19 1959


Uimhir 19 de 1959.


AN tACHT SEICEANNA, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE SEICEANNA AGUS LE hIONSTRAIMÍ ÁIRITHE EILE. [28 Iúil, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Cosaint do bhaincéirí a íocann seiceanna nár formhuiníodh nó a formhuiníodh go neamhrialta, etc.

1. —(1) Má íocann baincéir, de mhéin mhacánta agus i ngnáthchúrsa gnó, seic a tarraingíodh air agus nár formhuiníodh nó a formhuiníodh go neamhrialta, ní théann sé, tríd sin, faoi aon dliteanas de bhrí amháin nach bhfuil an seic formhuinithe nó gur go neamhrialta atá sé formhuinithe, agus measfar gur i gcúrsa cuí a d'íoc sé é.

(2) Má dhéanann baincéir, de mhéin mhacánta agus i ngnáthchúrsa gnó, aon ionstraim den sórt seo a leanas a íoc, is é sin le rá—

(a) doiciméad a d'eisigh custaiméir leis agus, cé nach bille malairte é, atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil uaidh;

(b) dréacht is iníoctha ar éileamh agus é tarraingthe aige féin air féin, cibé acu i gceann-oifig a bhainc nó in oifig éigin eile dá bhanc is iníoctha é;

ní théann sé, tríd sin, faoi aon dliteanas de bhrí amháin nach bhfuil an seic formhuinithe nó gur go neamhrialta atá sé formhuinithe, agus urscaoileann an t-íoc an ionstraim.

Cearta baincéirí a bhailíonn seiceanna atá gan formhuiniú ag a sealbhóirí.

2. —Baincéir a thabharfaidh luach, nó a mbeidh lian aige, ar sheic is iníoctha de réir ordú agus a sheachadfaidh an sealbhóir dó le bailiú gan é a fhormhuiniú, beidh aige cibé cearta (más aon chearta iad) a bheadh aige dá ndéanadh an sealbhóir, ar a sheachadadh, é a bhán-fhormhuiniú.

Seiceanna gan formhuiniú mar fhianaise ar íocaíocht.

3. —Aon seic gan formhuiniú a dhealraíonn a bheith íoctha ag an mbaincéir ar ar tarraingíodh é, is fianaise é go bhfuair an t-íocaí an tsuim ab iníoctha leis an seic.

Cosaint do bhaincéirí a bhailíonn íoc seiceanna, etc.

4. —(1) Má dhéanann baincéir, de mhéin mhacánta agus gan faillí,—

(a) íoc ionstraime lena mbaineann an t-alt seo a ghlacadh do chustaiméir; nó

(b) tar éis dó suim na hionstraime sin a chreidiúnú do chuntas custaiméara, íoc an chéanna a ghlacadh dó féin;

agus nach bhfuil aon teideal ag an gcustaiméir chun na hionstraime, nó gur teideal lochtach atá aige chuici, ní théann an baincéir faoi aon dliteanas d'fhíor-úinéir na hionstraime de dhroim amháin gur ghlac sé íoc an chéanna.

(2) Baineann an t-alt seo leis na hionstraimí seo a leanas, is é sin le rá—

(a) seiceanna;

(b) aon doiciméad a d'eisigh custaiméir baincéara agus, cé nach bille malairte é, atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ón mbaincéir sin;

(c) aon doiciméad a d'eisigh oifigeach poiblí agus atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ón bPámháistir Ginearálta ach nach bille malairte é;

(d) aon dréacht is iníoctha ar éileamh agus a tharraing baincéir air féin, cibé acu i gceann-oifig a bhainc nó in oifig éigin eile dá bhanc is iníoctha é.

(3) Ní mheasfar chun críocha an ailt seo baincéir a bheith faillíoch de dhroim amháin gur mhainnigh sé cúram a dhéanamh de neamhfhormhuiniú ionstraime nó de neamhrialtacht ina formhuiniú.

Feidhm fhorálacha áirithe den Bills of Exchange Act, 1882, maidir le hionstraimí nach billí malairte.

5. —Beidh éifeacht ag na forálacha den Bills of Exchange Act, 1882, a bhaineann le seiceanna crosáilte, sa mhéid gurb infheidhme iad, maidir le hionstraimí (nach seiceanna) lena mbaineann an t-alt deiridh sin roimhe seo fé mar atá éifeacht acu maidir le seiceanna.

Forléiriú, cosaint agus athghairm.

6. —(1) Forléireofar an tAcht seo agus an Bills of Exchange Act, 1882, mar aon ní amháin.

(2) Ní dhéanann na forálacha roimhe seo den Acht seo aon ionstraim soshannta d'aon ionstraim nach bhfuil soshannta dá n-éagmais.

(3) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa chéad cholún agus sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht Seiceanna, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndeireadh tréimhse trí mhí dar tosach lá an Achta seo a rith.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Athghairtear.

Alt 6.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

45 & 46 Vic., c. 61.

Bills of Exchange Act, 1882.

Alt 82.

46 & 47 Vic., c. 55.

Revenue Act, 1883.

Alt 17.

6 Edw. 7, c. 17.

Bills of Exchange (Crossed Cheques) Act, 1906.

An tAcht iomlán.

Uimh. 22 de 1942 .

Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .

Alt 66.