|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 25 de 1959. | ||
| [EN] |
AN tACHT MINE FÉIR (TÁIRGEADH) (LEASÚ), 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA CUIDEACHTA THEORANTA A THIONSCNAMH CHUN TALAMH PORTAIGH I gCEANTAR BHEANNCHOIR IORRAIS A THÓGÁIL, A SHILEADH AGUS A SHAOTHRÚ, CHUN FÉAR AGUS PLANDAÍ EILE A PHRÓISIÚ AGUS CHUN GNÍOMHACHTAÍ DÁ SAMHAIL SIN AGUS GNÍOMHACHTAÍ FO-GHABHÁLACHA A DHÉANAMH, DO THABHAIRT FEIDHME MAIDIR LEIS AN gCUIDEACHTA DON ACHT MINE FÉIR (TÁIRGEADH), 1953 , ARNA LEASÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [6 Lúnasa, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Mine Féir (Táirgeadh), 1953 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
| [EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
| [EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, déanfar tagairt sa Phríomh-Acht don Acht sin a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt don Acht seo. | |
| [EN] |
Min Fhéir (1959) Teoranta a bhunú agus a chlárú. |
2. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach beart is gá nó is inmhianaithe chun a áirithiú go mbunófar agus go gclárófar faoi Achtanna na gCuideachtaí cuideachta theoranta a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) Min Fhéir (1959) Teoranta a bheidh mar ainm ar an gcuideachta a bhunófar de bhun fo-ailt (1) den alt seo. | |
| [EN] |
Forléiriú tagairtí atá sa Phríomh-Acht don Chuideachta. |
3. —Beidh éifeacht ag an bPríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo, fé is dá mba thagairt don Chuideachta a bhunófar de bhun fo-ailt (1) d'alt 2 den Acht seo gach tagairt ann don Chuideachta. |
| [EN] |
An Príomh-Acht a leasú. |
4. —(1) I bhfo-alt (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht cuirfear “dhá chéad míle punt” in ionad “céad míle punt”. |
| [EN] | (2) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in alt 9 den Phríomh-Acht i ndiaidh fo-ailt (2) : | |
| [EN] | “(3) Má dhéantar duine is Stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar iarrthóir chun a thofa chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina Stiúrthóir ar an gCuideachta.” | |
| [EN] |
Athghairm. |
5. —Athghairtear leis seo an míniú ar “an Chuideachta” in alt 2 den Phríomh-Acht agus alt 5, fo-alt (1) d'alt 6, alt 13 agus alt 14 den Acht sin. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Mine Féir (Táirgeadh) (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Mine Féir (Táirgeadh), 1953 agus 1959, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |