2 1959


Uimhir 2 de 1959.


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1958. [18 Márta, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Airleacain chun an Bhoird as an bPríomhchiste.

1946, Uimh. 10 .

1953, Uimh. 19 .

1. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) (a cuireadh isteach ann le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Forbartha Móna, 1953 ) :

“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná naoi milliún déag punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomhchiste nó a thoradh fáis.”

(2) Athghairtear leis seo alt 2 den Acht Forbartha Móna, 1953 .

Alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 , a leasú.

1957, Uimh. 10 .

2. —Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí fho-alt (3) a scriosadh agus “naoi milliún déag punt” a chur in ionad “cheithre mhilliún déag punt” i bhfo-alt (4).

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1958, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1959, a ghairm díobh le chéile.