4 1960


Uimhir 4 de 1960.


AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1960.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN PINSIN SEIRBHÍSE AGUS PINSIN MHÍCHUMAIS IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1957, A MHÉADÚ. [9 Márta, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

1. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú sé faoin gcéad.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1957, agus

(b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht ag méadú faoin alt seo ón lú lá de Lúnasa, 1959 (agus an lá sin a áireamh).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1960, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1960, a ghairm de na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1957, agus den Acht seo le chéile.