|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 38 de 1958. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM LEASÚ AN DLÍ (DÍOBHÁLA PEARSANTA), 1958. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR DEIREADH LE COSAINT NA COMHFHOSTAÍOCHTA. [23 Nollaig, 1958.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||
| [EN] |
Ní cosaint comhfhostaíocht. |
1. —(1) San alt seo folaíonn “díobhála pearsanta” aon ghalar agus aon dochar do staid choirp nó mheabhrach dhuine, agus forléireofar “díobhálaithe” dá réir sin. | ||||||||||||
| [EN] | (2) Ní cosaint d'fhostóir a agrófar i leith díobhála pearsanta a tharla de dheasca faillí dhuine ina fhostaíocht gur i gcomhfhostaíocht leis an duine díobhálaithe a bhí an duine sin an tráth a tharla na díobhála. | |||||||||||||
| [EN] | (3) Beidh aon fhoráil i gconradh seirbhíse nó printíseachta nó i gcomhaontú a chomhghabhann leis an gconradh sin (lena n-áirítear conradh nó comhaontú a rinneadh roimh an Acht seo a rith) ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht aici eisiamh nó teorainniú a dhéanamh ar aon dliteanas de chuid an fhostóra i leith díobhála pearsanta a tharla don duine ar fostú nó ar printíseacht de dheasca faillí dhaoine i gcomhfhostaíocht leis. | |||||||||||||
| [EN] | (4) Ní bheidh cosaint na comhfhostaíochta ag an Aire Airgeadais in aon imeachtaí ina choinne faoi alt 170 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), nó faoi alt 7 den Acht Díobhála Marfacha, 1956 ( Uimh. 3 de 1956 ). | |||||||||||||
| [EN] |
Forálacha maidir le himeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh. |
2. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon imeachtaí dlíthiúla a tosaíodh roimh dháta an Achta seo a rith. | ||||||||||||
| [EN] |
Athghairm. |
3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin. | ||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht um Leasú an Dlí (Díobhála Pearsanta), 1958 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
|
AN SCEIDEAL. Achtacháin a Athghairmtear. | ||||||||||||||
|