32 1958


Uimhir 32 de 1958.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT A CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946 , I nGNÍOMH, AGUS A DHÉANAMH SOCRÚ, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AONDUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2), MÍR (g), AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2), MÍR (e), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949 . [16 Nollaig, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Srianta Cíosa, 1946 , a bhuanú.

1946, Uimh. 4 .

1. —Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 , i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1959.

Breis dleathach i gcás an tiarna talún a dhéanamh deisiúcháin áirithe.

1949, Uimh. 24 .

1957, Uimh. 22 .

2. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhliain 1958 agus 1959, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar de réir an scála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 .

(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 a leasú trí “nó 1958 agus 1959” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 díreach i ndiaidh “1957 agus 1958” (a cuireadh isteach sa dá áit sin leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1957 ).

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1958, a ghairm de na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1957, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1957, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.