|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1956. | ||
[EN] |
AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1956. | |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ROINN GHAELTACHTA A BHUNÚ, AGUS CHUIGE SIN DO LEASÚ NA n ACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1946, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. | ||
[5 Meitheamh, 1956.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An lá ceaptha. |
1. —Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
An Ghaeltacht. |
2. —(1) Chun críocha an Achta seo is í an Ghaeltacht na límistéirí a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoin alt seo gur límistéirí Gaeltachta iad. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta límistéirí sonraithe, is límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Roinn na Gaeltachta. |
3. —(1) Ar an lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairmfear Roinn na Gaeltachta. |
[EN] | (2) Is é is feidhm do Roinn na Gaeltachta leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn; cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra; agus, a mhéid is gá nó is cuí, dul i gcomhairle agus comhairle a ghlacadh le Ranna eile Stáit i dtaobh seirbhísí a riaras na Ranna sin agus a bhaineas le leas cultúrtha, sóisialach nó geilleagrach na Gaeltachta nó a bhaineas leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge d'athbheochaint. | |
[EN] | (3) Aire na Gaeltachta a tabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheas i mbun Roinn na Gaeltachta agus a gairmfear de. | |
[EN] | (4) Bainfidh na h Achta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925) , le Roinn na Gaeltachta agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheas i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ). | |
[EN] | (5) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 6 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 ( Uimh. 36 de 1939 ), measfar Roinn na Gaeltachta agus oifig Aire na Gaeltachta a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a déanfar, maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin bhfo-alt sin (1) roimh an lá ceaptha, ní déarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus lua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na h Achta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, mar aon ní amháin, agus féadfar na h Achta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1956, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile. |