6 1959


Uimhir 6 de 1959.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1959

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A NAOI AGUS MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA. [26 Márta, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£3,688,982 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1959.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Trí Mhilliún Sé Chéad Ochtó a hOcht Míle Naoi gCéad Ochtó a Dó Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a naoi.

£38,000,000 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1960.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha a hOcht Milliún Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad seasca.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £41,688,982 a fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Daichead a hAon Milliún Sé Chéad Ochtó a hOcht Míle Naoi gCéad Ochtó a Dó Punt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Bane na hÉireann an céanna a airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1959 , a ghairm den Acht seo.