faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo.

(5) An fhad a bheas ordú faoin alt seo ar fionraí, ní comhadófar é ná ní bheidh sé inchurtha i bhfeidhm faoi fho-alt (1) d'alt 21 den Acht seo.

Cumhachta an Choiste Araíonachta maidir le fianaise a thógaint, etc.

19. —(1) Beidh ag an gCoiste Araíonachta, le linn fiosrú a bheith á dhéanamh acu, na cumhachta, na cearta agus na pribhléidí atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mbreitheamh den Ard-Chúirt le linn caingin—

(a) maidir le iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus lena gceistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(b) maidir le doiciméid a chur á dtabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm faoi shíniú comhalta den Choiste Araíonachta a chur in ionad, agus is ionann a feidhm agus feidhm, aon phróise foirmiúla is ineisithe i gcaingean chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun doiciméid a chur á dtabhairt ar aird.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Coiste Araíonachta fiosrú agus ina dtarlóidh—

(a) go mainneoidh duine ar bith freastal a dhéanamh tar éis é a thoghairm go cuí mar fhinné ag an bhfiorsú,

(b) go ndiúltóidh duine ar bith ar bheith i láthair dó mar fhinné ag an bhfiosrú mionn a thabhairt a cheanglós an Coiste Araíonachta air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an Coiste Araíonachta air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an Coiste Araíonachta air go dlíthiúil d'fhreagairt, nó

(c) go ndéanfaidh duine ar bith aon ní eile ba dhísbeagadh cúirte dá mba chúirt dlí an Coiste Araíonachta agus cumhacht chimithe aici i gcás dísbeagtha,

féadfar, le deimhniú faoi shíniú beirte de chomhaltaí an Choiste Araíonachta, cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt, agus air sin féadfaidh an Ard-Chúirt fi s ú a dhéanamh i dtaobh an chiona líomhnaithe agus, tar éis aon fhinnéithe a bhéarfar ar aird i gcoinne nó ar son an duine a bheas cúisithe sa chion agus aon ráiteas a tairgfear mar chosaint d'éisteacht, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun an duine sin a phionósú amhail is dá mba i ndísbeagadh na hArd-Chúirte a bhí sé ciontach.

(3) Beidh teideal ag finné ag fiosrú a dhéanfas an Coiste Araíonachta chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

Rialacha i dtaobh iarratas chun an Choiste Araíonachta agus i dtaobh fiosrúchán.

20. —(1) Féadfaidh an Coiste Araíonachta, le comhthoiliú an Phríomh-Bhreithimh, rialacha a dhéanamh a rialós iarratais chun an Choiste Araíonachta agus éisteacht, stiúradh agus cinneadh na n-iarratas sin agus fiosrúcháin a dhéanfas an Coiste Araíonachta.

(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo foráil a dhéanamh go sonrach maidir le faidiú na tréimhse chun aon mhionnscríbhinn nó doiciméad a thabhairt nó maidir le hiarratas nó mionnscríbhinn a ghlacadh d'ainneoin aon neamhrialtachta ina fhoirm, i gcás inar dóigh leis an gCoiste Araíonachta gur ceart sin a dhéanamh.

(3) Féadfaidh rialacha faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le costais a dhámhachtain agus maidir lena bhfómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt (faoi réir achomhairc chun na hArd-Chúirte) faoin scála costas a bhaineas le himeachta san Ard-Chúirt, agus féadfar aon chostais a fómhasfar amhlaidh a ghnóthú amhail is dá mba faoi ordú ón Ard-Chúirt a fómhasadh iad.

Comhadú agus éifeacht orduithe a dhéanfas an Coiste Araíonachta agus fógra ina thaobh,

21. —(1) In aon ordú a dhéanfas an Coiste Araíonachta beidh ráiteas i dtaobh a mbeidh cinnte acu agus síneoidh beirt dá gcomhaltaí é agus comhadófar leis an gcláraitheoir é, agus a luaithe a comhadófar amhlaidh é déanfaidh an cláraitheoir dá réir, agus beidh sé inchurtha i bhfeidhm amhail is dá mba bhreithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt é.

(2) I gcás ina n-ordófar, le hordú a dhéanfas an Coiste Araíonachta, ainm aturnae a bhaint nó a scrios den rolla nó aturnae d'fhionraí ó chleachtadh, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara láithreach, mura n-ordóidh an Coiste Araíonachta a mhalairt, fógra ina luafar an éifeacht atá ag an gcuid oibritheach den ordú d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus cuirfidh faoi deara freisin an fógra d'fhoilsiú i pé slí eile a ordós an Coiste Araíonachta.

(3) Coimeádfaidh an cláraitheoir comhaid ar leithligh ina dtaifeadfar mar leanas orduithe uile an Choiste Araíonachta:

(a) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad A taifeadfar, in ord aibítre ainmneacha na n-aturnaethe iomchuí, gach ordú chun ainm aturnae a bhaint nó a scrios den rolla nó chun aturnae d'fhionraí ó chleachtadh,

(b) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad B taifeadfar, in ord a ndáta, na horduithe eile go léir.

(4) Ar chóip d'ordú a rinneadh de thoradh achomhairc faoi alt 23 den Acht seo d'fháil dó, taifeadfaidh an cláraitheoir an t-ordú ar Chomhad A nó ar Chomhad B (do réir mar is iomchuí).

(5) Bhéarfaidh an Cláraitheoir cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B do dhuine a iarrfas i scríbhinn cóip den tsórt sin.

(6) D'ainneoin fo-ailt (5) den alt seo—

(a) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad B agus gur taifead faoi dháta is luaithe ná dhá bhliain roimh dháta an iarratais é, nó

(b) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B agus gur taifead é ar ordaigh an Coiste Araíonachta nóta a chur isteach ina leith go mb'fhéidir éagóir a theacht as cóip de a thabhairt,

ní tabharfar cóip den taifead (ach amháin i gcás an chóip a thabhairt faoi ordú cúirte) gan cead i scríbhinn ón gCumann.

Feidhm an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

22. —Is imeacht dlí do réir bhrí na habairte “legal proceeding” mar húsáidtear í san Bankers' Books Evidence Act, 1879, iarratas chun an Choiste Araíonachta nó fiosrú nó imeacht eile os a gcomhair.

Achomharc i gcoinne orduithe ón gCoiste Araíonachta.

23. —(1) Féadfar achomharc i gcoinne orduithe ón gCoiste Araíonachta a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh ar thionscnamh an duine a rinne an t-iarratas chun an Choiste Araíonachta nó ar thionscnamh an aturnae lena mbaineann an t-ordú.

(2) Féadfar achomharc a dhéanamh freisin chun an Phríomh-Bhreithimh i gcoinne an Coiste Araíonachta do dhiúltú oibriú orduithe d'fhionraí faoi alt 18.

(3) Beidh an Cumann i dteideal láithriú agus éisteacht d'fháil le linn achomharc faoin alt seo d'éisteacht.

(4) Cuirfear chun an chláraitheora cóip d'ordú a déanfar de thoradh achomhairc faoin alt seo.

CUID IV.

Daoine a Ghlacadh mar Aturnaethe.

Coinníollacha chun duine a ghlacadh mar aturnae.

24. —Faoi réir na Coda seo den Acht seo, ní glacfar duine mar aturnae mura rud é—

(a) go bhfuil 21 bliain d'aois slán aige,

(b) go ndeachaigh sé faoi cheangal dintiúirí príntíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phríntíseach ag aturnae cleachtach ar feadh an téarma iomchuí agus gur chruthaigh sé don Chumann go bhfuil sé tar éis seirbhís a thabhairt go cuí faoi na dintiúirí sin,

(c) go bhfuair sé deimhniú nó deimhnithe ón gCumann á dheimhniú gur ghnóthaigh sé na scrúduithe forordaithe iomchuí, agus

(d) gur chomhlíon sé aon choinníollacha forordaithe maidir le seirbhís faoi dhintiúirí príntíseachta agus maidir le daoine a ghlacadh mar aturnaethe nó go ndearna an Cumann tarscaoileadh ar na coinníollacha sin.

Coinníollacha chun duine a ghlacadh mar phríntíseach.

25. —Faoi réir na Coda seo den Acht seo, ní fhéadfaidh duine dul faoi cheangal dintiúirí príntíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phríntíseach ag aturnae mura rud é—

(a) go bhfuil 17 mbliana d'aois slán aige,

(b) go bhfuair sé deimhniú nó deimhnithe ón gCumann á dheimhniú gur ghnóthaigh sé na scrúdaithe forordaithe iomchuí,

(c) go bhfuair sé ón gCumann an toiliú dá bhforáltar le halt 27 den Acht seo, agus

(d) gur chomhlíon sé aon choinníollachaforordaithe maidir le daoine a ghlacadh mar phríntísigh nó go ndearna an Cumann tarscaoileadh ar na coinníollacha sin.

Téarma dintiúirí.

26. —Is do réir forál an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht seo a cinnfear téarma na ndintiúirí príntíseachta faoi aturnae cleachtach.

Fianaise ar dheacharachtar.

27. —(1) Sé seachtaine ar a laghad sara raghaidh duine faoi cheangal dintiúirí príntíseachta, bhéarfaidh sé fógra don Chumann go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus bhéarfaidh don Chumann an fhianaise fhororduithe ar a charachtar.

(2) Má bhíonn an Cumann sásta leis an bhfianaise a bhéarfas duine de bhun an ailt seo agus leis an eolas a gheobhaid de thoradh aon fhiosruithe is cuí leo a dhéanamh, bhéarfaidh siad a dtoiliú scríofa leis an duine sin do dhul faoi dhintiúirí príntíseachta.

(3) Diúltóidh an cláraitheoir dintiúirí príntíseachta a chlárú a bhéarfar ar aird dó faoi alt 28 den Acht seo mura mbeidh i dteannta na ndintiúirí toiliú a tugadh faoin alt seo agus a bheas faoi dháta nach luaithe ná sé mhí roimh dháta na ndintiúirí.

(4) Ní measfar seirbhís phríntísigh faoi dhintiúirí príntíseachta ar diúltaíodh faoin alt seo iad a chlárú a bheith ina dea-sheirbhís ag an bpríntíseach sin faoina dhintiúirí.

Dintiúirí a chlárú.

28. —(1) Bhéarfar dintiúirí príntíseacha ar aird don chláraitheoir lena gclárú agus, ar bheith deimhin don chláraitheoir ó dhearbhú reachtúil nó ó pé fianaise eile is leor leis gur forghníomhaíodh na dintiúirí go cuí, taifeadfaidh sé i gclár ainmneacha agus seolta na bpáirtithe sna dintiúirí, dáta na ndintiúirí agus dáta an taifid a dhéanamh.

(2) Coimeádfar an clár faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh in aisce ag an bpobal le linn uaireanna oifige.

(3) Mura dtugtar dintiúirí príntíseachta príntísigh ar aird don chláraitheoir lena gclárú laistigh de sé mhí óna ndáta, measfar, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, nár thosnaigh seirbhís an phríntísigh go dtí dáta na ndintiúirí a thabhairt ar aird.

(4) Beidh feidhm ag na forála den alt seo a bhaineas le dintiúirí a thabhairt ar aird agus a thaifeadadh i gcás dintiúirí nua, agus i gcás dintiúirí a shannadh nó d'aistriú faoi alt 32 nó faoi ordú faoi alt 34 nó 35 den Acht seo, amhail mar atá feidhm acu i gcás dintiúirí bunaidh.

Srian le haturnae do ghlacadh nó do choimeád príntísigh.

29. —(1) Ní ghlacfaidh aturnae aon phríntíseach tar éis an t-aturnae sin do scor de bheith ag cleachtadh nó de bheith ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh, ná an fhad a bheas an t-aturnae sin ar fostú mar chúntóir nó mar chléireach ag aturnae eile.

(2) Mura raibh aturnae ag cleachtadh go leanúnach tráth éigin mar aturnae ar feadh tréimhse seacht mblian ní ghlacfaidh sé aon phríntíseach gan cead speisialta ón gCumann.

(3) Féadfar, le rialacháin, srian a chur le glacadh príntíseach ag aturnaethe atá ar fostú go lánaimsireach ag comhluchta corpraithe.

(4) I gcás aturnae a bhfuil príntíseach aige do scor de bheith ag cleachtadh nó de bheith ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh nó a dhul ar fostú mar chúntóir nó mar chléireach ag aturnae eile, ní choimeádfaidh sé an príntíseach níos sia ná sé mhí dá éis sin.

(5) Ní measfar, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, seirbhís phríntísigh ag aturnae a ghlac é contrártha d'fho-alt (1) nó d'fho-alt (2) nó do rialacháin a rinneadh chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, ná seirbhís phríntísigh ag aturnae i rith aon tréimhse a choimeád an t-aturnae sin é contrártha d'fho-alt (4) den alt seo, a bheith ina dea-sheirbhís ag an bpríntíseach sin faoina dhintiúirí príntíseachta.

Cosaint do sheirbhís phríntísigh i gcás an t-aturnae a dhícháiliú.

30. —Ní bheidh duine dícháilithe chun a ghlactha mar aturnae ná ní bheidh a ainm le scrios den rolla—

(a) toisc aturnae, ag a raibh sé ar seirbhís faoi dhintiúirí príntíseachta ar feadh iomláin an téarma nó coda den téarma is gá do réir an Achta seo, d'fhaillí nó do mhainniú deimhniú cleachta a thógaint amach, ná

(b) toisc aturnae a raibh sé faoi cheangal dintiúirí príntíseachta aige do scor, tar éis deireadh na tréimhse a raibh sé faoi cheangal ina leith, de bheith ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh.

Toirmeasc le príntíseach a ghlacadh.

31. —(1) Má ordaíonn an Cumann, nó má bhíonn cumhacht acu a ordú, don chláraitheoir diúltú d'iarratas aturnae ar dheimhniú cleachta, féadfaid, trí fhógra i scríbhinn a seirbheálfar ar an aturnae, a thoirmeasc air aon phríntíseach a ghlacadh, agus air sin ní ghlacfaidh an t-aturnae aon phríntíseach mura ndéanfaidh ná go dtí go ndéanfaidh an Cumann an toirmeasc a tharraingt siar.

(2) Ní measfar, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, seirbhís phríntísigh ag aturnae a ghlac é contrártha do thoirmeasc a bhí i bhfeidhm faoin alt seo a bheith ina dea-sheirbhís ag an bpríntíseach faoina dhintiúirí.

(3) Má thoirmisceann an Cumann faoin alt seo ar aturnae aon phríntíseach a ghlacadh, féadfaid dá dtreoir féin, le hordú, dintiúirí aon phríntísigh a bheas an uair sin ina phríntíseach ag an aturnae sin d'urscaoileadh ar pé téarmaí, lena n-áirítear téarmaí maidir leis an bpréimh a thabhairt ar ais, is oiriúnach leo, agus a chinneadh cad é an tréimhse sheirbhíse (más aon tréimhse é) ag an bpríntíseach faoi na dintiúirí a measfar a bheith ina dea-sheirbhís.

Dintiúirí a shannadh nó dintiúirí nua ar aturnae d'fháil bháis, etc.

32. —Má tharlann, roimh dheireadh an téarma a mbeidh printíseach faoi cheangal ina leith—

(a) go bhfaighidh an t-aturnae bás nó go scoirfidh sé de bheith ag cleachtadh mar aturnae,

(b) go gcealófar na dintiúirí príntíseachta de chomhthoil, nó

(c) go n-urscaoilfear na dintiúirí príntíseachta de bhuaidh orduithe ón gCumann nó ó aon chúirt nó ar shlí eile,

féadfar, trí na dintiúirí a shannadh, nó le dintiúirí nua, an príntíseach a chur faoi cheangal mar phríntíseach ag aturnae eile go ceann iarmhair an téarma sin.

Cumhacht ghinearálta chun dintiúirí d'urscaoileadh.

33. —Más deimhin leis an gCumann, ar iarratas d'fháil ón aturnae nó ón bpríntíseach, gur ceart dintiúirí príntíseachta d'urscaoileadh, féadfaid, le hordú, na dintiúirí d'urscaoileadh ar pé téarmaí, lena n-áirítear téarmaí maidir leis an bpréimh a thabhairt ar ais, is oiriúnach leo, agus a chinneadh cad é an tréimhse sheirbhíse (más aon tréimhse é) ag an bpríntíseach faoi na dintiúirí a measfar a bheith ina dea-sheirbhís.

Dintiúirí d'urscaoileadh nó a shannadh ar aturnae a bhaint den rolla, etc.

34. —(1) Má tharlann, roimh dheireadh an téarma a mbeidh printíseach faoi cheangal ina leith—

(a) go mbainfear nó go scriosfar an t-aturnae den rolla,

(b) go mbeidh an t-aturnae ina fhéimheach,

(c) go gcuirfear an t-aturnae i bpríosún agus go bhfanfaidh sé ann ar feadh lá agus fiche nó tréimhse is sia ná sin,

(d) go n-éireoidh an t-aturnae mí-mheabhrach, nó

(e) go raibh an t-aturnae amuigh as an Stát ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí nó ar feadh dhá thréimhse nó níos mó taobh istigh de dhá mhí dhéag as a chéile ba shia san iomlán ná sé mhí, gan toiliú an Chumainn nó gan pé téarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh a bheas socair ag an gCumann maidir lena bheith amuigh as an Stát amhlaidh,

féadfaidh an Cumann, ar iarratas an phríntísigh, na dintiúirí príntíseachta d'urscaoileadh le hordú nó, le toiliú aturnae eile, a ordú, le hordú, go sannfar iad don aturnae sin ar pé téarmaí agus i pé slí is oiriúnach leis an gCumann.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do chumhacht aon chúirte maidir le dintiúirí príntíseachta.

Ordú ag aistriú dintiúirí.

35. —I gcás—

(a) ina dteastóidh ó phríntíseach aturnae go sannfaí a dhintiúirí príntíseachta faoi alt 32 nó faoi ordú faoi alt 34 den Acht seo, agus

(b) inar deimhin leis an gCumann, ar iarratas d'fháil ón bpríntíseach, go ngabhann deacracht le forghníomhú an tsannta,

féadfaidh an Cumann, le toiliú aturnae eile, na dintiúirí príntíseachta d'aistriú chun an aturnae sin le hordú.

An líon príntíseach.

36. —(1) Ní bheidh níos mó ná príntíseach amháin san am amháin ag aturnae.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, is cead, le toiliú scríofa an Chumainn, beirt phríntíseach a bheith ag aturnae san am amháin, ach ní thabharfaidh an Cumann aon toiliú den tsórt sin ach amháin in imthosca speisialta. Ní diúltófar an toiliú sin d'aturnae más leanaí leis an aturnae an bheirt phríntíseach nó más leanbh leis an aturnae an dara príntíseach agus má tá an chéad phríntíseach ina phríntíseach ag an aturnae le dhá bhliain ar a laghad.

Oblagáid an phríntíseacht a dhéanamh bona fide.

37. —I gcaitheamh téarma iomláin a dhintiúirí déanfaidh príntíseach príntíseacht bona fide ag an aturnae a mbeidh sé faoi cheangal mar phríntíseach aige.

Oifig a shealbhú nó gabháil le fostaíocht le linn príntíseachta.

38. —(1) Ní shealbhóidh príntíseach aon oifig ná ní ghabhfaidh sé le haon fhostaíocht seachas fostaíocht faoina phríntíseacht mura bhfaighidh sé, sara ndéana sé sin, toiliú scríofa an aturnae a bhfuil sé faoi cheangal mar phríntíseach aige agus toiliú an Chumainn.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le toiliú an Chumainn chun críocha an ailt seo:

(a) is le hordú ón gCumann a bhéarfar an toiliú,

(b) sara ndéanfaidh an Cumann an t-ordú, ní mór iad a bheith deimhin de nach ndéanfaidh sealbhú na hoifige, nó an ghabháil leis an bhfostaíocht, dochar do shaothar an iarratasóra mar phríntíseach,

(c) féadfar leis an ordú pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an gCumann a chur ar an iarratasóir maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht agus le seirbhís an iarratasóra mar phríntíseach,

(d) má cuirtear téarmaí nó coinníollacha air amhlaidh, ní foláir don iarratasóir a chruthú don Chumann, sara nglacfar mar aturnae é, gur chomhlíon sé na téarmaí nó na coinníollacha sin.

Faoiseamh i gcás neamhrialtachta maidir le seirbhís phríntísigh.

39. —(1) Féadfaidh an Cumann faoiseamh a thabhairt do phríntíseach i gcás aon neamhrialtachta maidir lena sheirbhís faoi dhintiúirí príntíseachta, a mhéid is oiriúnach, agus ar pé téarmaí is oiriúnach, leis an gCumann.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “neamhrialtacht” sárú ar fhoráil arna déanamh leis an Acht seo nó faoi nó le haon Acht eile nó faoi.

Oideachas agus scrúduithe.

40. —(1) Féadfaidh an Cumann—

(a) saoráidí oideachais a sholáthar, lena n-áirítear léachtaí, ranganna agus múinteoireacht eile,

(b) scrúduithe a chur ar siúl,

(c) ollúna, léachtóirí agus scrúdaitheoirí a cheapadh,

(2) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacháin—

(a) chun a fháil amach an bhfuil aturnaethe a bheartós príntísigh a ghlacadh oiriúnach agus inniúil chun na príntísigh sin a mhúineadh,

(b) chun dul chun cinn príntíseach ag cur eolais ar theoiric agus ar chleachtadh an dlí d'fháil amach.

(3) Forálfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo —

(a) go gcuirfidh an Cumann ar siúl uair amháin ar a laghad gach bliain—

(i) an chéad scrúdú sa Ghaeilge, is é sin le rá, scrúdú sa teanga sin ar dhaoine a bheas ag iarraidh dul faoi cheangal dintiúirí príntíseachta, agus

(ii) an dara scrúdú sa Ghaeilge, is é sin le rá, scrúdú sa teanga sin ar dhaoine a bheas ag iarraidh a nglactha mar aturnaethe,

(b) go mbeidh an dá scrúdú sin éigeantach ach amháin i gcás daoine a bhí os cionn cúig bliana déag d'aois an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1929,

(c) go ndéanfar an dara scrúdú sin ar shlí, agus go mbeidh sé de shaghas, a chinnteos go bhfuil eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a ghnóthós é, is é sin le rá, an inniúlacht sin ar labhairt agus ar scríobh na teangan is leor chun a chur ar chumas aturnae, le héifeacht, teagasc a ghlacadh, cliaint a chomhairliú, finnéithe a cheistiú agus imeachta a thuiscint i nGaeilge,

(d) nach foláir an dara scrúdú sin a ghnóthú laistigh de dhá bhliain roimh dheireadh an téarma phríntíseachta nó laistigh de dhá bhliain roimh dhuine a ghlacadh mar aturnae.

(4) Forálfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo go gcuirfidh an Cumann ar siúl uair amháin ar a laghad gach bliain—

(a) réamhscrúdú, is é sin le rá, scrúdú ar dhaoine a bheas ag iarraidh dul faoi cheangal dintiúirí príntíseachta, agus

(b) scrúdú deiridh, is é sin le rá, scrúdú ar dhaoine a bheas ag iarraidh a nglactha mar aturnaethe, agus féadfar, más oiriúnach leis an gCumann, an scrúdú sin a roinnt ina dhá chuid nó níos mó.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt sin roimhe seo, féadfar, le rialacháin chun críocha an ailt seo, foráil a dhéanamh ina dtaobh seo a leanas—

(a) an Cumann do chur tuilleadh scrúduithe ar siúl i dteannta na scrúduithe a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo chun dul chun cinn príntíseach agus daoine a bheas ag iarraidh a nglactha mar aturnaethe d'fháil amach,

(b) gan príntísigh a bheith inghlactha ach ag aturnaethe a mbeifear sásta iad a bheith oiriúnach agus inniúil chun príntísigh a mhúineadh,

(c) freastal príntíseach nó ábhar príntíseach ar léachtaí, ranganna agus díospóireachtaí agus le linn múinteoireachta nó tréineála eile, pé acu an Cumann a sholáthrós sin nó nach ea, agus an cúrsa staidéir agus tréineála a bheas le déanamh ag na daoine sin,

(d) na trátha a bheas iarrthóirí cáilithe chun dul faoi na scrúduithe,

(e) ábhair na scrúduithe agus modh a stiúrtha,

(f) na caighdeáin éifeachtúlachta nach foláir a shroichint sna scrúduithe,

(g) trátha agus áiteanna na scrúduithe agus fógraí ina dtaobh,

(h) deimhnithe gur gnóthaíodh scrúduithe,

(i) rialú agus araíonacht phríntíseach,

(j) daoine a bhéarfas fianaise shásúil ar aird go bhfuil cáilíochtaí speisialta acu a shaoradh, faoi réir an Achta seo, ó scrúduithe, go hiomlán nó go páirteach.

(6) Ní ceapfar aon duine ina scrúdaitheoir Gaeilge faoin alt seo ach amháin le haontú an Aire Oideachais.

Saoirse ghinearálta ón réamhscrúdú.

41. —Ní bheidh gá le deimhniú gur ghnóthaigh sé réamhscrúdú an Chumainn—

(a) i gcás duine lena mbaineann mír 1 nó 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ná

(b) i gcás duine a ghnóthaigh scrúdú ar dearbhaíodh le rialacháin é a bheith ar comhréir le réamhscrúdú an Chumainn.

Saoirse speisialta ón réamhscrúdú.

42. —Féadfaidh an Cumann, in imthosca speisialta, duine a shaoradh ó réamhscrúdú an Chumainn nó ó aon chuid áirithe dhe, gan coinníoll nó faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leo.

Saoirsí d'abhcóide a bheas cúig bliana ag cleachtadh.

43. —(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) a bheartós bheith ina aturnae,

(b) a glaodh chun an bharra agus a bhí ag cleachtadh go leanúnach mar abhcóide ar feadh cúig bliana nó níos mó i rith na ndeich mblian dar críoch dáta scrúduithe dheiridh sin an Chumainn a mbeartóidh sé dul faoi,

(c) a chuir faoi deara é féin a dhíbharrú d'fhonn bheith ina aturnae, agus

(d) a fuair deimhniú ó bheirt de Bhinseoirí Chumann Onórach Ostaí an Rí, Baile Atha Cliath, faoi dháta nach luaithe ná sé mhí roimh dháta an scrúduithe dheiridh sin, á dheimhniú gur duine oiriúnach cuí é chun cleachtadh mar aturnae.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo:

(a) ní bheidh air deimhniú d'fháil gur ghnóthaigh sé aon scrúdú de chuid an Chumainn seachas an scrúdú deiridh agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge,

(b) beidh teideal aige, gan dul faoi cheangal ná seirbhís a thabhairt mar phríntíseach ag aturnae, a iarraidh go ligfear faoin scrúdú deiridh é,

(c) ar an scrúdú deiridh (ach amháin an méid den scrúdú sin a bhaineas le dintiúirí príntíseachta agus le seirbhís fúthu) agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge a ghnóthú, beidh teideal aige a iarraidh go nglacfar agus go gcuirfear ar an rolla mar aturnae é.

Saoirsí (forála cómalartacha).

44. —(1) San alt seo ciallaíonn “deimhniú comhréire” deimhniú ó Dhlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann atá ar comhréir le deimhniú cleachta.

(2) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) a bheartós bheith ina aturnae, agus

(b) a raibh deimhnithe comhréire aige ar feadh tréimhse trí mblian nó níos mó as a chéile.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo:—

(a) ní bheidh air deimhniú d'fháil gur ghnóthaigh sé aon scrúdú de chuid an Chumainn seachas scrúdú chun a fháil amach an bhfuil leor-eolas aige ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Stát agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge;

(b) ionas go bhféadfaidh sé dul faoin scrúdú chun a fháil amach an bhfuil leor-eolas aige ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Stát, beidh air deimhniú comhréire a bheith aige, ach beidh teideal aige dul faoin scrúdú sin gan dul faoi cheangal ná seirbhís a thabhairt mar phríntíseach;

(c) ar an scrúdú sin agus (má bhíonn sin d'oblagáid air) an dara scrúdú sa Ghaeilge a ghnóthú, beidh teideal aige a iarraidh go nglacfar agus go gcuirfear ar an rolla mar aturnae é.

(4) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun forála an ailt seo a theacht i ngníomh, agus is lá a bheas ann ar deimhin leis an Rialtas go mbeidh forála cómalartacha i ngníomh air maidir le haturnaethe ag a bhfuil deimhnithe cleachta.

Achomhairc faoi Chuid IV.

45. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh i gcás ina ndéanfar nó ina ndiúltófar cumhacht d'fheidhmiú a bheirtear don Chumann le fo-alt (3) d'alt 28, fo-alt (5) d'alt 29, fo-alt (2) nó (3) d'alt 31, alt 33, fo-alt (1) d'alt 34, alt 35, alt 38, alt 39 nó alt 42 den Acht seo.

CUID V.

Deimhnithe Cleachta.

Deimhnithe cleachta d'eisiúint.

46. —Eiseoidh an cláraitheoir do réir na Coda seo den Acht seo deimhnithe (dá ngairmtear deimhnithe cleachta san Acht seo) á dheimhniú go bhfuil teideal chun cleachtadh mar aturnaethe ag na haturnaethe a bheas ainmnithe iontu.

Iarratas ar dheimhniú cleachta.

47. —(1) Seachadfaidh aturnae a bheas ag iarraidh deimhniú cleachta dearbhú, i bpearsain nó trína ghníomhaire, don chláraitheoir—

(a) a bheas sa bhfoirm atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó i bhfoirm chomhbhríoch lena n-aontóidh an Cumann, agus

(b) a bheas comhlánaithe agus sínithe ag an iarratasóir féin.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an cláraitheoir, gan coinníoll ar bith nó faoi réir coinníollacha, ar an bhforas go bhfuil an t-iarratasóir tinn nó amuigh as an Stát nó ar aon fhoras eile is leor leis an gcláraitheoir, síniú dearbhuithe faoin alt seo ag an iarratasóir féin a ligean thar ceal agus glacadh le dearbhú i bhfoirm chomhbhríoch a chomhlánaigh agus a shínigh comhpháirtí leis an iarratasóir nó duine eile lena n-aontóidh an cláraitheoir.

(3) Taifeadfaidh an cláraitheoir i gclár (dá ngairmtear clár na n-aturnaethe cleachtacha san Acht seo) na sonraí seo a leanas a bheas i ndearbhú faoin alt seo, is é sin le rá:

(a) ainm iomlán agus sloinneadh an aturnae,

(b) a áit ghnótha nó a áiteanna gnótha, agus

(c) dáta a ghlactha.

(4) Coimeádfar clár na n-aturnaethe cleachtacha ar fáil lena iniúchadh in aisce ag an bpobal le linn uaireanna oifige.

(5) Más deimhin leis an gcláraitheoir go bhfuil ainm iarratasóra faoin alt seo ar an rolla, déanfaidh sé, faoi réir forál an Achta seo, deimhniú cleachta sa bhfoirm atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó i bhfoirm chomhbhríoch a sheachadadh, má héilítear sin air, don iarratasóir nó dá ghníomhaire údaraithe laistigh de cheithre lá déag tar éis an dearbhú a sheachadadh dhó.

(6) Má dhiúltaíonn an cláraitheoir go héagórach nó má fhaillíonn sé deimhniú cleachta d'eisiúint, féadfaidh an t-iarratasóir faoiseamh d'iarraidh ar an bPríomh-Bhreitheamh agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh pé ordú is cóir leis a dhéanamh maidir leis an ábhar.

Dáta agus tréimhse bhailíochta dheimhnithe chleachta.

48. —(1) Is é an 6ú lá d'Eanáir an dáta a bheas ar aon deimhniú cleachta a heiseofar i rith na tréimhse dar tosach an 6ú lá sin d'Eanáir in aon bhliain agus dar críoch an 5ú lá d'Fheabhra ina dhiaidh sin, agus is é lá a eisithe an dáta a bheas ar aon deimhniú cleachta nach n-eiseofar amhlaidh.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh feidhm ag deimhniú cleachta amhail ar an lá agus ón lá a mbeidh a dháta air.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar é d'fháil iarratais chuige sin, a ordú, má íocann an t-iarratasóir leis an gCumann suim a shocrós an Príomh-Bhreitheamh, go mbeidh deimhniú cleachta faoi dháta is déanaí ná an 5ú lá d'Fheabhra in aon bhliain chleachta i bhfeidhm, gan coinníoll nó faoi réir coinníollacha sonraithe, amhail ar dháta agus ó dháta sonraithe is luaithe ná an dáta a bheas ar an deimhniú agus nach luaithe ná an chéad lá den bhliain chleachta sin.

(4) Beidh teideal ag an gCumann láithriú agus éisteacht d'fháil le linn iarratas faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith á éisteacht agus cuirfear toradh an iarratais in iúl don chláraitheoir.

(5) Taifeadfaidh an cláraitheoir i gclár na n-aturnaethe cleachtacha nóta i dtaobh an dáta a bheas ar dheimhniú cleachta agus, i gcás ina n-ordóidh an Príomh-Bhreitheamh go mbeidh an deimhniú i bhfeidhm amhail ar dháta agus ó dháta is luaithe ná an dáta a bheas ar an deimhniú, nóta i dtaobh an dáta sin is luaithe.

(6) Leanfaidh deimhniú cleachta a bheas i bhfeidhm de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana cleachta inar heisíodh é agus raghaidh in éag ansin.

Ordú chun deimhniú cleachta a dhiúltú.

49. —(1) Baineann an t-alt seo leis na cásanna seo a leanas ina n-iarrfaidh aturnae deimhniú cleachta:

(a) dhá mhí dhéag nó níos mó a bheith caite ó bhí deimhniú cleachta aige a bhí i bhfeidhm (gan cásanna d'áireamh ina raibh an t-iarratasóir ag cleachtadh mar aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit laistigh de dhá mhí dhéag roimh dháta a iarratais),

(b) é a bheith arna fhionraí ó chleachtadh agus deireadh a bheith tagtha le tréimhse na fionraí,

(c) é a bheith arna scrios den rolla agus a ainm a bheith curtha ar ais ar an rolla,

(d) gan deimhniú cleachta a bhí i bhfeidhm a bheith aige laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta a cuireadh a ainm ar an rolla,

(e) é a bheith ina dhuine a mbeidh feidhm maidir lena phearsa nó lena mhaoin ag aon cheann de an cumhachta agus na forála den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, nó d'aon Acht ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, a bhaineas le bainistí agus riaradh maoine,

(f) oifig nó áit ghnótha a bheith aige i níos mó ná áit amháin san am amháin (gan áireamh a dhéanamh, má tá gníomhaire aige i mBaile Átha Cliath, ar oifig nó áit ghnótha an ghníomhaire sin) agus é a bheith iarrtha air ag an gCumann cruthú a thabhairt dóibh go ndéanann sé leor-mhaoirseacht phearsanta ar gach oifig nó áit ghnótha agus gan an cruthú sin a bheith tugtha aige don Chumann agus fógra i scríbhinn a bheith tugtha dhó ag an gCumann nár thug sé an cruthú sin,

(g) é a bheith iarrtha ag an gCumann air míniú a thabhairt ar aon ní a bhaineas lena iompar agus gan míniú is leor agus is sásúil leis an gCumann a bheith tugtha aige don Chumann ar an ní sin agus fógra i scríbhinn a bheith tugtha dhó ag an gCumann nár thug sé an míniú sin,

(h) ordú astuithe a bheith déanta ina choinne,

(i) breithiúnas nó foraithne a bheith tugtha ina choinne—

(i) faoina raibh airgead seachas costais le híoc, agus

(ii) nach breithiúnas nó foraithne a bhfuil teideal aige ina leith chun slánaíochta nó faoisimh ó aon duine eile maidir le hiomlán éifeacht an bhreithiúnais nó na foraithne air,

agus gan fianaise a bheith tugtha ar aird aige don chláraitheoir gur tugadh sásamh sa bhreithiúnas nó sa bhforaithne sin,

(j) é a bheith breithnithe ina fhéimheach,

(k) imshocraíocht lena chreidiúnaithe nó gníomhas comhshocraíochta ar mhaithe lena chreidiúnaithe a bheith déanta aige,

(l) sárú a bheith déanta aige ar ordú ón gCoiste Araíonachta á ordú dhó aon íocaíocht a dhéanamh.

(2) Nuair a iarrfas aturnae deimhniú cleachta i gcás lena mbaineann an t-alt seo—

(a) bhéarfaidh sé, mura n-ordóidh an Cumann a mhalairt, fógra go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh don chláraitheoir trí seachtaine ar a laghad sara ndéanfaidh sé an t-iarratas,

(b) féadfaidh an Cumann a ordú don chláraitheoir—

(i) diúltú deimhniú d'eisiúint,

(ii) deimhniú d'eisiúint gan coinníoll, nó

(iii) deimhniú d'eisiúint faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an gCumann,

(c) má ordaíonn an Cumann don chláraitheoir diúltú deimhniú d'eisiúint nó deimhniú d'eisiúint faoi réir téarmaí agus coinníollacha, cuirfear an t-ordú agus na forais ar ar tugadh é in iúl i scríbhinn don aturnae.

(3) I gcás—

(a) ina mbeidh an Cumann tar éis a ordú don chláraitheoir faoi fho-alt (2) den alt seo diúltú deimhniú cleachta d'eisiúint, agus

(b) ina gcruthóidh an t-iarratasóir don Chumann go bhfuil sé tar éis achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh faoi fho-alt (5) den alt seo i gcoinne an orduithe,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) d'ainneoin an t-ordú a bheith tugtha cheana féin acu, cuirfidh an Cumann faoi deara don chláraitheoir deimhniú cleachta d'eisiúint chun an iarratasóra, agus

(ii) má chruthaíonn an Cumann aon tráth don Phríomh-Bhreitheamh gur mhoilligh an t-iarratasóir go míchuí dul ar aghaidh lena achomharc, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh an t-achomharc a dhíbhe agus an deimhniú cleachta d'fhionraí.

(4) Má déantar, i gcás dá dtagartar i mír (h) nó i mír (i) d'fho-alt (1) den alt seo, achomharc chun na cúirte iomchuí i gcoinne an orduithe astuithe, an bhreithiúnais nó na foraithne (do réir mar bheas), ní diúltófar don iarratas ar dheimhniú cleachta go dtí go gcinnfear an t-achomharc, mura rud é gur dóigh leis an gCumann gur chuir an t-achomharcóir fad míchuí leis na himeachta san achomharc.

(5) Laistigh de mhí tar éis ordú ón gCumann a chur in iúl dó faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh i gcoinne an orduithe chun an deimhniú a dhiúltú nó i gcoinne na dtéarmaí agus na gcoinníollacha (do réir mar bheas), agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh—

(a) más achomharc i gcoinne orduithe chun deimhniú a dhiúltú an t-achomharc—

(i) diúltú don achomharc agus aon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin d'fhionraí, nó

(ii) an t-ordú d'urscaoileadh gan aon ordú a thabhairt maidir le haon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin nó a bheas le heisiúint, nó

(iii) an t-ordú d'urscaoileadh agus a ordú go mbeidh aon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin, nó aon deimhniú cleachta a bheas le heisiúint, faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an bPríomh-Bhreitheamh, nó

(b) más achomharc i gcoinne téarmaí agus coinníollacha an t-achomharc, diúltú don achomharc nó na téarmaí agus na coinníollacha d'athrú nó d'urscaoileadh.

(6) Leanfaidh fionraí faoi fho-alt (5) den alt seo ar dheimhniú cleachta de bheith i bhfeidhm go dtí go raghaidh an deimhniú in éag.

(7) Cuirfidh an cláraitheoir faoi deara go dtaifeadfar i gcoinne ainme an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha nóta i dtaobh fionraí faoi fho-alt (5) den alt seo ar dheimhniú cleachta.

(8) Más rud é, ag féachaint d'fhíorais cháis lena mbaineann an t-alt seo—

(a) go mbeidh an Cumann tar éis a ordú don chláraitheoir faoi fho-alt (2) den alt seo deimhniú cleachta d'eisiúint gan coinníoll, nó

(b) go n-urscaoilfidh an Príomh-Bhreitheamh, de thoradh achomhairc faoi fho-alt (5) den alt seo, ordú chun deimhniú cleachta a dhiúltú gan aon ordú a thabhairt maidir le haon deimhniú cleachta a bheas eisithe cheana féin nó a bheas le heisiúint, nó go n-urscaoilfidh sé téarmaí nó coinníollacha,

scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an gcás de dhroim na bhfíoras sin.

Deimhniú cleachta d'fhionraí ar aturnae a bhreithniú ina fhéimheach.

50. —(1) Má breithnítear aturnae ina fhéimheach oibreoidh sin láithreach chun a dheimhniú cleachta (más ann) d'fhionraí go dtí—

(a) go raghaidh an deimhniú in éag, nó

(b) go gcuirfear an breithniú féimheachta ar neamhní agus go seirbheálfar ar an gcláraitheoir cóip oifige den ordú a chuir an breithniú féimheachta ar neamhní, nó

(c) go gcuirfear deireadh leis an bhfionraí le hordú faoi alt 51 den Acht seo,

pé acu sin is túisce a tharlós.

(2) Cuirfidh an cláraitheoir faoi deara nóta i dtaobh deimhniú cleachta d'fhionraí faoin alt seo a thaifeadadh i gcoinne ainme an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha.

Deireadh a chur le fionraí dheimhnithe chleachta.

51. —(1) I gcás ina bhfionrofar deimhniú cleachta de bhuaidh ailt 50 den Acht seo, féadfaidh an t-aturnae, aon tráth sara raghaidh an deimhniú in éag agus sara gcuirfear an breithniú féimheachta ar neamhní, a iarraidh ar an gCumann deireadh a chur leis an bhfionraí agus féadfaidh an Cumann, le hordú, deireadh a chur leis an bhfionraí, gan coinníoll nó faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leo, nó diúltú don iarratas.

(2) Más rud é, ar iarratas d'fháil faoi fho-alt (1) den alt seo, go ndiúltóidh an Cumann don iarratas nó go gcuirfid deireadh leis an bhfionraí faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha, féadfaidh an t-aturnae achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh, agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh deireadh a chur leis an bhfionraí, gan coinníoll nó faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, nó aon téarmaí nó coinníollacha ar cuireadh deireadh leis an bhfionraí faoina réir d'athrú, nó diúltú don achomharc.

(3) I gcás deireadh a chur le fionraí dheimhnithe chleachta aturnae, trí bhreithniú féimheachta an aturnae a chur ar neamhní agus cóip oifige den ordú a chuir an breithniú ar neamhní a sheirbheáil ar an gcláraitheoir, nó le hordú ón gCumann nó ón bPríomh-Bhreitheamh faoin alt seo, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara láithreach nóta i dtaobh deireadh a chur leis an bhfionraí a thaifeadadh i gcoinne ainme an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha agus, má iarrann an t-aturnae i scríbhinn air é, cuirfidh faoi deara fógra ina thaobh d'fhoilsiú, ar chostas an aturnae, san Iris Oifigiúil.

An éifeacht a bheas ag fionraí dheimhnithe chleachta.

52. —An fhad a bheas deimhniú cleachta ar fionraí, measfar d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo, an deimhniú a bheith gan feidhm chun críocha ailt 54 den Acht seo.

Fianaise ar dheimhniú cleachta a bheith ag aturnae nó gan a bheith aige.

53. —(1) Beidh liosta a airbheartós a bheith arna fhoilsiú le húdarás an Chumainn, agus ainmneacha na n-aturnaethe a fuair deimhnithe cleachta don bhliain chleachta reatha roimh an 6ú lá d'Fheabhra sa bhliain sin a bheith ann, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur aturnaethe ag a bhfuil na deimhnithe sin na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta.

(2) Mura bhfuil ainm duine ar liosta dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, is fianaise é sin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuil deimhniú cleachta don bhliain chleachta reatha ag an duine sin, ach i gcás aon duine den tsórt sin beidh doiciméad a airbheartós gur sliocht é as clár na n-aturnaethe cleachtacha, agus gur dheimhnigh an cláraitheoir é a bheith ceart, ina fhianaise ar na fíorais sa sliocht.

CUID VI.

Cleachtadh.

Cáilíochtaí chun gníomhú mar aturnae.

54. —(1) Féadfaidh aturnae ag a bhfuil na cáilíochtaí a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo gníomhú mar aturnae agus gairmtear de san Acht seo aturnae atá cáilithe chun cleachtadh.

(2) Is iad na cáilíochtaí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:—

(a) ainm an aturnae a bheith ar an rolla;

(b) gan é a bheith ar fionraí ó chleachtadh; agus

(c) é a bheith ina aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit nó deimhniú cleachta ina leith a bheith i bhfeidhm.

(3) Measfar aturnae a bheith ina aturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit má bhíonn agus an fhad a bheas sé faoi cheangal a chuid ama go léir a thabhairt do sheirbhís an Stáit mar aturnae agus luach saothair á fháil aige go hiomlán i leith na seirbhíse sin as airgead a sholáthraíos an tOireachtas.

Toirmeasc ar dhuine neamhcháilithe do ghníomhú mar aturnae.

55. —(1) Ní ghníomhóidh duine neamhcháilithe mar aturnae.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé, gan dochar d'aon dliteanas nó míchumas eile a mbeidh sé faoina réir, ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar a chiontú ann ar díotáil, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, nó

(b) ar a chiontú ann go hachomair, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí a chur air nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná caoga punt nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo maidir le cúirt bhreithiúnais, beidh sé ciontach freisin i ndísbeagadh na cúirte sin agus beidh sé inphionóis dá réir sin.

Toirmeasc ar dhuine a ligean air gur aturnae é.

56. —(1) Ní ligfidh duine ar bith nach bhfuil ina aturnae air féin gur aturnae é ná ní ghlacfaidh ná ní úsáidfidh aon ainm, teideal, fuilleamh ná tuairisc ná ní dhéanfaidh aon uiríoll ná éileamh a bhéarfas le tuiscint gur aturnae é.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Gan costais a bheith inghnóthuithe má ghníomhaíonn aturnae nuair nach bhfuil sé cáilithe chun cleachtadh.

57. —(1) Má ghníomhaíonn aturnae mar aturnae aon uair nach bhfuil sé ina aturnae atá cáilithe chun cleachtadh, ní bheidh costais i leith aon ní a dhéanfas an t-aturnae sin agus é ag gníomhú amhlaidh inghnóthuithe in aon chaingean, agra ná ábhar ag an aturnae sin ná ag aon duine a bheas ag éileamh tríd nó faoi.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir d'aon tslánaíocht a bheas ag cliant aturnae faoi ordú ó aon chúirt i leith costas a dámhadh faoin ordú, a mhéid (más ann) a bheas na costais sin íoctha ag an gcliant leis an aturnae ar dháta an orduithe.

Srian le doiciméid a tharraingt, etc.

58. —(1) Baineann an t-alt seo leis na gníomhartha seo a leanas:

(a) doiciméad a tharraingt nó d'ullmhú a bhaineas le heastát réadach nó pearsanta nó le haon imeacht dlí,

(b) doiciméad a chur, nó iarracht a dhéanamh ar é a chur, dá fhorghníomhú ag saoránach Éireannach, más doiciméad é a bhaineas—

(i) le heastát réadach nó pearsanta, nó le maoin so-chorraithe nó do-chorraithe, atá lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe, nó

(ii) le haon imeacht dlí, iarbhír nó beartaithe, arb é is ábhar di aon eastát nó maoin den tsórt sin,

(c) iarratas a dhéanamh, nó doiciméad a thaisceadh lena chlárú, faoin Registration of Title Act, 1891, nó faoi aon Acht ag leasú an Achta sin, i gClárlann na Talún nó chuig údarás cláraitheachta áitiúil nó le húdarás den tsórt sin,

(d) teagasc a ghlacadh le haghaidh doiciméad, nó doiciméid a tharraingt nó d'ullmhú, chun deonadh probháide nó litreacha riaracháin d'fháil nó chun cur ina choinne sin.

(2) Aon duine neamhcháilithe a dhéanfas aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo, beidh sé, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo agus gan dochar d'aon dliteanas nó míchumas eile a mbeidh sé faoina réir, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air

(3) Beidh na gníomhartha seo a leanas eiscithe ó na forála sin roimhe seo den alt seo—

(a) gníomh nach ndéantar go díreach ná go neamhdhíreach ar son ná de shúil aon táille, sochair nó luach saothair,

(b) gníomh a dhéanas abhcóide cleachtach,

(c) gníomh a dhéanas aon oifigeach poiblí i gcúrsa a dhualgais,

(d) gníomh a dhéanas oifigeach taidhleoireachta nó consalachta cuí-chreidiúnaithe Stáit eile i gcúrsa a dhualgais,

(e) gníomh a dhéanas nótaire poiblí i gcáil nótaire phoiblí,

(f) gníomh nach bhfuil ann ach doiciméad a léirscríobh,

(g) gníomh a dhéanas duine i bhfostaíocht abhcóide chleachtaigh nó aturnae atá cáilithe chun cleachtadh le linn dó bheith ag gníomhú i gcúrsa na fostaíochta sin faoi threoir agus faoi mhaoirseacht a fhostóra.

(4) San alt seo, folaíonn an focal “doiciméad” doiciméad faoi shéala agus doiciméad nach bhfuil faoi shéala, ach ní fholaíonn sé—

(a) litir nó cumhacht aturnae chun stoic, scaireanna, bannaí, bintiúirí nó urrúis eile stoc-mhargaidh a dhíol nó d'aistriú, agus chuige sin amháin,

(b) aistriú ar stoic, scaireanna, bannaí, bintiúirí nó urrúis eile stoc-mhargaidh gan aon iontaobhas ná tórainn,

(c) doiciméad nach bhfuil ann ach doiciméad baincéireachta, ná

(d) doiciméad nach bhfuil ann ach doiciméad tráchtála nó ceannaíochta.

Toirmeasc ar aturnae gníomhú mar ghníomhaire do dhuine neamhcháilithe.

59. —(1) Ní dhéanfaidh aturnae go toiliúil aon ní acu seo a leanas—

(a) gníomhú, i ngnó a bheas ar siúl aige mar aturnae, mar ghníomhaire do dhuine neamhcháilithe ionas go gcuirfidh sé ar chumas an duine sin gníomhú mar aturnae,

(b) a cheadú úsáid a dhéanamh dá ainm, i ngnó a bheas ar siúl aige mar aturnae, ar cuntas ná chun sochair duine neamhcháilithe, nó

(c) gníomh a dhéanamh a chuirfeas ar chumas duine neamhcháilithe gníomhú mar aturnae.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forál an Achta seo agus faoi réir aon eisceacht a déanfar le rialacháin faoi alt 71 den Acht seo.

Srian le duine atá scriosta den rolla nó ar fionraí d'fhostú.

60. —(1) Ní thabharfaidh aturnae, ach amháin faoi réim agus do réir ceada scríofa faoin alt seo, fostaíocht ná luach saothair, i ndáil lena chleachtadh mar aturnae, do dhuine is feasach dó a bheith ina dhuine neamhcháilithe toisc ainm an duine sin a scrios den rolla nó an duine sin d'fhionraí ó chleachtadh nó a dheimhniú cleachta d'fhionraí.

(2) Féadfaidh an Cumann cead chun críocha fo-ailt (1) den alt seo a thabhairt go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leo.

(3) Aon aturnae ar cúis mhíshásaimh leis an Cumann do dhiúltú cead a thabhairt faoin alt seo nó aon choinníollacha a bheas curtha ag an gCumann leis an gcead, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh, agus féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh an diúltú nó na coinníollacha, do réir mar bheas, a dhaingniú nó an cead a thabhairt go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis.

Cleachtadh a choimeád ar siúl i gcás báis nó míchumais.

61. —(1) Nuair a gheobhas aturnae bás, féadfaidh a ionadaithe pearsanta aturnae a cheapadh chun cleachtadh an aturnae mhairbh a choimeád ar siúl go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí lena n-aontóidh an Cumann.

(2) I gcás aturnae d'éirí mí-mheabhrach nó neamhinniúil ar a ghnó féin a bhainistí, féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, ar iarratas ón gCumann nó ó chúramaí a eastáit, aturnae a cheapadh chun cleachtadh an aturnae a choimeád ar siúl go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí lena n-aontóidh Uachtarán na hArd-Chúirte.

(3) I gcás aturnae a bhreithniú ina fhéimheach, féadfaidh an chúirt a bhreithnigh ina fhéimheach é aturnae a cheapadh chun cleachtadh an aturnae a choimeád ar siúl go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí lena n-aontóidh an chúirt sin.

Toirmeasc maidir le gnó a thabhairt isteach.

62. —(1) Ní thabharfaidh aturnae luaíocht, ná ní chomhaontóidh sé í a thabhairt, do dhuine neamhcháilithe as gnó dlíthiúil a bhéarfas an duine sin isteach chun an aturnae.

(2) Beidh comhaontú a shárés an t-alt seo ar neamhní.

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forál an Achta seo agus faoi réir aon eisceacht a déanfar le rialacháin faoi alt 71 den Acht seo.

Duine dá insint gur scriosadh a ainm den rolla, etc.

63. —(1) Ní dhéanfaidh duine atá ina dhuine neamhcháilithe toisc a ainm a scrios den rolla, nó é d'fhionraí ó chleachtadh nó a dheimhniú cleachta d'fhionraí, fostaíocht ag aturnae i ndáil le cleachtadh an aturnae a lorg ná a ghlacadh gan a chur in iúl roimh ré don aturnae gur duine neamhcháilithe den tsórt sin é.

(2) Aon duine a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Comhluchta corpraithe.

64. —(1) Ní dhéanfaidh comhlucht corpraithe, ná stiúrthóir, oifigeach ná seirbhíseach dó, aon ghníomh de shaghas ná i slí a bhéarfas le tuiscint go bhfuil an comhlucht corpraithe cáilithe, nó go n-aithníonn an dlí a bheith cáilithe, chun gníomhú mar aturnae.

(2) I gcás sárú a dhéanamh ar fho-alt (1) den alt seo beidh an comhlucht corpraithe ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, más stiúrthóir, oifigeach nó seirbhíseach don chomhlucht corpraithe a rinne an gníomh, beidh seisean freisin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(3) In ailt 55, 58 agus 59 den Acht seo folaíonn tagairtí do dhaoine neamhcháilithe, agus tagairtí do dhaoine, tagairtí do chomhluchta corpraithe.

Ceart éisteachta i gcásanna áirithe.

65. —I gcás ina dtaifeadfaidh aturnae láithreas nó ina mbeidh sé ag gníomhú go ginearálta do pháirtí i gcaingean, agra, ábhar nó imeachta coiriúla, beidh ceart éisteachta ina leith sin in aon chúirt nó binse ina mbeidh ceart éisteachta ag an aturnae sin ag aturnae atá cáilithe chun cleachtadh agus atá ag gníomhú mar chúntóir dó.

CUID VII.

Cuntais Aturnaethe.

Rialacháin i dtaobh cuntas.

66. —(1) Beidh forála maidir leis na nithe seo a leanas i rialacháin a déanfar le comhthoiliú an Phríomh-Bhreithimh:

(a) aturnaethe d'oscailt agus do choimeád cuntas i mbainc le haghaidh airgid chliant agus le haghaidh airgid aon iontaobhais arb aturnae a aon-iontaobhaí, nó arb aturnae, maraon le comhpháirtí leis nó le cléireach nó seirbhíseach dó nó maraon le níos mó ná duine amháin den tsórt sin, a iontaobhaithe;

(b) aturnaethe do choimeád cuntas ina mbeidh sonraí agus eolas i dtaobh airgid a bheas faighte nó ar seilbh nó íoctha acu ar son nó ar cuntas cliant;

(c) aturnaethe do choimeád cuntas ina mbeidh sonraí agus eolas i dtaobh airgid a bheas faighte nó ar seilbh nó íoctha acu ar son nó ar cuntas aon iontaobhais arb aturnae a aon-iontaobhaí, nó arb aturnae, maraon le comhpháirtí leis nó cléireach nó seirbhíseach dó nó maraon le níos mó ná duine amháin den tsórt sin, a iontaobhaithe;

(d) comhlíonadh na rialachán a chur i bhfeidhm;

(e) cinntiú d'fháil ar chomhlíonadh na rialachán;

(f) an Cumann do thairmligean aon chumhachta den tsórt sin chun comhlíonadh na rialachán a chur i bhfeidhm nó a chinntiú chun an Choiste Araíonachta.

(2) Sna forála a bheas i rialacháin chun críocha an ailt seo chun cinntiú d'fháil ar chomhlíonadh na rialachán féadfar, go sonrach, forála a chur a cheanglós ar aturnaethe deimhnithe ó chuntasóirí cuí-cháilithe a thabhairt á dheimhniú gur comhlíonadh na rialacháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag rialacháin chun críocha an ailt seo—

(a) maidir le haturnae i seirbhís lánaimsire an Stáit, ná

(b) maidir le haon aturnae i seirbhís pháirtaimsire an Stáit, a mhéid a bhaineas le hairgead a bheas faighte nó ar seilbh nó íoctha aige i gcúrsa na seirbhíse sin.

Forála maidir le cuideachtana baincéireachta.

67. —(1) Ní raghaidh cuideachta bhaincéireachta, i ndáil le haon idirbheart ar chuntas a bheas aturnae a choimead leis an gcuideachta sin nó le cuideachta bhaincéireachta eile (seachas cuntas a bheas aturnae a choimeád mar iontaobhaí do thairbhí sonraithe), faoi dhliteanas, ná ní bheid faoi oblagáid fiosrú a dhéanamh, ná ní measfar eolas a bheith acu ar cheart chun airgid a híocadh leis an gcuntas nó a creidiúnaíodh don chuntas, nach raghaidís nó nach mbeidís faoi nó nach measfaí a bheith acu i gcás cuntais a bheadh á choimeád ag duine a mbeadh teideal iomlán aige chun an airgid a híocadh leis an gcuntas nó a creidiúnaíodh don chuntas.

Ní bhainfidh aon ní sa bhfo-alt seo de chuideachta bhaincéireachta aon dliteanas ná oblagáid a bheadh orthu d'éagmais an Achta seo.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, aon chuideachta bhaincéireachta a bheas ag coimeád cuntais aturnae i leith airgid chliant, nó i leith airgid aon iontaobhais arb aturnae a aon-iontaobhaí, nó arb aturnae maraon le comhpháirtí leis nó cléireach nó seirbhíseach dó, nó maraon le duine nó daoine den tsórt sin, a iontaobhaithe, ní bheidh acu ná ní bhfaighid, i leith dliteanais a bheas ar an aturnae don chuideachta bhaincéireachta, nach dliteanas i ndáil leis an gcuntas sin, aon leigheas ná ceart, trí fhritháireamh, frithéileamh, muirear ná eile, i gcoinne airgid a bheas chun creidmheasa an chuntais sin.

Ní bhainfidh aon ní sa bhfo-alt seo de chuideachta bhaincéireachta aon cheart, a bheas ann ar theacht i ngníomh do na chéad rialacháin a déanfar chun críocha ailt 66 den Acht seo, i leith airgid a bheas taiscthe roimhe sin leis an gCuideachta bhaincéireachta sin.

Tosaíocht éilimh ar airgead cliant.

68. —I gcás ina mbeidh cuntas á choimeád i mbanc ag aturnae i leith airgid chliant nó i leith airgid aon iontaobhais arb aturnae a aon-iontaobhaí, nó arb aturnae maraon le comhpháirtí leis nó cléireach nó seirbhíseach dó, nó maraon le níos mó ná duine amháin den tsórt sin, a iontaobhaithe, ní bheidh ag an Stát ná ag aon duine, ná ní bhfaighidh an Stát ná aon duine, aon leigheas ná ceart i gcoinne airgid a bheas chun creidmheasa an chuntais sin i leith éilimh nó cirt i gcoinne an aturnae go dtí go sásófar go hiomlán gach éileamh cuí a dhéanfas na cliaint, nó na daoine ag a mbeidh leas san iontaobhas, i gcoinne an airgid sin.

CUID VIII.

An Ciste Cúitimh.

An Ciste Cúitimh.

69. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an Cumann ciste ar a dtabharfar an Ciste Cúitimh.

(2) Féadfaidh an Cumann deontais a thabhairt as an gCiste Cúitimh chun caillteanais de dheasca mí-ionraicis aturnaethe a mhaolú nó a laghdú.

(3) Beidh éifeacht maidir leis an gCiste Cúitimh ag na forála atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) Déanfar tagairt san alt seo nó sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo do mhí-ionraiceas aturnae d'fhorléiriú mar thagairt do mhí-ionraiceas aturnae, nó cléirigh nó seirbhísigh aturnae, maidir le cleachtadh an aturnae sin nó maidir le hiontaobhas arb iontaobhaí dó an t-aturnae sin.

Ranníoca chun an Chiste Chúitimh.

70. —(1) Sara n-eiseofar deimhniú cleachta chun aturnae, íocfaidh sé leis an gcláraitheoir an ranníoc bliantúil chun an Chiste Chúitimh agus aon ranníoc breise is iomchuí agus—

(a) féadfaidh an cláraitheoir gan an deimhniú d'eisiúint go dtí go ndéanfar an íocaíocht, agus

(b) ar an íocaíocht a bheith déanta, íocfaidh an cláraitheoir isteach sa Chiste Cúitimh í.

(2) Is é ranníoc bliantúil a bheas iníoctha ag aturnae leis an gCiste Cúitimh—

(a) más é deimhniú cleachta a n-íocfar ina leith é an ceathrú deimhniú a heisíodh chun an aturnae ó glacadh é nó aon deimhniú ina dhiaidh sin—cúig puint nó pé suim is lú ná sin a sonrófar le rialacháin a déanfar le comhthoiliú an Aire Dhlí agus Cirt,

(b) más é deimhniú cleachta é an chéad, an dara nó an tríú deimhniú a heisíodh chun an aturnae ó glacadh é— leath na suime dob iníoctha i gcás deimhnithe dá dtagartar sa mhír sin roimhe seo.

(3) Aon tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Shamhain in aon bhliain (arb í an bhliain 1960 nó aon bhliain dá éis sin í), féadfaidh an Cumann a shocrú le rún go bhfuil sé oiriúnach, chun cobhsaíocht airgeadais an Chiste Chúitimh d'áirithiú, go ndéanfadh gach aturnae a thógfas amach deimhniú cleachta in aghaidh na chéad bhliana cleachta dá éis sin (arb é an ceathrú deimhniú é a heisíodh chuige ó glacadh é nó aon deimhniú dá éis sin) ranníoc breise de mhéid shonraithe nach mó ná cúig puint d'íoc leis an gCiste Cúitimh.

CUID IX.

Cleachtadh, Iompar agus Araíonacht Ghairmiúil.

Rialacháin maidir le cleachtadh, iompar agus araíonacht ghairmiúil.

71. —Féadfar rialacháin a dhéanamh maidir le cleachtadh, iompar agus araíonacht ghairmiúil aturnaethe.

CUID X.

Ilghnéitheach.

Dleachta stampa.

72. —(1) Ní bheidh dleacht stampa le n-íoc ar dhuine a ghlacadh mar aturnae ná ar dheimhniú cleachta.

(2) Cuirfear tagairt do £14 in ionad na tagairte do £80 atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, faoin gcéad cheann de na mírchinn “ARTICLES OF CLERKSHIP.”

Coistí den Chomhairle.

73. —(1) Féadfaidh an Chomhairle coiste a cheapadh chun aon chríche ar dóigh leis an gComhairle gur trí choiste is fearr a cuirfí in éifeacht í agus féadfaid feidhmiú aon fheidhmeanna de chuid na Comhairle a tharmligean chun an choiste, le tórainn nó gan tórainn.

(2) Socróidh an Chomhairle an líon comhaltaí a bheas ar choiste faoin alt seo agus téarma oifige na gcomhaltaí sin.

(3) Is cead daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith ar choiste faoin alt seo, ach—

(a) beidh dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí an choiste ina gcomhaltaí den Chomhairle, agus

(b) más feidhmeanna de chuid an Chumainn atá le comhlíonadh ag an gComhairle a tarmligfear chun an choiste, ní bheidh ar an gcoiste ach comhaltaí den Chomhairle.

(4) Más feidhmeanna de chuid an Chumainn atá le comhlíonadh ag an gComhairle a tarmligfear chun coiste faoin alt seo, is triúr is córam don choiste.

(5) Déanfaidh an Chomhairle deimhin de nach ngníomhóidh aon chomhalta den Choiste Araíonachta mar chomhalta d'aon choiste faoin alt seo a bheas ag plé le gearáin i gcoinne aturnaethe.

Comhad imeachta féimheachta aturnae d'iniúchadh.

74. —Beidh teideal ag an gCumann, gan aon táille d'íoc, iniúchadh a dhéanamh ar an gcomhad imeachta féimheachta a bhaineas le haturnae ar tionscnadh imeachta féimheachta ina choinne agus cóipeanna oifige de na himeachta d'fháil ar an ngnáth-tháille d'íoc a híoctar ar chóipeanna den tsórt sin.

Cáilíocht duine a bhí ina abhcóide chun oifig a shealbhú.

75. —Chun críocha forála reachtúla nó nóis trínar ghá, chun go mbeadh aturnae cáilithe chun oifig a shealbhú, go mbeadh sé glactha agus a ainm ar an rolla ar feadh tréimhse sonraithe, ríomhfar an tréimhse sin, i gcás aturnae a bhí ina abhcóide roimh é a ghlacadh, amhail is dá mba ar an dáta a glaodh chun an bharra é a glacadh é agus a cuireadh a ainm ar an rolla.

Deireadh a bheith leis an tórainn le luach talún.

76. —Scoirfidh an tórainn atá i gCairteacha an Chumainn le luach na talún a shealbhós an Cumann d'éifeacht a bheith aici.

Inchúiseamh i leith cionta.

77. —(1) Féadfaidh an Cumann inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.

(2) D'ainneoin aon fhorála in aon Acht a shonraíos an tréimhse chun imeachta achomaire a thionscnamh, féadfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh aon am laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a gheobhas an Cumann eolas ar fhianaise is leor dar leo le haghaidh inchúisimh, nó laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag tar éis an cion a dhéanamh, pé tréimhse acu is déanaí a chríochnós.

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, beidh deimhniú a eiseos an Cumann i dtaobh an dáta a fuaireadar eolas ar an bhfianaise sin ina fhianaise dochloíte i dtaobh an dáta sin.

Leasú ar fhodhlithe ionas go mbeid ar comhréir leis an Acht seo agus le rialacháin faoin Acht seo.

78. —D'ainneoin forál a gCairteacha, déanfaidh an Cumann pé leasuithe i bhfo-dhlithe an Chumainn is gá lena gcur ar comhréir leis an Acht seo agus leis na rialacháin a déanfar faoin Acht seo.

Fíordheimhniú rialachán agus doiciméad eile agus fianaise orthu.

79. —(1) Féadfaidh uachtarán an Chumainn, rúnaí an Chumainn, nó an cláraitheoir, nó aon oifigeach don Chumann a ainmneos an Chomhairle chuige sin, aon rialachán, deimhniú, fógra nó doiciméad eile a dhéanfas nó a eiseos an Cumann, a shíniú thar ceann an Chumainn.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar rialachán, deimhniú, fógra nó doiciméad eile a dhéanfas nó a eiseos an Cumann, a thabhairt trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartós bheith ina chóip de agus a bheith sínithe mar sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

Seirbheáil doiciméad.

80. —Féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile seirbheála, fógra nó doiciméad eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo nó faoi é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, a sheirbheáil trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach faoi sheoladh an duine sin ag an áit ghnótha nó chónaithe is déanaí is eol a bheith aige.

Aturnae cleachtach do chur athrú ar a áit ghnótha in iúl.

81. —Bhéarfaidh aturnae cleachtach fógra don chláraitheoir i dtaobh aon athruithe ar a áit ghnótha, nó ar a áiteanna gnótha, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an t-athrú a dhéanamh, agus taifeadfaidh an cláraitheoir an t-athrú tríd an taifead is déanaí a bhaineas leis an aturnae i gclár na n-aturnaethe cleachtacha a leasú.

Táillí is iníoctha leis an gCumann.

82. —(1) Íocfar leis an gCumann, i leith na n-iarratas a luaitear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, pé táillí a forordófar le haghaidh na n-iarratas sin faoi seach.

(2) Beidh comhthoiliú an Phríomh-Bhreitheamh ag teastáil leis na rialacháin ag forordú táillí le haghaidh na n-iarratas dá dtagartar i míreanna 1 go 6 den Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Féadfar táillí éagsúla d'fhorordú de bhun an ailt seo le haghaidh an chéad iarratais chun bheith i láthair ag scrúdú agus le haghaidh aon iarratais ina dhiaidh sin ón iarratasóir céanna chun bheith i láthair ag an scrúdú sin.

(4) I gcás ina mbeidh táille forordaithe de bhun an ailt seo i leith iarratais, beidh íoc na táille sin ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh sara dtabharfar aird ar an iarratas.

Rialacha Cúirte agus costais.

83. —(1) Féadfaidh Coiste Rialacha na nUascúirteanna rialacha cúirte a dhéanamh chun críocha na nithe seo a leanas—

(a) iarratais agus achomhairc faoin Acht seo chun an Phríomh-Bhreithimh, agus

(b) iarratais faoin Acht seo chun Uachtaráin na hArd-Chúirte.

(2) Féadfaidh pé forála maidir le costais is cuí leis an bPríomh-Bhreitheamh nó le hUachtarán na hArd-Chúirte (pé acu é) a bheith in ordú a déanfar ar aon iarratas nó achomharc den tsórt sin.

Forléiriú tagairtí áirithe.

84. —(1) Déanfar tagairt in aon achtachán d'aturnae nó prócadóir d'fhorléiriú mar thagairt d'aturnae do réir bhrí an Achta seo.

(2) Déanfar tagairt in aon achtachán don chláraitheoir aturnaethe d'fhorléiriú mar thagairt don chláraitheoir do réir bhrí an Achta seo.

Feidhm an Attorneys' and Solicitors' Act, 1870.

85. —D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, feidhm sa Stát ag an Attorneys' and Solicitors' Act, 1870.

Cosaint d'aturnaethe na gCoimisinéirí Ioncaim agus do dhaoine eile.

86. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon chearta nó pribhléidí atá ag daoine is aturnaethe nó aturnaethe cúnta do na Coimisinéirí Ioncaim ná ní chuirfidh sé de cheangal ar aon duine den tsórt sin, ná ar aon chléireach ná oifigeach a bheas ag gníomhú dhó, a bheith glactha ná a ainm a bheith ar an rolla ná deimhniú cleachta a bheith aige.

Cosaint d'údarás chun caingean a stiúradh, etc.

87. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon fhoráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht, nó do réir an dlí choitinn, trína n-údaraítear do dhuine neamhcháilithe aon chaingean, agra nó ábhar a stiúradh nó a chosaint nó gníomhú thairis sin maidir leis.

Forála idirlinne.

88. —(1) Measfar an scrúdú comhréire faoin Acht seo a bheith gnóthaithe ag duine nach aturnae ach a ghnóthaigh aon scrúdú faoin Solicitors (Ireland), Act, 1898, nó faoi alt 4 d'Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht), 1929 ( Uimh. 16 de 1929 ).

(2) Má bhíonn beirt phríntíseach ag aturnae ar dháta thosach feidhme an ailt seo, féadfaidh sé iad a choimeád go dtí deireadh téarma a ndintiúirí amhail is dá mbeadh toiliú an Chumainn faoi fho-alt (2) d'alt 36 den Acht seo faighte aige.

(3) Déanfar aon ghlacadh, ceapachán, aontú, táille, fógra, deimhniú, ionstraim, ordú, riail, rialachán, achomharc nó imeacht faoi réim nó chun críocha aon achtacháin a hathghairmtear leis an Acht seo d'áireamh amhail is dá mba faoi réim nó chun críocha an achtacháin chomhréire den Acht seo dhó, agus—

(a) leanfaidh aon ordú, riail nó rialachán den tsórt sin i bhfeidhm go dtí go ndéanfar foráil chomhréire faoin Acht seo, agus

(b) aon imeacht den tsórt sin a tugadh os comhair an choiste a bunaíodh faoi alt 34 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, agus a bhí gan críochnú díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, críochnóidh an Coiste Araíonachta í amhail is nár ritheadh an tAcht seo.

(4) O dháta thosach feidhme an ailt seo go dtí go ndéanfar an chéad cheapachán faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Acht seo, is iad a bheas ar an gCoiste Araíonachta na daoine arbh iad, díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt seo, comhaltaí an choiste a bunaíodh faoi alt 34 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, iad.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt. 7.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

14 & 15 Vict., c. 88.

Solicitors Act, 1851.

An tAcht iomlán.

27 & 28 Vict., c. 8.

Conveyancers (Ireland) Act, 1864.

An tAcht iomlán.

54 & 55 Vict., c. 39.

Stamp Act, 1891.

Na focail “part of” in alt 28; na focail “solicitor or” i bhfo-alt (1) d'alt 43; alt 44.

 

61 & 62 Vict., c. 17.

Solicitors (Ireland) Act, 1898.

An tAcht iomlán.

62 & 63 Vict., c. 4.

Solicitors Act, 1899.

An tAcht iomlán.

63 & 64 Vict., c. 14.

Colonial Solicitors Act, 1900.

An tAcht iomlán.

8 Edw. 7, c. 38.

Irish Universities Act, 1908.

Alt 12.

11 & 12 Geo. 5, c. 32.

Finance Act, 1921.

Alt 60.

Uimh. 10 de 1923 .

An tAcht chun Acht na Aturnaethe (Éireann), 1898, a Leasú, 1923.

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1929 .

Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht), 1929 .

Alt 4.

Uimh. 12 de 1943 .

An tAcht Aturnaethe, 1943 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 36 de 1947 .

An tAcht Aturnaethe (Leasú), 1947 .

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL.

Téarma Dintiúirí Príntíseachta.

Alt 26.

1. Trí bliana an téarma do dhuine a bheas, sara raghaidh sé faoi cheangal dintiúirí, tar éis céim bhaitsiléir ealaíon nó bhaitsiléir dlithe, nó céim eile a mheasfas an Cumann a bheith comhionann léi, a ghnóthú in aon cheann d'ollscoileanna na hÉireann, Shasana, na hAlban nó na Breataine Bige.

2. Ceithre bliana an téarma do dhuine a ghnóthós, tar éis dá phríntíseacht tosnú agus sara nglacfar mar aturnae é, céim bhaitsiléir ealaíon, nó céim eile a mheasfas an Cumann a bheith comhionann léi, in Ollscoil Bhaile Atha Cliath nó in Ollscoil na hÉireann.

3. Ceithre bliana an téarma do dhuine a fhreastalós ar feadh dhá bliain ollscoile mar mhac léinn máithreánaithe nó neamh-mháithreánaithe d'ollscoil fhorordaithe, nó de chomh-choláiste den ollscoil sin, ar na léachtaí forordaithe agus a ghnóthós scrúduithe forordaithe ollúna dhámh an dlí san ollscoil sin.

4. Trí bliana an téarma do dhuine a glaodh chun an bharra agus a bheas, sara raghaidh sé faoi cheangal dintiúirí, tar éis a chur faoi deara é féin a dhíbharrú.

5. Trí bliana an téarma do dhuine—

(a) a bhí, roimh é a dhul faoi cheangal dintiúirí, ina chléireach bona fide d'aturnae ar feadh tréimhse seacht mblian,

(b) a bhí, i gcaitheamh na tréimhse sin, ag gabháil bona fide, faoi threorú agus maoirseacht an aturnae, do ghnó dlíthiúil de shaghas ar deimhin leis an gCumann gur ghnó é a raibh leor-fhreagarthacht ag baint leis, agus

(c) a bhéarfas fianaise shásúil don Chumann gur thug sé seirbhís dhílis, ionraic, dhúthrachtach mar chléireach den tsórt sin.

6. Cúig bliana an téarma d'aon duine eile.

AN TRIU SCEIDEAL.

Foirm an Dearbhuithe Bhliantúil chun Deimhniú Cleachta D'Fháil.

Alt 47.

Uimh.

Déanaimse,

, leis seo an dearbhú

seo a leanas:—

(1) Glacadh mé mar Aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais le linn suíonna                                  sa bhliain

agus is é/iad seo a leanas (a) m'áit ghnótha/m'áiteanna gnótha (a)

..............................................................................................................

(2) (b) ní bhaineann forála ailt 49 den Acht Aturnaethe, 1954 , liom.

()

(b) baineann forála ailt 49 den Acht Aturnaethe, 1954 , liom agus thugas go cuí an fógra is gá do réir an ailt sin.

(3) (c) Chomh fada lem eolas agus lem thuairim, tá na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe (d) comhlíonta agam.

()

(c) Níl na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe (d) comhlíonta agam sna pointí seo a leanas:—(e)

..............................................................................................................

..............................................................................................................

..............................................................................................................

Arna dhátú an

d

,19

(Síniú)............................................................

Don Chláraitheoir.

(a) Ní mór gach áit ghnótha a lua má tá níos mó ná áit ghnótha amháin ag an aturnae, agus a rá cé acu an phríomh-áit ghnótha. Má rinneadh aon athrú ó dháta an deimhnithe chleachta dheiridh, ní mór sonraí a thabhairt.

(b) Scrios an mhír nach n-oireann.

(c) Scrios an mhír nach n-oireann.

(d) Tá cóip de na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe mar atá i bhfeidhm anois, clóbhuailte go hiomlán ar chúl na foirme seo.

(e) Luaigh na pointí maidir leis na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe nach bhfuil comhlíonta.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Foirm an Deimhnithe Chleachta.

Alt 47.

Uimh. Don bhliain chleachta dar críoch an 5ú lá d'Eanáir, 19.

De bhun an Achta Aturnaethe, 1954 , deimhníonn Cláraitheoir na nAturnaethe leis seo go bhfuil

aturnae, a bhfuil a aon-áit nó a phríomh-áit ghnótha i

..............................................................................................................

tar éis dearbhú i scríbhinn de bhun an Achta sin a sheachadadh do Chláraitheoir na nAturnaethe, agus deimhníonn freisin leis seo go bhfuil an t-aturnae sin curtha ar an rolla go cuí mar aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais agus go bhfuil teideal aige cleachtadh mar aturnae den tsórt sin.

Arna thabhairt faoi láimh Chláraitheora na nAturnaethe

an................................lá

seo

d........................................

19....

Cláraitheoir.

NÓTA.

Níl feidhm ag deimhniú cleachta ach amháin amhail ar an lá agus ón lá a bhfuil a dháta air, mura bhfaightear a mhalairt d'ordú faoin Acht Aturnaethe, 1954 .

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Forála Maidir leis an gCiste Cuitimh.

Alt 69.

1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “a Ciste” an Ciste Cúitimh.

2. (a) Maidir le caillteanais is dóigh leis an gCumann a tharla, i rith na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Eanáir, 1955, agus dar críoch an 5ú lá d'Eanáir, 1960, beidh sé faoina rogha ag an gCumann deontais a thabhairt as an gCiste agus méideanna na ndeontas sin a shocrú.

(b) Maidir le caillteanais is dóigh leis an gCumann a tharla an 6ú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis sin—

(i) beidh sé faoina rogha ag an gCumann deontais a thabhairt as an gCiste agus méideanna na ndeontas sin a shocrú i gcásanna inar dóigh leis an gCumann go ndearna an caillteoir, nó aon duine a raibh sé freagrach ina leith, faillí a bhí ar cheann de chúiseanna an chaillteanais;

(ii) i ngach cás eile bhéarfar deontas as an gCiste más dóigh leis an gCumann gur cruthaíodh an caillteanas a tharlachtain agus beidh an deontas de mhéid is dóigh leis an gCumann a bhéarfas lántslánaíocht ar an gcaillteanas.

(c) Ní dhéanann an mhír seo dochar d'aon fhorála eile den Sceideal seo ná d'aon fhorála eile a déanfar faoi na forála ina dhiaidh seo den Sceideal seo.

3. Féadfar deontas a thabhairt as an gCiste d'ainneoin gur tharla, i ndiaidh an ghnímh mhí-ionraicis, an t-aturnae d'fháil bháis, a ainm a bhaint nó a scríos den rolla, é do scor de bheith ag cleachtadh, é d'fhionraí ó chleachtadh nó a dheimhniú cleachta d'fhionraí.

4. Féadfar deontas a thabhairt as an gCiste pé acu bhí nó nach raibh ag an aturnae deimhniú cleachta a bhí i bhfeidhm nuair a rinneadh an gníomh mí-ionraicis.

5. Ní tabharfar deontas as an gCiste mura bhfaighidh an Cumann fógra i dtaobh an chaillteanais—

(a) sa tslí fhorordaithe, agus

(b) laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis don chaillteoir fios d'fháil ar an gcaillteanas.

6. Ní tabharfar deontas as an gCiste i leith caillteanais is dóigh leis an gCumann a tharla roimh an 6ú lá d'Eanáir, 1955.

7. (a) Féadfar deontas as an gCiste d'íoc, de rogha an Chumainn, in aon tsuim amháin nó ina thráthchoda.

(b) Féadfaidh an Cumann, más dóigh leo gur gá sin ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais an Chiste, íoc aon deontais as an gCiste is iníoctha in aon tsuim amháin, nó íoc aon tráthchóda de dheontas as an gCiste a chur siar.

8. (1) Féadfaidh an Cumann airgead a thógaint ar iasacht le haghaidh an Chiste agus, chun urrús a thabhairt i leith na hiasachta sin, infheistíochtaí de chuid an Chiste a chur faoi mhuirear.

(2) Ní mó ná deich míle punt an méid iomlán a bheas tógtha ar iasacht aon tráth áirithe faoin mír seo.

9. Féadfaidh an Cumann airgead an Chiste d'infheistiú in urrúis a bhfuil iontaobhaithe údaraithe le dlí cistí iontaobhais d'infheistiú iontu.

10. Féadfaidh an Cumann dul faoi árachas i gcoinne fiontair a bhaineas leis an gCiste.

11. Íocfar isteach sa Chiste:

(a) ús, díbhinní agus ioncam eile agus biseach ar chaipiteal de thairbhe infheistíochtaí an Chiste,

(b) an fáltas as infheistíochtaí de chuid an Chiste a réadú,

(c) airgead a tógfar ar iasacht le haghaidh an Chiste,

(d) suimeanna a gheobhas an Cumann faoi aon árachas faoina raghaidh an Cumann maidir leis an gCiste,

(e) airgead eile de chuid an Chiste nó a fhaibhreos chun an Chiste nó a gheobhas an Cumann i leith an Chiste.

12. Íocfar amach as an gCiste:

(a) caiteachais faoina raghfar ag bunú, ag cothabháil nó ag riaradh an Chiste,

(b) préimheanna i leith árachais faoina raghaidh an Cumann maidir leis an gCiste,

(c) aisíocaíochtaí i leith airgid a thóg an Cumann ar iasacht le haghaidh an Chiste agus íocaíochtaí úis ar airgead den tsórt sin,

(d) caiteachais faoina raghaidh an Cumann faoi réim, nó i bhfeidhmiú, cumhacht a bheirtear leis an Sceideal seo nó faoi,

(e) suimeanna eile is iníoctha go cuí as an gCiste.

13. Féadfaidh an Cumann, chun fiosrú a dhéanamh i dtaobh aon nithe a dhéanfadh difir maidir le deontas as an gCiste a thabhairt nó a dhiúltú, fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo daoine a chur faoi mhionn chuige sin.

14. I gcás ina dtabharfar deontas as an gCiste—

(a) beidh seachaíocht ag an gCumann, go dtí méid an deontais—

(i) maidir le haon chearta nó leigheasanna a raibh teideal chucu ag an deontaí, mar gheall ar an gcaillteanas, i gcoinne an aturnae nó aon duine eile nó i gcoinne eastáit an aturnae sin nó an duine eile sin,

(ii) maidir le haon chearta nó leigheasanna a raibh teideal chucu ag an aturnae, nó ag a chléireach nó ag a sheirbhíseach, mar gheall ar an gcaillteanas, i gcoinne aon duine eile nó i gcoinne eastáit an duine eile sin,

(iii) maidir le gach ceart agus leigheas eile (más ann) de chuid an deontaí nó an aturnae, an chléirigh nó an tseirbhísigh sin, i leith an chaillteanais,

(b) ní bheidh ag an deontaí, ná ag a ionadaithe, ceart, faoi imeachta féimheachta ná imeachta dlíthiúla eile, chun aon tsuim d'fháil as sócmhainní an aturnae nó an duine eile sin i leith an chaillteanais go dtí go mbeidh méid iomlán an deontais aisíoctha leis an gCumann.

15. (1) Má bhíonn cúis réasúnach ag an gCumann chun a chreidiúint aturnae a bheith tar éis beart mí-ionraicis a dhéanamh, féadfaid, trí fhógra, a cheangal go dtabharfar ar aird nó go seachadfar d'aon duine a cheapfas an Cumann gach doiciméad nó aon doiciméad i seilbh nó faoi urláimh an aturnae sin nó a ghnóluchta nó a bhaineas le haon iontaobhas arb é an t-aturnae sin a aon-iontaobhaí nó arb iad an t-aturnae sin maraon le comhpháirtí leis nó cléireach nó seirbhíseach dó, nó maraon le níos mó ná duine amháin den tsórt sin, a iontaobhaithe, agus féadfaidh an Cumann seilbh a ghlacadh ar na doiciméid sin.

(2) Aon duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh doiciméid a gceanglófar air faoin mír seo iad a thabhairt ar aird nó a sheachadadh agus a dhiúltós nó a mhainneos iad a thabhairt ar aird nó a sheachadadh do réir an cheanglais sin—

(a) beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus

(b) féadfaidh an Cumann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus féadfaidh an Chúirt sin, le hordú, a cheangal ar an duine sin na doiciméid a thabhairt ar aird nó a sheachadadh.

(3) Má ghlacann an Cumann seilbh ar dhoiciméid a bhéarfar ar aird nó a seachadfar faoi cheanglas faoin mír seo, seirbheálfaid, ar an aturnae agus ar gach duine eile óna bhfuarthas na doiciméid, fógra ina mbeidh sonraí na ndoiciméad agus an dáta a glacadh seilbh orthu.

(4) Féadfaídh aturnae nó duine eile, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis fógra faoi fho-mhír (3) den mhír seo a sheirbheáil air, ordú d'iarraidh ar an Ard-Chúirt á ordú don Chumann na doiciméid a fuair an Cumann a thabhairt ar ais don duine nó do na daoine óna bhfuarthas iad nó do pé duine dó daoine eile a luafas an t-iarratasóir, agus féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú sin a dhéanamh nó pé ordú eile is oiriúnach leis an gCúirt.

(5) Mura ndéantar iarratas do réir fo-mhíre (4) den mhír seo nó má ordaíonn an Ard-Chúirt, ar an iarratas sin d'fháil, na doiciméid d'fhanúint i seilbh nó faoi urláimh an Chumainn, féadfaidh an Cumann fiosrú a dhéanamh chun a fháil amach cé hé an duine ar leis, nó cé hiad na daoine ar leo, na doiciméid, agus féadfaid pé ní a ordós an duine nó na daoine sin a dhéanamh leis na doiciméid.

(6) Sa mhír seo, folaíonn an focal “doiciméid” gníomhais, uachta, páipéir, leabhair chuntais, taifid, deimhnithe agus doiciméid a bheir teideal, nó a bheir fianaise ar theideal, chun aon mhaoine.

16. Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha fomhíre (5) de mhír 15 den Sceideal seo:

(a) féadfaidh an Cumann, ar iad d'fháil iarratais doiciméid a sheachadadh ó dhuine a bheas á éileamh go bhfuil teideal aige na doiciméid sin a bheith ina sheilbh nó faoina choimeád—

(i) éileamh an duine sin ar sheilbh nó coimeád na ndoiciméad sin d'fhiosrú, nó

(ii) a cheangal ar an duine sin aturnae d'ainmniú chun seachadadh na ndoiciméad sin a ghlacadh thar a cheann,

(b) ní bheidh de cheangal ar an gCumann fiosrú a dhéanamh ar éileamh aon duine a iarrfas go seachadfar doiciméid a bheas i seilbh an Chumainn ná na doiciméid sin a chur ar sceideal nó ar liosta ach amháin ar chostas an duine sin, agus beidh íoc pé suime a iarrfas an Cumann mar éarlais i leith costas agus caiteachas an fhiosruithe nó an churtha ar sceideal nó ar liosta ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh sara raghaidh an Cumann i mbun an fhiosruithe nó sara seachadfaid na doiciméid sin don duine sin,

(c) féadfaidh an Cumann nó an duine a bhéarfas éarlais mar adúradh a cheangal, tar éis an t-éileamh d'fhiosrú, na costais agus na caiteachais lena mbaineann an éarlais a chur dá bfómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt (faoi réir achomhairc chun na hArd-Chúirte), agus beidh an tsuim a cinnfear sa bhfómhas a sin bheith dlite, tar éis na creidmheasa córa uile a cheadú, ina fiach conartha shimplí ar an duine sin ag an gCumann nó ar an gCumann ag an duine sin (do réir mar bheas) agus féadfar í a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla,

(d) más rud é, in ionad fiosrú a dhéanamh ar éileamh duine a iarrfas go seachadfar doiciméid, go gceanglóidh an Cumann ar an duine sin aturnae d'ainmniú chun seachadadh na ndoiciméad sin a ghlacadh thar a cheann, féadfaidh an Cumann na doiciméid a choimeád go dtí go ndéanfar an t-ainmniú go cuí,

(e) ar aturnae d'ainmniú chun seachadadh doiciméad a ghlacadh, féadfaidh an Cumann na doiciméid a sheachadadh don aturnae mar mhalairt—

(i) ar admháil i leith na ndoiciméad,

(ii) ar dhearbhú reachtúil ón aturnae go bhfuil, chomh fada lena eolas agus lena thuairim, teideal dleathach chun na doiciméid sin a bheith ina sheilbh ag an duine ar ar a ainmniú atá sé ag gníomhú agus nach bhfuil aon teideal tosaíochta chun na ndoiciméad sin ná aon éileamh orthu i bhfoirm morgáiste, muirir, liain ná eile ag aon duine eile,

(iii) ar dhearbhú reachtúil sa chéill chéanna ón duine a bheas ag iarraidh go seachadfar na doiciméid, agus

(iv) ar gheallúint ón aturnae na doiciméid a thabhairt ar ais don Chumann má gheibhtear amach, le linn na doiciméid a bheith ina sheilbh, nach raibh an teideal sin ag a chliant ar dháta an dearbhuithe,

agus is urscaoileadh iomlán don Chumann ar na doiciméid an admháil, na dearbhuithe agus an gheallúint sin,

(f) ní bheidh aon ábhar caingin ná éileamh i gcoinne an Chumainn ag duine ar bith a éileos teideal a bheith aige chun doiciméad nó chun aon mhaoine lena mbainid, nó chun aon mhorgáiste, muirir nó liain i leith na ndoiciméad nó na maoine sin, mar gheall ar aon chaillteanas nó díobháil a tharla toisc an Cumann do ghlacadh seilbhe ar na doiciméid nó toisc an Cumann do sheachadadh na ndoiciméad do réir na míre seo,

(g) beidh lian ag an gCumann ar dhoiciméid i leith aon chostas agus caiteachas faoina raghaidh an Cumann i ndáil leis na doiciméid sin (lena n-áirítear, más iomchuí, na costais agus na caiteachais a bhainfeas le fiosrú éilimh ó aon duine a éileos teideal a bheith aige chun na ndoiciméad sin).

17. Más deimhin leis an gCumann beart mí-ionraicis a bheith déanta ag aturnae, féadfaid ordú d'iarraidh ar an Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh, á ordú—

(a) nach ndéanfaidh aon chuideachta bhaincéireachta, gan cead na hArd-Chúirte, aon íocaíocht as cuntas baincéireachta in ainm an aturnae nó a ghnóluchta, nó

(b) nach ndéanfaidh cuideachta bhaincéireachta áirithe, gan cead na hArd-Chúirte, aon íocaíocht as cuntas baincéireachta a bheas á choimeád ag an gcuideachta sin in ainm an aturnae nó a ghnóluchta.

18. (1) Sa mhír seo—

ciallaíonn “an cumann comhréire” Dlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann,

ciallaíonn “deimhniú comhréire” deimhniú d'eisigh an cumann comhréire agus atá ar comhréir le deimhniú cleachta,

ciallaíonn “cleachtóirí comhréire” daoine ag a bhfuil deimhnithe comhréire.

(2) I gcás ina gceanglaíonn scéim a oibríos an cumann comhréire ar chleachtóirí comhréire atá faoi rialú an chumainn sin ranníoc a dhéanamh le haon chiste nó polasaí árachais, nó aon pholasaí árachais a thógaint amach, chun cúiteamh nó slánaíocht a thabhairt do chliaint i leith nó i gcoinne caillteanais de dheasca na cleachtóirí sin, a gcléirigh nó a seirbhísigh, do dhéanamh cúblála, féadfaidh an Cumann comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a dhéanamh leis an gcumann comhréire maidir le daoine a bhfuil teideal acu deimhnithe cleachta maraon le deimhnithe comhréire a thógaint amach, agus féadfar le haon chomhshocraíocht nó comhaontú den tsórt sin foráil a dhéanamh—

(a) chun go n-íocfaidh gach duine acu sin an t-aon chomhranníoc bliantúil amháin agus i dtaobh an mhodha ar a n-úsáidfear an comh-ranníoc chun críocha an Chiste agus chun críocha aon chiste nó polasaí árachais a bheas á chothabháil chun críocha na scéime sin,

(b) i dtaobh an mhodha ar a ndéileálfar le héilimh i leith cúblála ag aon duine acu sin, nó ag a chléireach nó a sheirbhíseach, agus an méid, más aon mhéid é, de na héilimh sin a íocfas an Cumann agus an cumann comhréire faoi seach,

(c) i dtaobh aon nithe iarmartacha nó teagmhasacha.

19. Féadfaidh rialacháin a déanfar le comhthoiliú an Phríomh-Bhreithimh—

(a) foráil a dhéanamh i dtaobh an nós imeachta (seachas nós imeachta cúirte) is inleanta chun éifeacht a thabhairt d'fhorála ailt 69 den Acht seo agus an Sceidil seo,

(b) forála a dhéanamh a bheas fo-ghabhálach le forála an Sceidil seo nó a bhainfeas lena bhforlíonadh,

(c) forála a dhéanamh a bhéarfas éifeacht d'aon comhsocraíocht nó comhaontú a déanfar de bhun míre 18 den Sceideal seo nó a bheas fo-ghabhálach leis sin nó a bhainfeas lena fhorlíonadh.

AN SEU SCEIDEAL.

Iarratais a bhFéadfar Táillí d'Fhorordú ina Leith.

Alt. 82.

1. Iarratas ar thoiliú an Chumainn chun dul faoi dhintiúirí.

2. Iarratas á iarraidh ar an gcláraitheoir dintiúirí príntíseachta a thaifeadadh.

3. Iarratas ar bheith i láthair ag aon scrúdú.

4. Iarratas ar chead chun freastal ar aon chúrsa léachtaí.

5. Iarratas ar chead chun fógra mall a thabhairt go bhfuiltear chun bheith i láthair ag aon scrúdú nó chun freastal ar aon chúrsa léachtaí.

6. Iarratas á iarraidh ainm a thaifeadadh ar rolla na n-aturnaethe.

7. Iarratas ar dheimhniú cleachta.

8. Iarratas faoi alt 21 den Acht seo ar chóip de thaifead i gComhad A nó i gComhad B.