19 1958


Uimhir 19 de 1958.


AN tACHT IOMPAIR, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH IOMPAIR. [16 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iompair, 1958 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

1950, Uimh. 12 .

1955, Uimh. 25 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1955” an tAcht Iompair, 1955 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Cosaint do chearta an Aire Poist agus Teileagrafa.

3. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir do chearta an Aire Poist agus Teileagrafa faoi aon achtachán a bhaineann le litir-phost nó beart-phost a iompar d'iarnród.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athghairm.

6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

CUID II.

Cumhachtaí agus Dualgais Ghinearálta an Bhoird.

Dualgais ghinearálta an Bhoird.

7. —(1) Is é dualgas ginearálta an Bhoird seirbhísí iompair réasúnacha, éifeachtúla, tíobhasacha a sholáthar, ag féachaint dó go cuí do shábháltacht oibriúcháin, d'fhorbairt gheilleagair an náisiúin a spreagadh agus do choinníollacha réasúnacha fostaíochta dá fhostaithe a chothabháil.

(2) Is é dualgas an Bhoird a ghnóthas a stiúradh ar chuma go dtarlóidh, a thúisce is féidir, agus ar aon chor ar dháta nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1964, nach mbeidh caiteachas oibríochta an Bhoird, lena n-áirítear na muirir uile is inchurtha go cuí ar ioncam, níos mó ná ioncam an Bhoird.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhorchuireann ar an mBord, go díreach ná go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais is inchurtha i bhfeidhm le himeachtaí os comhair aon chúirte nach mbeadh an Bord faoina réir lasmuigh de sin.

Téarmaí agus coinníollacha iompair.

8. —(1) San alt seo—

folaíonn “muirir” táillí, rátaí nó dolaidh;

ciallaíonn “seirbhís” aon cheann acu seo a leanas—

(a) paisnéirí agus a mbagáiste a iompar,

(b) marsantas a ghlacadh, a chur ar aghaidh, a iompar agus a sheachadadh,

(c) aon seirbhís nó saoráid iompair eile.

(2) Féadfaidh an Bord cibé muirir is oiriúnach leis an mBord a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith aon seirbhíse a sholáthróidh sé.

(3) Féadfaidh an Bord cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil le haon seirbhís a sholáthróidh sé.

(4) Aon iompar marsantais d'iarnród a dhéanfaidh an Bord agus a bheidh de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 measfar gur iompar é ar an earra sin ar théarmaí agus coinníollacha atá cóir agus réasúnach.

(5) Mura sonraí an Bord a mhalairt i scríbhinn, measfar iompar faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 a dhéanamh ar an marsantas go léir a iompróidh an Bord d'iarnród.

(6) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord, na téarmaí agus na coinníollacha iompair atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 a athrú le hordú (cibé acu trí chur leis, cur in ionad nó scríos as), agus forléireofar tagairtí san alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) do na téarmaí agus na coinníollacha sin mar thagairtí do na téarmaí agus na coinníollacha sin arna n-athrú amhlaidh.

(7) I gcás iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (6), tabharfaidh an Bord, má cheanglaíonn an tAire air é, fógra i dtaobh an iarratais don phobal i cibé foirm agus slí a ordóidh an tAire.

(8) D'ainneoin aon riail dlí nó aon achtacháin contrártha dó sin, féadfaidh an Bord diúltú glacadh le haon trácht áirithe a thairgfear dó.

Crosairí comhréidh.

1845, c. 20.

1863, c. 92.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord agus tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a fhoráil le hordú nach mbeidh feidhm, i gcás crosaire chomhréidh shonraithe de chuid an ghnóthais, ag forálacha ailt 47 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, ná ailt 6 den Railways Clauses Act, 1863, a bhaineann le rialú crosairí comhréidh, ná aon achtacháin eile a chorpraíonn ceanglais dá chomhéifeacht nó cibé ceann de na forálacha sin a shonrófar san ordú.

(2) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cibé bacainní, soilse, agus feistí agus fearais, uathoibreach agus eile, a chur ar fáil agus a chothabháil, agus cibé coinníollacha agus ceanglais eile a chomhlíonadh, le haghaidh cosanta, sábháltachta agus áise an phobail, is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(3) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cúiteamh a thabhairt, i cibé slí a shonrófar san ordú, d'aon duine a dhéanfaidh seirbhísí don Bhord ag an gcrosaire comhréidh faoi aon chineál comhaontaithe, i gcás ina mbeifear tar éis scaoileadh le seirbhísí an duine sin faoin gcomhaontú de dhroim an ordaithe.

(4) Beidh dréacht den ordú beartaithe ag gabháil le hiarratas ón mBord chun an Aire agus is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an dréacht.

(5) Sara ndéanfaidh sé an t-iarratas, tabharfaidh an Bord fógra i dtaobh a thogra, maraon le cóip den dréacht, don údarás bóthar iomchuí agus do Choimisinéir an Gharda Shíochána.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

CUID III.

Airgeadas.

Deontais don Bhord.

10. —(1) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas bliantúil £1,000,000 don Bhord an bhliain airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1959, agus gach bliain de na cheithre bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

(2) Déanfaidh an Bord na híocaíochtaí sin a úsáid a mhéid is gá chun an t-ús ar a stoc iompair a ghlanadh agus féadfaidh sé an t-iarmhéid a úsáid le haghaidh a ghnóthais i cibé slí is oiriúnach leis.

(3) An fhoráil le haghaidh íoc úis a dhéantar le fo-alt (2) is foráil í gan dochar d'fho-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1950 do leanúint i ngníomh.

Stoc Iompair 3% C.I.E., 1955-60, a bheith ina iasacht rialtais.

1951, Uimh. 12 .

11. —(1) Beidh sé de dhliteanas ar an Aire Airgeadais, d'eisiamh an Bhoird, an phríomhshuim, dar méid £9,889,083 de Stoc Iompair 3% an Bhoird, 1955-60 a íoc go cuí, agus beidh an stoc sin ina iasacht Rialtais chun críocha an Achta um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 .

(2) Íocfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead uile a theastóidh ón Aire Airgeadais chun príomhshuim an stoic dá dtagartar i bhfo-alt (1) a íoc go cuí.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith faoi chomhair íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (2) agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh sé urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis, agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó aon ní eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(4) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear agus íoc na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(5) Íocfaidh an tAire Airgeadais as an bPríomh-Chiste leis an mBord na suimeanna is gá chun an t-ús a ghlanadh a bheidh dlite ó am go ham tar éis an lú lá d'Aibreán, 1959, ar an stoc dá dtagartar i bhfo-alt (1) agus úsáidfidh an Bord an t-airgead sin chun na suimeanna a bheidh dlite do shealbhóirí an stoic sin a íoc.

(6) An t-airgead go léir a theastóidh le haghaidh na n-íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste dá dtagartar i bhfo-alt (5) muirearófar é ar an bPríomh-Chiste agus ar a thoradh fáis.

An Bord a fhuascailt ó dhliteanas chun airleacain £5,623,400 a aisíoc i leith úis stoic iompair agus iasachta sealadaí.

12. —(1) Ní bheidh de dhliteanas ar an mBord suim £5,623,400 a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, is é sin iomlán na n-airleacan a rinneadh faoi fho-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1950 suas go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1958, faoi chomhair suimeanna dob iníoctha ag an Aire Airgeadais faoi ráthaíochtaí a thug sé faoin alt sin (arb é atá iontu £4,820,400 i leith úis ar stoc iompair agus £803,000 i leith iasachta sealadaí) ná ní bheidh de dhliteanas ar an mBord ús a íoc in aghaidh aon tréimhse tar éis an dáta sin ar na hairleacain sin; agus modhnaítear dá réir sin fo-ailt (6) agus (8) den alt sin.

(2) Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1950, arna leasú le halt 3 d'Acht 1955, measfar an tsuim sin £803.000 a bheith aisíoctha ag an mBord.

Airleacain inaisíoctha £1,000,000 le haghaidh caiteachais chaipitiúil a áireamh mar dheontas neamhinaisíoctha.

1957, Uimh. 2 .

1957, Uimh. 15 .

13. —Aireofar mar dheontas neamh-inaisíoctha ón lú lá d'Aibreán, 1958, suim £1,000,000, is é sin, iomlán na n-airleacan inaisíoctha chun an Bhoird le haghaidh caiteachais chaipitiúil a ndearnadh, arna gcur i Meastachán Forlíontach a cheadaigh Dáil Éireann an 25ú lá d'Iúil, 1956, iad a dheonadh leis an Acht Príomh-Chiste, 1957 , agus a leithreasú chun na críche sin leis an Acht Leithreasa, 1957 .

Cúiteamh d'fhostaithe a scaoilfear lena seirbhísí nó a ndéanfar dochar dá gcoinníollacha.

14. —(1) Aon uair a scoirfidh an Bord d'aon seirbhís iompair d'iarnród nó d'uisce-bhealach intíre a chur ar fáil nó a bhuanlaghdóidh sé an céanna nó aon uair a chuirfidh sé cumhacht diesel in ionad cumhachta gaile nó aon uair a dhéanfar ordú faoi alt 9 maidir le crosaire comhréidh sonraithe agus dá dhroim sin go dtarlóidh, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith, go scaoilfidh an Bord le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh áirithe don Bhord nó go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hoifigeach nó seirbhíseach a bhí, ar dháta a dhíbhe nó a aistrithe, ar buanfhostaíocht nó a bhí, lasmuigh de chorr bhearna fostaíochta, ar fostú ag an mBord ar feadh iomlán na dtrí mblian roimhe sin.

(3) Má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis arna ríomh de réir an Dara Sceidil.

(4) Má aistrítear é go dtí post eile agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse, de réir bhrí ailt 37 d'Acht 1950, mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord, déanfaidh an Bord cnapshuim a mbeidh méid réasúnach inti a íoc de chúiteamh leis.

(5) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineann le cinneadh cúitimh faoin Acht sin) maidir le cúiteamh faoin alt seo.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú cás ar bith a thabhairt faoi réim forálacha an ailt seo ar cás é ina dtarlóidh, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith, go scaoilfear le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh nó go n-aistreofar é go dtí post eile mar gheall ar iomarcacht de bharr aon scéime le haghaidh atheagrú agus oibriú níos tíobhasaí ar aon roinn den ghnóthas a bhainfidh le haon dream nó aicme oibrithe, agus féadfaidh le hordú aon ordú den sórt sin a leasú.

Deontais i leith cúitimh.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé deontais is cuí leis, i leith costas cúitimh faoi alt 14, a thabhairt don Bhord ó am go ham i rith aon bhliana airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Más lú iomlán na ndeontas sin ná an méid a dheimhnigh iniúchóirí an Bhoird a bheith íoctha go cuí mar chúiteamh sa bhliain airgeadais sin, tabharfaidh an tAire don Bhord, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas ar cóimhéid leis an easnamh.

(3) Más mó iomlán na ndeontas sin ná an méid a deimhníodh amhlaidh, féadfar, le toiliú an Aire, déileáil leis an mbarrachas mar dheontas i leith na céad bhliana airgeadais eile.

Srian le forálacha láithreacha cúitimh.

16. —Ní bheidh feidhm ag alt 39 ná ag alt 40 d'Acht 1950 ná ag alt 4 d'Acht 1955, a dhéanann foráil le haghaidh cúitimh i gcásanna áirithe ina ndéanfar oifigigh agus seirbhísigh a dhíbhe nó a aistriú, maidir le duine a scaoilfear lena sheirbhísí nó a aistreofar go dtí post eile tar éis dáta an Achta seo a rith.

Tuairisceáin maidir le cúiteamh.

17. —(1) Tabharfaidh an Bord don Aire roimh an 1ú lá de Shamhain gach bliain, meastachán ar a chaiteachas i leith cúitimh faoi alt 14 gach ráithe den bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire, ag deireadh gach ráithe gach bliain airgeadais, tuairisceán, i cibé foirm a ordóidh an tAire, ina dtaispeáinfear an méid cúitimh a híocadh an ráithe sin.

(3) Tabharfaidh an Bord don Aire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, tuairisceán, i cibé foirm a ordóidh an tAire, agus é deimhnithe ag iniúchóirí an Bhoird, ina dtaispeáinfear an méid cúitimh a híocadh an bhliain sin.

Alt 44 d'Acht 1950 a leasú.

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 44 (a bhaineann le scéimeanna aoisliúntais) d'Acht 1950 trí “nó faoi alt 45 den Acht sin” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 44 d'Acht 1944”.

CUID IV.

Seirbhísí Traenach a Scor agus Iarnróid agus Canálacha a Dhúnadh.

Seirbhísí traenach a fhorceannadh.

1932, Uimh. 2 .

1933, Uimh. 8 .

19. —(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir forálacha an ailt seo, deireadh a chur le haon seirbhís traenach do phaisnéírí agus do mharsantas nó do cheachtar acu.

(2) Ní fhorceannfaidh an Bord seirbhís mura deimhin leis go bhfuil sé míthíobhasach a bheith á hoibriú agus nach bhfuil súil ar bith, má leantar di, go mbeidh sí tíobhasach laistigh de thréimhse réasúnach.

(3) Ní fhorceannfaidh an Bord seirbhís ná n dhúnfaidh sé stáisiún iarnróid i gcás aon tsaghas nó gach saghas tráchta mura mbeidh an Bord tar éis fógra á rá go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú, dhá mhí ar a laghad roimh dháta a dhéanta, san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtáin is cuí leis an mBord agus a léitear sa límistéar lena mbainfidh an togra.

(4) Luafar sa bhfógra na seirbhísí ród-iompair nua nó breise, a bheartaíonn an Bord a chur ar fáil sa límistéar, má bheartaíonn.

(5) Mura mbeartóidh an Bord seirbhís ród-iompair eile a chur ar fáil, luafar sa bhfógra go bhféadfaidh daoine ar mian leo ród-sheirbhísí eile a chur ar fáil ceadúnais phaisnéirí faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó ceadúnais mharsantais faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , nó an dá shórt sin ceadúnas, mar is iomchuí, a iarraidh.

(6) I gcás nach mbeartóidh an Bord ród-sheirbhísí eile a chur ar fáil, cuirfidh an Bord ar fáil, i stáisiún iarnróid éigin sa límistéar lena mbaineann, do dhaoine a mbeidh leas acu i ród-sheirbhísí eile a chur ar fáil sonraí ar an trácht a bhí á iompar leis an seirbhís traenach a bheartaítear a fhorceannadh, nó a cuireadh chun siúil ón stáisiún nó fuarthas sa stáisiún a bheartaítear a dhúnadh mar adúradh, i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag is déanaí a mbeidh na sonraí sin ar fáil ina leith. Luafar sa bhfógra go gcuirfear na sonraí sin ar fáil ag stáisún sonraithe éigin.

Línte iarnróid de chuid an Bhoird a thréigean.

20. —Beidh feidhm ag alt 21 d'Acht 1950, arna leathnú le halt 6 d'Acht 1955, a dhéanann socrú i dtaobh línte iarnróid a thréigean, maidir le líne iarnróid nó le roinn d'iarnród a bhfuil na seirbhísí traenach uile uirthi forceannta ag an mBord.

Línte iarnróid le cuideachtaí iarnróid eile a thréigean.

1933, Uimh. 9 .

1944, Uimh. 21 .

21. —Aon uair a bheidh na seirbhísí traenach uile, ar aon líne iarnróid nó ar aon roinn de líne iarnróid lena mbaineann alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 , forceannta féadfaidh an tAire, d'ainneoin nár comhlíonadh forálacha an ailt sin, ordú a dhéanamh faoi alt 110 den Acht Iompair, 1944 , á údarú an líne nó an roinn sin a thréigean.

Talamh iarnróid tréigthe a dhíol le comhlacht poiblí.

1941. Uimh. 23.

22. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 21 d'Acht 1950 nó in aon achtachán eile, féadfaidh cuideachta iarnróid talamh ar bith faoi líne iarnróid tréigthe nó ag síneadh leis a dhíol trí chonradh príobháideach le húdarás áitiúil nó le gnóthas fóntais phoiblí.

(2) San alt seo—

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “gnóthas fóntais phoiblí” aon údarás nó cuideachta a bhfuil gnóthas leictreachais nó gáis á sheoladh aige agus aon bhord nó comhlacht arna bhunú le reacht de chuid Shaorstát Éireann nó le hAcht ón Oireachtas.

Canáil a dhúnadh.

1873, e. 48.

23. —(1) Féadfaidh an Bord aon chanáil nó cuid de chanáil dá chuid, agus nár úsáideadh le haghaidh loingseoireachta poiblí le trí bliana nó breis a dhúnadh in aghaidh loingseoireachta.

(2) Ní dhúnfaidh an Bord aon chanáil ná cuid de chanáil muran rud é go mbeidh an Bord tar éis fógra á rá go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú, dhá mhí ar a laghad roimh dháta a dhéanta, san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtáin is cuí leis an mBord agus a léitear sa límistéar ina bhfuil an chanáil nó an chuid de chanáil.

(3) Ní fhuasclóidh an dúnadh sin an Bord ó aon oblagáidí (lena n-áirítear oblagáidí maidir le siltean, nó maidir le tuiliú a chosc) a bheadh de dhliteanas ar an mBord maidir leis an gcanáil sin nó leis an gcuid sin di, seachas an oblagáid chun í a choimeád ar oscailt agus i riocht oiriúnach chun loingseoireachta.

(4) Féadfaidh an Bord agus an t-údarás bóthar ar ina límistéar feidhmiúcháin a bheidh aon droichead thar an gcanáil nó thar an gcuid de chanáil a dhúnfar amhlaidh comhaontú a dhéanamh chun an droichead agus oblagáid a chothabhála a aistriú chun an údaráis bhóthar sin, agus féadfaidh siad an comhaontú sin a chur i gcrích.

(5) Is feidhm forcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineann leis an údarás sin feidhmeanna údaráis bhóthar faoi fho-alt (4).

(6) San alt seo, tá le “canáil” an bhrí chéanna a thugtar do “canal” le halt 3 den Regulation of Railways Act, 1873.

CUID V.

Iompar de Bhóithre.

An Bord a dhíolmhadh ó cheanglas i dtaobh ceadúnas paisnéirí.

1932, Uimh. 2 .

24. —Ní bheidh feidhm maidir leis an mBord ag alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , a choisceann ród-sheirbhís do phaisnéirí a bheith ar siúl gan ceadúnas paisnéirí.

Srian le ródsheirbhísí do phaisnéirí a thionscnamh agus a athrú.

25. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord, gan toiliú an Aire, aon ródsheirbhís do phaisnéirí a thionscnamh ná aon ród-sheirbhís do phaisnéirí a bheidh á hoibriú aige de thuras na huaire a athrú chun dul i gcomórtas le ród-sheirbhís phaisnéirí cheadúnaithe.

(2) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh aon seirbhís nó athrú, láithreach nó beartaithe, a bheith i gcomórtas amhlaidh, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh.

(3) Déanfaidh an Bord de réir cibé treoracha a bhéarfaidh an tAire dó chun críocha an ailt seo.

Fuascailt ón oblagáid chun pláta feithicle a iompar.

1933, Uimh. 8 .

26. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le:—

(a) feithicil atá á húsáid ag cuideachta údaraithe (iompartha mharsantais) chun críocha a gnó, agus

(b) feithicil atá á húsáid chun páipéir Domhnaigh a imdháil faoi cheadúnas marsantais nach mbaineann ach leis sin amháin.

(2) D'ainneoin ailt 34 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ní bheidh de cheangal ann go mbeidh pláta feithicle ar fheithicil lena mbaineann an t-alt seo agus ní eiseofar aon phláta i leith na feithicle sin.

Beodhíle a iompar d'fheirmeoirí comharsan.

1952, Uimh. 24 .

27. —(1) D'ainneoin ailt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , féadfaidh duine ar feirmeoireacht a aon-ghairm nó a phríomh-ghairm bheatha agus nach bhfuil ceadúnas marsantais aige, beodhíle a iompar ar luaíocht i bhfeithicil a bheidh á tarraingt ag tarraicire talmhaíochta leis agus ar inmhuirir dleacht mháil ina leith de réir an ráta a shonraítear i bhfo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , más beodhíle iad le duine a chónaíonn dhá mhíle ar a mhéid ó áit chónaithe an iompróra agus go mbeidh an bheodhíle á n-iompar go dtí feirm nó uaithi nó go dtí nó ó láthair cheantála beodhíle nó áit ina mbeidh margadh nó aonach ar siúl, a bheidh sonraithe le hordú ón Aire faoin alt seo, an lá a bheidh an cheaint, an margadh nó an t-aonach sin ar siúl agus nach mbeidh siad á n-iompar i gceachtar treo ar aon chuid de bhóthar poiblí a bheidh breis agus fiche míle de bhóthar poiblí ó áit chónaithe an iompróra.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, margaí agus aontaí a shonrú chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Tarraingt neamhdhleathach: an dara cion agus cionta ina dhiaidh sin.

1933, Uimh. 8 .

1907, c. 17.

28. —(1) Má chiontaítear duine i gcion faoi alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , ní lú ná deich bpuint an fhíneáil a bheidh le forchur ag an gcúirt i leith an dara ciona a dhéanfaidh sé laistigh de chúig bliana tar éis déanamh an chéad chiona agus ní bheidh an fhíneáil i leith gach ciona a dhéanfaidh sé ina dhiaidh sin laistigh d'aon tréimhse chúig mblian níos lú ná dhá oiread na fíneála íosta a fhorordaítear leis an alt seo i leith an chiona díreach roimhe sin, ach sin faoi réir fíneála uasta trí chéad agus fiche punt in ionad na fíneála uasta a shonraítear san alt sin 9.

(2) I dteannta na fíneála, féadfaidh an Chúirt a ordú go bhforghéillfear aon fheithicil nó feithiclí inneall-ghluaiste ar leo a rinneadh an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin.

(3) Déanfar aon fheithiclí inneallghluaiste a ordófar a fhorghéilleadh amhlaidh a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an tAire agus an t-airgead uile a thiocfaidh den diúscairt sin a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Ni bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin den sórt sin.

Laraithe agus tarraicirí neamhluchtaithe a allmhuiriú.

1935, Uimh. 23 .

29. —(1) Déantar leis seo alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1935, a chuireann srian le hallmhuiriú laraithe agus tarraicirí luchtaithe a bheidh ag tarraingt foileantóirí luchtaithe, a leasú trí mhír (b) d'fho-alt (1) a scriosadh, d'fhonn go mbainfidh an t-alt le laraithe agus tarraicirí neamhluchtaithe mar an gcéanna.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt maidir le hallmhuiriú laraithe agus tarraicirí ag aon duine i gcúrsa a thrádála i laraithe agus tarraicirí sa cháil sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a Athghairmtear.

Alt 6

Seisiún agus Caibidil nó Bliain agus Uimhir

Gearrtheideal

Méid na nAthghairme

8 & 9 Vic., c. 20.

Railways' Clauses Consolidation Act, 1845.

Alt 90.

17 & 18 Vic., c. 31.

Railway and Canal Traffic Act, 1854.

Alt 2.

51 & 52 Vic., c. 25.

Railway and Canal Traffic Act, 1888.

Ailt 27, 28, agus 29.

Uimh. 21 de 1944 .

An tAcht Iompair, 1944 .

Ailt 117 agus 125.

Uimh. 12 de 1950 .

An tAcht Iompair, 1950 .

Ailt 15, 19, 20, 54, 55, 56.

AN DARA SCEIDEAL.

Cúiteamh oifigeach agus seirbhíseach áirithe de chuid an Bhoird a scaoilfear lena seirbhísí.

Alt 14.

1. Sa Sceideal seo forléireofar “luach saothair” mar ní a fholaíonn aon chostas maireachtála nó bónas eile.

2. Déanfar cúiteamh a ríomh sa slí atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1950, faoi réir na míreanna seo a leanas.

3. Más é a bheidh sa chúiteamh is iníoctha le duine ná suim bhliantúil, déanfar an tsuim bhliantúil is iníoctha leis tar éis dó 65 bliain d'aois a shlánú a ríomh amhail agus dá ndéantaí, i gcás gach tagairt i mír 3 den Cheathrú Sceideal sin do sheascadú cuid nó d'aon iolrú ar sheascadú cuid, tagairt a chur ina ionad d'ochtódú cuid nó don iolrú céanna ar ochtódú cuid, ach gan sin a bheith níos mó ná leath a luach saothair agus a shochar oifige bliantiúl.

4. Má bhíonn sé tar éis aon mhéid bhliantúil faoi alt 42 d'Acht 1950 a iomalartú, laghdófar an tsuim bhliantúil is iníoctha faoi mhír 3 den méid bhliantúil a bheidh sé tar éis a iomalartú amhlaidh.

5. I gcás duine a bheidh ag fáil suim bhliantúil a bheith i seilbh aon oifige nó fostaíochta a íoctar as airgead a sholáthraigh an tOireachtas nó as an bPríomh-Chiste nó i gcás é a bheith ar fostú ag údarás áitiúil nó ag bord nó comhlacht a bunaíodh le hAcht nó faoi Acht a rith an tOireachtas nó le reacht nó faoi reacht de chuid Shaorstát Éireann (lena n-áirítear an Bord) nó ag Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta nó ag cuideachta (dá ngairmtear cuideachta Stát-urraithe sa mhír seo) a corpraíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus a bhfuil tromlach na ngnáth-scaireanna inti ar seilbh Aire Stáit nó ar seilbh thar a cheann nó ar seilbh cuideachta a bhfuil tromlach na ngnáth-scaireanna inti ar seilbh cuideachta Stát-urraithe nó ar seilbh thar a ceann agus gur mó méid na suime bliantúla (sara ndearnadh aon iomalartú faoi alt 42 d'Acht 1950 nó aon laghdú faoin mír seo) maraon lena luach saothair agus a shochair oifige faoin oifig nó faoin bhfostaíocht sin de thuras na huaire ná a luach saothair agus a shochair oifige in aghaidh na bliana ón mbord an dáta a scaoileadh lena sheirbhísí, laghdófar méid na suime bliantúla de mhéid an bharrachais sin go ceann na tréimhse sin.

6. Folóidh an tagairt i mír 4 den Cheathrú Sceideal d'Acht 1950 do ghnóthaire díscaoilte tagairt don Bhord agus d'aon ghnóthas iarnróid a aistreofar chun an Bhoird tar éis dáta an Achta seo a rith.

7. I gcás duine a mbeidh suim bhliantúil á fáil aige agus a mbeidh feidhm maidir leis ag mír 4 den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1950, déanfar, nuair a shlánóidh sé 65 bliana d'aois, an laghdú a bheidh le déanamh ina dhiaidh sin faoi fho-mhír (a) den mhír sin a laghdú é féin chun nach lú comhshuim na suime bliantúla agus méide is comhionann le luach bliantúil an aoisliúntais nó an tsochair a bhfuil teideal aige chuige freisin ná an chomhshuim sin mar bhí sí díreach sarar shlánaigh sé an aois sin.