15 1956


Uimhir 15 de 1956.


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDUITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (GLÉASANNA RADIO), 1955, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 . [26 Aibreán, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ordú a dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Gléasanna Radio), 1955 (I.R. Uimh. 102 de 1955), a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 ( Uimh. 14 de 1953 ).

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Ordú a Dhaingniú), 1956 , a ghairm den Acht seo.