9 1959


Uimhir 9 de 1959.


ACHT TOGHCHÁN AN UACHTARÁIN (FORÁLACHA SEALADACHA), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 34 D'ACHT TOGHCHÁIN AN UACHTARÁIN, 1937, MAIDIR LEIS AN TOGHCHÁN UACHTARÁIN A BHEIDH ANN SA BHLIAIN 1959. [30 Bealtaine, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1937, Uimh. 32 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 34 d'Acht Toghcháin an Uachtaráin, 1937;

ciallaíonn “an toghchán uachtaráin, 1959” an toghchán uachtaráin a bheidh ann sa bhliain 1959;

ciallaíonn “reifreann 1959” an reifreann i ndáil leis an mBiile um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958.

An príomh-alt a leasú i ndáil leis an toghchán uachtaráin, 1959.

2. —(1) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt don phríomh-alt maidir leis an toghchán uachtaráin, 1959, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den chéanna do scríbhinn nach mbaineann ach leis an toghchán sin amháin a fhorléiriú mar thagairt do scríbhinn nach mbaineann ach leis an toghchán sin amháin nó a bhaineann leis an toghchán sin agus le reifreann 1959.

(2) I gcás ina mbeidh, de bhun na Rialachán um Postas in Aisce i leith Toghchán an Uachtaráin, 1959, dearbhú le déanamh i ndeimhniú faoi na Rialacháin sin maidir le scríbhinní dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus a bhaineann leis an toghchán uachtaráin, 1959 agus le reifreann 1959, féadfar an dearbhú a dhéanamh, a shíniú agus a ghlacadh ionann is nach mbaineann na scríbhinní ach leis an toghchán uachtaráin, 1959 amháin.

(3) Aon ní a rinneadh tráth ar bith sular ritheadh an tAcht seo agus a bheadh ceart dá mbeadh an tAcht seo i ngníomh san am, beidh sé, agus measfar go raibh sé ariamh, ceart.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar Acht Toghchán an Uachtaráin (Forálacha Sealadacha), 1959 , a ghairm den Acht seo.