44 1956


Uimhir 44 de 1956.


ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSIN ÁIRITHE IS INÍOCTHA I LEITH SEIRBHÍSE POIBLÍ A MHÉADÚ. [18 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “an tsuim iomchuí” an bhrí is iomchuí do réir ailt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí an Achta Chuanta. 1946 ( Uimh. 9 de 1946 );

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlucht acu seo a leanas:

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1955,

(b) coiste gairm-oideachais,

(c) coiste talmhaíochta,

(d) coiste freastail scoile,

(e) Bord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Atha Cliath,

(f) sean-Bhord Ospidéal Fiabhrais Chorcaighe;

ciallaíonn “údarás ospidéil mheabhair-ghalar” údarás ospidéil mheabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 );

ciallaíonn “pinsean sceidealta” pinsean nó liúntas a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus, aon uair atá tagairt san abairt do Chuid áirithe den Sceideal sin, ciallaíonn sí pinsean nó liúntas a sonraítear sa Chuid sin.

(2) Aon phinsean sceidealta nó pinsean dá dtagartar in alt 7 den Acht seo a dámhadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Lúnasa, 1956, agus a thiocfas i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach aon lá dá éis sin, measfar, chun críocha an Achta seo, é a theacht i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1956, ach amháin i gcás dámhachtana i leith duine ar é do scor d'fhostaíocht is fostaíocht cheadaithe do réir bhrí ailt 4 den Superannuation Act, 1914.

(3) Aon phinsean a dheoin údarás áitiúil atá tar éis scor de bheith ar marthain, measfar chun críocha an Achta seo gurb é comharba an údaráis áitiúil sin a dheoin é.

An tsuim iomchuí.

2. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, is é rud é an tsuim iomchuí, chun críocha an Achta seo, maidir le pinsean sceidealta—

(a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, 15 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £15 sa bhliain,

(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, 12 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £18 sa bhliain,

(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £300 sa bhliain méid an phinsin, 9 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(f) más mó ná £300 sa bhliain ach nach mó ná £450 sa bhliain méid an phinsin, £27 sa bhliain,

(g) más mó ná £450 sa bhliain méid an phinsin, 6 faoin gcéad de mhéid an phinsin.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha fo-ailt (1) den alt seo:

(a) ní háireofar i méid aon phinsin a híoctar go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus go páirteach as airgead faoi riaradh rialtais eile aon mhéadú is iníoctha as airgead faoi riaradh an rialtais eile, ach laghdófar an tsuim iomchuí de mhéid aon mhéaduithe den tsórt sin ach amháin i gcás ina mbeifear tar éis an méadú sin a chur i gcuntas de bhun míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht na bPinsean (Méadú), 1950 ( Uimh. 3 de 1950 );

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo den fho-alt seo, is é méid bliantúil a bheas i, bpinsean méid bliantúil an phinsin iomláin (lúide aon chuid de a bhéarfar suas) pé acu bheas an pinsean i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, nó nach mbeidh sé i gcúrsa a íoctha ar chor ar bith.

Pinsean sceidealta (Cuid I) a mhéadú.

3. —(1) Déanfar pinsean sceidealta (Cuid I) a sonraítear i mír (f), (l) nó (m) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó is pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 15ú lá d'Eanáir, 1951, a mhéadú den tsuim iomchuí.

(2)  (a)   Déanfar aon phinsean sceidealta (Cuid I) eile a mhéadú—

(i) den tsuim iomchuí, nó

(ii) den difríocht idir méid an phinsin agus an méid den phinsean sin dob iníoctha le, nó maidir le, duine comhchéime agus comhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an lá iomchuí,

pé acu is lú.

(b) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, déanfar an méid den phinsean sin dob iníoctha le, nó maidir le, duine comhchéime agus comhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an lá iomchuí a ríomh, maidir le pinsean sceidealta (Cuid I) nó cuid de arna áireamh do réir na meán-mhéide tuarastail bhliantúil nó páighe seachtainiúla a fuarthas thar thréimse trí mblian, amhail is dá mbeadh na rátaí tuarastail bhliantúil nó páighe seachtainiúla, arb é an lá iomchuí a tosnaíodh á n-íoc i gcéadóir, in éifeacht ar feadh na tréimhse trí mblian ar thairsti a ríomhfaí an meán-mhéid tuarastail bhliantúil nó páighe seachtainiúla i gcás duine chomhchéime agus chomhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an lá iomchuí.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo—

déanfar an tagairt do dhuine comhchéime agus comhsheirbhíse, i gcás pinsin is iníoctha le, nó maidir le, duine ba chomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus ar chríochnaigh a sheirbhís ann roimh thosach feidhme Achta Chónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 ( Uimh. 7 de 1925 ), d'fhorléiriú mar thagairt do dhuine ba chomhalta comhchéime agus comhsheirbhíse den Gharda Síochána;

ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(i) maidir le pinsean sceidealta (Cuid I) a sonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (o), (p) nó (q) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo—an 1ú lá de Shamhain, 1952,

(ii) maidir le pinsean sceidealta (Cuid I) a sonraítear i mír (j) nó (k) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo—an 1ú lá d'Aibreán, 1953, agus

(iii) maidir le pinsean sceidealta (Cuid I) a sonraítear i mír (n) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo—an 1ú lá d'Eanáir, 1953;

déanfar aon tagairt do thuarastal d'fhorléiriú—

(a) i gcás ina sonraítear an pinsean sceidealta (Cuid I) iomchuí nó cuid de i mír (b) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, mar thagairt don scálathuarastal do réir bhrí Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1954, agus

(b) i gcás ina sonraítear an pinsean sceidealta (Cuid I) iomchuí nó cuid de i mír (c) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, mar thagairt don tuarastal caighdeánach lúide aon bhreisiú speisialta, do réir bhrí Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956.

(4) I gcás—

(a) ina bhfuil duine ag fáil phinsin sceidealta (Cuid I) i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 15ú lá d'Eanáir, 1951,

(b) go measann an tAire Airgeadais go ndearnadh difir dá thuarastal tríd an socrú (dá ngairmtear an forghearradh de ghnáth) chun laghdú ar an mbónas costais mhaireachtana dob iníoctha ar shean-tuarastail bunaidh ba mhó ná £500 sa bhliain, agus

(c) gur mó ná an tsuim iomchuí an difríocht idir an pinsean sceidealta (Cuid I) agus an pinsean dob iníoctha leis dá mbeadh gan feidhm a bheith ag an socrú sin,

déanfar an pinsean sceidealta (Cuid I) a mhéadú den difríocht sin in ionad é a mhéadú den mhéid is iomchuí do réir fo-ailt (1) den alt seo

Pinsean sceidealta (Cuid II) a mhéadú.

4. —(1) Déanfar pinsean sceidealta (Chuid II) a sonraítear i bhfo-mhír (i) de mhír (a) nó i mír (b) nó (c) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéadú den tsuim iomchuí.

(2)  (a) Déanfar pinsean sceidealta (Cuid II) a sonraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, a mhéadú—

(i) den tsuim iomchuí, nó

(ii) den difríocht idir méid an phinsin agus an méid den phinsean sin dob iníoctha i leith comhalta chomhchéime agus chomhsheirbhíse den Gharda Síochána ar chríochnaigh a sheirbhís an 1ú lá de Shamhain, 1952,

pé acu is lú.

(b) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, déanfar an méid den phinsean sin dob iníoctha maidir le comhalta comhchéime agus comhsheirbhíse den Gharda Síochána ar chríochnaigh a sheirbhís an 1ú lá de Shamhain, 1952, a ríomh maidir le pinsean sceidealta (Cuid II) nó cuid de arna áireamh do réir na meán-mhéide tuarastail bhliantúil nó páighe seachtainiúla a fuarthas thar tréimhse trí mblian, amhail is dá mbeidh na rátaí tuarastail bhliantúil nó páighe seachtainiúla, arb é an 1ú lá de Shamhain, 1952, a tosnaíodh á n-íoc i gcéadóir, in éifeacht ar feadh na tréimhse trí mblian a chríochnaigh an lá sin.

(3) (a) Aon phinsean sceidealta (Cuid II) a sonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh an 1ú lá de Shamhain, 1952, nó dá éis, is lú, maidir le haon tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1956, nó lá dá éis sin, ná mar bheadh sé dá mba faoi Scála (i) a háiríodh é agus gur méadaíodh é ansin do réir fo-ailt (1) den alt seo, méadófar é, maidir leis an tréimhse sin, de mhéid an easnaimh.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “Scála (i)”—

(i) maidir le gnáth-phinsean baintrí arna áireamh faoi Scála (ii) de mhír (a) i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi Riail 7 sa mhír sin— Scála (i) sa mhír sin arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R. Uimh. 154 de 1950), agus

(ii) maidir le gnáth-phinsan baintrí arna áireamh faoi Scála (ii) i mír A i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi fho-mhír 2 den mhír sin—Scála (i) sa Chuid sin arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(4) I gcás—

(a) ina bhfuil duine ag fáil phinsin sceidealta (Cuid II) a sonraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 15ú lá d'Eanáir, 1951,

(b) go measann an tAire Airgeadais go ndearnadh difir don tuarastal, ar dá réir a ríomhadh an pinsean sceidealta (Cuid II), tríd an socrú (dá ngairmtear an forghearradh de ghnáth) chun laghdú ar an mbónas costais mhaireachtana dob iníoctha ar shean-tuarastal bunaidh ba mhó ná £500 sa bhliain, agus

(c) gur mó ná an méadú dob iomchuí do réir fo-ailt (2) den alt seo an difríocht idir an pinsean sceidealta (Cuid II) agus an pinsean dob iníoctha dá mbeadh gan feidhm a bheith ag an socrú sin,

déanfar an pinsean sceidealta (Cuid II) a mhéadú den difríocht sin in ionad é a mhéadú den mhéid is iomchuí do réir fo-ailt (2) den alt seo.

Pinsean sceidealta (Cuid III) a mhéadú.

5. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheoin pinsean sceidealta (Cuid III) a sonraítear i mír (a) de Chuid III den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonadh, agus is é méadú a bheas ann méadú de mhéid a bheas ceadaithe ag an Aire nó méadú do réir cheaduithe a bhainfeas leis an bpinsean agus a bheas tugtha ag an Aire i leith aicme pinsean den tsórt sin.

(2) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar go ndiúltófar nó go mainneofar, i rith na tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, méadú a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltuithe, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an diúltuithe, nó, i gcás mainneachtana, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dá mhí dhéag sin a bheith caite, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an diúltuithe nó na mainneachtana.

(3) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar mhéadú a deonfar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an méadú a dheonadh, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire.

(4) Nuair a déanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire diúltú don iarratas nó pé socruithe a dhéanamh ba chóir, dar leis, don údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanamh, agus aon tsocruithe a dhéanfas an tAire amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an t-údarás sin a rinne iad.

(5) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo agus i gCuid III den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ciallaíonn “an tAire”—

(a) maidir le húdarás áitiúil, seachas údarás ospidéil mheabhair-ghalar, an tAire Rialtais Áitiúil, agus

(b) maidir le húdarás ospidéil mheabhar-ghalar, an tAire Sláinte.

(6) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil aon mhéadú amháin ar phinsean sceidealta (Cuid III) a sonraítear i mír (b) de Chuid III den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a dheonadh.

Pinsean sceidealta (Cuid IV) a mhéadú.

6. —(1) Féadfaidh an t-údarás cuain a dheoin pinsean sceidealta (Cuid IV) aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonadh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Beidh méadú faoin alt seo do réir rialachán a dhéanfas an tAire Tionscail agus Tráchtála agus, ag ceapadh na rialachán dó, bhéarfaidh an tAire sin aird ar fhorála na n-alt eile den Acht seo a bhaineas le pinsin a mhéadú.

Méadú ar phinsin áirithe eile.

7. —(1) I gcás pinsean—

(a) a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh an 1ú lá de Shamhain, 1952, nó dá éis,

(b) a ndearnadh é ar fad nó cuid de a ríomh do réir na meán-mhéide tuarastail bhliantúil nó meán-ráta na páighe seachtainiúla thar tréimhse a thosnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, agus a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1955,

(c) a méadofaí faoi alt 3 den Acht seo dá gcríochnaíodh an tseirbhís roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, agus

(d) nach pinsean é atá le méadú faoi aon fhoráil den Acht seo,

méadófar an pinsean—

(i) den dóú cuid déag den tsuim iomchuí in aghaidh gach tréimhse trí mhí roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, a bhí sa tréimhse dá dtagartar i mír (b) den alt seo, nó

(ii) den difríocht idir méid an phinsin agus an méid dob iníoctha dá ríomhtaí an pinsean do réir na meán-mhéide tuarastail bhliantúil nó na páighe seachtainiúla arna chinneadh amhail is dá mbeadh an ráta tuarastail bhliantúil nó páighe seachtainiúla, arb é an 1ú lá de Shamhain, 1952, a tosnaíodh á n-íoc i gcéadóir, in éifeacht ar feadh na tréimhse go léir dá dtagartar i mír (b) den alt seo,

pé acu is lú.

(2) I bhfo-alt (1) den fho-alt seo, déanfar aon tagairt do thuarastal—

(a) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1954, an pinsean iomchuí, d'fhorléiriú mar thagairt don scála-thuarastal, do réir bhrí na Scéimeanna sin, agus

(b) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956, an pinsean iomchuí, d'fhorléiriú mar thagairt don tuarastal caighdeánach lúide aon bhreisiú speisialta, do réir bhrí na Scéimeanna sin.

Tosach feidhme méaduithe.

8. —Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht seo, beidh éifeacht ag méadú faoin Acht seo ón lá a thosnaigh an pinsean (agus an lá sin d'áireamh) nó an 1ú lá de Lúnasa, 1956, pé acu is déanaí.

Méaduithe áirithe a dheonadh.

9. —(1) Is é a dheonfas méadú faoin Acht seo ar phinsean sceidealta (Cuid I) nó ar phinsean sceidealta (Cuid II)—

(a) i gcás pinsean a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, an tAire Oideachais,

(b) i gcás pinsean a sonraítear i mír (d) nó (e) de Chuid I don Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó i mír (a) de Chuid II den Sceideal sin, an tAire Dlí agus Cirt,

(c) i gcás pinsean sceidealta (Cuid I) i leith seirbhíse a chríochnaigh sa Roinn Poist agus Telegrafa, an tAire Poist agus Telegrafa, agus

(d) in aon chás eile, an tAire Airgeadais.

(2) Is é an tAire Airgeadais a dheonfas méadú faoi alt 7 den Acht seo.

Forála forlíontacha.

10. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, gach foráil, is foráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus ag a raibh feidhm maidir le pinsean a méadaítear faoin Acht seo sara ndearnadh an méadú sin, beidh feidhm aici maidir leis an bpinsean arna mhéadú amhlaidh, agus, go sonrach, beidh feidhm ag gach foráil den tsórt sin a bhaineas leis an gciste, leis an airgead nó leis an bhfoinse eile as a bhfuil an pinsean le híoc nó a bhaineas leis an modh ar a bhfuil costas an phinsin le hiompar nó le híoc nó ar a bhfuil ranníoc le déanamh ina leith.

(2) I gcás inar deonadh pinsean a sonraítear i mír (f) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo do dhuine agus fós pinsean eile is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh éifeacht ag fo-airteagal (b) d'Airteagal 5 d'Ordú Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924 (R. & O.R., Uimh. 9 de 1924 ), maidir leis fara pé modhnuithe (más ann) ina fhábhar is cuí leis an Aire Airgeadais.

(3) I gcás inar deonadh dhá phinsean sceidealta (Cuid I) nó níos mó do dhuine, comhshuimeofar na pinsin agus áireofar iad mar phinsean amháin chun críocha an Achta seo, agus déanfar aon mhéadú faoin Acht seo a dháil go cionúireach idir na pinsin.

(4) I gcás ina raibh méadú ar phinsean sceidealta a deonadh faoi fhorála an Pensions (Increase) Act, 1920, an Achta Aois liúntas, 1947 ( Uimh. 29 de 1947 ), ailt 79 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Uimh. 4 de 1948) , nó Achta na bPinsean (Méadú), 1950 ( Uimh. 3 de 1950 ), i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1956, is é an méid den phinsean sin a féadfar a mhéadú faoin Acht seo an méid pinsin dob iníoctha amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1956.

(5) Chun críocha clásail (e) de mhír (II) de Riail I de na Rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , measfar gur íocaíocht shaorálach nó aisce méadú faoin Acht seo ar phinsean.

(6) Breithneoidh an tAire Airgeadais gach amhras, ceist nó díospóid a bheas ann faoin Acht seo i dtaobh pinsin sceidealta (Cuid I), pinsin sceidealta (Cuid II), nó pinsin dá dtagartar in alt 7 den Acht seo, agus beidh a bhreith sin ar an gcéanna ina breith chríochnaitheach.

Srian ginearálta.

11. —Ní forléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíos méadú—

(a) ar aon chúiteamh is iníoctha faoi Airteagal 10 de Chonradh 1921,

(b) ar aon liúntas nó íocaíocht nach pinsean sceidealta ná pinsean dá dtagartar in alt 7 den Acht seo, nó

(c) ar aon aisce.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar Acht na bPinsean (Méadú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Pinsin Sceidealta.

Alt 1.

Cuid I.

Pinsean nó liúntas a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus ba—

(a) pinsean a deonadh faoin National School Teachers (Ireland) Act, 1879,

(b) pinsean a deonadh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1954, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952,

(c) pinsean a deonadh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhuinteoirí, 1920 go 1956, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952,

(d) pinsean nó liúntas a deonadh faoin Constabulary and Police (Ireland) Act, 1883, arna leasú leis an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1908, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1914, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1916, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1918, agus an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, agus nach pinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis an hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1955, le, nó maidir le, duine a ndearnadh comhalta den fhórsa cónasctha dhe faoi Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) ,

(e) pinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1955, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1955, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, agus nach pinsean a sonraítear sa mhír roimhe seo ná pinsean baintrí ná liúntas linbh,

(f) pinsean a deonadh faoi Orduithe Pinsean Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924, 1929, 1936, agus 1949, agus nach pinsean baintrí,

(g) liúntas bliantúil a deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954, i leith seirbhíse a chriochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952,

(h) liúntas bliantúil a deonadh faoi bharántas faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952,

(i) liúntas bliantúil speisialta a deonadh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952,

(j) pinsean a deonadh faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) , agus an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 (Uimh. 20 de 1947) , i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1953,

(k) pinsean a deonadh faoi Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 (Uimh. 1 de 1923) , agus Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 (Uimh. 19 de 1944) , i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1953,

(l) pinsean a deonadh faoi Acht Socruithe na nGríobhthach, 1923 (Uimh. 5 de 1923) ,

(m) pinsean a deonadh faoin Acht um Chumhachta Feidhmiúcháin (Forála Iarmartacha), 1937 (Uimh. 20 de 1937) ,

(n) pinsean a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1953, do dhuine a bhí ar fostú ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn maidir le haireachasú nó caomhnadh a dhéanamh ar uisce-bhealach nó siltean na Sionainne nó aon fho-abhann di nó ar oibreacha a rinneadh chun feabhas a chur ar an uisce-bhealach nó ar an siltean sin,

(o) pinsean a dheoin sean-Chumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na socruithe aoisliúntais atá ceadaithe ag an gCumann sin,

(p) liúntas cúitimh is iníoctha faoin Acht um Chléireach Sheanad Éireann (Cúiteamh), 1939 (Uimh. 16 de 1939) , nó

(q) pinsean a deonadh faoi alt 4 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952.

Cuid II.

(a) (i) Pinsean baintrí a deonadh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Scála (i) i mír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (R. & O.R., Uimh. 154 de 1950), nó faoi Scála (i) i Mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(ii) Gnáth-phinsean baintrí a deonadh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Scála (ii) i mir (a) i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, nó faoi Scála (ii) i Mír A i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, nó pinsean speisialta baintrí arna ríomh faoi riail 7 i mír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950, nó faoi fho-mhír 2 de Mhír A i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(b) Pinsean baintrí a deonadh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Orduithe Pinsean Chonstáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924, 1929, 1936 agus 1949.

(c) Pinsean baintrí nó liúntas linbh a deonadh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952.

Cuid III.

(a) Pinsean nó liúntas a dheoin údarás áitiúil agus a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus—

(i) ar pinsean nó liúntas é a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a chríochnaigh roimh lá nár dhéanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1953, arna chinneadh ag an údarás áitiúil le toiliú an Aire, nó

(ii) ar pinsean nó liúntas é a ríomhadh, go hiomlán nó go páirteach, do réir na meán-mhéide bliantúla luach saothair inphinsin thar tréimhse a thosnaigh trí mhí ar a laghad roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a thosnaigh trí mhí ar a laghad roimh lá nár dhéanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1953, arna chinneadh ag an údarás áitiúil le toiliú an Aire.

(b) Pinsean is iníoctha ag an Aire Rialtais Áitiúil de bhuaidh fo-ailt (9) d'alt 5 den Acht Rialtais Áitiúil, 1936 (Uimh. 46 de 1936) , nó de bhuaidh ailt 70 (A) den Dublin Corporation Act, 1890, agus ailt 66 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an 1ú lá de Lúnasa, 1956.

Cuid IV.

Pinsean nó liúntas a dheoin údarás cuain agus a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus—

(i) ar pinsean nó liúntas é a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála imthosca speisialta a bheith ann i leith aon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain agus gur pinsean nó liuntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a chríochnaigh roimh lá nár dhéanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1953, arna chinneadh ag an údarás cuain le toiliú an Aire sin, nó

(ii) ar pinsean nó liúntas é a ríomhadh, go hiomlán nó go páirteach, do réir na meánmhéide bliantúla luach saothair inphinsin thar tréimhse a thosnaigh trí mhí ar a laghad roimh an 1ú lá de Shamhain, 1952, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a thosnaigh trí mhí ar a laghad roimh lá nár dhéanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1953, arna chinneadh ag an údarás cuain le toiliú an Aire sin.