13 1957


Uimhir 13 de 1957.


AN tACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT) (LEASÚ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927 AGUS 1929, CHUN ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN ATHSCRÚDAITHE UM MHAOIN THIONSCAIL A SÍNÍODH I LONDAIN I 1934, DO CHOINBHINSIÚN ATHSCRÚDAITHE BERNE UM CHÓIPCHEART A SÍNÍODH SA BHRUISÉAL I 1948 AGUS DON CHOINBHINSIÚN UILECHOITEANN UM CHÓIPCHEART A SÍNÍODH SA GHINÉIV I 1952, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Iúil, 1957].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) ;

ciallaíonn “Acht 1929” an t Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1929 (Uimh. 13 de 1929) .

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht (a bhaineas le deonadh agus séalú paitinní) tríd na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(3) Ar an gceannasaí d'fháil iarratais agus ar bheith deimhnitheach dhó gurb é an duine a rinne, nó ar ina leith a rinneadh, an t-iarratas fíor-airigthí agus céad-airigthí aireagáin áirithe, cuirfidh sé faoi deara go luafar, in aon phaitinn a deonfar i leith an aireagáin, gurb é an t-airigthí é, ach ní bhronnfaidh ná ní laghdóidh an lua sin aon chearta faoin bpaitinn.

(4) Ní mór aon iarratas faoi fho-alt (3) den alt seo a dhéanamh laisitgh de dhá mhí ón dáta a fógraíodh gur glacadh le sonraíocht iomlán an aireagáin.

(5) Luífidh achomharc i gcoinne cinneadh an cheannasaí faoi fho-alt (3) den alt seo chun an oifigigh dhlí.”

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht (a bhaineas le cosc a chur le mí-úsáid cheart aon-tseilbhe)—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1) Féadfaidh aon duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun an cheannasaí, tar éis trí bliana ón dáta a deonadh paitinn, á líomhnadh go ndearnadh mí-úsáid de na cearta aon-tseilbhe fúithi agus ag iarraidh faoisimh faoin alt seo, ach, más é cúlghairm na paitinne an faoiseamh a hiarrfar, ní déanfar an t-iarratas sin go ceann dhá bhliain ón dáta a deonadh an chéad cheadúnas éigeantach faoi mhír (b) nó mír (c) d'fho-alt (3) den alt seo.”; agus

(b) trí “ó dháta deonta na paitinne” a chur in ionad “ó dháta iarrtha na paitinne” i mír (a) d'fho-alt (2).

Forála speisialta maidir le hárthaigh, aerárthaigh agus feithiclí talún.

4. —(1) I gcás árthach nó aerárthach atá cláraithe i stát coigríche nó feithicil talún le duine ar a bhfuil gnáth-chónaí i stát coigríche do theacht isteach sa Stát go sealadach nó de thaisme, ní measfar na cearta a bheirtear le paitinn i leith aireagáin a bheith á sárú má húsáidtear an t-aireagán—

(a) i gcabhail an árthaigh nó ina cuid inneallra, tácla, goiris nó gabhálas eile, an fhad is nach n-úsáidfear an t-aireagán ach ar bord an árthaigh agus chun a riachtanas iarbhír; nó

(b) i ndéanamh nó in oibriú an aerárthaigh nó na feithicle talún nó gabhálas an chéanna,

do réir mar bheas.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le hárthaigh, aerárthaigh ná feithiclí talún aon stáit choigríche nach mbronnann a dhlithe comhchearta maidir le húsáid aireagán in árthaigh, aerárthaigh agus feithiclí talún leis an Stát agus iad sa stát coigríche sin.

(3) Athghairmtear leis seo alt 61 den Phríomh-Acht.

Athghairm pháirteach ar alt 71 den Phríomh-Acht.

5. —Athghairmtear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 71 den Phríomh-Acht (a bhaineas le hearraí ar ar cuireadh dearacht chláraithe a sheachadadh arna ndíol).

Leasú ar alt 75 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 75 den Phríomh-Acht (a bhaineas le clárú dearachtaí a chealú) tríd an gcoinníoll a ghabhas le fo-alt (1) a scrios agus an coinníoll seo a leanas a chur isteach ina ionad:

“Ach más ar an bhforas deiridh sin a luaitear a déanfar an t-iarratas agus gur deimhin leis an gceannasaí nach leor an aimsir d'imigh ó dháta an chláruíthe chun an dearacht a chur ar earra trí mhonarú sa Stát—

(i) féadfaidh an ceannasaí an t-iarratas a chur ar athló go ceann pé tréimhse is dóigh leis is leor chun na críche sin;

(ii) ní ordóidh an ceannasaí clárú na dearachta a chealú ach féadfaidh sé a ordú go ndeonfar ceadúnas éigeantach.”

Leasú ar alt 152 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 152 den Phríomh-Acht (a bhaineas le comhshocraíochtaí idirnáisiúnta chun aireagáin, dearachtaí nó trádmharcanna a chosaint) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (4):

“(4A) I gcás ina mbeidh an t-aon-iarratasóir ar phaitinn faoin alt seo tar éis dhá shonraíocht nó níos mó a chur isteach i leith aireagán atá gaolmhar le chéile nó ar modhnuithe iad ar a chéile, beidh feidhm ag forála ailt 31 den Acht seo amhail mar atá feidhm ag na forála sin i gcás gnáth-iarratais faoin Acht seo.”

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) d'alt 152 den Phríomh-Acht, aon phaitinn a ndearbhaítear leis an bhfo-alt sin teideal a bheith chuici ag duine is é dáta a bheas uirthi an dáta a hiarradh an phaitinn sin sa Stát agus ní hé an dáta a sonraítear chuige sin sa bhfo-alt sin.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 152 den Phríomh-Acht trí “de shé mhí” a chur in ionad “de cheithre mhí” i míreanna (b) agus (c).

Leasú ar alt 154 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 154 den Phríomh-Acht (a bhaineas le cóipcheart) arna leasú le halt 10 d'Acht 1929—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (a) d'fho-alt (2):

“(a) chun aon aistriú ar an obair a sholáthar, d'athsholáthar, a léiriú nó d'fhoilsiú: ar choinníoll go scoirfidh an ceart sin (ach amháin maidir le haistriúcháin ar oibreacha drámaíochta nó ceoil a léiriú) de bheith ann, maidir le haistriúcháin i nGaeilge, i gceann tréimhse seacht mblian ó chéad-fhoilsiú na hoibre nó na coda deiridh den obair in aon tír atá páirteach san Aontas Idirnáisiúnta chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint ar tréimhse í a bhféadfaidh aon tsaoránach Éireannach, ar bheith caite dhi, ceadúnas d'fháil, faoi réim agus do réir fo-ailt (2A) den alt seo, chun an obair d'aistriú i nGaeilge agus an t-aistriúchán sin d'fhoilsiú mura ndéana únaer an chóipchirt, nó mura ndéantar ar údarás uaidh, aistriúchán i nGaeilge ar an obair d'fhoilsiú sa Stát laistigh den tréimhse sin: ar choinníoll freisin go bhféadfaidh an Rialtas, le hordú, gach saghas nó aon tsaghas oibre d'eisiamh ó oibriú an choinníll sin roimhe seo ar dhaoine a n-údair ba shaoránaigh, ar dháta na n-oibreacha sin a dhéanamh, d'aon tír nach bhfuil páirteach san Aontas Idirnáisiúnta sin agus is oiriúnach leis an Rialtas a shonrú san ordú sin;”;

(b) tríd na fo-ailt seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh fo-ailt (2):

“(2A) I gcás inar deimhin leis an gceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige, gur iarr an t-iarratasóir ar únaer an chóipchirt, agus gur dhiúltaigh seisean, cead a thabhairt dó chun obair áirithe d'aistriú i nGaeilge agus an t-aistriúchán sin d'fhoilsiú nó gur theip air teacht ar an únaer d'ainneoin a dhíchill, féadfaidh an ceannasaí a ordú go ndéanfar ceadúnas neamh-eisiach chun críche míre (a) d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt don iarratasóir ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an gceannasaí.

(2B) Luífidh achomharc chun na cúirte i gcoinne aon bhreithe a bhéarfas an ceannasaí faoi fho-alt (2A) den alt seo.”

Téarma cóipchirt.

9. —(1) Is é téarma a mhairfeas cóipcheart ré shaoil an údair móide caoga bhain ón lú lá den chéad Eanáir tar éis a bháis, ach amháin mar a foráltar a mhalairt go sainráite leis an bPríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

(2) Athghairmtear leis seo ailt 156 agus 157 den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 166 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 166 den Phríomh-Acht (a bhaineas le hoibreacha comh-údar) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1) I gcás oibre comh-údar, mairfidh cóipcheart ar feadh saoil an údair is déanaí a éagfas agus go ceann téarma caoga blian tar éis a bháis, agus déanfar tagairtí san Acht seo don tréimhse tar éis deireadh aon mhéid shonraithe blian ó bhás an údair d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse tar éis deireadh an mhéid chéanna blian ó bhás an údair is déanaí a éagfas.”

Leasú ar alt 175 den Phríomh-Acht.

11. —Déantar leis seo alt 175 den Phríomh-Acht (a bheir cumhacht don Rialtas Cuid VI den Acht sin d'fheidhmiú, le hordú, maidir le hoibreacha ar i dtíortha eile a céad-fhoilsíodh iad) a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh míre (a) d'fho-alt (1):

“(aa) le hoibreacha foilsithe ar shaoránaigh de thír lena mbaineann an t-ordú a n-údair tráth a bhfoilsithe, amhail is dá mba sa Stát a céad-fhoilsíodh iad;”.

Leasú ar alt 177 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 177 den Phríomh-Acht—

(a) trí “’na dtugann an riara nó fuirm na haicteála ann nó có-shnadhma na n-eachtraí a taisbeántar ann dreach bunaidh don obair” a scrios as an míniú ar “obair dhrámaíochta” i bhfo-alt (1);

(b) trí “tríocha lá” a chur in ionad “cheithre lá déag” i bhfo-alt (3).

Cóipcheart i bhfoilseacháin le heagrais idirnáisiúnta áirithe.

13. —(1) Baineann an t-alt seo leis na heagrais seo a leanas, eadhon, na Náisiúin Aontaithe agus a gcuid orgán agus na sainghníomhaireachtaí a ghabhas leo, Eagras na Stát Meiriceánach agus aon eagras idirnáisiúnta eile a sonrófar in ordú faoi fho-alt (6) den alt seo.

(2) Nuair a déanfar obair bhunaidh litríochta, dhrámaíochta, cheoil nó ealaíon ag eagras, nó faoi threoir nó rialú eagrais, lena mbaineann an t-alt seo, in imthosca a fhágfas—

(a) nach mbeadh cóipcheart san obair mura mbeadh an fo-alt seo, ach

(b) dá mba shaoránach Éireannach údar na hoibre tráth a déanta, go mbeadh cóipcheart san obair díreach tar éis a déanta agus go mbeadh sé, air sin, arna dhílsiú san eagras,

beidh cóipcheart san obair amhail is dá mba shaoránach Éireannach an t-údar tráth a déanta, leanfaidh an cóipcheart sin ar marthain an fhad a bheas an obair gan foilsiú, agus, faoi réir forál Choda VI den Phríomh-Acht, arna leasú le hAcht 1929 agus leis an Acht seo, is ag an eagras a bheas teideal chun an chóipchirt sin.

(3) Nuair a déanfar obair bhunaidh litríochta, dhrámaíochta, cheoil nó éalaíon a chéad-fhoilsiú ag eagras, nó faoi threoir nó rialú eagrais, lena mbaineann an t-alt seo in imthosca a fhágfas nach mbeidh, ar leith ón bhfo-alt seo, cóipcheart san obair díreach tar éis a céad-fhoilsithe, agus—

(a) go bhfoilseofar amhlaidh an obair de bhun comhaontuithe leis an údar nach gcoimeádann an cóipcheart (más ann) san obair in áirithe don údar, nó

(b) go ndearnadh an obair in imthosca d'fhágfadh gur ag an eagras a bheadh teideal chun an chóipchirt san obair dá mba sa Stát a céad-fhoilsíodh í,

beidh cóipcheart san obair (nó, má bhí cóipcheart san obair díreach sarar céad-fhoilsíodh í, leanfaidh sé ar marthain) amhail is dá mba sa Stát a céad-fhoilsíodh í, leanfaidh an cóipcheart sin ar marthain go deireadh na tréimhse caoga blian ó dheireadh na bliana a céad-fhoilsíodh an obair, agus, faoi réir forála Choda VI den Phríomh-Acht, arna leasú le hAcht 1929 agus leis an Acht seo, is ag an eagras a bheas teideal chun an chóipchirt sin.

(4) Na forála de Chuid VI den Phríomh-Acht, arna leasú le hAcht 1929 agus leis an Acht seo, gan na forála d'áireamh a bhaineas le cóipcheart a bheith ann nó le ré nó únaeracht cóipchirt, beidh feidhm acu maidir le cóipcheart atá ann de bhuaidh an ailt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le cóipcheart atá ann de bhuaidh na bhforál sin.

(5) Aon eagras lena mbaineann an t-alt seo ach atá nó bhí tráth ábhartha éigin, lasmuigh de sin, gan inniúlachtaí dlíthiúla comhluchta chorpraithe, beidh aige, agus measfar go raibh aige gach tráth ábhartha, inniúlachtaí dlíthiúla comhluchta chorpraithe chun cóipcheart a shealbhú, chun déileáil le cóipcheart agus chun é a chur i bhfeidhm agus i ndáil le gach imeacht dlíthiúil a bhaineas le cóipcheart.

(6) Féadfaidh an Rialtas, más cuí leo é, a ordú le hordú go mbainfidh forála fo-alt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo le pé eagrais idirnáisiúnta a sonrófar san ordú.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14. —(1) Féadfar an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1949, agus an Acht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1957, a ghairm díobh le chéile.