34 1959


Uimhir 34 de1959.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946 , I nGNÍOMH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AONDUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2), MÍR (g), AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2), MÍR (e), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949 . [8 Nollaig, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS : —

An tAcht Srianta Cíosa, 1946 , a bhuanú

1946, Uimh. 4 .

1. —Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 , i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1960.

Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe.

1949, Uimh. 24 .

1958, Uimh. 32 .

2. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhliain 1959 agus 1960, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar de réir an scála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 .

(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 , a leasú trí “nó 1959 agus 1960” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 díreach i ndiaidh “1958 agus 1959” (a cuireadh isteach sa dá áit sin leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1958 ).

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1958, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1958, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.