14 1956

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1956.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH. 1932. [26 Aibreán, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach. 1932 ( Uimh. 16 de 1932 ).

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún. faoi seach. den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint. agus dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú. ná tórainniú ná rialú ar oibriú. an ailt seo agus an data colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhain gniú), 1956. a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla.

Teideal.

Abhar Ginearálta.

(1)

(2)

(3)

Uimh. 188 de 1955.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 358) Fonsa nó Stiall d'Iarann, de Chruach nó d'Ailimíne, etc.), 1955.

Dleacht d'fhorchur ar uilleanna miotail failcthe, etc.

Uimh. 194 de 1955.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 359) (Glúcós), 1955.

An dleacht ar ghlúcós a leasú.

Uimh. 244 de 1955.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 360) (Gréithre Boird), 1955.

An dleacht ar chré-carraí agus ar ghréithre boird a laghdú agus a leasú.

Uimh. 252 de 1955.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 361) (Uigí Fite Teicstíleacha agus Cumaiscthe Saorga), 1955.

An dleacht ar uigí fite teicstíleacha agus cumaiscthe áirithe, targlamach agus saorga, a leasú.

Uimh. 265 de 1955.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 362) (Líomhnán, etc.), 1955.

An dleacht ar líomhn án a leasú.

Uimh. 14 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 363) (Aonaid Seach-Fheidhme, Caidéil Udrálacha agus Gléasa Arduithe Udrálacha), 1956.

Méadú na dleachta ar ghléasa luascánacha agus ar pháirteanna díobh le haghaidh mótar-fheithiclí tráchtála.

Uimh. 16 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 364) (Bloc-Chlár, etc.,) 1956.

Dleacht d'fhorchur ar bhloc-chlár, etc.

Uimh. 22 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 365) (Uige Phleaistic-chumhdaithe), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar leathair-éadach.

Uimh. 32 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 366) (Uige Chniotáilte), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar uige chniotáilte áirithe ar a bhfuil fringisiú nó fáitheadh.

Uimh. 38 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 367) (Páipéar Clóite), 1956.

An dleacht ar pháipéar clóite áirithe a leasú.

Uimh. 39 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 368) (Leabhair Chrábhaidh), 1956.

An dleacht ar leabhair chrábhaidh a leasú.

Uimh. 40 de 1956 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 369) (Abhrais), 1956.

Na dleachta ar dhualabhras lín agus ar shnáth singil bróg a leasú.