12 1958


Uimhir 12 de 1958.


ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TIONSCAL NA gCON AGUS RÁSAÍOCHT AGUS CÚRSÁIL CHON D'FHEABHSÚ AGUS D'FHORBAIRT AGUS CHUN RÁS-RIANTA AGUS FAICHÍ CÚRSÁLA CON A RIALÚ NÍOS FEARR; DO BHUNÚ BOIRD DÁ nGAIRMFEAR BORD NA gCON AGUS DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA; DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD NA gCON D'OIBRIÚ SUIMITHEOIRÍ, CHUN TÁILLÍ A GHEARRADH A BHEAS LE nÍOC AG DAOINE A BHEAS AG OIBRIÚ RÁS-RIANTA CON AR A mBEIDH NA SUIMITHEOIRÍ AGUS CHUN SUIMEANNA AGUS TOBHAIGH A BHAILIÚ AS AIRGEAD A CUIRFEAR MAR GHEALL TRÍ NA SUIMITHEOIRÍ; DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CLUB CÚRSÁLA NA hÉIREANN D'ATHCHÓIRIÚ AGUS É D'AITHINT MAR PHRÍOMH-ÚDARÁS LE hAGHAIDH SÍOLRÚ CON AGUS CÚRSÁIL CHON; DO THABHAIRT FEIDHMEANNA ÁIRITHE DO CHLUB CÚRSÁLA NA hÉIREANN; DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE GEALL-GHLACADÓIRÍ A BHEAS AG CÚRSA-GHEALLTÓIREACHT MAIDIR LE COIN (LENA nÁIRÍTEAR SOCRÚ CHUN TOBHAIGH A LEAGADH AR GHEALL-GHLACADÓIRÍ I LEITH CÚRSA-GHEALLTA AGUS SOCRÚ CHUN TÁILLÍ A GHEARRADH, ACH AMHÁIN LE LINN NA TOBHAIGH SIN A BHEITH LEAGTHA, A BHEAS LE nÍOC AG GEALL-GHLACADÓIRÍ A BHEAS AG CÚRSA-GHEALLTÓIREACHT); AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE (LENA nÁIRÍTEAR MUIRIR A GHEARRADH I LEITH CEADÚNAS AGUS CEAD) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[28 Bealtaine, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Tionscail na gCon, 1958 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “faiche chúrsála údaraithe” faiche chúrsála ar a mbíonn cruinnithe cúrsála údaraithe ar siúl;

ciallaíonn “cruinniú cúrsála údaraithe” cruinniú cúrsála arna údarú ag an gClub;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh i scríbhinn ag an mBord nó ag an gClub (do réir mar is iomchuí) chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “an Bord” Bord na gCon a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Club” Club Cúrsála na hÉireann;

ciallaíonn “geall cúrsa”—

(a) geall a ghlacfaidh geall-ghlacadóir ceadúnaithe, le linn rás-chruinnithe chon a bheidh ar siúl ar rás-rian con, i ndáil le rás con is mír ag an gcruinniú sin, nó

(b) geall a ghlacfaidh geall-ghlacadóir ceadúnaithe, le linn cruinnithe chúrsála údaraithe (nach cruinniú a mbeidh dearbhaithe ag an mBord le rialacháin go bhfuil sé díolmhaithe maidir leis na tobhaigh dá ndéantar socrú leis an Acht seo), i ndáil le beart is mír ag an gcruinniú sin;

tá le “cead cúrsa-ghealltóireachta” an bhrí a thugtar dó in alt 29;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “rás con” rás con (ar a n-áirítear triail agus teagasc) ina leantar rud a ghluaistear le fearas meicniúil;

ciallaíonn “rás-rian con” rás-rian con ar a seoltar rásaí con ar luach saothair;

tá le “ceadúnas rás-riain chon” an bhrí a shonraítear in alt 22;

ciallaíonn “geall-ghlacadóir ceadúnaithe” duine is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas geall-ghlacadóra a heisíodh chuige faoin Acht um Gheallchur, 1931 (Uimh. 27 de 1931) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “maighne”, maidir le faiche chúrsála údaraithe, aon áit in aice na faiche cúrsála sin a ghnáthaíonn an pobal chun bheith ag féachaint ar chúrsáil;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an mBord faoin Acht seo;

ciallaíonn “ceadúnas suimitheora” ceadúnas arna dheonadh faoi Acht na Suimitheoirí, 1929 (Uimh. 22 de 1929) .

(2) Aon áit inar iomchuí sin, folaíonn tagairt san Acht seo d'aon fhoráil a shárú tagairt don fhoráil sin a shárú trí mhainniú nó diúltú déanamh dá réir.

An lá bunaithe.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Feidhmeanna an Chlub a chomhlíonadh.

4. —Is é a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a dhílsítear sa Chlub leis an Acht seo nó faoi—

(a) roimh an lá a cheapfaidh an tAire faoi fho-alt (7) d'alt 26 den Act seo—Buan-Choiste an Chlub, agus

(b) an lá sin agus dá éis—Coiste Feidhmiúcháin an Chlub,

ach, i gcás rialacha a dhéanfar faoin Acht seo, ní thiocfaidh na rialacha i ngníomh mura gceadófar agus go dtí go gceadófar iad ag cruinniú ginearálta den Chlub.

Rialacháin agus Rialacha i gcoitinne.

5. —(1) I ngach imeacht dlíthiúil—

(a) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip é d'aon rialachán a rinne an Bord faoin Acht seo agus a bheith arna dheimhniú ag cathaoirleach an Bhoird nó príomh-oifigeach an Bhoird gur cóip dhílis é ina leor-fhianaise ar an rialachán agus go ndearnadh maidir leis aon dul-i-gcomhairle ba ghá faoin Acht seo agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a dheimhnigh an doiciméad,

(b) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith arna shíniú ag oifigeach don Aire agus a dheimhneoidh gur le toiliú an Aire a rinneadh aon rialachán sonraithe a rinne an Bord faoin Acht seo ina leorfhianaise gur le toiliú an Aire a rinneadh an rialachán agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a shínigh an doiciméad.

(2) I ngach imeacht dlithiúil—

(a) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip é d'aon riail a rinne an Club faoin Acht seo agus a bheidh arna dheimhniú ag uachtarán an Chlub nó ag rúnaí an Chlub gur cóip dhílis é ina leor-fhianaise ar an riail agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a dheimhnigh an doiciméad,

(b) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith arna shíniú ag uachtarán an Chlub nó ag rúnaí an Chlub agus a dheimhneoidh go dtáinig aon riail shonraithe a rinne an Club faoin Acht seo i ngníomh lá sonraithe ina leor-fhianaise go dtáinig an riail i ngníomh an lá sin agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a shínigh an doiciméad,

(c) beidh doiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith arna shíniú ag cathaoirleach an Bhoird nó ag príomh-oifigeach an Bhoird agus a dheimhneoidh gur le toiliú an Bhoird a rinneadh aon riail shonraithe a rinne an Club faoin Acht seo ina leor-fhianaise gur le toiliú an Bhoird a rinneadh an riail agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an duine a shínigh an doiciméad.

(3) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ábhair nó ní dá dtagartar san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an Bord faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(5) Gach riail a dhéanfaidh an Club faoi alt 25 nó alt 37 den Acht seo agus cheadófar mar fhoráltar le halt 4 den Acht seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis í a cheadú amhlaidh, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an riail a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialach, beidh an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorainníonn oibriú, nó a dhéanann difir d'oibriú, ailt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925) .

CUID II.

Bord na gCon.

Bunú an Bhoird.

6. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmfear Bord na gCon, a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha, faoina ainm chorpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú.

Comhdhéanamh an Bhoird.

7. —Seachtar comhaltaí a bheidh ar an mBord agus beidh duine acu ina chathaoirleach air agus gnáth-chomhaltaí a bheidh sna comhaltaí eile.

Cathaoirleach an Bhoird.

8. —(1) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais cathaoirleach an Bhoird a cheapadh ó am go ham do réir mar is gá agus, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, sealbhóidh sé oifig do réir tola an Aire.

(2) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a dhíreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir.

(3) Ní bheidh leas tairbhúil ag cathaoirleach an Bhoird in únaeracht, rialú ná oibriú rás-rianta con ná i ndíolacháin phoiblí con a chur ar siúl nó a sheoladh ná i gcoin a thréineáil ar luach saothair ná i ngeall-ghlacadóireacht.

(4) Íocfaidh an Bord le cathaoirleach an Bhoird cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Forálacha maidir le ceapadh, téarma oifige, etc., ghnáthchomhaltaí an Bhoird.

9. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, seisear daoine (ar comhaltaí de Bhuan-Choiste ar Chlub triúr, agus triúr ar a mhéid, díobh) a cheapadh chun bheith na ngnáth-chomhaltaí den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a cheapfar amhlaidh an lá bunaithe, agus má éagann aon duine acu sin roimh an lá bunaithe measfar, chun críocha fo-ailt (4) den alt seo, gurb é an lá bunaithe d'éag sé.

(2) Déanfaidh an tAire gach cúigiú bliain chomhleanúnach tar eis na bliana ar lá dhi an lá bunaithe, seisear daoine (ar comhaltaí de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub triúr, agus triúr ar a mhéid, díobh) a cheapadh chun bheith inangnáth-chomhaltaí den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a cheapfar amhlaidh an lá díreach i ndiaidh lae a cheaptha.

(3) Gach comhalta den Bhord a cheapfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé, muran éag, éirí as, teacht faoi dhícháilíocht nó a chur as oifig roimhe sin dó, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad lae eile a ndéanfaidh an tAire, de bhun fo-ailt (2) den alt seo, seisear daoine a cheapadh chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí den Bhord.

(4) Aon uair a éagfaidh gnáth-chomhalta den Bhord, a éireoidh sé as oifig, a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é—

(a) déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Bhord,

(b) beidh an duine a cheapfar amhlaidh ina chomhalta de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub, más lú ná triúr an méid comhaltaí den Bhord a bheidh, díreach roimh an gceapachán, ina gcomhaltaí de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub, agus

(c) muran éag, éirí as, teacht faoi dhícháilíocht nó a chur as oifig roimhe sin dó, sealbhóidh an duine a cheapfar amhlaidh oifig go dtí deireadh an chéad lae eile a ndéanfaidh an tAire, de bhun fo-ailt (2) den alt seo, seisear daoine a cheapadh chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Bhord.

(5) Beidh gnáth-chomhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air, nó, i gcás comhalta de Choiste Feidhmiúcháin an Chlub, má scoireann sé de bheith ina chomhalta den chéanna.

(6) Féadfaidh gnáth-chomhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a dhíreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir.

(7) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gnáth-chomhalta den Bhord a chur as oifig.

(8) Féadfar gnáth-chomhalta den Bhord a athcheapadh ar a théarma oifige a dhul in éag le himeacht aimsire.

(9) Íocfaidh an Bord le gnáth-chomhalta den Bhord cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(10) Is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a dhéanfaidh gach ceapachán de bhun an ailt seo.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

10. —(1) Beidh ag an mBord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí agus beidh an chéad chruinniú ann an lá bunaithe nó a luaithe is caothúil ina dhiaidh.

(2) Ceathrar is córam do chruinniú den Bhord.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus an fhad agus a bheidh cathaoirleach an Bhoird as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh í láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le buan-orduithe nó ar shlí eile.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

11. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord cibé oifigigh agus seirbhísigh agus cibé méid díobh is cuí leis a cheapadh ó am go ham.

(2) I gcaitheamh na tréimhse cúig mblian dar tosach an lá bunaithe, is faoi réir cheadú an Aire a cheapfar aon duine chun poist phríomh-oifigigh an Bhoird.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den sórt sin.

(4) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord.

(5) Aon oifigeach don Bhord—

(a) ní bheidh leas tairbhiúil aige in únaeracht, rialú ná oibriú rás-rianta con, i ndíolacháin phoiblí con a chur ar siúl nó a sheoladh ná i gcoin a thréineáil ar luach saothair ná i ngeall-ghlacadóireacht, agus

(b) ar bheith dhó thar ceann an Bhoird ag cruinniú rásriain nó ag cruinniú cúrsála, ní dheánfaidh sé aon ghealltóireacht ag an gcruinniú ná ní bheidh leas tairbhiúil aige in únaeracht aon chon a bheidh ag iomaíocht i rás nó i mbeart ag an gcruinniú.

Oifigí an Bhoird.

12. —(1) Chun oifigí agus áitribh a sholáthar a bheidh ag teastál chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh an Bord—

(a) talamh a cheannach nó a thógáil ar léas,

(b) oifigí agus áitribh a dhéanamh, a threalamhú agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an Bord aon oifigí nó áitribh a bheidh ar seilbh aige agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí a dhíol nó a ligean ar léas.

Coistí don Bhord.

13. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a cheapadh.

(2) Féadfaidh an Bord aon chuid dá fheidhmeanna is dóigh leis is fearr agus is caothúla a chomhlíonfaí ag coiste a thairmligean chun coiste don Bhord, agus féadfaidh sé nós imeachta aon choiste den sórt sin a rialáil.

(3) Beidh coiste don Bhord comhdhéanta de cibé méid comhaltaí is cuí leis an mBord, agus féadfaidh sé, do réir mar is rogha leis an mBord, a bheith comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí den Bhord nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí den Bhord agus go páirteach de dhaoine is oifigigh don Bhord.

(4) Beidh gníomhartha choiste don Bhord faoi réir a ndaingnithe ag an mBord ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Bord nach gá an daingniú sin.

Miontuairiscí.

14. —Coimeádfar miontuairiscí ar gach cruinniú den Bhord agus ar gach cruinniú d'aon choiste don Bhord.

Séala an Bhoird.

15. —(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirligh an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.

Cistí an Bhoird a úsáid.

16. —(1) Féadfaidh an Bord a chistí a úsáid chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) na costais a íoc faoina rachaidh sé agus é ag feidhmiú agus ag comhlíonadh a chumhacht agus a dhualgas faoin Acht seo,

(b) aon airgead a íoc do réir téarmaí aon cheadúnais suimitheora a bheidh aige,

(c) airgead a íoc nó deontais nó iasachtaí a thabhairt chun gach críche nó aon chríche nó aon chríocha acu seo a leanas:

(i) scar-airgead agus duaiseanna ag rás-chruinnithe con, ag rás-rianta con agus ag cruinnithe cúrsála údaraithe a mhéadú,

(ii) táillí ligin isteach agus éilithe dá samhail maidir le coin a bheidh ag coimhlint i mbeartanna is míreanna ag na cruinnithe sin a laghdú,

(iii) coin a bheidh ag coimhlint i mbeartanna den sórt sin a iompar,

(iv) rás-rianta con, faichí cúrsála údaraithe agus a soighnis a fheabhsú,

(v) giorraíocha a chaomhaint, agus aire a thabhairt do ghiorraíocha agus iad a bhainistí i ndáil le cruinnithe cúrsála údaraithe,

(vi) cabhrú leis an gClub lena fheidhmeanna a chomhlíonadh nó ranníoc a thabhairt faoi chomhair costais scéimeanna a bheidh á n-oibríú ag an gClub chun síolrú agus cúrsáil chon a fheabhsú agus a fhorbairt,

(vii) aon chríoch a chabhródh leis an trádáil onnmhuiriúcháin chon a fhorbairt,

(viii) aon chríoch eile a chabhródh le tionscal na gcon a fheabhsú agus a fhorbairt.

(2) Féadfaidh an Bord cibé coinníollacha is cuí leis a chur le haon deontas nó iasacht a thabharfaidh sé nó a bheartóidh sé a thabhairt faoin alt seo.

Cumhacht an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.

17. —Féadfaidh an Bord cibé suimeanna a fháil ar iasacht a theastóidh uaidh chun críocha a fheidhmeanna, ach, mura dtoilí an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, leis, ní mó ná fiche cúig míle punt san iomlán a bheidh dlite aon tráth áirithe i leith iasachtaí den sórt sin.

Cistí an Bhoird a infheistiú.

18. —Féadfaidh an Bord airgead a bheidh ar láimh aige ó am go ham a infheistiú in aon slí ina n-údaraítear le dlí airgead le Banc Taisce an Phoist a infheistiú.

Cuntais agus tuarascála an Bhoird.

19. —(1) Coimeádfaidh an Bord cuntais mar is cuí agus mar is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta faoi leith nó laistigh de cibé tréimhse is sia ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, achomaireacht ar chuntais an Bhoird don tréimhse chuntasaíochta sin agus tuarascáil ar a imeachta i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta sin.

(3) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire (má ordaíonn), tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheidh an achomhaireacht ar chuntais an Bhoird agus beidh sí arna síniú ag iniúchóir cuí-cháilithe a cheapfaidh an Bord.

(4) Déanfaidh an tAire cóipeanna den achomaireacht ar chuntais agus de thuarascáil an Bhoird don tréimhse chuntasaíochta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis dó iad a fháil.

(5) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas maidir le feidhmiú cumhacht agus dualgas an Bhoird a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

Ceadúnas suimitheora.

20. —(1) Féadfaidh an Bord ceadúnas suimitheora a iarraidh agus a shealbhú.

(2) Déanfar coinníoll ag toirmeasc gealltóireacht chreidmheasa a chur le ceadúnas suimitheora a dheonfar don Bhord.

CUID III.

Rásaíocht Chon.

Srian le rás-rian con a oibriú.

21. —(1) Tar éis an lae cheaptha, ní oibreoidh aon duine (seachas an Bord) rás-rian con ach amháin faoi cheadúnas rás-riain chon.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) Féadfaidh an Bord, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

Ceadúnais rás-riain chon.

22. —(1) Féadfaidh an Bord géilleadh nó, faoi réir fo-alt (2) agus (3) den alt seo, diúltú do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas chun rás-rian con (dá ngairmtear ceadúnas rás-riain chon san Acht seo) a oibriú.

(2) I gcás—

(a) ina ndéanfar iarratas ar cheadúnas rás-riain chon i leith rás-riain chon a bhí i gcomhcheangal leis an gClub sa bhliain 1957, agus

(b) nach ndéanfar an t-iarratas tar éis ceadúnas rás-riain chon a deonadh roimhe sin i leith an riain sin a chúlghairm,

géillfear don iarratas.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Bord diúltú do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas rás-riain chon, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an iarratasóir, agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón iarratasóir laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla.

(4) I gcás ina n-éagfaidh pearsa is ceadúnaí faoi cheadúnas rásriain chon, cineachfaidh an ceadúnas chun ionadaí phearsanta dlíthiúil na pearsan mar chuid dá eastát pearsanta agus tiocfaidh an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil chun bheith agus beidh sé, chun gach críche, ina cheadúnaí faoin gceadúnas.

(5) I gcás ina mbeidh an rás-rian con lena mbainfidh ceadúnas rás-riain chon arna aistriú chun duine, nó arna dhílsiú in nduine, seachas an ceadúnaí faoin gceadúnas, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, ar an gceadúnaí nó ionadaí pearsanta dlíthiúil nó leachtóir an cheadúnaí á iarraidh sin, an ceadúnas a aistriú chun an duine chun ar haistríodh nó inar dílsíodh an rás-rian con.

Coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas rás-riain chon.

23. —(1) Féadfaidh an Bord, ar cheadúnas rás-riain chon a dheonadh, aon choinníoll áirithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas.

(2) Féadfaidh an Bord, trí fhógra a sheirbheálfar ar an gceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon—

(a) aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a chúlghairm,

(b) aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a athrú,

(c) aon choinníoll nua a chur ag gabháil leis an gceadúnas.

(3) Féadfar coinníollacha éagsúla a chur ag gabháil faoin alt seo le ceadúnais éagsúla agus, go háirithe, féadfaidh na coinníollacha seo a leanas a bheith ar na coinníollacha sin—

(a) coinníollacha maidir leis na laethanta agus na trátha a fhéadfaidh rásaí a bheith ar siúl,

(b) coinníollacha maidir leis an méid daoine a mbeidh saghsanna áirithe feidhmeanna á gcomhlíonadh acu ar rás-rianta con nach mór a bheith i láthair ag rásaí,

(c) cionníollacha maidir le saoráidí oiriúnacha a sholáthar chun a chumasú d'oifigigh údaraithe a bheidh i láthair ag rásaí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí,

(d) coinníollacha maidir le cead a thabhairt don Bhord suimitheoirí a fheistiú, a chothabháil agus a oibriú ar rásrianta con ar cibé láithreáin a mheasfaidh an Bord a bheith oiriúnach agus, mar a bhfeisteofar iad, maidir le ceadúnaithe do sholáthar cóiríochtaí oiriúnacha do gheall-ghlacadóirí in áiteanna cóiriúla oiriúnacha chun a ngnó do dhéanamh (an Bord a chinneadh na gcóiríochtaí sin cheal comhaontaithe idir geall-ghlacadóirí agus ceadúnaithe).

(4) Ní chinnfidh an Bord, de bhun coinníll dá dtagartar i mír (d) d'fho-alt (3) don alt seo, go bhfuil láithreán oiriúnach do shuimitheoir ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceadúnaí lena mbainfidh.

(5) D'ainneoin aon fhorála roimhe seo den alt seo, cuirfear ag gabháil le gach ceadúnas rás-riain chon coinníoll nach mbeidh aon rásaí ann Lá Nollag, Aoine an Chéasta ná aon Domhnach (agus beidh sin ráite sa cheadúnas).

(6) Má fhágann an ceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon gan comhlíonadh aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas, beidh sé, gan dochar don chumhacht an ceadúnas a fhionraí nó a chúlghairm, ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Ceadúnas rás-riain chon a chúlghairm nó a fhionraí.

24. —(1) I gcás—

(a) ina mainneoidh an ceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon coinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a chomhlíonadh,

(b) ina gciontófar i gcion faoin Acht seo an ceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon, nó

(c) gur deimhin leis an mBord go seoltar go mí-ordúil an rás-rian con lena mbaineann ceadúnas rás-riain chon, go bhfuil sé i riocht atá contúirteach do dhaoine a ghnáthaíonn an rian nó go bhfuiltear éirithe as é a úsáid do rásaí con,

féadfaidh an Bord, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, an ceadúnas a fhionraí go ceann cibé tréimhse is oiriúnach leis nó an ceadúnas a chúlghairm.

(2) I gcás ina mbeartóidh an Bord ceadúnas rás-riain chon a fhionraí nó a chúlghairm, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an gceadúnaí agus, má thagann aon uiríolla a scríbhinn laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla.

Rialacháin agus rialacha i ndáil le rás-rianta con.

25. —(1) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le rás-rianta con a bhunú, a leagan amach, a dhéanamh, a chothabháil, a threalamhú, a úsáid, a bhainistí agus a rialú agus maidir le rásaí con a sheoladh i gcoitinne ar rianta den sórt sin.

(2) Féadfaidh, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) den alt seo, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) a thiormeasc ar dhaoine feidhmeanna bainisteora rásaíochta, cisire, breithimh, maoir, am-choimeádaí nó tiománaí ghiorraíocha ar rás-rianta con a chomhlíonadh ach amháin faoi réim agus do réir cead arna ndeonadh ar an mBord mar is rogha leis,

(b) an Bord do ghearradh táillí i leith cead den sórt sin a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceada,

(d) ceada den sórt sin a fhionraí agus a chúlghairm,

(e) a cheangal daoine a sholáthar le feidhmeanna sonraithe a chomhlíonadh ar rás-rianta con agus rásaí con a thoirmeasc ach amháin nuair a bheidh daoine den sórt sin agus oifigigh shonraithe don Bhord i láthair,

(f) a thoirmeasc ar dhaoine a chomhlíonann saghsanna sonraithe feidhmeanna ar rás-ríanta con aon leas tairbhiúil a bheith acu san ioncam ó na rás-rianta con faoi seach nó in únaeracht na gcon a ritheann rásaí orthu nó aon gheall a chur as rásaí con orthu,

(g) toirmeasc a chur ar cheadúnaithe faoi cheadúnais rásriain chon agus ar dhaoine a chomhlíonann feidhmeanna sonraithe ar rás-ríanta con aon leas tairbhiúil a bheith acu i ngealltóireacht ar na rás-ríanta con faoi seach,

(h) na tréimhsí den bhliain a fhéadfaidh rásaí con a bheith ar siúl ar rás-rianta con,

(i) diúltú do choin a ligean isteach ar rásaí ar rás-rianta con i gcás con a mbeidh orduithe dícháiliúcháin faoi alt 45 den Acht seo i bhfeidhm ina leith,

(j) an nós imeachta maidir le glacadh le coin, agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula nglacfar le coin, le haghaidh rásaí, agus coin a bheith páirteach i rásaí, ar rás-rianta con,

(k) an nós imeachta maidir le grádáil chon chun iad bheith páirteach i rásaí ar rás-rianta con agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula nglacfar le coin le haghaidh rásaí grádáilte agus le bheith páirteach i rásaí grádáilte,

(l) ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon d'fhoilsiú ráschártaí, agus díol rás-chárta, le haghaidh rásaí ar rásrianta con agus an t-eolas a thabharfar sna cártaí maidir leis na coin a bheidh páirteach i rásaí agus eile,

(m) coimeád agus maoirseacht con díreach roimh agus díreach tar éis a bheith páirteach i rásaí ar rás-rianta con,

(n) an modh ar a ndéanfar rásaí ar rás-rianta con a thosnú agus a am-mheas, an-oibreofar an mheicníocht a bhaineann leo agus a dtabharfar breithiúnas orthu,

(o) ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon do thaifeadadh agus d'fhoilsiú colais faoi choin a bheith páirteach, agus faoina ngníomh (ar a n-áirítear iompar), i rásaí ar rás-rianta con,

(p) a cheangal go ndéanfar leabhair, cuntais agus taifid shonraithe a choimeád maidir le rás-rianta con,

(q) a cheangal go dtabharfar ar aird na leabhair, na cuntais agus na taifid sin agus go gceadófar na leabhair, na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(r) a cheangal go ndéanfar tuairisceáin agus eolas sonraithe maidir le rás-rianta con a thabhairt don Bhord.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Bord, de bhun míre (f) d'fho-alt (2) den alt seo, rialacháin a dhéanamh á thoirmeasc ar dhaoine a chomhlíonann aon fheidhm dá luaitear i mír (a) den fho-alt sin aon leas tairbhiúil a bheith acu san ioncam ó rás-rianta con, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar gach ceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ó aon cheadúnaí den sórt sin laistigh d'ocht lá fichead, breithneoidh an Bord na huiríolla.

(4) Má sháraítear aon rialachán faoin alt seo maidir le rás-rian con, beidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(5) Féadfaidh an Club le rialacha foráil a dhéanamh maidir le rás-rianta con a úsáid, a bhainistí agus a rialáil agus maidir le seoladh rásaí con i gcoitinne ar na rianta sin.

(6) Féadfaidh, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (5) den alt seo, foráil a bheith i rialacha faoin alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) a cheangal daoine a sholáthar le feidhmeanna sonraithe a chomhlíonadh ar rás-rianta con agus rásaí con a thoirmeasc ach amháin nuair a bheidh daoine den sórt sin agus oifigigh shonraithe don Chlub i láthair,

(b) na tréimhsí den bhliain a fhéadfaidh rásaí con a bheith ar siúl ar rás-rianta con,

(c) diúltú do choin a ligean isteach ar rásaí ar rás-rianta con i gcás con a mbeidh orduithe dícháiliúcháin faoi alt 45 den Acht seo i bhfeidhm ina leith,

(d) an nós imeachta maidir le glacadh le coin, agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula nglacfar le coin, le haghaidh rásaí, agus coin a bheith páirteach i rásaí, ar rás-rianta con,

(e) an nós imeachta maidir le grádáil chon chun iad a bheith páirteach i rásaí ar rás-rianta con agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula nglacfar le coin le haghaidh rásaí grádáilte agus le bheith páirteach i rásaí grádáilte,

(f) ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon d'fhoilsiú ráschártaí, agus díol rás-chártaí, le haghaidh rásaí ar rásrianta con agus an t-eolas a thabharfar sna cártaí maidir leis na coin a bheidh páirteach i rásaí agus eile,

(g) coimeád agus maoirseacht chon díreach roimh agus díreach tar éis a bheith páirteach i rásaí ar rás-rianta con,

(h) an modh ar a ndéanfar rásaí ar rás-rianta con a thosnú agus a am-mheas, a n-oibreofar an mheicníocht a bhainfidh leo agus a dtabharfar breithiúnas orthu,

(i) ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon do thaifeadadh agus d'fhoilsiú eolais faoi choin a bheith páirteach, agus faoina ngníomh (ar a n-áirítear iompar), i rásaí ar rás-rianta con.

(7) Má sháraítear aon riail faoin alt seo maidir le rás-rian con, beidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(8) Ní dhéanfar rialacha faoin alt seo roimh an lá a cheapfaidh an tAire faoi fho-alt (7) d'alt 26 den Acht seo.

CUID IV.

Club Cúrsála na hÉireann.

Club Cúrsála na hÉireann.

26. —(1) Is é cóiriú an Chlub an cóiriú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, faoi réir aon athruithe a dhéanfar go cuí air ó am go ham le toiliú an Bhoird roimh ré i scríbhinn.

(2) Tugtar leis seo d'aitheantas don Chlub gurb é, faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha chóirithe an Chlub agus faoi réir rialaithe agus treoraithe an Bhoird i gcoitinne an t-údarás rialaithe le haghaidh síolrú con agus cúrsáil chon.

(3) Féadfaidh an Bord comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chlub i ndáil le haon ghníomhachtaí nó bearta a chabhródh leis an gClub chun a chóiriú agus a rialacha a chur i bhfeidhm níos fearr, leis an gClub chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh níos fearr nó le tionscal na gcon a fheabhsú agus a fhorbairt.

(4) Beidh de dhualgas ar an gClub cibé leabhair, cuntais agus taifid a choimeád a cheadóidh an Bord agus cibé eolas a thabhairt don Bhord faoi ghníomhachtaí an Chlub a iarrfaidh an Bord.

(5) Ní mór do rialacha an Chlub toiliú an Bhoird a bheith leo.

(6) I gcaitheamh na dtrí mblian dar tús dáta tosach feidhme an ailt seo, déanfar ceapadh comhaltaí de Choiste Feidhmiúchán an Chlub faoi réir maoirseachta an Bhoird.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá tar éis an lae bhunaithe a cheapfaidh an tAire le hordú.

CUID V.

Forálacha a Bhaineann le Geall-Ghlacadóirí.

Caibidil I.

Srianta le gnó a bheith ar siúl ag geall-ghlacadóirí ag rás-rianta con agus ag cruinnithe cúrsála údaraithe.

An lá ceaptha.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Caibidle seo.

(2) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo don lá ceaptha a fhorléiriú mar thagairtí don lá a cheapfar le hordú faoin alt seo.

Toirmeasc ar chúrsa-ghealltóireacht ag geall-ghlacadóirí gan cead.

28. —(1) An lá ceaptha agus dá éis, ní dleathach do dhuine ar bith gnó geall-ghlacadóra a bheith ar siúl aige ag aon rás-rian con ná ag aon chruinniú cúrsála údaraithe nó i maighne an chéanna muran sealbhóir ceada chúrsa-ghealltóireachta an duine sin.

(2) Má dhéanann aon duine aon ní contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Má faightear, an lá ceaptha nó dá éis, duine nach sealbhóir ceada chúrsa-ghealltóireachta agus gnó geall-ghlacadóra ar siúl aige ag aon rás-rian con, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú ar orduithe ón mBord nó an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian sin an duine céadluaithe sin a chur amach as agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin.

(4) Má faightear, an lá ceaptha nó dá éis, duine nach sealbhóir ceada chúrsa-ghealltóireachta agus gnó geall-ghlacadóra ar siúl aige ag aon chruinniú cúrsála údaraithe, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú ar orduithe ón mBord nó an duine a bheidh ag seoladh an chruinnithe sin an duine céadluaite sin a chur amach as an bhfaiche chúrsála agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin.

Ceada cúrsaghealltóireachta

29. —(1) Féadfaidh an Bord géilleadh nó, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, diúltú do ghéilleadh d'iarratas ó gheall-ghlacadóir ceadúnaithe ar chead (dá ngairmtear cead cúrsa-ghealltóireachta san Acht seo) á údarú dhó gnó geall-ghlacadóra a bheith ar siúl aige ag rás-rianta con agus ag cruinnithe cúrsála údaraithe agus ina maighne.

(2) Féadfaidh an Bord aon tráth, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, cead cúrsa-ghealltóireachta a fhionraí an fhad is oiriúnach leis nó a chúlghairm.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Bord diúltú do ghéilleadh d'iarratas ar chead cúrsa-ghealltóireachta nó cead cúrsa-ghealltóireachta a fhionraí nó a chúlghairm, déanfaidh sé fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an iarratasóir nó ar an sealbhóir, agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón iarratasóir nó ón sealbhóir laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla.

(4) I gcás duine dar deonadh cead cúrsa-ghealltóireachta do scor de bheith ina gheall-ghlacadóir ceadúnaithe, measfar, de bhua an fho-ailt seo, an cead cúrsa-ghealltóireachta sin a bheith, chun críocha an Achta seo, arna chúlghairm ar an scor sin.

Ceada cúrsaghealltóireachta a thabhairt ar aird ar éileamh.

30. —(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe don Bhord (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air), an lá ceaptha nó dá éis, a éileamh ar dhuine ar bith, a thabharfaidh sé faoi deara ag gabháil do ghnó, nó ag déanamh gnótha, geallghlacadóra ag aon rás-rian con nó ag aon chruinniú cúrsála údaraithe nó i maighne an chéanna, a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird, agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an cead sin a thabhairt ar aird nó go dtabharfaidh sé ar aird é ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a cheadú don oifigeach údaraithe é a léamh, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon uair a éileofar go dleathach faoin alt seo ar aon duine a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird agus go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé an cead sin a thabhairt ar aird, nó go dtabharfaidh sé an cead sin ar aird ach go mainneoidh nó go ndiúltóidh sé a cheadú don oifigeach údaraithe don Bhord a dhéanfaidh an t-éileamh an cead sin a léamh agus a scrúdú, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe a éileamh ar an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus má dhiúltaíonn an duine sin a ainm a thabhairt nó má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé a sheoladh a thabhairt, nó má thugann sé ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(4) Aon duine nach ndéanfaidh, nuair a éileofar air go dleathach faoin alt seo a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird, an cead sin a thabhairt ar aird mar nach sealbhóir ceada chúrsaghealltóireachta é, measfar gur mhainnigh sé a chead cúrsa-ghealltóireachta a thabhairt ar aird do réir bhrí an ailt seo.

Caibidil II.

Tobhaigh ar Gheall-Ghlacadóirí i leith cúrsa-gheallta.

Tosach feidhme alt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, etc.

31. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo:

(a) tiocfaidh siad i ngníomh cibé lá a shonróidh an tAire le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais,

(b) aon tráth an fhad a bheidh siad i ngníomh, cibé de bhua ordaithe faoi mhír (a) nó mír (c) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, a n-oibriú a fhorceannadh amhail ar agus ó lá sonraithe,

(c) aon tráth an fhad nach mbeidh siad i ngníomh de dhroim ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, iad a chur ar ais i ngníomh lá sonraithe.

(2) Beidh ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), feidhm agus éifeacht maidir le forceannadh a dhéanamh, le hordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ar oibriú na n-alt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo amhail is dá mb'ionann an forceannadh agus athghairm le hAcht ón Oireachtas a ritheadh an lá a ghlacfaidh an forceannadh éifeacht agus go mbeadh na hailt sin arna n-athghairm leis an Acht sin amhail ar agus ón lá sin.

Tobhaigh is iníoctha ag geall-ghlacadóirí ceadúnaithe ar chúrsa-gheallta.

32. —(1) Gach duine a ghlacfaidh, mar gheall-ghlacadóir ceadúnaithe, cúrsa-gheall ar dháta tosach feidhme an ailt seo nó dá éis íocfaidh sé leis an mBord tobhach arna áireamh do réir an chéatadáin a bheidh forordaithe de thuras na huaire de mhéid an chúrsaghill agus má dhéantar an beart is ábhar don gheall a chinneadh i bhfabhar an duine a mbeidh an geall glactha uaidh ag an ngeallghlacadóir, bainfidh an geall-ghlacadóir, as an méid iomlán a dhéanfadh sé, mura mbeadh sin, a íoc leis an duine sin nó a chreidiúnú dó i leith an ghill, suim a ríomhfar do réir an chéatadáin sin den méid iomlán sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é méid cúrsa-ghill an tsuim a mbeidh an geall-ghlacadóir a ghlacfaidh é i dteideal, do réir téarmaí an ghill, í a fháil, a choimeád nó creidmheas a ghlacadh ina leith má chinntear ina fhabhar an beart is ábhar don gheall.

(3) Aon uair a chruthófar don Bhord cúrsa-gheall a mbeidh tobhach faoin alt seo iníoctha ina leith a bheith ar neamhní ar aon chúis seachas comhaontú na bpáirtithe ann, nó nár chruinnigh agus nach dóigh go gcruinneoidh an geall-ghlacadóir méid an chúrsa-ghill a mbeidh tobhach faoin alt seo iníoctha ina leith, féadfaidh an Bord, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, an tobhach a aisíoc nó an tobhach is inmhuirir i leith an chúrsa-ghill a mhaitheamh.

(4) Gach duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim a íoc is iníoctha aige i leith tobhaigh faoin alt seo beidh sé (gan dochar d'imeachta faoi fho-alt (5) den alt seo) ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) Gach tobhach faoin alt seo is iníoctha ag duine ar bith, féadfaidh an Bord (gan dochar d'imeachta faoi fho-alt (4) den alt seo) é a ghnóthú ón duine sin mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Ní mór do rialacháin chun críocha an ailt seo toiliú an Aire a bheith leo.

Rialacháin á áirithiú go n-íocfar tobhaigh ar chúrsa-gheallta.

33. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar tobhaigh faoi alt 32 den Acht seo agus i gcoitinne chun na forálacha den Chaibidil seo a bhaineas le tobhaigh a chur in éifeacht agus go háirithe—

(a) chun a cheangal ar gheall-ghlacadóirí a dhlíonn tobhaigh a íoc—

(i) sonraí gach cúrsa-ghill a thaifeadadh, sa slí fhorordaithe agus an tráth forordaithe, sna taifid fhorordaithe,

(ii) na taifid a choime ád go ceann na tréimhse for ordaithe,

(iii) na taifid a chur, ar an mBord á iarraidh sin, chun an Bhoird lena n-iniúchadh ag an mBord,

(iv) cóipeanna de na taifid a thabhairt don Bhord cibé tráth nó trátha a fhorordófar;

(b) i dtaobh geall-leatháin tobhach-íoctha a sholáthar, a úsáid agus a mhaoirsiú agus i dtaobh aisíoc a dhéanamh i leith leathán den sórt sin nach mbeidh úsáidte nó nach mbeidh úsáidte ach go páirteach;

(c) chun an Bord do dhéanamh socraíochtaí le geall-ghlacadóirí agus do ghlacadh urrúis ó gheall-ghlacadóirí ar mian leo tobhaigh a íoc de réir tuairisceán a thabharfaidh siad féin uathu;

(d) chun an Bord do thabhairt maithimh nó aisíoca (de réir mar dhlífidh an cás) do gheall-ghlacadóirí i dtobhaigh i gcásanna a gcruthófar don Bhord iomlán fiachais theagmhasaigh gheall-ghlacadóra nó aon chuid den chéanna i leith cúrsa-ghill a chuir sé nó a leag sé nó a rinne sé ar aon slí eile a bheith aistrithe chun geallghlacadóra eile trí gheall nua a cuireadh, a leagadh nó a rinneadh ar aon slí eile ag an gcéad gheall-ghlacadóir leis an dara geall-ghlacadóir.

(2) Duine ar bith—

(a) a sháróidh rialachán faoin alt seo, nó

(b) a chuirfidh aon ní bréagach i dtaobh cúrsa-ghill in aon taifead a bheidh á choimeád de bhun aon rialacháin faoin alt seo,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) Ní mór do rialacháin chun críocha an ailt seo toiliú an Aire a bheith leo.

Doiciméid in áitribh gheall ghlacadóirí a iniúchadh.

34. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe don Bhord (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air) dul isteach tráth ar bith in aon áitreabh shealbhóra cheada chúrsa-ghealltóireachta ina mbíonn gnó geall-ghlacadóireachta ar siúl agus aon doiciméid a gheofar ann agus a bhainfidh le cúrsa-gheallta, nó a gcreidfidh an t-oifigeach údaraithe go mbaineann siad le cúrsagheallta, a ghlac an duine a bheidh ag déanamh an ghnótha sin, a lorg agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu san aitreabh sin agus féadfaidh sé a cheangal ar dhuine ar bith a gheofar san áitreabh sin gach doiciméad san áitreabh sin a bhainfidh le cúrsa-gheallta den sórt sin a thabhairt ar aird.

(2) Gach duine a chuirfidh i gcoinne oifigigh údaraithe don Bhord nó a choiscfidh nó a bhacfaidh é agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo nó a dhiúltóidh gan leathscéal dleathach nó dóthaineach aon doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglóidh oifigeach údaraithe don Bhord faoin alt seo ar a thabhairt ar aird beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Leabhair, etc. a iniúchadh.

35. —(1) Má thugann oifigeach údaraithe don Bhord faoi deara gnó geall-ghlacadóra a bheith á dhéanamh nó ar siúl ag aon duine ag aon rás-rian con nó ag aon chruinniú cúrsála údaraithe nó i maighne an chéanna, féadfaidh sé (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar air é) a cheangal ar an duine sin aon doiciméad a bheidh an tráth sin i seilbh an duine sin agus á úsáid chun críche an ghnótha sin a thabhairt ar aird dó láithreach agus a cheadú dó é a iniúchadh, cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as.

(2) Gach duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglóidh oifigeach údaraithe don Bhord, faoi fho-alt (1) den alt seo, air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

CUID VI.

Ilghnéitheach.

Rialacháin maidir le cúrsáil.

36. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, rialacháin a dhéanamh faoi chomhair na nithe seo a leanas—

(a) a thoirmeasc ar dhaoine feidhmeanna breithimh, scaoilteora nó maoir a chomhlíonadh ag cruinnithe cúrsála údaraithe ach amháin faoi réim agus do réir cead arna ndeonadh ag an mBord mar is rogha leis,

(b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceada a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceada,

(d) ceada den sórt sin a fhionraí agus a chúlghairm,

(e) a thoirmeasc ar dhaoine a chomhlíonann saghsanna sonraithe feidhmeanna ag cruinnithe cúrsála údaraithe aon leas tairbhiúil a bheith acu i ngeall-ghlacadóireacht ag na cruinnithe sin nó in únaeracht chon a bheidh páirteach i mbeartanna is míreanna ag na cruinnithe sin,

(f) diúltú do choin a ligean isteach ar bhearta is míreanna ag cruinnithe cúrsála údaraithe i gcás con a mbeidh orduithe dícháiliúcháin faoi alt 45 den Acht seo i bhfeidhm ina leith.

(2) Má sháraítear aon rialachán faoin alt seo maidir le cruinniú cúrsála údaraithe, beidh an duine a sheolfaidh an cruinniú ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Coin a thréineáil ar luach saothair.

37. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun tréineáil chon ar luach saothair a rialú.

(2) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas—

(a) a thoirmeasc ar dhaoine coin a thréineáil ar luach saothair ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis,

(b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais,

(d) ceadúnais den sórt sin a fhionraí agus a chúlghairm,

(e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh nó sleachta a thógáil ag oifigeach údaraithe don Bhord,

(f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord.

(3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Féadfaidh an Club rialacha a dhéanamh chun tréineáil chon ar luach saothair a rialú.

(5) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheidh i rialacha faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas—

(a) a thoirmeasc ar dhaoine coin a thréineáil ar luach saothair ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonfaidh an Club mar is rogha leis,

(b) an Club do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais,

(d) ceadúnais a fhionraí agus a chúlghairm,

(e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh nó sleachta a thógáil ag oifigigh údaraithe don Bhord,

(f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord.

(6) Aon duine a sháróidh riail faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(7) Ní dhéanfar rialacha faoin alt seo roimh an lá a cheapfaidh an tAire faoi fho-alt (7) d'alt 26 den Acht seo.

Díolacháin phoiblí con.

38. —(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun seoladh agus stiúradh díolachán poiblí con a rialú.

(2) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas—

(a) a thoirmeasc ar dhaoine díolacháin phoiblí con a sheoladh ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis,

(b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais,

(d) ceadúnais a fhionraí agus a chúlghairm,

(e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh nó sleachta a thógáil ag oifigigh údaraithe don Bhord,

(f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord,

(g) an nós imeachta maidir le coin a ghlacadh, agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula nglacfar, coin le díol,

(h) a thoirmeasc ar dhaoine gníomhú mar cheantálaithe ag díolacháin ach amháin faoi réim agus do réir chead a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis nó i gcás ina gceadóidh an Bord iad, thairis sin, nó i gcás ina gceapfaidh an Bord iad mar cheantálaithe,

(i) an Bord do ghearradh táillí i leith ceada a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(j) coinníollacha a chur ag gabháil le ceada,

(k) ceada a fhionraí agus a chúlghairm,

(l) daoine a sheolfaidh diolacháin phoiblí con d'fhoilsiú clárliostaí díolachán agus an t-eolas nach mór a thabhairt sna clárlíostaí sin maidir le coin a bheidh le díol agus eile,

(m) daoine a sheolfaidh díolacháin phoiblí con do thaifeadadh agus d'fhoilsiú eolais i dtaobh torthaí díolachán,

(n) doiciméid (ar a n-áirítear deimhnithe agus ráthaíochtaí) a thabhairt do dhaoine a cheannóidh coin ag díolacháin.

(3) Is sa bhfoirm fhorodaithe a dhéanfar iarratas ar cheadúnas, cead nó ceadú faoi rialacháin faoin alt seo agus déanfaidh an Bord breithniú, agus bhéarfaidh breith, ar an iarratas a luaithe is féidir tar éis é a fháil.

(4) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Inseamnú saorga ar choin.

39. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub agus le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh do rialú cleachtais inseamnaithe shaorga con.

(2) Féadfaidh, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo faoi chomhair na nithe seo a leanas—

(a) a thoirmeasc ar dhaoine inseamnú saorga a dhéanamh ar choin ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnas a dheonfaidh an Bord mar is rogha leis,

(b) an Bord do ghearradh táillí i leith ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan,

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais,

(d) ceadúnais a fhionraí agus a chúlghairm,

(e) ceadúnaithe do choimeád taifead agus taifid den sórt sin a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh agus sleachta a thógáil ag oifigigh údaraithe don Bhord,

(f) ceadúnaithe do thabhairt eolais don Bhord.

(3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Rialacháin maidir le suimitheoirí.

40. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh chun an Bord do ghearradh táillí (ar féidir gurb é a bheidh iontu suimeanna áirithe nó suimeanna inathraithe a íocfar i gceann tréimhsí áirithe) a íocfaidh ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon i gcásanna ina mbeidh suimitheoirí á gcothabháil ag an mBord ar na rás-rianta con lena mbainfidh na ceadúnais sin.

(2) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh trína ndéanfar socrú i dtaobh na dtáillí agus na dtobhach a bhaileoidh an Bord as airgead a chuirfear i ngeall trí shuimitheoirí a bheidh á gcothabháil ag an mBord.

(3) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun an úsáid a dhéanfaidh an pobal de shuimitheoirí a bheidh á gcothabháil ag an mBord a rialáil agus a rialú.

(4) Aon suimeanna a éileoidh an Bord de bhun rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo féadfar, cheal comhaontaithe, iad a ghnóthú mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo maidir le suimitheoirí éagsúla.

(6) Beidh éifeacht ag rialachán faoin alt seo faoi réir aon sriantachta nó coinníll iomchuí faoi fho-alt (5) d'alt 3 nó ag rialachán faoi fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht na Suimitheoirí, 1929 ( Uimh. 22 de 1929 ).

Onnmhuiriú con.

41. —(1) Féadfaidh an Bord comhoibriú agus cabhrú le duine ar bith i ndáil le gníomhachtaí chun trádáil onnmhuiriúcháin na gcon a chur ar aghaidh agus a fhorbairt, lena a n-áirítear gíomhachtaí chun coin a bheifear tar éis a onnmhuiriú a chothabháil, a thréineáil, a chur ag rás agus ag cúrsáil agus a dhíol ar an gcoigrích.

(2) Féadfaidh an Bord tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh onnmhuireoirí con do thabhairt eolais agus doiciméad (ar a n-áirítear deimhnithe agus urraíochtaí) do na daoine chun a n-onnmhuireofar na coin nó don Bhord nó don Chlub.

(3) Aon duine a sharóidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Cumhacht an Bhoird chun rás-rianta con a bhunú.

42. —(1) Féadfaidh an Bord rás-rianta con a bhunú, a fheistiú agus a chothabháil, agus chuige sin féadfaidh sé aon talamh (lena n-áirítear aon rás-rian con) a thógáil trí chomhaontú nó léas.

(2) Féadfaidh an Bord aon rás-rian con a bheidh á chothabháil aige faoin alt seo a oibriú.

(3) Féadfaidh an Bord aon rás-rian con a bunaíodh faoin alt seo a léasadh.

(4) Féadfaidh an Bord aon talamh a thóg sé faoin alt seo agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun na críche dár tógadh é a léasadh.

Fiosrúcháin ag an mBord agus ag an gClub.

43. —(1) Féadfaidh an Bord a chur faoi deara go ndéanfar aon teagmhas a chuirfear i bhfios dó maidir le haon ábhar a bhainfidh le tionscal na gcon a fhiosriú i cibé slí is cuí leis an mBord.

(2) I gcás ina mbeartóidh an Bord aon ábhar a bhainfidh le síolrú, clárú, aithint nó cúrsáil chon nó aon ábhar faoi réim rialacha arna ndéanamh ag an gClub i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair a chur dá fhiosrú de bhun fo-ailt (1) den alt seo, curfidh an Bord an beartú sin in iúl don Chlub.

(3) Féadfaidh an Club a chur faoi deara go ndéanfar aon teagmhas a chuirfear i bhfios dó maidir le haon ábhar a bhainfidh le síolrú, clárú, aithint nó cúrsáil chon nó aon ábhar faoi réim rialacha arna ndéanamh ag an gClub i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair a fhiosrú i cibé slí is cuí leis an gClub.

(4) Má bhíonn ábhar á fhiosrú ar thionscnamh an Bhoird, ní dhéanfar é a fhiosrú ar thionscnamh an Chlub agus má bhíonn an t-ábhar á fhiosrú cheana féin ar thionscnamh an Chlub, scoirfear den fhiosrú deiridh sin.

(5) Cuirfidh an Club in iúl don Bhord, má iarrann an Bord air é, toradh aon fhiosraithe a rinneadh ar thionscnamh an Chlub.

(6) Chun críocha fiosraithe faoin alt seo, féadfaidh an duine a bheidh ag seoladh an fhiosraithe, trí fhógra a sheirbheálfar ar aon duine, a cheangal ar an duine sin aon eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé, le réasún, is gá agus a shonróidh sé sa bhfógra.

(7) Duine ar bith—

(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh eolas a thabhairt a bheidh aige agus a cheanglófar air a thabhairt faoin alt seo, nó

(b) a thabharfaidh, agus é ag tabhairt an eolais sin, eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(8) Féadfaidh an Bord toradh aon fhiosraithe a dhéanfar faoin alt seo a fhoilsiú in aon slí is cuí leis.

(9) Féadfaidh an Club toradh aon fhiosraithe a dhéanfar faoin alt seo i dtaobh aon ábhair a bhainfidh le síolrú, clárú, aithint nó cúrsáil chon nó aon ábhair faoi réim rialacha arna ndéanamh ag an gClub i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair a fhoilsiú in aon slí is cuí leis.

Fiosrúcháin ag oifigigh údaraithe.

44. —(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe a bheidh i láthair ag aon rás-chruinniú ag rás-rian con nó ag aon díolachán poiblí con (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air), aon teagmhas a thabharfaidh sé faoi deara nó a chuirfear i bhfios dó maidir le haon rás ag an rás-chruinniú, gníomh (ar a n-áirítear iompar) aon chon ag an rás-chruinniú nó aon díol ag an díolachán poiblí a fhiosrú.

(2) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air) a bheidh i láthair ag aon chruinniú cúrsála údaraithe aon teagmhas a thabharfaidh sé faoi deara nó a chuirfear i bhfios dó maidir le haon bheart, nó gníomh (ar a n-áirítear iompar) aon chon i mbeart, is mír ag an gcruinniú a fhiosrú.

(3) Chun críocha fiosraithe faoin alt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) a cheangal ar aon duine aon eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé le réasún is gá, agus

(b) cibé orduithe a thabhairt agus cibé saoráidí a iarraidh a mheasfaidh sé le réasún is gá (ar a n-áirítear orduithe agus saoráidí maidir le scrúdú a dhéanamh ar choin agus coinneáil faoi rialú sonraithe a dhéanamh chun aon chríche ar choin nó ar dhoiciméid a bhainfidh leis an gcéanna).

(4) Duine ar bith—

(a) a bhacfaidh nó a choiscfidh feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo,

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon eolas a bheidh aige a thabhairt d'oifigeach údaraithe agus a iarrfaidh an t-oifigeach faoin alt seo,

(c) a thabharfaidh, agus é ag tabhairt an eolais sin, eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó

(d) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh do réir aon ordaithe a thabharfaidh, nó iarratais ar shaoráidí a dhéanfaidh, oifigeach údaraithe faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó na fiche punt a chur air.

Orduithe pícháiliúcháin.

45. —(1) Tar éis breithniú a dhéanamh ar thoradh aon fhiosraithe ar thionscnamh an Bhoird faoi alt 43 den Acht seo, nó ar thoradh aon fhiosraithe ag oifigeach údaraithe don Bhord faoi alt 44 den Acht seo, féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, le hordú (dá ngairmtear ordú dícháiliúcháin san alt seo), a dhéanfar maidir leis na coin go léir nó le coin shonraithe a bheidh á gcoimeád, ar únaeracht, á dtréineáil nó á mbainistí ag duine sonraithe, na coin sin a dhícháiliú i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:—

(a) clárú i Leabhar na gCon,

(b) bheith istigh ar aon rás con ar aon rás-rian con,

(c) bheith istigh ar aon bheart is mír ag aon chruinniú cúrsála údaraithe,

(d) glacadh le díol ag aon díolachán poiblí con.

(2) I gcás ina mbeartóidh an Bord ordú dícháiliúcháin a dhéanamh, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón duine sin laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla.

(3) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub aon ordú dícháiliúcháin a chúlghairm.

(4) I gcás ina ndéanfar ordú dícháiliúcháin—

(a) cuirfidh an Bord faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, agus

(b) féadfaidh an Bord a chur faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar aon daoine eile ar dóigh leis an mBord gur cuí fógra a thabhairt dóibh.

Cumhacht chun dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh.

46. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe (faoi réir é do thabhairt a cheapacháin ar aird má iarrtar sin air) gach tráth réasúnach dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar aon rás-rian con, faiche chúrsála údaraithe nó áit a úsáidtear chun coin a dhíol go poiblí nó coin a thréineáil ar luach saothair agus féadfaidh sé a iarraidh ar aon duine ansin aon eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé le réasún is gá chun críocha riaracháin an Achta seo.

(2) Duine ar bith—

(a) a bhacfaidh nó a choiscfidh feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo,

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltoidh aon eolas a bheidh aige a thabhairt d'oifigeach údaraithe agus a iarrfaidh an t-oifigeach faoin alt seo, nó

(c) a thabharfaidh, agus é ag tabhairt an eolais sin, aon eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Orduithe eisiaimh.

47. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Chlub, nó féadfaidh an Club le toiliú an Bhoird, le hordú (dá ngairmtear ordú eisiaimh san alt seo), duine a thoirmeasc ó gach aon acu seo a leanas—

(a) a bheith ar aon rás-rian con,

(b) a bheith ag aon chruinniú cúrsála údaraithe,

(c) a bheith ag aon díolachán poiblí con.

(2) I gcás ina mbeartóidh an Bord ordú eisiaimh, nó toiliú le hordú eisiaimh, a dhéanamh, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an bheartaithe a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh agus, má thagann aon uiríolla i scríbhinn ón duine sin laistigh de sheacht lá, breithneoidh an Bord na huiríolla.

(3) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, aon ordú eisiaimh a rinne an Bord a chúlghairm.

(4) Féadfaidh an Club, le toiliú an Bhoird, aon ordú eisiaimh a rinne an Club a chúlghairm.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an Bord ordú eisiaimh—

(a) cuirfidh an Bord faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, agus

(b) féadfaidh an Bord a chur faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar aon daoine eile ar dóigh leis an mBord gur cuí fógra a thabhairt dóibh.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an Club ordú eisiaimh—

(a) cuirfidh an Club faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, agus

(b) féadfaidh an Club a chur faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh an ordaithe a dhéanamh a sheirbheáil ar aon daoine eile ar dóigh leis an gClub gur cuí fógra a thabhairt dóibh.

(7) Má faightear duine lena mbainfidh ordú eisiaimh ag aon rás-rian con, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordú an cheadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian an duine céadluaite sin a chur amach as an gcéanna agus cibé neart a imirt chuige sin is gá do réir réasúin.

(8) Má faightear duine lena mbainfidh ordú eisiaimh ag aon chruinniú cúrsála údaraithe, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú ar ordú an duine a bheidh ag seoladh an chruinnithe an duine céadluaite sin a chur amach as an bhfaiche chúrsála agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin.

(9) Má faightear duine lena mbainfidh ordú eisiaimh ag aon díolachán poiblí con, féadfaidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordú an duine a bheidh ag seoladh an díolacháin an duine céadluaite sin a chur ón díolachán agus chuige sin féadfaidh sé cibé neart a imirt is gá do réir réasúin.

Táillí áirithe a shocrú.

48. —(1) Féadfaidh an Bord le rialacháin na táillí uasta a shocrú a fhéadfar a éileamh as daoine a ligean isteach go dtí rásrianta con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú maidir le rianta éagsúla, maidir le coda éagsúla den rian céanna agus maidir le geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó agus daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin.

(2) I gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo, maidir le rás-rian con nó cuid de rás-rian con, táillí uasta i leith geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó is mó ná cúig oiread na dtáillí uasta a bheidh socair, maidir leis an rian nó an chuid, leis na rialacháin (nó le rialacháin eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) i leith daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin, ní mór do na rialacháin toiliú an Aire a bheith leo.

(3) I gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo, maidir le rás-rian con ar a gcothabhálann an Bord suimitheoir nó maidir le cuid den rian sin, táillí uasta i leith geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó, socrófar na táillí ar shlí nach mó iad ná deich n-oiread na dtáillí a bheidh socair leis na rialacháin (nó le rialacháin eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) i leith daoine nach geall-ghlacadóirí nó, i gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (7) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire táille íosta maidir leis an rian nó an chuid, ná comhshuim dheich n-oiread na dtáillí sin i leith daoine nach geall-ghlacadóirí agus an táille íosta sin.

(4) D'ainneoin rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo do shocrú, maidir le rás-rian con nó cuid de, táillí uasta i leith geallghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó, féadfar táille is mó ná an táille dob iomchuí de réir na rialachán a ghearradh ar aon gheall-ghlacadóir, lena thoil féin, as dul isteach go dtí an rian nó an chuid, agus ní sárú ar na rialacháin an táille sin.

(5) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, na táillí uasta a shocrú a éileofar ar rás-chártaí ag rás-rianta con.

(6) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, na táillí uasta a shocrú i leith coin a ligean isteach chun coimhlinte i mbeartanna ag ráschruinnithe ar rás-rianta con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith rianta éagsúla agus i leith cruinnithe éagsúla agus beartanna éagsúla ag an rian céanna.

(7) (a) Féadfaidh an Bord, le ríalacháin, na táillí íosta a shocrú a éileofar as geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó a ligean isteach go dtí rás-rianta con agus féadfar táillí éagúla a shocrú i leith rianta éagsúla agus coda éagsúla den rian céanna.

(b) Ní dhéanfar rialacháin faoin bhfo-alt seo maidir le rás-rian con nó cuid de mura ndéantar, an tráth céanna, rialacháin (nó mura mbeidh rialacháin déanta) faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an rian nó an chuid.

(c) Beidh oibriú rialachán faoin bhfo-alt seo ar fionraí i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh ailt 32 go 35 den Acht seo i ngníomh.

(d) I gcás—

(i) ina n-éileofar táille as geall-ghlacadóir a bhíonn ag gabháil dá ghnó a ligean isteach go dtí rás-rian con, agus

(ii) go mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i ngníomh de thuras na huaire,

deánfaidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhaineann leis an rian suim a íoc leis an mBord is comhionann leis an táille íosta le haghaidh an ligin isteach is iomchuí do réir na rialachán.

(8) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, na táillí uasta a shocrú a éileofar as daoine a ligean isteach go dtí faichí cúrsála údaraithe agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cruinnithe éagsúla, i leith coda éagsúla den fhaiche chúrsála chéanna agus i leith geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó agus daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin.

(9) I gcás ina socróidh rialacháin faoi fho-alt (8) den alt seo, maidir le cruinniú cúrsála údaraithe, táillí uasta i leith geallghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó is mó ná cúig oiread na dtáillí uasta a bheidh socair, maidir leis an gcruinniú, leis na rialacháin (nó le rialacháin eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire) i leith daoine nach geall-ghlacadóirí den sórt sin, ní mór do na rialacháin toiliú an Aire a bheith leo.

(10) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dul dó i gcomhairle leis an gClub, na táillí uasta a shocrú a éileofar i leith coin a ligean isteach chun coimhlinte i rásaí ag cruinnithe cúrsála údaraithe agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith faichí cúrsála éagsúla agus i leith cruinnithe éagsúla agus beartanna éagsúla ar na bhfaiche chúrsála chéanna.

(11) (a) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, na táillí íosta a a shocrú a éileofar as geall-ghlacadóirí a bhíonn ag gabháil dá ngnó a ligean isteach go dtí cruinnithe cúrsála údaraithe agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cruinnithe éagsúla agus coda éagsúla den fhaiche chúrsála chéanna.

(b) Ní dhéanfar rialacháin faoin bhfo-alt seo maidir le cruinniú cúrsála údaraithe mura ndéantar, an tráth céanna, rialacháin (nó mura mbeidh rialacháin déanta) faoi fho-alt (8) den alt seo maidir leis an gcruinniú.

(c) Beidh oibriú rialachán faoin bhfo-alt seo ar fionraí i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh ailt 32 go 35 den Acht seo i ngníomh.

(d) I gcás—

(i) ina n-éileofar táille as geall-ghlacadóir a bhíonn ag gabháil dá ghnó a ligean isteach go dtí cruinniú cúrsála údaraithe, agus

(ii) go mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i ngníomh de thuras na huaire,

déanfaidh an duine a sheolfaidh an cruinniú suim a íoc leis an mBord is comhionann leis an táille íosta le haghaidh ligin isteach is iomchuí do réir na rialachán.

(12) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClub, na táillí uasta a shocrú a éileofar ag cruinnithe cúrsála údaraithe ar chláir agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cruinnithe éagsúla.

(13) Féadfaidh an Bord le rialacháin na táillí uasta a shocrú a éileofar as daoine a ligean isteach go dtí díolacháin phoiblí con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith díolachán éagsúla.

(14) Féadfaidh an Bord le rialacháin na táillí uasta a shocrú a éileofar ar chlárliostaí ag díolacháin phoiblí con agus féadfar táillí éagsúla a shocrú maidir le díolacháin éagsula.

(15) Gach duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim a íoc is iníoctha aige faoi mhír (d) d'fho-alt (7) nó mír (d) d'fho-alt (11) den alt seo beidh sé, gan dochar d'imeachtaí faoi fho-alt (17) nó (18) den alt seo, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(16) Gach suim is iníoctha ag aon duine faoi mhír (d) d'fho-alt (7) nó mír (d) d'fho-alt (11) den alt seo, beidh sí, mura n-íoctar í agus gan dochar d'imeachtaí faoi fho-alt (17) nó (18) den alt seo, inghnóthaithe ag an mBord mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(17) Má dhéantar sárú, maidir le rás-rian con, ar aon rialachán faoi fho-alt (1), (5), (6) nó (7) den alt seo, beidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(18) Má dhéantar sárú, maidir le cruinniú cúrsála údaraithe, ar aon rialachán faoi fho-alt (8), (10), (11) nó (12) den alt seo, beidh an duine a sheolfaidh an cruinnuí ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(19) Má dhéantar sárú, maidir le díolachán poiblí con, ar aon rialachán faoi fho-alt (13) nó (14) den alt seo, beidh an duine a sheolfaidh an díolachán ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Scar-airgead agus duaiseanna a shocrú.

49. —(1) Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé ceadúnaithe faoi cheadúnais rás-riain chon lena mbainfidh, le rialacháin nó fógra an scar-airgead agus na duaiseanna a thairgfear le haghaidh rásaí ar rás-rianta con a shocrú agus féadfar scarairgead nó duaiseanna éagsúla a shocrú i leith beartanna éagsúla agus i leith rianta éagsúla.

(2) Má dhéantar sárú, maidir le rás-rian con, ar aon rialachán nó fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh an ceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás in ndéanfar scar-airgead agus duaiseanna a shocrú faoin alt seo le fógra, bainfidh an fógra le rás-rian con áirithe agus seirbheálfar é ar an gceadúnaí faoin gceadúnas rás-riain chon a bhainfidh leis an rian.

An Coiste Achomhairc.

50. —(1) Beidh coiste ann (dá ngairmtear an Coiste Achomhairc san alt seo agus sa chéad alt eile) chun na hachomhairc dá bhforáltar sa chéad alt eile a chinneadh.

(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste Achomhairc na comhaltaí seo a leanas:

(a) cathaoirleach arb é a bheidh ann Breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó abhcóide nó aturnae cleachtach a bhfuil seasamh seacht mbliana ar a laghad aige, agus

(b) dhá ghnáth-chomhalta.

(3) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Choiste Achomhairc agus féadfar iad a athcheapadh.

(4) Féadfaidh comhalta den Choiste Achomhairc, trí litir chuig an Aire, éirí as a bheith ina chomhalta.

(5) Mura gcuire an bás nó éirí as deireadh lena théarma oifige, is cúig bhliana téarma oifige chomhalta den Choiste Achomhairc nó, i gcás comhalta a líonfaidh folúntas de dheasca comhalta d'fháil bháis nó d'éirí as, is é a théarma oifige iarmhar téarma oifige an chomhalta sin is déanaí a luaitear.

(6) Is é córam an Choiste Achomhairc an cathaoirleach agus gnáth-chomhalta amháin.

(7) Féadfaidh an Choiste Achomhairc gníomhú d'ainneoin folúntas amháin i measc a ghnáth-chomhaltaí.

(8) Ní chinnfear achomharc chun an Choiste Achomhairc i bhfabhar an achomharcóra mura mbeidh beirt chomhaltaí ar a aghad den Choiste Achomhairc i bhfabhar an chinnte sin.

(9) Déanfaidh an Bord cibé luach saothair agus liúntas i leith costais a chinnfidh an tAire a íoc le comhalta den Choiste Achomhairc (seachas Breitheamh).

Achomhairc.

51. —(1) Maidir le—

(a) ceadúnas rás-riain chon,

(b) cead dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 25 den Acht seo,

(c) cead cúrsa-ghealltóireachta,

(d) cead dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 36 den Acht seo,

(e) ceadúnas dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 37 den Acht seo,

(f) ceadúnas dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 38 den Acht seo,

(g) cead nó ceadú dá dtagartar i mír (h) d'fho-alt (2) d'alt 38 den Acht seo, nó

(h) ceadúnas dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo,

a ndiúltófar é a thabhairt, nó, i gcás ceadúnais nó ceada, a gcúlghairmfear nó a bhfionrófar é, féadfaidh an t-iarratasóir, an ceadúnaí nó an cead-shealbhóir, laistigh de thréimhse fiche a haon lá dar tosach an lá a chinnfidh an Bord an diúltú, an chúlghairm nó an fhionraí a dhéanamh agus faoi réir fo-ailt (8) den alt seo, achomharc i scríbhinn a dhéanamh chun an Choiste Achomhairc i gcoinne an diúltaithe, na cúlghairme nó na fionraí.

(2) I gcás ina ndéanfar rialachán dá dtagartar i mír (f) d'fho-alt (2) d'alt 25 den Acht seo, féadfaidh ceadúnaí rás-riain chon, laistigh den tréimhse fiche a haon lá dar tosach lá an rialacháin a dhéanamh agus faoi réir fo-ailt (8) den alt seo, achomharc i scríbhinn a dhéanamh chun an Choiste Achomhairc i gcoinne an rialacháin.

(3) Ar achomharc faoin alt seo, diúltóidh an Coiste Achomhairc don achomharc tar éis dóibh an diúltú, an fhionraí, an chúlghairm nó an rialachán lena mbainfidh an t-achomharc a bhreithniú agus tar éis dóibh aon fhiosrúcháin, fiosruithe agus éisteachta a sheoladh a mheasfaidh siad is gá nó—

(a) i gcás achomhairc i gcoinne diúltú do cheadúnas, cead nó ceadú a dheonadh, a ordú don Bhord (a chomhlíonfaidh an t-ordú) an ceadúnas, an cead nó an ceadú a dheonadh,

(b) i gcás achomhairc i gcoinne ceadúnas nó cead a chúlghairm nó a fhionraí, an chúlghairm nó an fhionraí a neamhniú, agus

(c) i gcás achomhairc i gcoinne rialacháin, a ordú don Bhord (achomhlíonfaidh an t-ordú) an rialachán a chúlghairm.

(4) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, i gcás ina ndéanfar ceadúnas nó cead dá dtagartar sa bhfo-alt sin a chúlghairm nó a fhionraí nó ina ndiúltófar ceadúnas, cead nó ceadú dá dtagartar sa bhfo-alt sin a dheonadh—

(a) déanfar fógra i dtaobh an diúltaithe, na cúlghairme nó na fionraí a sheirbheáil ar an iarratasóir, ar an gceadúnaí nó ar an gcead-shealbhóir laistigh de thréimhse seacht lá dar tosach an lá a chinnfidh an Bord an diúltú, an chúlghairm nó an fhionraí a dhéanamh,

(b) i gcás cúlghairme nó fionraí, déarfaidh an chúlghairm nó an fhionraí (agus, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, beidh éifeacht aige dá réir sin) go dtiocfaidh sí i ngníomh lá sonraithe tar éis deireadh na tréimhse fiche a haon lá dar tosach an lá a chinnfidh an Bord an chúlghairm nó an diúltú a dhéanamh.

(5) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, i gcás ina ndéanfar rialachán dá dtagartar sa bhfo-alt sin—

(a) déanfar fógra i dtaobh an rialacháin a sheirbheáil ar gach ceadúnaí faoi cheadúnas rás-riain chon laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a dhéanfar an rialachán,

(b) déarfaidh an rialachán (agus, faoi réir fo-ailt (7) den alt seo, beidh éifeacht aige dá réir sin) go dtiocfaidh sé i ngníomh lá sonraithe tar éis deireadh na tréimhse fiche a haon lá dar tosach an lá a dhéanfar an rialachán.

(6) I gcás—

(a) ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ceadúnas nó cead a chúlghairm nó a fhionraí, agus

(b) nach mbeidh an t-achomharc tarraingte siar nó cinnte an lá adéarfaidh an chúlghairm nó an fhionraí go dtiocfaidh an chúlghairm nó an fhionraí i ngníomh,

beidh oibriú na cúlghairme nó na fionraí ar fionraí go dtí (mar is iomchuí sin) go dtarraingeofar siar an t-achomharc nó go ndiúltófar dó nó, d'eile, go dtí go neamhneoidh an Coiste Achomhairc an chúlghairm nó an fhionraí.

(7) I gcás—

(a) ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne rialacháin, agus

(b) gur amhlaidh a bheidh, an lá adéarfaidh an rialachán go dtiocfaidh sé i ngníomh, nach mbeidh an t-achomharc tarraingte siar nó cinnte nó, i gcás an t-achomharc a bheith arna chinneadh trí ordú ón gCoiste Achomhairc chun an rialachán a chúlghairm, nach mbeidh an chúlghairm sin déanta,

beidh oibriú an rialacháin ar fionraí go dtí (mar is iomchuí sin) go dtarraingeofar siar an t-achomharc nó go ndiúltófar dó nó, d'eile, go dtí gcúlghairmfear an rialachán ar ordú ón gCoiste Achomhairc.

(8) Beidh ag gabháil le hachomharc faoin alt seo suim chúig puint a choimeádfaidh an Coiste Achomhairc nó go ndéileálfar leis mar leanas:

(a) i gcás ina ndéanfar an t-achomharc a tharraingt siar nó a chinneadh i bhfabhar an achomharcóra, tabharfar ar ais don achomharcóir é,

(b) i gcás ina ndiúltófar don achomharc, íocfar leis an mBord, agus coinneoidh an Bord, é.

(9) Ag aon éisteacht a sheolfaidh an Coiste Achomhairc maidir le hachomharc faoin alt seo—

(a) féadfaidh an t-achomharcóir i bpearsain láithriú nó trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire,

(b) féadfaidh an Bord láithriú trí abhcóide nó aturnae nó trí oifigeach don Bhord,

(c) féadfar, más oiriúnach le cathaoirleach an Choiste Achomhairc, aon fhinné a scrúdú faoi mhionn (agus cumasaítear leis seo don chathaoirleach é a chur faoi mhionn).

Inchúiseamh i leith cionta.

52. —(1) Féadfaidh an Bord inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo seachas cion a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Féadfaidh an Club inchúiseamh a dhéanamh i leith na gcionta seo a leanas:

(a) cion faoi alt 25 nó alt 37 den Acht seo ar sárú ar riail faoin alt é,

(b) cion faoi alt 43 den Acht seo maidir le fiosrú ar thionscnamh an Chlub,

(c) cion faoi alt 44 nó alt 46 den Acht seo maidir le hoifigeach údaraithe don Chlub.

(3) Féadfar inchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo a dhéanamh, i gcás club, i gcoinne an chlub san ainm a thugtar air de ghnáth, agus féadfar aon toghairm nó doiciméad eile a cheanglaítear a sheirbheáil ar an gclub a sheirbheáil ar rúnaí an chlub agus féadfar aon bharántas chun fíneáil a ghnóthú a gearradh ar an gclub a fhorghníomhú i gcoinne earraí agus airnéisí an chlub.

Doiciméid a sheirbheáil.

53. —(1) Féadfar aon doiciméad faoin Acht seo nó aon rialachán faoin Acht seo a sheirbheáil ar dhuine—

(a) tríd an doiciméad a sheachadadh don duine sin, nó

(b) tríd an doiciméad a chur tríd an bpost cláraithe i gclúdach chun an duine sin go dtí an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth nó ag a bhfuil gnó ar siúl aige.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar gnó a bheith ar siúl ina hoifig chláraithe ag cuideachta atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus measfar gnó a bheith ar siúl ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnótha ag gach comhlacht corpraithe agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe eile.

AN SCEIDEAL.

Cóiriú Chlub Chúrsála na hÉireann.

Alt 26.

1. Údarás agus Cuspóirí.

(i) Is é Club Cúrsála na hÉireann (dá ngairmtear an Club sa Chóiriú seo) an t-údarás rialaithe ar nithe a bhaineann le síolrú (ar a n-áirítear clárú agus aithint) con folaíochta agus le cúrsáil chon in Éirinn agus beidh aige maidir le rásaíocht chon agus tréineáil chon ar luach saothair cibé feidhmeanna a bheidh de réir dlí.

(ii) Is iad cuspóirí an Chlub síolrú con folaíochta a chur ar aghaidh (lena n-áirítear Leabhar na gCon a chothabháil), cúrsáil chon a ghríosadh agus a ríaláil (lena n-áirítear socrú chun clubanna cúrsála áitiúla a chleamhnú leis an gClub) agus rannchabhrú le rásaíocht chon a rialáil agus le tréineáil chon ar luach saothair agus le forbairt thionscal na gcon in Éirinn (lena n-áirítear socrú chun daoine is únaerí ar, nó daoine a fheidhmíos urlámhas ar, rás-rianta con (dá ngairmtear feidhmeannaigh rás-rianta con sa Chóiriú seo) a chleamhnú leis an gClub).

(iii) Féadfaidh an Club, de bhun a chuspóirí—

(a) cruinnithe cúrsála poiblí a sheoladh nó páirt a ghlacadh ina seoladh; agus

(b) comhaontaithe nó comhshocraíochtaí eile a dhéanamh le comhlachtaí in Éirinn nó in aon áit eile ag a bhfuil comh-leas nó leas comhréire i dtionscal na gcon.

2. Comhaltas.

(i) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí den Chlub:

(a) comhalta ionaid amháin arna cheapadh ag gach club cúrsála cleamhnaithe ag á mbeidh teideal chun cruinnithe cúrsála a sheoladh a údaróidh an Club agus ag gach feidhmeannach rás-riain chon; agus

(b) comhaltaí comhthofa a chomhthoghfar mar a fhoráltar anseo ina dhiaidh seo.

(ii) Ceapfar comhaltaí ionaid go ceann tréimhsí trí mblian (agus beidh siad inathcheaptha) ach amháin go bhféadfaidh club cúrsála cleamhnaithe nó feidhmeannach rás-riain chon

(a) a n-éagfaidh a chomhalta ionaid nó a n-éireoidh a chomhalta ionaid as oifig, nó a scoirfidh a chomhalta ionaid mar gheall ar dhícháiliú, de bheith ina chomhalta, i rith aon tréimhse trí mblian, nó

(b) a chleamhnóidh leis an gClub i rith aon tréimhse trí mblian

comhalta ionaid a cheapadh, ach amháin mar a fhoráltar anseo ina dhiaidh seo, go ceann iarmhair na tréimhse trí mblian sin.

(iii) Beidh duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta ionaid den Chlub in aon tréimhse trí mblian, agus má bhíonn sé, cheana féin, ina chomhalta ionaid sa tréimhse sin scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin—

(a) muran comhalta den chlub cúrsála cleamhnaithe é nó an feidhmeannach rás-riain chon ag a raibh baint leis an gceapachán; nó

(b) muran in Éirinn atá gnáth-chónaí air; nó

(c) mura bhfuil sé faoi aon mhíchumas a cuireadh air maidir le bheith páirteach i dtionscal na gcon mar gheall ar iompar ar olc le síolrú con nó cúrsáil chon, nó mar gheall ar rialacha a shárú a rinne an Club maidir le rásaíocht chon nó coin a thréineáil ar luach saothair, nó mar gheall ar aon mhírialtacht eile a rinneadh maidir le tionscal na gcon; nó

(d) má bhíonn an club cúrsála nó an feidhmeannach rásriain chon ag á raibh baint leis an gceapachán tar éis mainneachtain a dhéanamh i gcruinniú cúrsála amháin ar a laghad a sheoladh d'údaraigh an Club (ina aonar nó i gcomhar le club cúrsála comharsan ag a raibh teideal cruinnithe den sórt sin a sheoladh) nó cruinniú rás-riain chon amháin ar a laghad a sheoladh sna cúig mhí dhéag caileandair roimhe sin, agus i gcás den sórt sin forghéillfidh an club sin nó an feidhmeannach rásriain chon sin, tríd sin, a cheart chun comhalta ionaid a cheapadh; nó

(e) má bhíonn an club cúrsála nó an feidhmeannach rásriain chon ag á raibh baint leis an gceapachán tar éis scor de bheith cleamhnaithe leis an gClub; nó

(f) má bhíonn sé tar éis bheith as láthair, gan míniú lenar ghlac an Coiste Feidhmiúcháin, ó thrí chruinniú ginearálta comhleanúnach den Chlub.

(iv) Féadfaidh club cúrsála cleamhnaithe nó feidhmeannach rás-riain chon comhalta ionaid malairte a cheapadh in aghaidh aon tréimhse trí mblian chun freastal ar aon chruinniú den chlub má bhíonn a chomhalta ionaid as láthair gan neart air; beidh ag comhalta ionaid malairte a bheidh i láthair amhlaidh ag cruinniú den Chlub an ceart céanna chun labhairt, agus chun vótáil, ag an gcruinniú sin a bheadh ag comhalta ionaid. Tabharfar fógra roimh an gcruinniú do Rúnaí an Chlub go bhfuil beartaithe comhalta ionaid malairte a bheith i láthair ag an gcruinniú sin agus cuirfear in iúl an chúis go mbeidh an comhalta ionaid iomchuí as láthair ón gcruinniú. Bainfidh míreanna (ii) agus (iii) thuas, ach amháin clásal (f) den mhír dheiridh, le comhalta ionaid malairte.

(v) Gach comhalta ionaid den Chlub díreach roimh an gCóiriú seo a theacht i ngníomh tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta ionaid den Chlub faoin gCóiriú agus, faoi réir téarmaí an Chóirithe, leanfaidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin go dtí tosach téarmaí oifige na ndaoine a chéad-cheapfar mar chomhaltaí ionaid faoin gCóiriú.

(vi) Gach comhalta tofa den Chlub díreach roimh an gCóiriú seo a theacht i ngníomh tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta comhthofa den Chlub faoi réir téarmaí an Chóirithe. Ní dhéanfar aon chomhalta comhthofa breise a chomhthoghadh nó gur lú ná caoga líon na gcomhaltaí tofa a thiocfaidh chun bheith ina gcomhaltaí comhthofa. Ina dhiaidh sin, ní rachaidh líon na gcomhaltaí comhthofa thar caoga aon tráth.

(vii) Is é an Club, ag cruinnithe ginearálta den Chlub, a chomhthoghfaidh comhaltaí comhthofa.

(viii) Aon chomhalta comhthofa a cheapfar aon tráth ina chomhalta ionaid nó ina chomhalta ionaid malairte measfar nach comhalta comhthofa é i gcaitheamh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é ach amháin nach bhféadfar aon chomhalta comhthofa breise a chomhthoghadh ina áit i rith na tréimhse sin.

(ix) Ní fhéadfar aon duine a chomhthoghadh ina chomhalta comhthofa den Chlub—

(a) muran cabhaire comhsheasamhach do chúrsáil chon é; agus

(b) go raibh sé, i gcaitheamh na gcúig mblian go léir díreach roimhe sin, ina únaer cláraithe con folaíochta agus ina chomhalta de chlub cúrsála cleamhnaithe.

(x) Beidh duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta comhthofa den Chlub, agus má bhíonn sé, cheana féin, ina chomhalta comhthofa scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin—

(a) má bhíonn sé faoi aon mhíchumas a cuireadh air maidir le bheith páirteach i dtionscal na gcon mar gheall ar iompar ar olc le síolrú con nó cúrsáil chon, nó mar gheall ar rialacha a shárú a rinne an Club go cuí maidir le rásaíocht chon nó coin a thréineáil ar luach saothair, nó mar gheall ar aon mhírialtacht eile a rinneadh maidir le tionscal na gcon; nó

(b) muran comhalta é de chlub cúrsála cleamhnaithe ag á bhfuil teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club; nó

(c) muran in Éirinn atá gnáth-chónaí air.

3. Coistí cúige.

(i) Beidh coiste den Chlub i ngach cúige (dá ngairmtear Coiste Cúige sa Chóiriú seo) a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí ionaid an Chlub arna gceapadh ag clubanna cúrsála agus feidhmeannaigh rás-riain chon sa chúige.

(ii) Féadfaidh an comhalta ionaid malairte a bheith i láthair in áit aon chomhalta ionaid ag cruinniú den Choiste Cúige amhail mar bheadh ag cruinniú ginearálta den Chlub.

(iii) Féadfaidh comhaltaí comhthofa den Chlub ar a bhfuil gnáth-chónaí sa chúige a bheith i láthair ag cruinnithe den Choiste Cúige an fhad a bheidh na comhaltaí sin cáilithe chun bheith i láthair ag cruinnithe ginearálta den Chlub ach ní vótálfaidh siad ar aon cheist a éireoidh ag na cruinnithe ginearálta sin.

(iv) Gach Coiste Cúige—

(a) comhlíonfaidh sé na feidhmeanna sin a shanntar dó leis an gCóiriú seo agus fós cibé feidhmeanna a thairmligfidh an Club chuige ag cruinnithe ginearálta;

(b) roghnóidh sé na cruinnithe cúrsála poiblí sa chúige gach bliain a ndéanfar triail-rásaí a bheidh leithroinnte ag an gClub don chúige a rith lena linn;

(c) coimeádfaidh sé faoi bhreithniú ábhair a bhainfidh le síolrú, cúrsáil agus rásaíocht chon sa chúige agus beidh cumhacht aige moltaí a dhéanamh ina leith sin chun an Choiste Fheidhmiúcháin agus chun cruinnithe ginearálta den Chlub;

(d) déanfaidh sé breithniú, agus tabharfaidh sé tuarascáil, ar ábhair a tharchuirfidh an Coiste Feidhmiúcháin chuige.

4. Coiste Feidhmiúcháin an Chlub.

(i) Beidh coiste den Chlub ann (dá ngairmtear an Coiste Feidhmiúcháin sa Chóiriú seo) chun gnó agus cúrsaí an Chlub a riaradh.

(ii) Beidh Uachtaran, Rúnaí agus Císteoir Oinigh an Chlub ina gcomhaltaí ex-officio den Choiste Feidhmiúcháin.

(iii) Duine agus fiche líon iomlán comhaltaí an Choiste Fheidhmiúcháin ach féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(iv) Ceapfar comhaltaí an Choiste Fheidhmiúcháin ag Coistí Cúige an Chlub as líon comhaltaí ionaid an Chlub ina gcúigí faoi seach. An líon comhaltaí a cheapfar amhlaidh as gach cúige agus a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin aon tráth (agus an comhalta a ceapadh roimhe sin a áireamh i gcás corr-fholúntais)—

(a) is líon é a bheidh do réir an chothroim chéanna, nó chomh gar agus is féidir, a bheidh idir comhlíon na gclubanna cúrsála cleamhnaithe atá i dteideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club maraon leis na feidhmeannaigh rás-riain chon i ngach cúige den sórt sin ar dháta an cheapacháin is déanaí agus comhlíon iomlán na gclubanna agus na bhfeidhmeannach den sórt sin sna cúigí go léir; agus

(b) beidh ar áireamh ann an oiread sin ar a laghad de chomhaltaí ionaid den Chlub a cheap clubanna cúrsála cleamhnaithe a bheidh comhionann leis an gcothrom idir an méid clubanna cúrsála cleamhnaithe atá i dteideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club sa chúige agus comhlíon na gclubanna den sórt sin agus na rás-rianta con cleamhnaithe sa chúige.

(v) Ceapfar comhaltaí an Choiste Fheidhmiucháin go ceann tréimhsí trí mblian (agus beidh siad inathcheaptha) ach amháin gur go ceann iarmhair aon tréimhse trí mblian áirithe a cheapfar na comhaltaí a cheapfar chun folúntas de dheasca comhaltaí d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor mar gheall ar dhícháilíocht chun bheith ina gcomhaltaí i rith na tréimhse trí mblian sin.

(vi) Beidh duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choiste Feidhmiúcháin, agus má bhíonn sé, cheana féin, ina chomhalta scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin, má scoireann sé de bheith ina chomhalta ionaid den Chlub.

(vii) Féadfar aon chaiteachas a chúiteamh le comhaltaí an Choiste Fheidhmiúcháin agus le comhaltaí aon fho-choiste den Choiste Feidhmiúcháin faoina rachaidh siad ó riachtanas ag freastal ar chruinnithe den chéanna.

(viii) D'ainneoin aon cheann de na míreanna roimhe seo den Airteagal seo, measfar gurb iad comhaltaí Bhuan-Choiste an Chlub díreach roimh theacht i ngníomh don Chóiriú seo comhaltaí Bhuan-Choiste an Chlub go ceann tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Chóirithe seo a theacht i ngníomh. Scoirfidh trian de na comhaltaí úd, arna gcinneadh trí chrannchur, de bheith ina gcomhaltaí den Choiste Feidhmiúcháin ag deireadh na tréimhse sin. Scoirfidh leath an dá thrian eile, arna gcinneadh trí chrannchur, de bheith ina gcomhaltaí den Choiste Feidhmiúcháin bliain dá éis sin agus an chuid eile dhá bhliain dá éis sin arís. Slánófar codán go dtí an chéad aonad eile is mó agus beidh feidhm freisin ag mír (ii) thuas.

5. Cruinnithe Ginearálta an Chlub.

(i) Déanfaidh an Club cruinniú ginearálta amháin ar a laghad ar a dtabharfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chlub a chomóradh gach bliain agus comórfar é idir 30 Iúil agus 1 Meán Fómhair.

(ii) Comhghairmfidh an Coiste Feidhmiúcháin aon chruinnithe ginearálta sa bhreis den Chlub is gá. Comhghairmfidh an Coiste Feidhmiúcháin cruinniú ginearálta den Chlub a luaithe is féidir tar éis iarratas i scríbhinn a fháil faoi láimh fiche comhalta ionaid ar a laghad agus ina luafar cad chuige an cruinniú, mura measa an Coiste Feidhmiúcháin le thromlach dhá dtrian dá mbeidh i láthair agus a votálfaidh gur iarratas suaibhreosach é.

(iii) Tabharfaidh Rúnaí an Chlub do gach comhalta den Chlub, do rúnaí gach club chúrsála chleamhnaithe ag a mbeidh teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club agus do rúnaí gach feidhmeannaigh rás-riain chon (agus cuirfidh siadsan go léir a seolta in iúl go cuí do Rúnaí an Chlub) fógra scríofa 28 lá ar a laghad i dtaobh Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chlub a chomóradh agus fógra scríofa 14 lá ar a laghad i dtaobh cruinnithe ginearálta eile an Chlub. Cuirfear gach fógra leis an ngnáth-phost réamhíoctha agus ní bheidh aon chruinniú neamhbhailí mar gheall ar aon fhógra a bheith gan seachadadh. Cuirfear an Clár do chruinniú ginearálta den Chlub in iúl ar an gcuma chéanna 7 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(iv) Fiche duine an córam do chruinniú ginearálta den Chlub.

(v) Leanfaidh Uachtarán agus Rúnaí Oinigh an Chlub díreach roimh theacht i ngníomh don Chóiriú seo i seilbh na n-oifigí sin go dtí an Chéad Chruinniú Ginearálta Bliantúil eile den Chlub. Ag gach Cruinniú Ginearálta Bliantúil, ceapfaidh an Club duine dá gcomhaltaí ina Uachtarán ar an gClub agus duine eile dá gcomhaltaí ina Chisteoir Oinigh don Chlub agus ceapfaidh siad freisin Iniúchóir cáilithe, don bhliain ina dhiaidh sin. Beidh na daoine a cheapfar amhlaidh inathcheaptha aon bhliain dá éis sin.

(vi) I gcás an tUachtarán nó an Cisteoir Oinigh d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor de bheith ina chomhalta den Chlub in imeacht na bliana, déanfaidh an Club, ag a chéad chruinniú ginearálta eile, comhalta a cheapadh ina ionad don chuid eile den bhliain, agus gníomhóidh Cathaoirleach an Choiste Fheidhmiúcháin sa cháil fholamh nó go ndéantar an ceapadh sin.

(vii) Is é a bheidh ina Chathaoirleach ar aon chruinniú ginearálta den Chlub an tUachtarán, nó, mó bhíonn seisean as láthair, Cathaoirleach an Choiste Fheidhmiúcháin, nó, má bhíonn Cathaoir leach an Choiste Fheidhmiúcháin as láthair, Leas-Chathaoirleach an Choiste Fheidhmiúcháin, nó, má bhíonn siad triúr as láthair, comhalta a cheapfaidh an cruinniú.

(viii) Faoi réir an Chóirithe seo, rialóidh an Club, le buanorduithe nó ar shlí eile, an nós imeachta agus an gnó ag a chruinnithe ginearálta.

6. Cruinnithe na gCoistí Cúige.

(i) Comórfaidh gach Coiste Cúige cruinniú amháin ar a laghad gach bliain chaileandair agus comórfaidh sé cibé cruinnithe breise is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(ii) Gníomhóidh Rúnaí an Chlub nó, muran féidir leis an Rúnaí a bheith i láthair, gníomhóidh comhalta d'fhoireann an Chlub a údarófar ina ionad ó am go ham mar rúnaí go gach cruinniú de Choiste Cúige.

(iii) Comhghairmfear cruinnithe de na Coistí Cúige le toiliú an Choiste Fheidhmiúcháin. Tabharfaidh Rúnaí an Chlub do gach comhalta ionaid den Chlub a cheap club cúrsála cleamhnaithe agus feidhmeannach rás-riain chon sa chúige, do rúnaí gach club chúrsála agus gach feidhmeannaigh rás-riain sa chúige a cheap na comhaltaí ionaid sin agus do gach comhalta comhthofa ar a bhfuil gnáth-chónaí sa chúige, fógra 14 lá ar a laghad i scríbhinn i dtaobh cruinniú den Choiste Cúige don chúige sin a chomóradh. Cuirfear an fógra leis an ngnáth-phost réamhíoctha agus ní bheidh aon chruinniú neamhbhailí mar gheall ar aon fhógra a bheith gan seachadadh. Cuirfear an clár do chruinniú de Choiste Cúige in iúl ar an gcuma chéanna 7 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(iv) Is é an córam do chruinniú de Choiste Cúige an cúigiú cuid den líon iomlán comhaltaí ionaid a bheidh i dteideal a bheith i láthair (agus aon chodán a shlánú go dtí an chéad aonad eile is mó), ach ní mór ceathrar comhaltaí den sórt sin ar a laghad.

(v) Déanfaidh gach Coiste Cúige duine dá chomhaltaí a cheapadh gach bliain chun bheith ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó aon chruinniú den Choiste Cúige, déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon a cheapadh ina Chathaoirleach ar an gcruinniú. I gcás an Cathaoirleach d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor de bheith ina chomhalta den Choiste Cúige in imeacht na bliana, déanfaidh an Coiste, ag a chéad chruinniú eile, duine dá chomhaltaí a cheapadh ina Chathaoirleach don chuid eile den bhliain.

(vi) Faoi réir an Chóirithe seo, rialóidh na Coistí Cúige, le buanorduithe nó ar shlí eile, an nós imeachta agus an gnó ag a gcruinnithe.

7. Cruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin.

(i) Comórfaidh an Coiste Feidhmiúcháin cheithre chruinniú ar a laghad gach bliain chaileandair agus comórfaidh sé cibé cruinnithe breise is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(ii) Comhghairmfidh Rúnaí an Chlub cruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin ar údarás an Chathaoirligh nó, má bhíonn seisean as láthair, ar údarás Leas-Chathaoirligh an Choiste. Comhghairmfidh an Rúnaí cruinniú den Choiste Feidhmiúcháin ar iarratas scríofa chuige sin a fháil a bheidh sínithe ag seisear comhaltaí ar a laghad den Choiste nó ag dhá chomhalta dhéag ar a laghad den Chlub.

(iii) Tabharfaidh Rúnaí an Chlub do gach comhalta den Choiste Feidhmiúcháin fógra scríofa 7 lá ar a laghad i dtaobh cruinniú den Choiste a chomóradh. Féadfar fógra is giorra ná sin a thabhairt, in éigeandáil speisialta, ar údarás an Chathaoirligh, nó, má bhíonn seisean as láthair, ar údarás Leas-Chathaoirligh an Choiste. Cuirfear an fógra leis an ngnáth-phost réamhíoctha agus ní bheidh aon chruinniú neamhbhailí mar gheall ar aon fhógra a bheith gan seachadadh.

(iv) Seachtar an córam do chruinniú den Choiste Feidhmiúcháin.

(v) Ceapfaidh an Coiste Feidhmiúcháin duine dá chomhaltaí ina Chathaoirleach agus duine eile dá chomhaltaí ina Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste. Má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó aon chruinniú den Choiste Feidhmiúcháin is é an Leas-Chathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, agus má bhíonn siad beirt as láthair déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon a cheapadh ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ní bheidh Rúnaí ná Cisteoir Oinigh an Chlub cáilithe chun a cheaptha ina Chathaoirleach ná ina Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin ná chun a cheaptha ina chathaoirleach ar aon chruinniú den Choiste.

(vi) Faoi réir an Chóirithe seo, rialóidh an Coiste Feidhmiúcháin, le buan-orduithe nó ar shlí eile, an nós imeachta agus an gnó ag a chruinnithe.

8. An Fo-Choiste Airgeadais.

(i) Beidh fo-choiste den Choiste Feidhmiúcháin (dá ngairmtear an Fo-Choiste Airgeadais sa Chóiriú seo) ann a bheidh freagarthach i gcúrsaí airgeadais an Chlub agus a fho-leasa (ar a n-áirítear Powerstown Park Ltd. agus an Greyhound and Sporting Press Ltd.) a choimeád faoi bhreithniú agus i dtuarascála agus moltaí ina dtaobh sin a chur faoi bhráid an Choiste Fheidhmiúcháin.

(ii) Beidh Rúnaí agus Cisteoir Oinigh an Chlub ina gcomhaltaí ex-officio den Fho-Choiste Airgeadais.

(iii) Ceapfaidh an Coiste Feidhmiúcháin ceathrar comhaltaí eile den Choiste ina gcomhaltaí den Fho-Choiste Airgeadais agus féadfaidh sé beirt chomhaltaí eile ar a mhéid den Chlub a chomhthoghadh mar chomhaltaí den Fho-Choiste. Féadfaidh an Fo-Choiste gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(iv) Aon chomhalta den Fho-Choiste Airgeadais a cheapfar nó a chomhthoghfar faoi mhír (iii) thuas scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin aon uair a chinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin é.

(v) Féadfar aon chaiteachas a chúiteamh le comhaltaí an Fho-Choiste Airgeadais faoina rachaidh siad ag freastal ar chruinnithe den chéanna.

(vi) Comórfaidh an Fo-Choiste Airgeadais cheithre chruinniú ar a laghad gach bliain chaileandair.

9. Fo-Choistí—Ginearálta.

(i) Faoi réir Airteagail 8 thuas, féadfaidh aon cheann de Choistí sa Chlub cibé fo-choistí, agus cibé méid fo-choistí, dá chomhaltaí is cuí leis an gCoiste sin a cheapadh ó am go ham.

(ii) Féadfaidh aon Choiste den sórt sin tairmligean a dhéanamh chun fo-Choiste ar aon cheann dá fheidhmeanna, dá chumhachta agus dá dhualgais is dóigh leis is fearr nó is a caothúla a fheidhmeofaí nó a chomhlíonfaí ag fo-choiste agus féadfaidh sé nós imeachta aon fho-choiste den sórt sin a rialú.

(iii) Beidh gníomhartha aon fho-choiste faoi réir a ndaingnithe ag an gCoiste a cheap é ach amháin i gcás ina ligfidh an Coiste an riachtanas leis an daingniú sin thar ceal.

10. Vótáil.

(i) Is trí bhallóid a dhéanfar gach ceapadh nó comhthoghadh ag cruinniú den Chlub, nó ag cruinniú d'aon cheann de Choistí an Chlub, muran ceapadh nó comhthoghadh d'aon-ghuth é.

(ii) Déanfar gach ceist ag cruinniú ginearálta den Chlub (ach amháin togra chun an Cóiriú seo a athrú nó comhalta comhthofa den Chlub a chomhthoghadh) nó ag cruinniú d'aon cheann de Choistí an Chlub (ach amháin mar a fhoráltar in Airteagal 5 (ii) thuas) nó d'aon fho-choiste de cheann de na Coistí sin a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a votálfaidh ar an gceist; i gcás comhionannais vótaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag Cathaoirleach an chruinnithe.

(iii) Aon togra chun an Cóiriú seo a athrú nó chun comhalta comhthofa den Chlub a chomhthoghadh ní mór, lena cheadú, dhá dtrian vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an togra ag cruinniú ginearálta den Chlub.

11. Rúnaí, Foireann agus Gníomhairí.

(i) Beidh Rúnaí don Chlub ann a shealbhóidh oifig an fhad is toil leis an gCoiste Feidhmiúcháin agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin.

(ii) Ceapfar foireann an Chlub mar chinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin.

(iii) Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin ó am go ham cibé gníomhairí, agus cibé méid gníomhairí, is gá chun gnó an Chlub a dhéanamh go cuí a cheapadh.

12. Taifid, Tuarascála agus Cuntais.

(i) Coimeádfaidh Rúnaí an Chlub—

(a) miontuairiscí ar na himeachtaí ag cruinnithe uile an Chlub, Choistí an Chlub agus aon fho-choistí do na Coistí sin;

(b) clár de chomhaltaí an Chlub; agus

(c) clár de chlubanna cúrsála cleamhnaithe (agus clubanna den sórt sin a shonrú ag á bhfuil teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club) agus d'fheidhmeannaigh rás-riain chon.

(ii) Tabharfaidh an Rúnaí do gach Cruinniú Ginearálta Bliantúil den Chlub tuarascáil ar ghníomhachtaí an Chlub agus a fholeasanna, na gCoistí den Chlub agus aon fho-choistí de na Coistí sin in imeacht na bliana dar chríoch an 31 Márta roimhe sin.

(iii) Déanfaidh an Rúnaí agus an Cisteoir Oinigh Ráitis Ioncaim agus Chaiteachais agus Cláir Chomhardaithe, cuí-iniúchta, i leith an Chlub agus gach ceann dá fho-leasanna, leith ar leith, maraon le Ráiteas Comhdhlúite Ioncaim agus Caiteachais agus Clár Comhardaithe Comhdhlúite an Chlub agus a fho-leasanna don bhliain dar chríoch an 31 Márta roimhe sin, a chur cuí-iniúchta, faoi bhráid gach Cruinnithe Ghinearálta den Chlub. Cuirfear cóip den chéanna go dtí gach comhalta den Chlub, go dtí rúnaí gach club chúrsála chleamhnaithe ag a bhfuil teideal cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club agus go dtí rúnaí gach feidhmeannaigh rás-riain chon, i dteannta an fhógra i dtaobh an Chruinnithe a chomóradh.

13. Iontaobhaithe.

Déanfar maoin agus sócmhainní an Chlub agus a fho-leasanna (ar a n-áirítear Powerstown Park Ltd. agus an Greyhound and Sporting Press Ltd.) a dhílsiú in Iontaobhaithe a cheapfaidh an Club.

14. Leabhar na gCon.

(i) Cothabhálfaidh Rúnaí an Chlub, agus eisean Coimeádaí Leabhar na gCon, clár nó cláir nó sreath clár ar a dtabharfar an teideal sin agus ina mbeidh cibé sonraí iomchuí a theastóidh ó am go ham ón gClub, lena n-áirítear sonraí i dtaobh síolrú agus aithint chon folaíochta.

(ii) Foilseofar Leabhar na gCon gach bliain faoi údarás an Chlub.

15. Araíonacht.

Féadfaidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub gníomh araíonachta a dhéanamh, nó a údarú go ndéanfar gníomh araíonachta, ar a n-áirítear míchumais a fhorchur, maidir le bheith páirteach i síolrú, cúrsáil agus rásaíocht chon, in aghaidh daoine a dhealraíonn dóibh a bheith ciontach in iompar ar olc le síolrú con nó cúrsáil chon nó sarú a bheith déanta acu ar rialacha a rinne an Club i dtaobh rásaíocht chon nó tréineáil chon ar luach saothair.

16. Rialacha.

(i) Déanfaidh agus forfheidhmeoidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub rialacha a fhoilseofar agus a cheadófar ag an gClub do rialú:—

(a) bunú agus feidhmiú clubanna cúrsála áitiúla agus clubanna den sórt sin agus feidhmeannaigh rás-riain chon a chleamhnú leis an gClub;

(b) feidhmiú Coistí Cúige an Chlub;

(c) coin folaíochta a chlárú i Leabhar na gCon agus coin folaíochta a aithint agus a mharcáil;

(d) cúrsáil chon agus cruinnithe cúrsála a sheoladh d'údaraigh an Club;

(e) táillí a íoc leis an gClub agus ábhair de dhroim na dtáillí sin a bheith gan íoc; agus

(f) gníomh araíonachta ag an gCoiste Feidhmiúcháin nó ar údarás uaidh (lena n-áirítear achomhairc ón gcéanna).

(ii) Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin rialacha a fhoilseofar agus a cheadófar ag an gClub agus do rialú rásaíochta con, tréineáil chon ar luach saothair agus aon ábhair eile faoi réim an Chóirithe seo a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm do réir dlí.

17. Léiriú.

Is léiriú críochnaitheach an léiriú a dhéanfaidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub ar aon fhoráil sa Chóiriú seo nó i rialacha faoin gCóiriú seo.