|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 35 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO MHÉADÚ LUACH SAOTHAIR BREITHIÚNA NA CÚIRTE UACHTARAÍ, NA hARD-CHÚIRTE, NA CÚIRTE CUARDA AGUS NA CÚIRTE DÚICHE. [8 Nollaig, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Luach saothair breithiúna a mhéadú. |
1. —Déanfar luach saothair breithiúna na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche a mhéadú deich faoin gcéad le héifeacht ón 1ú lá d'Eanáir, 1959. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, mar aon ní amháin. |