4 1958


Uimhir 4 de 1958.


AN tACHT PRAGHSANNA, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PRAGHSANNA AGUS TÁILLÍ AR EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ A RIALÚ AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [19 Márta, 1958.]

DE BHRÍ gur rud é, de dhroim nach leanfaidh an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) , i bhfeidhm tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1957—

(a) nach mbeidh na cumhachta forleitheadúla (dá ngairmtear na cumhachta éigeandála sa Réamhrá seo) chun rialú a dhéanamh, le hordú, ar phraghsanna earraí agus ar na táillí i leith seirbhísí agus a tugadh do chomhalta den Rialtas le Airteagal 31 den Ordú Cumhachta Práinne, 1939 (R. & O.R., Uimh. 224 de 1939), arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 173), 1942 (R. & O.R., Uimh. 166 de 1942), (Orduithe a rinneadh faoin Acht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , atá tar éis dul in éag, agus a buanaíodh leis an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 ), adúradh infheidhmithe tar éis an dáta sin, agus

(b) go scoirfidh aon orduithe de bheith i bhfeidhm tar éis an dáta sin a bhí i bhfeidhm ar an dáta sin agus a rinneadh i bhfeidhmiú na gcumhacht éigeandála;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAcht chun Praghsanna a Rialú, 1937 (Uimh. 26 de 1937) , neamhoiriúnach do riachtanais láithreacha an Stáit, agus gur fóirstineach dá bhrí sin é a athghairm, agus, dá dhroim sin, an tAcht um an gCoimisiún Praghsanna (Feidhmeanna a Leathnú), 1938 (Uimh. 15 de 1938) ;

AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe, ar mhaithe leis an bpobal. foráil a dhéanamh chun rialú a dhéanamh, i gcásanna áirithe a luaitear anseo ina dhiaidh seo sa Réamhaithris seo, ar phraghsanna earraí áirithe (agus earraí a díolfar le honnmhuiriú nó a honnmhuireofar le díol a fhágáil, i dteannta earraí eile, gan áireamh) agus ar na táillí i leith seirbhísí áirithe a dhéanamh (agus seirbhísí a bheidh le déanamh lasmuigh den Stát a fhágáil, i dteannta seirbhísí eile, gan áireamh), agus chuige sin údarás a thabhairt don Aire Tionscail agus Tráchtála praghsanna aon earra den tsórt sin agus na táillí a fhéadfar a éileamh i leith aon tseirbhíse den tsórt sin a rialú más rud é—

(a) gur dóigh leis go bhfuil praghsanna iomarcacha á n-éileamh nó go bhféadfaí iad a éileamh mar gheall ar chleachtais srianta trádála a bheith ann i ndáil le soláthar nó imdháil an earra, nó

(b) gur dóigh leis go bhfuil táillí iomarcacha á n-éileamh nó go bhféadfaí iad a éileamh mar gheall ar chleachtais srianta trádála a bheith ann i ndáil leis an tseirbhís a dhéanamh, nó

(c) gur dóigh leis go bhfuil praghsanna iomarcacha á n-éileamh ar an earra ag monaróirí, nó go bhféadfaidís a bheith á n-éileamh acu, mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na monaróirí nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, nó

(d) gur dóigh leis go bhfuil, mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag daoine a bhíonn ag déanamh na seirbhíse nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, táillí iomarcacha á n-éileamh, i leith na seirbhíse a dhéanamh, ag na daoine sin nó go bhféadfaidís a bheith á n-éileamh acu, nó

(e) go bhfuil ordú ón Rialtas i bhfeidhm á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann a bhaineann le soláthar an earra;

AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe freisin, ar mhaithe le leas an phobail, a údarú don Aire Tionscail agus Tráchtála orduithe a dhéanamh aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, a rialú praghsanna mór-reaca agus mionreaca aráin agus siúcra agus praghsanna mionreaca ime agus bainne;

AGUS DE BHRÍ gur inmhianaithe freisin, ar mhaithe le leas an phobail, a údarú don Aire Tionscail agus Tráchtála a fhoráil go ndéanfadh daoine a dhíolann earraí áirithe praghsanna mionreaca na n-earraí sin a thaispeáint.

ACHTAÍTEAR DA BHRI SIN AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Praghsanna, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Mínithe i gcoitinne.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1953” an t Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 (Uimh. 14 de 1953) ;

ciallaíonn “Coiste Comhairlitheach” Coiste Comhairlitheach Praghsanna arna bhunú faoi alt 9 den Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ina oifigeach údaraithe faoi alt 23 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

tá le “cleachtais srianta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1953.

Forléiriú tagairtí d'earra a dhíol agus do sheirbhís a dhéanamh.

3. —San Acht seo—

forléireofar tagairt d'earra a dhíol mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun earra a dhíol nó tairiscint a lorg chun earra a cheannach;

forléireofar tagairt do sheirbhís a dhéanamh mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun seirbhís a dhéanamh nó tairiscint a lorg i leith seirbhís a dhéanamh;

forléireofar tagairt do thairiscint chun earra a dhíol mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh an phraghais a bheidh beartaithe aige i leith earra a dhíol arna thabhairt trí phraghas-liosta a fhoilsiú nó tríd an earra a thaispeáint le díol agus marc ag lua an phraghas ag gabháil leis nó trí choinníoll a lua nó eile;

forléireofar tagairt do thairiscint chun seirbhís a dhéanamh mar lua ar thagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh na táille a bheidh beartaithe aige i leith a déanta arna thabhairt trí liosta táillí a fhoilsiú nó trí choinníoll a lua nó eile.

Comhaontuithe fruilcheannaigh.

4. —Chun críocha an Achta seo, measfar gur comhaontú díola comhaontú fruilcheannaigh do réir bhrí ailt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (Uimh. 16 de 1946) , agus measfar go ndearnadh an díol an dáta a rinneadh an comhaontú.

Srian ar Acht.

5. —Ní bhaineann an tAcht seo le aon cheann acu seo a leanas—

(a) gníomhachtaí a sheolann Aire Stáit, údarás áitiúil do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), coiste gairm-oideachais, gnóthas iompair d'iarnród, de bhóthar, d'aer nó d'uisce nó údarás cuain nó a seoltar thar ceann aon ar bith acu sin;

(b) praghsanna earraí (seachas arán nó bainne) a ndéantar nó a bhféadfaí na praghsanna orthu a rialú, a rialáil nó a shonrú faoin aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin nó i gcomhlíonadh aon dualgais reachtúil;

(c) táillí i leith seirbhísí a ndéantar nó a bhféadfaí na táillí ina leith a rialú, a rialáil nó a shonrú faoi aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin nó i gcomhlíonadh aon dualgais reachtúil;

(d) praghsanna a híoctar le táirgeoirí, nó a gheibheann déileálaithe i monarchana, ar tháirgí príomha talmhaíochta (lena n-áirítear uibhe, éanlaithe clóis, bainne agus táirgí bainne) agus ar tháirgí garnóireachta;

(e) táillí i leith inseamnaithe shaorga;

(f) praghsanna éisc as an mbád agus idirbhearta uile an Bhoird Iascaigh Mhara;

(g) táillí i leith seirbhísí ar seirbhísí gairmiúla go hiomlán iad;

(h) táillí i leith seirbhísí a tugtar i ndáil le bancaeracht nó árachas;

(i) praghsanna earraí a díoltar le honnmhuiriú nó a honnmhuirítear le díol;

(j) táillí i leith seirbhísí a tugtar lasmuigh den Stát.

Orduithe a leagadh faoi bhráid Titho an Oireachtais.

6. —Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas nó an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Caiteachais.

7. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II.

Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.

Comhdhéanamh Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.

9. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le barántas faoina láimh pé comhlachtaí agus pé méid comhlachtaí daoine a chomhdhéanamh is oiriúnach leis, agus Coiste Comhairlitheach Praghsanna a tabharfar ar gach comhlacht díobh sin agus Coiste Comhairlitheach a gairmtear de san Acht seo.

(2) Luafar sa bharántas a chomhdhéanfaidh Coiste Comhairlitheach ainmneacha na ndaoine a bheidh ina gcomhaltaí de.

(3) Bainfidh forála an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht seo le gach Coiste Comhairlitheach.

Feidhmeanna Choiste Chomhairlithigh.

10. —(1) Is iad feidhmeanna Choiste Chomhairlithigh fiosrú a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt don Aire, i dtaobh cibé ní acu seo a leanas a sonrófar i mbarántas a chomhdhéanta, eadhon—

(a) na praghsanna a héilítear ar an earra a sonraítear sa bharántas ag monaróirí a mhonaraíonn an t-earra,

(b) na modhanna ar a ndéanann monaróirí a mhonaraíonn an t-earra sin é a chur ar margadh,

(c) na táillí a héilítear as déanamh na seirbhíse a sonraítear sa bharántas ag daoine a dhéanann í,

(d) na modhanna ar a ndéantar an tseirbhís sin ag daoine a dhéanann í.

(2) Is é a bheidh i bhfiosrú a dhéanfaidh Coiste Comhairlitheach, mar sonrófar i mbarántas a chomhdhéanta—

(a) fiosrú ginearálta, nó

(b) fiosrú a bhainfidh le límistéar áirithe nó le praghsanna nó táillí a héilítear faoi choinníollacha áirithe, nó a bheidh teoranta ar shlí eile ina réim.

(3) Bhéarfaidh Coiste Comhairlitheach tuarascáil don Aire ar dháta nach déanaí ná an dáta a sonrófar chuige i mbarántas a chomhdhéanta agus má thugann sé tuarascáil go bhfuil na praghsanna nó na táillí a sonrófar ina bharántas ró-ard mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag monaróirí nó ag daoine a dhéanann seirbhísí nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, déarfaidh sé arb é a thuairim gurb amhlaidh do na himthosca gur gá go ndéanfadh an tAire ordú faoi alt 14 den Acht seo ag socrú praghsanna nó táillí uasta.

Díscaoileadh Coistí Comhairlitheacha.

11. —(1) I gcás ina mbeidh sa bharántas a chomhdhéanfaidh Coiste Comhairlitheach foráil i dtaobh dáta a dhíscaoilte, beidh sé arna dhíscaoileadh ar an dáta sin mura mbeidh a thuarascáil tugtha aige roimhe sin don Aire, agus sa chás sin beidh sé arna dhíscaoileadh láithreach tar éis dó a thuarascáil a thabhairt.

(2) Mura mbeidh sa bharántas a chomhdhéanfaidh Coiste Comhairlitheach foráil i dtaobh dáta a dhíscaoilte, beidh sé arna dhíscaoileadh láithreach tar éis dó a thuarascáil a thabhairt don Aire.

Fógra i dtaobh Coiste Comhairlitheach a chomhdhéanamh.

12. —I gcás ina gcomhdhéanfaidh an tAire Coiste Comhairlitheach, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar, i pé slí is oiriúnach leis, fógra i dtaobh a chomhdhéanta agus i dtaobh na nithe faoina ndéanfaidh sé fiosrú.

CUID III.

Praghsanna Earraí agus Táillí i leith Seirbhísí.

Praghsanna uasta earraí agus taillí uasta i leith seirbhísí a shocrú de dhroim tuarascála ón gCoimisiún Cóir-Thrádála.

13. —(1) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ón gCoimisiún Cóir-Thrádála faoi Acht 1953 a bhreithniú—

(a) go bhfuil cleachtais srianta ann maidir le soláthar nó imdháil aon earra, agus

(b) de dheasca na gcleachtas srianta sin a bheith ann, go bhfuil praghsanna iomarcacha á n-éileamh, nó go bhféadfaí iad a éileamh, ar na earra sin,

féadfaidh an tAire, le hordú, an praghas uasta a shocrú ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol.

(2) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ón gCoimisiún Cóir-Thrádála faoi Acht 1953 a bhreithniú—

(a) go bhfuil cleachtais srianta ann maidir le déanamh aon tseirbhíse, agus

(b) de dheasca na gcleachtas srianta sin a bheith ann, go bhfuil táillí iomarcacha á n-éileamh, nó go bhféadfaí iad a éileamh, i leith na seirbhíse sin a dhéanamh,

féadfaidh an tAire, le hordú, an táille uasta a shocrú a féadfar a éileamh i leith na seirbhíse sin a dhéanamh.

Praghsanna uasta earraí agus táillí uasta i leith seirbhísí a shocrú de dhroim tuarascála ó Choiste Comhairlitheach.

14. —(1) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ó Choiste Chomhairlitheach a bhreithniú, go bhfuil na praghsanna atá á n-éileamh ar earra ag monaróirí a mhonaraíonn an t-earra iomarcach, mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag monaróirí nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, féadfaidh an tAire, le hordú, an praghas uasta a shocrú ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol.

(2) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ó Choiste Comhairlitheach a bhreithniú, go bhfuil na táillí atá á n-éileamh, i leith aon tseirbhíse a dhéanamh, ag daoine a dhéanann í iomarcach mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na daoine sin nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, féadfaidh an tAire le hordú, an táille uasta a shocrú a féadfar a éileamh i leith na seirbhíse sin a dhéanamh.

Dearbhú ón Rialtas go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earraí.

15. —(1) Aon uair agus a mhinicí is dóigh leis an Rialtas imthosca neamhghnáthacha a bheith ann nó gur dóigh dhóibh a bheith ann maidir le soláthar aon earra, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar an earra sin.

(2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo earra a mhíniú i pé slí is oiriúnach leis an Rialtas.

(3) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo baint le earra amháin nó níos mó.

(4) Fanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ó dháta an ordaithe sin a dhéanamh) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú agus éagfaidh sé ansin, mura gcoimeádfar i bhfeidhm é le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo.

(5) I gcás—

(a) ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire (dá ngairmtear an príomh-ordú sa bhfo-alt seo) faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earra, agus

(b) gur dóigh leis an Rialtas imthosca neamhghnáthacha a bheith fós ann maidir le soláthar an earra sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) féadfaidh an Rialtas le hordú (dá ngairmtear ordú buanaithe sa bhfo-alt seo), a déanfar sara n-éaga an príomh-ordú, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia na sé mhí ón dáta d'éagfadh an príomh-ordú mura mbeadh an t-ordú buanaithe) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú buanaithe, agus féadfaidh ina dhiaidh sin ó am go ham le hordú (dá ngairmtear ordú buanaithe freisin sa bhfo-alt seo), a déanfar sara n éaga an príomhordú faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ón dáta d'éagfadh an príomh-ordú faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú buanaithe,

(ii) mura ndéantar ach ordú buanaithe amháin, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse a gcoimeádtar i bhfeidhm é ar a feadh leis an ordú buanaithe sin, agus éagfaidh sé ansin,

(iii) má déantar dhá ordú buanaithe nó níos mó, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse a gcoimeádtar i bhfeidhm é ar a feadh leis an gceann deiridh de na horduithe buanaithe, agus éagfaidh sé ansin.

(6) Déanfar gach ordú faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Praghas uasta earra agus táille uasta i leith seirbhíse a shocrú le linn ré feidhme ordaithe faoi alt 15 (1).

16. —(1) I gcás ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earra, féadfaidh an tAire, le hordú, ceachtar den dá ní seo nó an dá ní seo a leanas a dhéanamh—

(a) an praghas uasta a shocrú ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol,

(b) an táille uasta a shocrú a féadfar a éileamh i leith aon tseirbhís, a bhainfidh le soláthar nó imdháil an earra sin, a dhéanamh i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh.

(2) Más rud é, le linn ordú (dá ngairmtear an t-ordú éigeandála sa bhfo-alt seo) a bheith i bhfeidhm faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar earra, go ndéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú ón Aire sa bhfo-alt seo) faoi fho-alt (1) den alt seo ag socrú an phraghais uasta ar a bhféadfar an t-earra sin a dhíol nó ag socrú na táille uasta a féadfar a éileamh i leith aon tseirbhís, a bhainfidh le soláthar nó imdháil an earra sin, a dhéanamh i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh, ansin, mura mbeidh an t-ordú ón Aire cúlghairmthe roimhe sin, éagfaidh sé ar éag don ordú éigeandála.

Praghsanna uasta mór-reaca agus mionreaca aráin agus siúcra agus praghsanna uasta mionreaca ime agus bainne a shocrú.

17. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, praghsanna uasta mór-reaca agus mionreaca aráin agus siúcra a shocrú.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, praghsanna mionreaca uasta na n-earraí seo a leanas a shocrú—

(a) im,

(b) bainne nuair a díolfar é i límistéar a ndearbhófar le hordú a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 6 d'Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 (Uimh. 43 de 1936) , gur ceantar díola é chun críocha Coda II den Acht sin.

Forála maidir le hordaithe.

18. —Aon ordú a dhéanfaidh an tAire faoi aon cheann de na forála roimhe seo den Chuid seo—

(a) féadfaidh sé earra nó seirbhís a mhíniú i pé slí is oiriúnach leis an Aire,

(b) féadfaidh sé na coinníollacha a leagadh amach ar faoina dtreoir a socrófar praghas nó táille uasta, agus praghsanna nó táillí uasta éagsúla a shocrú i ndáil le coinníollacha éagsúla,

(c) féadfaidh sé baint leis an Stát go léir nó le límistéar áirithe sa Stát,

(d) féadfaidh sé praghas nó táille uasta a shocrú trína shonrú nó trí fhorála a leagadh amach a bhféadfar an praghas nó an táille sin a fhionnadh faoina dtreoir,

(e) féadfaidh gach foráil, teagmhasach nó fo-ghabhálach (lena n-áirítear ceanglas nach ndéanfar an t-earra lena mbaineann an t-ordú a dhíol ach amháin in aonaid shonraithe meáchain nó tomhais) a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil a cuireadh san ordú faoi na cumhachta a bheirtear dó leis an Acht seo nó chun go ndéanfaí do réir an ordaithe.

Orduithe á cheangal an praghas mionreaca a thaispeáint.

19. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a cheangal ar gach duine a sheolann gnó i límistéar sonraithe ag díol aon earra ar mionreic a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an praghas mionreaca a bheidh á éileamh aige ar an earra sin a thaispeáint ar shlí shonraithe.

Orduithe faoi Chuid III a chúlghairm agus a leasú.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a dhéanfaidh sé faoin gCuid seo a chúlghairm.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a dhéanfaidh sé faoin gCuid seo a leasú.

An éifeacht a bheidh ar chonartha ag ordaithe a rialú praghsanna agus táillí.

21. —(1) Ní dhéanfaidh ordú faoin gCuid seo ag rialú praghais earra nó na táille i leith seirbhíse difir do dhlíthiúlacht chonartha a bheidh déanta roimh an dáta a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh, ná d'aon ní a bheidh déanta faoin gconradh.

(2) Ní dhéanfaidh aon ordú faoin gCuid seo ag rialú praghais earra nó na táille i leith seirbhíse difir do dhlíthiúlacht chonartha a déanfar an dáta a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh nó dá éis sin, ná d'aon ní a déanfar faoin gconradh más rud é—

(a) go ndéanfar an conradh de bhun oblagáide dlíthiúla ó chonradh i dtosaíocht air a rinneadh roimh an dáta sin, nó

(b) gur údarás áitiúil a dhéanfaidh an conradh le conraitheoir oifigiúil arna cheapadh faoi alt 3 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Comhcheannach), 1925 (Uimh. 20 de 1925) , nó faoi alt 6 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Comhcheannach), 1939 (Uimh. 14 de 1939) , de thoradh iarratais uaidh roimh an dáta sin,

Cionta faoi Chuid III.

22. —Má dhéanann duine ar bith—

(a) sárú, trí ghníomh nó neamhghníomh, ar fhoráil aon ordaithe faoin gCuid seo, nó

(b) earra a dhíol ar phraghas mionreaca is mó ná an praghas a bheidh ar aon liosta a ceanglaítear air le hordú faoi alt 19 den Acht seo a thaispeáint,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.

CUID IV.

Forála Ilghnéitheacha.

Oifigigh údaraithe.

23. —(1) Féadfaidh an tAire pé oifigigh, agus pé méid oifigeach, dá chuid is oiriúnach leis a cheapadh ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar d'oifigeach údaraithe le halt 24 den Acht seo déanfaidh sé, má iarrann an duine lena mbainfidh air é, an barántas a thabhairt ar aird don duine sin.

Cumhachta oifigeach údaraithe.

24. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire chun go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina mbíonn aon ghníomhacht á seoladh i ndáil le gnó ag monarú, ag próisiú, ag pacáistiú, ag soláthar nó ag imdháil earraí nó i ndáil le heagrú daoine, nó le cabhrú le daoine, a bhíonn ag gabháil d'aon ghnó den tsórt sin, agus an t-áitreabh d'iniúchadh,

(b) a cheangal ar an duine a sheolann an ghníomhacht sin agus ar aon duine atá fostaithe i ndáil leis sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an ngníomhacht sin agus atá ar chumas an duine sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó agus pé eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir le haon iontrála sna leabhair sna doiciméid nó sna taifid sin,

(c) na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna díobh a dhéanamh nó sleachta a thógáil astu,

(d) a cheangal ar an duine sin aon eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis na daoine a bheidh ag seoladh na gníomhachta sin (lena n-áiritear, go háirithe, i gcás comhlucht neamhchorpraithe daoine, eolas i dtaobh a chomhaltais agus a choiste bhainistí nó údaráis rialaithe eile) nó a bheidh fostaithe i ndáil léi,

(e) a cheangal ar an duine sin aon eolas eile a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis an ngníomhacht sin.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh oifigeach údaraithe a bhac nó a chosc agus é ag feidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (1) den alt seo nó nach ndéanfaidh do réir cheanglas oifigigh údaraithe faoin bhfo-alt sin (1) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.

Toirmeasc le heolas a nochtadh.

25. —(1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bheidh ar fáil aige de bhun na gcumhacht chun eolas a fháil a tugtar dó leis an Acht seo nó trí bheith i láthair ag cruinniú de Choiste Comhairlitheach a tionólfar go príobháideach.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le cumarsáid ó chomhalta de Choiste Comhairlitheach nó ó oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Acht seo, ná

(b) le nochtadh eolais i dtuarascáil ó Choiste Comhairlitheach nó chun críche imeacht dlíthiúla faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn aon duine fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Pionóis mar gheall ar chionta.

26. —Gach duine a dhéanfaidh cion, nó a meastar cion a bheith déanta aige, faoi aon alt den Acht seo, dlífidh sé, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Cionta maidir le comhlachta corpraithe agus comhlachta neamhchorpraithe.

27. —Má dhéanann comhlacht corpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine cion faoi aon alt den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó aontú nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtaint ar thaobh aon duine agus é ina stiúrthóir nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chéanna nó ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chéanna, measfar an cion a bheith déanta ag an duine sin freisin agus dlífear imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Inchúiseamh i leith cionta.

28. —(1) Féadfaidh an tAire imeachta i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 8.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 26 de 1937 .

An tAcht chun Praghsanna a Rialú, 1937.

An tAcht iomlán.

Uimh. 15 de 1938 .

An tAcht um an gCoimisiún Praghsanna (Feidhmeanna a Leathnú), 1938.

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL

Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.

Alt 9 (3).

An Painéal.

1. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an Painéal” Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna a bheidh le coimeád faoi mhír 2 den Sceideal seo.

Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna.

2. (1) Chun críocha an Sceidil seo, coimeádfaidh an tAire painéal (ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmfear Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna) a bheidh comhdhéanta de pé méid daoine (nach mó ná dáréag) is oiriúnach leis an Aire agus ar daoine iad a bheidh toilteanach agus ábalta gníomhú mar chomhaltaí de Choistí Comhairlitheacha.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh gach comhalta den Phainéal agus leanfaidh an duine sin de bheith ina chomhalta go ceann téarma dhá mhí dhéag ó dháta a cheaptha agus beidh sé i dteideal a athcheaptha ar bheith caite d'aon téarma oifige den sórt sin.

(3) Má thagann duine is comhalta den Phainéal chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Phainéal.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Ordaithe cheachtar Tí den Oireachtas chun suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Phainéal.

(5) Beidh duine is comhalta den Phainéal dícháilithe chun bheith agus scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Phainéal más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(b) go dtabharfaidh cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúntachta nó phianseirbhíse air, nó

(c) go scoirfidh sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

(6) Déanfaidh an tAire, ó am go ham do réir mar is oiriúnach leis, ainmneacha na ndaoine a bheidh ar an bPainéal de thuras na huaire a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Comhaltas Choiste Chomhairlithigh.

3. Beidh Coiste Comhairlitheach comhdhéanta de thriúr comhaltaí ar a laghad agus cúigear comhaltaí ar a mhéid, agus is é an tAire a cheapfaidh iad go léir ó dhaoine is comhaltaí den Phainéal tráth an cheapacháin.

Cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh.

4. (1) Beidh cathaoirleach ar gach Coiste Comhairlitheach.

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le hoifig chathaoirligh Choiste Comhairlithigh—

(a) is é a bheidh ina chathaoirleach pé comhalta den Choiste Comhairlitheach sin a ainmneoidh an tAire chun bheith ina chathaoirleach,

(b) má scoireann an cathaoirleach de bheith ina chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin, scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach,

(c) má tharlaíonn don duine a shealbhóidh an oifig sin go mbeidh sé neamhábalta go sealadach ar chúis ar bith ar dhualgais na hoifige sin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta den Phainéal nach comhalta den Choiste Comhairlitheach sin san am a ainmniú chun dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse sonraithe (nach sia ná ré na neamhábaltachta sealadaí sin), agus, ar feadh na tréimhse sin, beidh cumhachta uile an chathaoirligh ag an duine a hainmneofar amhlaidh agus measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh sin é agus gur comhalta dhe é.

Comhalta do Choiste Comhairlitheach d'éirí as oifig nó a chur as oifig.

5. (1) Féadfaidh comhalta de Choiste Comhairlitheach éirí as oifig.

(2) Féadfaidh an tAire comhalta de Choiste Comhairlitheach a chur as oifig—

(a) má bhíonn sé éagumasach mar gheall ar easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil, nó

(b) má bhíonn sé tar éis scor de bheith ina chomhalta den Phainéal, nó

(c) más dóigh leis an Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le dualgais an Choiste Chomhairlithigh sin a chomhlíonadh go héifeachtúil tíobhasach.

Corr-fholúntais.

6. Má tharlaíonn corr-fholúntas i gcomhaltas Choiste Chomhairlithigh, féadfaidh an tAire duine is comhalta den Phainéal de thuras na huaire a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

Luach saothair agus caiteachas chomhaltaí Choiste Chomhairlithigh.

7. Féadfar pé luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachais a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta Choiste Chomhairlithigh.

Comhalta de Choiste Comhairlitheach do chur leasa in iúl.

8. I gcás Coiste Comhairlitheach a bheith ag fiosrú faoi phraghas aon earra nó faoin táille i leith aon tseirbhíse agus leas pearsanta a bheith ag aon chomhalta den Choiste sin in aon ghnó a bheidh ag díol an earra sin nó ag déanamh na seirbhíse sin, cuirfidh an comhalta sin é sin in iúl don Aire, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) ní ghníomhóidh sé, gan údarás ón Aire, mar chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin,

(b) Féadfaidh an tAire é a chur den Choiste Comhairlitheach sin agus duine eile den Phainéal a cheapadh ina chomhalta nua ina ionad ar an gCoiste Comhairlitheach sin.

Oifigigh agus seirbhísigh do Choiste Comhairlitheach.

9. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú le Coiste Comhairlitheach i gcomhlíonadh a dhualgas.

(2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar faoi fho-mhír (1) den mhír seo sealbhóid oifig ar pé téarmaí agus gheobhaid pé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

Duine a cheapadh chun cabhrú le Coiste Comhairlitheach.

10. (1) I gcás ina n-iarrfaidh Coiste Comhairlitheach go gceapfar duine chun cabhrú leis ag seoladh fiosrúcháin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé duine is cuí leis a cheapadh chuige sin.

(2) Féadfar pé luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachais a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le duine a ceapfar faoi fho-mhír (1) den mhír seo.

Nós imeachta ag cruinnithe de Choiste Comhairlitheach.

11. (1) Is é cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh a bheidh i gceannas gach cruinnithe den Choiste Comhairlitheach sin, agus ní comórfar aon chruinniú den Choiste Comhairlitheach sin mura mbeidh sé i láthair.

(2) Gach ceist a éireoidh ag cruinniú de Choiste Comhairlitheach cinnfear é le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh sin.

(3) Féadfaidh Coiste Comhairlitheach gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc na gcomhaltaí.

(4) Is é is córam do chruinniú de Choiste Comhairlitheach pé líon a shocróidh sé ó am go ham, agus, mura mbeidh córam socair amhlaidh de thuras na huaire, triúr.

(5) Aon fhiosrúchán a dhéanfaidh Coiste Comhairlitheach ní deanfar go hiomlán nó go páirteach go poiblí é, ach amháin le toiliú an Aire roimh ré i scríbhinn.

(6) Faoi réir forál na míre seo, féadfaidh Coiste Comhairlitheach a nós imeachta agus a ghnó a rialú, lena n-áirítear an modh ar a gcuirfidh daoine faoina bhráid nithe maidir le hábhar aon fhiosrúcháin a bheidh á dhéanamh aige.

Cumhacht Chathaoirligh Choiste Chomhairlithigh chun finnéithe a thoghairm, etc.

12. (1) Féadfaidh Cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh, chun críocha feidhmeanna an Choiste Chomhairlithigh sin—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht i láthair an Choiste Chomhairlithigh sin;

(b) aon fhinné a thiocfaidh i láthair an Choiste Chomhairlithigh sin a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo don chathaoirleach é a chur faoi mhionn);

(c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméid ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choiste Comhairlitheach sin.

(2) Aon toghairm chun finné a ghairm i láthair Choiste Chomhairlithigh beidh sé faoi láimh chathaoirligh an Choiste Chomhairlithigh sin.

(3) Beidh finné i láthair Choiste Chomhairlithigh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(4) Duine ar bith—

(a) a thoghairmfear go cuí os comhair Choiste Chomhairlithigh agus a mhainneoidh teacht i láthair, nó

(b) a bheidh i láthair mar fhinné agus a dhiúltóidh mionn a thabhairt a ceanglófar air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméid ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a ceanglófar air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach sin air go dlíthiúil a fhreagairt, nó

(c) a dhéanfaidh aon ní a bheadh, dá mba chúirt bhreithiúnais ag a raibh cumhacht chimithe mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Coiste Comhairlitheach sin, ina dhísbheagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an Coiste Comhairlitheach sin cion an duine sin a dheimhniú faoina lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrúchán a dhéanamh is cuí léi, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh ar an Ard-Chúirt.

AN TRIU SCEIDEAL.

Earraí a bhféadafaidh an tAire Orduithe um Praghas Mionreaca a Thaispeáint a Dhéanamh ina Leith.

Alt 19.

1. Arán luchta—is é sin le rá, arán nach i gcoimeádáin a bacáiltear é agus a díoltar nó a tairgtear le díol ina bhulóga nach screamhóg ar fad an taobh amuigh díobh.

2. Plúr.

3. Im.

4. Tae.

5. Uibhe.

6. Prátaí.

7. Mairteoil.

8. Caoireoil.

9. Bagún.

10. Muiceoil.

11. Oráistí.