|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 11 de 1959. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1953 , IONAS GO mBEIDH ÉIFEACHT AG AN ACHT SIN MAIDIR LEIS NA BLIANTA AIRGEADAIS ÁITIÚLA DAR CRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1960, AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1961, AGUS AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1962 [16 Meitheamh, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
| [EN] |
An tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , a leasú. |
1. —(1) Beidh éifeacht ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , maidir leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960, an 31ú lá de Mhárta, 1961, agus an 31ú lá de Mhárta, 1962 |
| [EN] | (2) Dá réir sin, déantar leis seo na focail “leis na hocht mbliana” a chur in ionad na bhfocal “leis na cúig bliana” mar a bhfuil na focail dheiridh sin in alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , arna leasú le fo-alt (2) d'alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1956 , sa tagairt don bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus do na cúig bliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1959 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1959, a ghairm de na hAcht nna um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1956, agus den Acht seo le chéile. |