31 1960


Uimhir 31 de 1960.


AN tACHT PINSEAN (LEASÚ) (Uimh. 2), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN NA PINSIN IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA PINSEAN, 1952 AGUS 1960, A MHÉADÚ LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1960.

[15 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsin a mhéadú.

1. —Déanfar na pinsin bhliantúla is iníoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1960, faoi na hAchtanna Pinsean, 1952 agus 1960, a mhéadú, le héifeacht ón lá sin (agus an lá sin a áireamh), ó chúig chéad seasca agus aon phunt amháin agus sé scilling déag go dtí sé chéad agus ceithre phunt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Pinsean (Leasú) (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua na hAchtanna Pinsean, 1952 agus 1960, an tAcht seo.