7 1955


Uimhir 7 de 1955.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [10 Bealtaine, 1955].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb' usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Uimhir agus Bliain na nIonstraimí Reachtúla

Teideal

Abhar Ginearálta

Uimh. 206 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 335) (Lascaí Bróg, etc.), 1954.

Dleacht d'fhorchur ar lascaí agus ábhar lascaí do choisbheart.

Uimh. 211 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 336) (Ullmhóidí nó Meascáin ina bhfuil Eastóscán Bracha), 1954.

Réim na dleachta ar ullmhóidí d'eastóscán bracha a leathnú.

Uimh. 213 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 337) (Cuilteanna agus Clúdaigh Chuilte), 1954.

Laghdú ar an dleacht ar chuilteanna líonta agus ar chlúdaigh chuilte neamhlíonta.

Uimh. 218 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 338) (Cúitsiúc Bolcánaithe do Bhoinn agus Sála), 1954.

Dleacht d'fhorchur ar chúitsiúc bolcánaithe do choisbheart.

Uimh. 217 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 339) (Líomháin Iarainn agus Cruaí), 1954.

Dleacht shonrach d'fhorchur ar líomháin iarainn agus cruaí.

Uimh. 228 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 340) (Uigí Fite Teicstíleacha agus Cumaiscithe Saorga), 1954.

Na dleachta ar ghréasáin fhite de shíoda saorga agus ar ghréasáin chumaiscthe d'athrú.

Uimh. 235 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 341) (Tuaslagán Cúitsiúic), 1954.

Réim na dleachta ar thuaslagán cúitsíúic a leathnú.

Uimh. 237 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 342) (Cnaipí agus Cnaipí Caocha), 1954.

An dleacht ar chnaipí agus ar chnaipí caocha a leasú.

Uimh. 281 de 1954.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 343) (Lipéidí Fite), 1954.

Méadú ar an dleacht ar lipéidí fite.

Uimh. 35 de 1955.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 344) (Gabhálais Leictreachais), 1955.

Dleacht d'fhorchur ar scuchairí, duláin, logaill, etc., leictreachais.