16 1960


Uimhir 16 de 1960.


ACHT CHOLÁISTE OLLSCOILE BHAILE ÁTHA CLIATH, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DO CHOMHLACHT CEANNAIS AN CHOLÁISTE OLLSCOILE, BAILE ÁTHA CLIATH, CEAPACHÁIN A DHÉANAMH, I RITH TRÉIMHSE TEORANTA, CHUN OIFIGÍ ÁIRITHE, AGUS CEAPACHÁIN A RINNE AN COMHLACHT SIN CHUN NA nOIFIGÍ SIN A DHÉANAMH BAILÍ. [8 Meitheamh, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Coláiste” an Coláiste Ollscoile, Baile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Comhlacht Ceannais” Comhlacht Ceannais an Choláiste.

Údarás chun ceapacháin a dhéanamh.

2. —(1) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile (lena n-áirítear aon chairt nó reacht de chuid an Choláiste), ach faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, ceapacháin a dhéanamh chun na n-oifigí seo a leanas sa Choláiste:

(a) Léachtóir Coláiste,

(b) Léachtóir Cúnta.

(2) Aon cheapachán a dhéanfar faoin alt seo is in aghaidh cibé tréimhse nach faide ná bliain agus ar cibé téarmaí maidir le luach saothair agus nithe eile a chinnfidh an Comhlacht Ceannais a dhéanfar é.

(3) (a) Ní dhéanfar ceapachán faoin alt seo tar éis an lae shonraithe.

(b) Faoi réir mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, déanfar an tagairt i mír (a) den fho-alt seo don lá sonraithe a fhorléiriú mar thagairt don 31ú lá de Mhárta, 1962.

(c) Féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith roimh an 31ú lá de Mhárta, 1962, a dhearbhú, le hordú, gurb é an 31ú lá de Mhárta, 1963, an lá sonraithe chun críocha mír (a) den fho-alt seo, agus, má dhearbhaíonn an Rialtas amhlaidh le hordú, ansin, faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, déanfar an tagairt i mír (a) den fho-alt seo don lá sonraithe a fhorléiriú mar thagairt don 31ú lá de Mhárta, 1963.

(d) Má dhéanann an Rialtas ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo, féadfaidh siad, tráth ar bith roimh an 31ú lá de Mhárta, 1963, a dhearbhú, le hordú, gurb é an 31ú lá de Mhárta, 1964, an lá sonraithe chun críocha mír (a) den fho-alt seo, agus, má dhearbhaíonn an Rialtas amhlaidh le hordú, déanfar an tagairt i mír (a) den fho-alt seo don lá sonraithe a fhorléiriú mar thagairt don 31ú lá de Mhárta, 1964.

Bailíocht.

3. —Gach ceapachán d'airbheartaigh an Comhlacht Ceannais a dhéanamh tráth ar bith roimh dháta an Achta seo a rith chun oifige a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí chun gach críche agus dá mbeadh an oifig sin cruthaithe go cuí an tráth sin agus go mbeadh an t-alt sin, arna mhodhnú trí thagairt do chúig bliana a chur i bhfo-alt (2) de in ionad na tagartha do bhliain, i ngníomh an tráth sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar Acht Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, 1960 , a ghairm den Acht seo.