|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 19 de 1955. | ||
| [EN] |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL (LEASÚ), 1955. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO THABHAIRT RÉIME MAIDIR LE DAOINE AR FOSTÚ AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA DO CHUID VI DEN ACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946 . [29 Iúil, 1955.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Caidrimh Thionscail, 1946 (Uimh. 26 de 1946) ; | |
| [EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1946. | |
| [EN] |
Réim maidir le daoine eile a thabhairt do Chuid VI d'Acht 1946. |
2. —(1) I gCuid VI d'Acht 1946 folóidh “oibrí” aon duine arb é atá ann— |
| [EN] | (a) seirbhíseach d'údarás áitiúil, | |
| [EN] | (b) seirbhíseach do choiste gairm-oideachais, | |
| [EN] | (c) seirbhíseach do choiste talmhaíochta, | |
| [EN] | (d) cigire sláinte, | |
| [EN] | (e) altra ar fostú ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Mheabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ), | |
| [EN] | (f) oifigeach d'údarás cúnaimh phoiblí a mbaineann a dhualgais go formhór le cúnamh teaghlaigh do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ). | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas le hordú brí “oibrí” i gCuid VI d'Acht 1946 a leathnú ionas go bhfolóidh sé aon aicme shonraithe oifigigh d'údarás áitiúil agus féadfaidh, le hordú, aon ordú den tsórt sin a chúlghairm. | |
| [EN] |
Orduithe a leagadh faoi bhráid an Oireachtais. |
3. —Gach ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gach dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na h Achta Caidrimh Thionscail, 1946 agus 1955, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile. |