22 1955


Uimhir 22 de 1955.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ) (UIMH. 2), 1955.

[An tiontó oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA d'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [15 Samhain, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú) (Uimh. 2), 1955 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Alt 1

Uimhir agus Bliain na nIonstraimí Reachtúla

Teideal

Abhar Ginearálta

Uimh. 46 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 345) (Lámhainní), 1955.

Dleachta sonraithe d'fhorchur ar lámhainní áirithe atá déanta d'ábhair teicstíleacha, seachas olann.

Uimh. 61 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 346) (Tor-Thuanna nó Tor-Chorráin), 1955.

An dleacht ar thor-thuanna nó tor-chorráin a laghdú.

Uimh. 66 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 347) (Síoda agus Síoda Saorga), 1955.

An dleacht ar ghréasáin áirithe shícda shaorga a mhéadú.

Uimh. 101 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Prainneach (Uimh. 348) (Abhar Feilte), 1955.

Dleacht d'fhorchur ar bhunfheilt agus ar earraí atá déanta di.

Uimh. 106 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 349) (Gloine So-Lúbtha Scátháin), 1955.

Dleacht d'fhorchur ar ghloine so-lúbtha scátháin.

Uimh. 105 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 350) (Lámhainní) (Uimh. 2), 1955.

Dleachta sonraithe d'fhorchur ar lámhainní cniotáilte áirithe olla.

Uimh. 131 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 351) (Uigí Fite Teicstíleacha agus Cumaisc the Saorga), 1955.

An dleacht ar éadaí fite teicstíleacha agus cumaiscthe áirithe, targlamach nó saorga, a leasú agus dleacht shonraithe d'fhorchur.

Uimh. 134 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 352) (Múnlaí nó Seastáin Taispeána) (Bán-dóib nó Papier Maché), 1955.

An dleacht ar dhealbha, múnlaí nó seastáin taispeána áirithe a chúlghairm.

Uimh. 135 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 353) (Uisce-Théitheoirí Taisce), 1955.

Dleacht d'fhorchur ar uisce-théitheoirí taisce áirithe copair agus ar pháirteanna díobh.

Uimh. 166 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 354) (Abhar Fáladóireachta, d'Iarann agus de Chruach), 1955.

An dleacht ar phostaí agus cuaillí fáladóireachta uilleacha iarainn, a chúlghairm.

Uimh. 169 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 355) (Cannaí Bainne), 1955.

An dleacht ar channaí bainne áirithe a mhéadú.

Uimh. 172 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 356) (Boltaí Iarainn agus Cruaí), 1955.

An dleacht ar bholtaí iarainn agus cruaí, ar dhocht-scriúnna agus ar scriúnna miotal-shnáith a leasú.

Uimh. 173 de 1955

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 357) (Margairín), 1955.

An dleacht ar mhargairín a leasú.