14 1955


Uimhir 14 de 1955.


AN tACHT UM THÁIRGEADH SÍOLTA, 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSAITHE MAIDIR LE SÍOLTA TALMHAÍOCHTA A THÁIRGEADH AGUS A DHÍOL. [13 Iúil, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Tháirgeadh Síolta. 1955, a ghairm den Acht seo.

Léiriú ginearálta.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “síolta dúchais” síolta a fásadh sa Stát;

ciallaíonn “cigire” duine a cheapfas an tAire chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “cuideachta Éireannach” cuideachta atá cláraithe—

(a) faoi na Joint Stock Companies Acts mar atá mínithe in alt 285 den Companies (Consolidation) Act, 1908,

(b) faoin Companies Act, 1862, nó

(c) faoin Companies (Consolidation) Act, 1908.

agus a bhfuil a hoifig chláraithe sa Stát;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas a deonfar faoi alt 11;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin a dhéanfas an tAire;

ciallaíonn “táirgeadh síolta” plandaí d'fhás go dtí go dtagann síolta orthu agus forléireofar dá réir sin abairtí gaolmhara;

ciallaíonn “saoránach Éireannach cáilithe” duine is saoránach d'Éirinn agus a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát;

ciallaíonn “duine cáilithe”—

(a) saoránach Éireannach cáilithe.

(b) cuideachta Éireannach,

(c) cumann atá cláraithe sa Stát faoin Industrial and Prorident Societies Act. 1893.

(2) Chun críocha an Achta seo measfar duine do tháirgeadh síolta de chineál áirithe má bhíonn conradh déanta aige chun duine eile do tháirgeadh na síolta sin dó.

Deimhniú ceaptha chigire.

3. —Bhéarfaidh an tAire deimhniú a cheaptha do chigire agus, nuair a bheas an cigire ag feidhmiú cumhachta a bheirtear dó leis an Acht seo, bhéarfaidh sé an deimhniú ar aird do dhuine lena mbaineann, ar eisean dá iarraidh sin air.

Doiciméid a sheirbheáil.

4. —(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear leis an Acht seo doiciméad a sheirbheáil ar dhuine ar bith. féadfar an doiciméad a sheirbheáil in aon tslí acu seo a leanas:—

(a) tríd an doiciméad a sheachadadh don duine sin,

(b) tríd an doiciméad a sheachadadh do dhuine ar bith nach bhfuil faoi bhun sé bliana déag d'aois agus atá ar fostú aige,

(c) tríd an doiciméad a chur leis an bpost cláraithe i gclúdach réamhíoctha faoi sheoladh an duine sin ag an seoladh ag a mbíonn cónaí air nó gnó á sheoladh aige de ghnáth.

(2) I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear leis an Acht seo doiciméad a sheirbheáil ar áititheoir talún, féadfar an doiciméad a sheoladh go dtí “an t-áititheoir” gan é d'ainmniú agus, i dteannta na slite a luaitear i bhfo-alt (1), féadfar an doiciméad a sheirbheáil trína ghreamú in ionad feiceálach ar an talamh sin.

(3) Chun críocha an ailt seo measfar cuideachta Éireannach nó cumann atá cláraithe faoin Industrial and Provident Societies Act, 1893. a bheith ag seoladh gnótha ag a oifig chláraithe agus gach comhlucht corpraithe eile agus gach comhlucht neamhchorpraithe a bheith ag seoladh gnótha ag a phríomh-oifig nó ag a phríomh-áit ghnótha sa Stát.

Orduithe agus rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.

(2) Leagfar orduithe agus rialacháin faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ndéanta agus. má dhéanann ceachtar Teach. laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis aon ionstraim den tsórt sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime sin, beidh an ionstraim sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim sin.

Táillí a bhailiú agus a chur chun críche.

6. —(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a thógaint i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

Caiteachais.

7. —Is as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é. a híocfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Inchúiseamh i leith cionta.

8. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.

CUID II.

Táirgeadh Síolta a Rialú.

Síolta lena mbaineann Cuid II.

9. (1) Baineann an Chuid seo leis na cineálacha seo a leanas de shíolta dúchais:—

(a) síolta cáil (lena n-áirítear na saghsanna cáil ar a dtugtar cál na gainne, cál méith agus cál ildosach),

(b) síolta maingléisí (lena n-áirítear maingléisí siúcra).

(c) síolta ráibe.

(d) síolta biatais siúcra,

(e) síolta turnaipí (lena n-áirítear suédisí).

(f) síolta biatais farae,

(g) aon chineál eile a dtabharfar feidhm dó maidir leis le hordú ón Aire.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go scoirfidh an Chuid seo d'fheidhm a bheith aici maidir le haon chineál síolta dá luaitear i bhfo-alt (1).

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Iarratas ar cheadúnas chun síolta a tháirgeadh.

10. —(1) Féadfaidh duine cáilithe ceadúnas d'iarraidh ar an Aire á údarú dhó táirgeadh, próisiú agus díol síolta de chineál nó cineálacha áirithe lena mbaineann an Chuid seo a bheith ar siúl aige mar ghnó.

(2) Gach iarratas a déanfar—

(a) beidh sé i scríbhinn,

(b) cuirfear é chun an Rúnaí, an Roinn Talmhaíochta, Baile Atha Cliath,

(c) sonrófar ann an cineál nó na cineálacha síolta ar mian leis an iarratasóir an ceadúnas do bhaint leis nó leo,

(d) sonrófar ann an límistéir nó na límistéirí ar mian leis an iarratasóir an ceadúnas (a mhéid a bhaineas sé le táirgeadh) do bhaint léi nó leo,

(e) beidh ina theannta an táille (a cuirfear ar ais má diúltaítear an t-iarratas) a ordós an tAire Airgeadais d'íoc i leith ceadúnais,

(f) beidh ina theannta pé eolas a iarrfas an tAire.

Ceadúnas a dheonadh.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, do réir mar is cuí leis, an t-iarratas a dheonadh nó a dhiúltú nó é a dheonadh go páirteach.

(2) Ní dheonfaidh an tAire iarratas go hiomlán ná go páirteach, gan dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(3) Nuair a bheas an tAire ag déanamh do réir mar is cuí leis, bhéarfaidh sé aird go sonrach ar na nithe seo a leanas—

(a) a mhéid is indúilithe a áirithiú, chomh fada agus is féidir é, go mbeidh an méid iomlán síolta d'aon chineál áirithe a bheas ar fáil chun a ndíolta i dtréimhse áirithe ag freagairt don éileamh is dóigh a bheas ar shíolta den chineál sin sa tréimhse sin,

(b) a mhéid is indúilithe nach mbeadh cineál áirithe síolta á tháirgeadh ach i límistéir nó límistéirí áirithe sa Stát,

(c) a mhéid a bhí an t-iarratasóir, roimh thosach feidhme an Achta seo, ag gabháil do shíolta de chineál a bheas sonraithe san iarratas á dtáirgeadh. á bpróisiú agus a ndíol sa Stát,

(d) a mhéid atá an t-iarratasóir ullamh ar an bhfoireann theicniúil, an t-áitreabh agus an trealamh a sholáthar is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach chun an gnó a dhéanamh.

(4) Beidh ceadúnas faoi Airteagal 4 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 254), 1943 (R. & O.R.. Uimh. 37 de 1943), a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina cheadúnas faoin Acht seo.

Coinníollacha le ceadúnas.

12. —(1) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas, lena n-áirítear coinníollacha maidir le haon ní acu seo a leanas—

(a) an cineál nó na cineálacha áirithe síolta a bheas le táirgeadh,

(b) an límistéir nó na límistéirí ina mbeidh na síolta le táirgeadh,

(c) an méid acraí a bheas le húsáid chun iad a tháirgeadh,

(d) iniúchadh a dhéanamh. tráth ar bith, ar na plandaí óna mbeid le táirgeadh agus aon ábhar eisíon a bhaint astu,

(e) an socrú a bheas le déanamh chun na síolta a thiormú a phróisiú agus a ghlanadh agus chun a n-íonacht agus a bhfeabhas ginte a thástáil,

(f) na praghsanna a bheas le héileamh ag an gceadúnaí nuair a bheas sé ag díol na síolta sin.

(g) an t-áitreabh a bheas le húsáid le haghaidh an ghnótha a húdaraítear a dhéanamh.

(h) a mhéid a bheas an caipiteal a bheas infheistithe sa ghnó le bheith ó am go ham ar únaeracht ag saoránaigh Éireannacha cháilithe.

(i) a mhéid a bheas bainistí an ghnótha sin le bheith faoi rialú ag saoránaigh Éireannacha cháilithe,

(j) más cuideachta Éireannach an ceadúnaí, a mhéid a bheas stiúrthóirí na cuideachtan le bheith ina saoránaigh Éireannacha cháilithe,

(k) an tréimhse ina bhféadfar síolta a tháirgeadh faoin gceadúnas,

(l) an tréimhse ina bhféadfar na síolta a táirgfear amhlaidh a phróisiú agus a dhíol.

(2) Mura ndéanfaidh an ceadúnaí do réir choinníll a bheas ag gabháil leis an gceadúnas. beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Ceadúnas a chúlghairm nó d'athrú.

13. —Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas a chúlghairm nó coinníollacha ceadúnais d'athrú, ach sara ndéanfaidh sé sin bhéarfaidh sé fógra seacht lá ar a laghad don cheadúnaí go bhfuil sin ar intinn aige agus breithneoidh aon uiríolla a chuirfeas an ceadúnaí faoina bhráid laistigh den tréimhse sin.

Srian le ceadúnaithe do tháirgeadh síolta.

14. —(1) Ní tháirgfidh an ceadúnaí síolta lena mbaineann an Chuid seo mura rud é—

(a) go gcomhlíonfar na coinníollacha ina cheadúnas a bhaineas le táirgeadh, nó

(b) gur sealbhóir é ar chead faoi alt 20 á údarú an táirgeadh sin a dhéanamh agus go gcomhlíonfar na coinníollacha sa chead a bhaineas le táirgeadh.

(2) Duine ar bith a shárós an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Srian le síolta a dhíol.

15. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon tsíolta lena mbaineann an Chuid seo a dhíol mar shíol cuir mura rud é—

(a) gur sealbhóir é ar cheadúnas a bhaineas le síolta den chineál sin, nó

(b) go bhfuarthas na síolta i dtosach ó dhuine a bhí an uair sin ina shealbhóir ar cheadúnas a bhain le síolta den chineál sin, nó

(c) gur sealbhóir ar cheadúnas a bhaineas le síolta den chineál sin an duine a ndéanfar na síolta a dhíol leis, nó

(d) gur do réir cheada faoi alt 20 a déanfar na síolta a dhíol.

(2) Duine ar bith a shárós an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) San alt seo folaíonn “díol” malairtiú agus tairiscint díola agus “díolta”.

Toirmease ar phlandaí áirithe d'fhás i límistéirí áirithe.

16. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú aon límistéir a sonrófar a bheith ina límistéir táirgthe síolta do shíolta lena mbaineann an Chuid seo de chineál nó cineálacha a sonrófar.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc, ar feadh pé tréimhse nó tréimhsí is cuí leis, aon chineál sonraithe plandaí is dóigh leis a chuirfeadh isteach ar tháirgeadh íon-phór de na síolta a bheas i gceist d'fhás i límistéir táirgthe síolta ach amháin do réir cheada faoi alt 20.

(3) Má bhíonn aon phlandaí ag fás ar aon talamh contrártha don alt seo—

(a) beidh áititheoir na talún ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air,

(b) féadfaidh cigire fógra a sheirbheáil ar an áititheoir á cheangal air na plandaí a dhíthiú nó iad a dhéanamh neamhdhíobhálach ar mhodh a shásós an cigire, laistigh den tréimhse a sonrófar sa bhfógra,

(c) mura ndéanfaidh an t-áititheoir do réir an fhógra, ansin, gan dochar d'inchúiseamh i leith mainneachtana sa ní sin, féadfaidh cigire maraon le pé cúntóirí, feithiclí agus trealamh is dóigh leis is gá, dul isteach ar an talamh agus na plandaí a dhíthiú nó iad a dhéanamh neamhdhíobhálach.

(4) (a) Beidh aon chostais agus caiteachais faoin raghfar faoi mír (c) d'fho-alt (3) ina bhfiach a bheas dlite ón áititheoir don Aire agus féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) In aon imeachta faoin bhfo-alt seo, beidh deimhniú, a airbheartós a bheith faoi láimh oifigigh don Aire a bhí údaraithe chuige sin ag an Aire, ag deimhniú méid na gcostas agus na gcaiteachas, ina fhianaise ar an méid sin, agus ní gá síniú an oifigigh a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír, ná go raibh sé údaraithe amhlaidh.

(5) Mura ndéanfaidh duine do réir fógra a seirbheálfar air faoi fho-alt (3), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Cumhachta cigire.

17. —(1) Féadfaidh cigire gach tráth réasúnach dul isteach in aon áitreabh, agus iniúchadh a dhéanamh air, má bhíonn cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil síolta lena mbaineann an Chuid seo á gcoimeád ann agus féadfaidh aon tsíolta den tsórt sin a gheobhas sé san áitreabh a scrúdú agus samplaí dhíobh a thógaint.

(2) Féadfaidh an cigire a iarraidh ar an duine a bheas i bhfeighil an áitribh ainm agus seoladh an duine óna bhfuarthas síolta a frítheadh san áitreabh a thabhairt dó.

(3) Má bhíonn ordú faoi alt 16 i bhfeidhm maidir le plandaí d'fhás in aon límistéir. féadfaidh cigire gach tráth réasúnach dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar aon talamh sa límistéir agus samplaí a thógaint d'aon phlandaí den tsórt sin a gheobhas sé ag fás ar an talamh.

(4) Duine ar bith—

(a) a bhacfas nó a choiscfeas cigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo, nó

(b) a mhainneos nó a dhiúltós aon ainm nó seoladh a bheas ar eolas nó ar fáil aige a thabhairt i scríbhinn do chigire a iarrfas an cigire air go dleathach nó, nuair a hiarrfar amhlaidh air é, a bhéarfas ainm nó seoladh is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Ceadúnaithe do choimeád taifead.

18. —(1) Coimeádfaidh an ceadúnaí pé taifid a forordófar agus, ó am go ham, cuirfidh na nithe iomchuí sna taifid.

(2) Féadfaidh cigire gach taifead a coimeádfar de bhun an ailt seo d'iniúchadh gach tráth réasúnach.

(3) Bhéarfaidh an ceadúnaí an taifead ar aird chun a iniúchta ag an gcigire ar é dá iarraidh agus bhéarfaidh ar aird freisin gach forchuntas, nóta coinsíneachta, admháil agus doiciméad eile (lena n-áirítear cóipeanna mura bhfuil na bunscríbhinní le fáil) a iarrfas an cigire go réasúnach chun aon ní sa taifead d'fhíorú nó chun míniú d'fháil ar aon ní a fágadh as an taifead.

(4) Duine ar bith—

(a) a mhainneos aon taifead a choimeád nó aon ní a chur ann a ceanglaítear leis an alt seo, nó

(b) a mhainneos aon taifead, doiciméad nó cóip de dhoiciméad a thabhairt ar aird chun a iniúchta ag cigire, ar é dá iarraidh, a ceanglaítear air leis an alt seo a thabhairt ar aird, nó

(c) a dhéanfas, nó a bhéarfas go ndéanfar, go toiliúil nó go faillíoch. aon ní atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha a chur sa taifead,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) folóidh iniúchadh taifid cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógaint as,

(b) measfar cead iniúchta taifid nó doiciméid eile a bheith iarrtha go cuí ar an gceadúnaí má hiarradh ó bhéal é, in áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl aige, ar aon duine ar fostú aige,

(c) má dhiúltaíonn nó má mhainníonn duine atá ar fostú ag an gceadúnaí taifead nó doiciméad eile a thabhairt ar aird chun a iniúchta, agus más in áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl ag an gceadúnaí a dhéanfas sé an diúltú nó an mainniú sin, measfar an diúltú nó an mainniú sin a bheith déanta ag an gceadúnaí.

Tuairisceáin ó cheadúnaithe.

19. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar cheadúnaithe tuairisceáin tréimhsiúla a thabhairt don Aire agus féadfaidh an tAire na trátha a bheas, agus an fhoirm agus an modh ar a mbeidh, na tuairisceáin sin le tabhairt d'fhorordú.

(2) Duine ar bith a mhainneos nó a dhiúltós tuairisceán a thabhairt a ceanglaítear leis an alt seo a thabhairt, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Ceada.

20. —(1) Féadfaidh an tAire ceada d'eisiúint chun críocha na Coda seo agus féadfaidh pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le haon chead.

(2) An uair nach gcomhlíonfaidh sealbhóir ceada coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead. beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

CUID III.

Síolta a Dheimhniú.

Scéimeanna síl dheimhnithe.

21. —(1) Féadfaidh an tAire scéim d'fhorordú chun aon chineál áirithe síolta a dheimhniú.

(2) Féadfaidh scéim—

(a) a thoirmeasc síolta deimhnithe a thabhairt mar thuairisc ar shíolta murar deimhníodh iad do réir na scéime;

(b) a thoirmeasc síolta a dhíol mura deimhníodh amhlaidh iad;

(c) na coinníollacha agus na himthosca d'fhorordú a bhféadfar faoina réir síolta a dheimhniú;

(d) a fhoráil go ndéanfar saic agus coimeádáin eile síolta deimhnithe a shéalú, a mharcáil agus a lipéadú;

(e) a thoirmeasc saic nó coimeádáin eile a bheas marcáilte d'úsáid nó a shealbhú ach amháin do réir na scéime;

(f) a fhorordú cad é an tuairisc faoina gcuirfear síolta deimhnithe ar an margadh, cad é an marc a cuirfear ar phacáistí síl dheimhnithe agus cad é an modh ar a gcuirfear orthu é.

(3) Féadfaidh scéim, más cuí leis an Aire é, foráil ar leithligh a dhéanamh i dtaobh na tuairisce faoina ndéanfar, agus an modh ar a ndéanfar, síolta allmhuirithe a shéalú, a mharcáil, a lipéadú nó a chur ar an margadh.

(4) Ní bheidh dliteanas ar bith ar an Aire maidir le húsáid aon tséala, maire, lipéid nó deimhnithe.

(5) Duine ar bith a shárós aon fhoráil i scéim beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Mí-úsáid marcanna, etc.

22. —(1) Aon uair a forordófar séala, marc nó lipéad lena úsáid do réir soéime beidh éifeacht ag an alt seo.

(2) Is é an tAire dílseánach an tséala. an mhairc nó an lipéid.

(3) Beidh an séala. an marc nó an lipéad ina thrádmharc chun críocha na nAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta. 1887 go 1931. agus is bréag-thuairisc thrádála do réir bhrí na nAcht sin é d'úsáid, nó aon deimhniú forordaithe nó aithris dhealraitheach ar aon deimhniú den tsórt sin d'úsáid. i ndáil le haon tsíolta nach bhfuil deimhnithe, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchta sin.

Táilli.

23. —Féadfaidh an tAire. le toiliú an Aire Airgeadais. na táillí a gearrfar as síolta a dheimhniú nó as seirbhísí a dhéanamh i ndáil lena ndeimhniú, agus tráth agus modh íoctha na dtáillí sin, d'fhorordú.