|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 34 de 1960. | ||
[EN] |
ACHT NA dTRÉIDLEÁ, 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA NA dTRÉIDLIA, 1931 AGUS 1952, MAIDIR LE CLÁR TRÉIDLEÁ NA hÉIREANN [15 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | |||||||||||
[EN] |
Alt 34 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , a leasú. |
1. —Déantar leis seo an t-alt atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 34 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 . | |||||||||
[EN] |
Alt 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , a leasú. |
2. —Déantar leis seo an t-alt atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 . | |||||||||
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. | |||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar Acht na dTréidleá, 1960 , a ghairm den Acht seo. | |||||||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na dTréidleá, 1931 go 1960, a ghairm d'Achtanna na dTréidlia, 1931 agus 1952, agus den Acht seo le chéile. | ||||||||||
AN CHÉAD SCEIDEAL. Ailt atá á gcur in ionad Ailt 34 agus 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 . | |||||||||||
CUID I. | |||||||||||
Scriosadh den chlár—daoine a bheidh ciontaithe i gcoireanna. | 34. (1) I gcás duine a bheidh cláraithe sa chlár a chiontú sa Stát i dtréas nó i bhfeileonacht nó in oilghníomh nó a chiontú lasmuigh den Stát i gcoir nó i gcion arbh fheileonacht nó oilghníomh é dá mba sa Stát a rinneadh é, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár. | ||||||||||
(2) Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoin alt seo, déanfaidh sí láithreach fógra scríofa ag insint an chinnte agus dáta agus cúis an chinnte a chur leis an bpost chuig an duine lena mbainfidh an cinneadh go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár. | |||||||||||
(3) Aon duine lena mbainfidh cinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, a iarraidh ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin— | |||||||||||
(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht— | |||||||||||
(i) an cinneadh a chealú, nó | |||||||||||
(ii) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár, | |||||||||||
(b) má chruthaíonn an Chomhairle aon tráth don Ard-Chúirt gur mhoilligh an duine sin go míchuí dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Ard-Chúirt, muran léir di dea-chúis lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár, | |||||||||||
(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais. | |||||||||||
(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo ag an gComhairle a iarraidh, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ex-parte ar an Ard-Chúirt an cinneadh a dhaingniú agus, má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, ansin, ar an iarratas a éisteacht, déanfaidh an Ard-Chúirt, muran léir di dea-chúis lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár. | |||||||||||
(5) Is breith chríochnaitheach breith na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle nó an duine lena mbainfidh achomharc a dhéanamh, le cead na Cúirte sin, i gcoinne na breithe, chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí. | |||||||||||
(6) Nuair a scriosfaidh an Chomhairle ainm duine den chlár faoin alt seo, déanfaidh sí láithreach fógra scríofa i dtaobh an scriosta a chur leis an bpost chuig an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár. | |||||||||||
(7) Féadfar aon duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh den chlár faoin alt seo a chur ar ais aon tráth sa chlár le hordú speisialta ón gComhairle agus sna cúinsí sin amháin, agus nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh sa chlár, féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é sin an chéad uair aige é á chlárú) is oiriúnach leis an gComhairle. | |||||||||||
CUID II. | |||||||||||
Scriosadh den chlár nó clárú a fhionraí—daoine a bheidh ciontach i mí-iompar maidir lena ngairm. | 36.—(1) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, de bharr fiosrúchán a bheidh déanta aici faoin Acht seo i dtaobh iompar duine a líomhnaíodh a bheith ciontach in iompar ab ábhar aithise dó ó thaobh a ghairme nó, de bharr tuarascáil ó choiste (seachas coiste a ceapadh faoin gComhaontú) a cheap an Chomhairle faoin Acht seo chun fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh iompar aon duine den sórt sin, go raibh an duine sin ciontach in iompar ab ábhar aithise dó ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Chomhairle, le rún lena vótálfaidh seisear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle, a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó nach mbeadh éifeacht, ar feadh tréimhse a mbeidh fad sonraithe inti, ag clárú a ainme sa chlár. | ||||||||||
(2) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, de bharr tuarascáil ó choiste a ceapadh faoin gComhaontú chun líomhain maidir le duine atá cláraithe sa chlár agus atá cláraithe freisin i gclár ginearálta na dtréidleá, go raibh an duine sin ciontach in iompar ba chúis aithise dó ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Chomhairle, le rún lena vótálfaidh seisear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle, a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó nach mbeadh éifeacht, ar feadh tréimhse a mbeidh fad sonraithe inti, ag clárú a ainme sa chlár. | |||||||||||
(3) Aon uair a bheidh Comhairle Choláiste Ríoga na dTréidleá tar éis tuarascáil a thabhairt, de bhun an Chomhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, don Chomhairle ar chás inar chinn Comhairle an Choláiste sin ainm duine a bhaint de chlár ginearálta na dtréidleá is duine atá cláraithe sa chlár sin agus atá cláraithe freisin sa chlár agus a ndearna Comhairle an Choláiste sin, de réir an Chomhaontú sin, líomhain iompair dob aithis ó thaobh gairme a fhiosrú maidir leis, breithneoidh an Chomhairle na fíorais a bheidh sa tuarascáil, agus, má chinneann an Chomhairle, tar éis di an tuarascáil a bhreithniú, go raibh an duine lena mbainfidh an tuarascáil ciontach in iompar ab aithis dó ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Chomhairle, le rún lena vótálfaidh seisear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle, a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó nach mbeadh éifeacht, ar feadh tréimhse a mbeidh fad sonraithe inti, ag clárú a ainme sa chlár. | |||||||||||
(4) Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoin alt seo, déanfaidh sí láithreach fógra scríofa ag insint an chinnte agus dáta agus cúis an chinnte a chur leis an bpost chuig an duine lena mbainfidh an cinneadh go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár. | |||||||||||
(5) Aon duine lena mbainfidh cinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, a iarraidh ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin— | |||||||||||
(a) féadfaidh an Ard-Chúirt ar an iarratas a éisteacht— | |||||||||||
(i) an cinneadh a chealú, nó | |||||||||||
(ii) a dhearbhú gur chuí ón gComhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle a ainm a scriosadh den chlár nó a ordú nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe (dar tosach lá nach luaithe ná seacht lá tar éis cinneadh na Cúirte), ag clárú a ainme sa chlár, | |||||||||||
(b) má chruthaíonn an Chomhairle aon tráth don Ard-Chúirt gur mhoilligh an duine sin go míchuí dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, muran léir di dea-chúis lena mhalairt, gur chuí ón gComhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle a ainm a scriosadh den chlár nó a ordú nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe (dar tosach lá nach luaithe ná seacht lá tar éis breith na Cúirte), ag clárú a ainme sa chlár, | |||||||||||
(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais. | |||||||||||
(6) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo ag an gComhairle a iarraidh, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle dearbhú a iarraidh exparte ar an Ard-Chúirt á dhearbhú gur chuí ón gComhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an duine sin, agus, má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht agus muran léir di dea-chúis lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó a ordú nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe (dar tosach lá nach luaithe ná seacht lá tar éis breith na Cúirte), ag clárú a ainme sa chlár. | |||||||||||
(7) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, fianaise a ghlacadh, agus aird a thabhairt ar fhianaise, ó dhaoine creidiúnacha i measc tréidleá i dtaobh cad is iompar is ábhar aithise do thréidlia ó thaobh a ghairme. | |||||||||||
(8) Is breith chríochnaitheach breith na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle nó an duine lena mbainfidh achomharc a dhéanamh, le cead na Cúirte sin, i gcoinne na breithe, chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí. | |||||||||||
(9) (a) Nuair a scriosfaidh an Chomhairle ainm duine den chlár faoin alt seo déanfaidh sí láithreach fógra scríofa i dtaobh an scriosta a chur leis an bpost chuig an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár. | |||||||||||
(b) I gcás ina n-ordófar faoin alt seo nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe, ag clárú ainm dhuine sa chlár, déanfaidh an Chomhairle, roimh thosach na tréimhse sin,— | |||||||||||
(i) fógra scríofa i dtaobh an ordaithe sin a chur leis an bpost chuig an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár, agus | |||||||||||
(ii) an t-ordú sin a chur in iúl don Aire, | |||||||||||
(10) Féadfar aon duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh den chlár faoin alt seo a chur ar ais aon tráth sa chlár le treorú speisialta ón gComhairle agus sna cúinsí sin amháin, agus, nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh sa chlár, féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab íníoctha ag an duine sin i leith clárú dá mba é sin an chéad uair aige é á chlárú) is oiriúnach leis an gComhairle. | |||||||||||
(11) I gcás ina mbeidh clárú duine sa chlár ar fionraí faoin alt seo, féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi ar iarratas a fháil ón duine sin, an fhionraí a fhoirceannadh le hordú speisialta gan choinníoll nó faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach léi. | |||||||||||
(12) I gcás ina mbeidh fionraí clárú dhuine sa chlár arna fhoirceannadh faoin alt seo le hordú speisialta ón gComhairle, cuirfidh an Chomhairle an foirceannadh in iúl láithreach don Aire. | |||||||||||
(13) Déanfar tagairtí san Acht seo don Chomhairle do scriosadh ainm dhuine den chlár mar gheall ar mhí-iompar gairme a fhorléiriú mar thagairtí nach mbaineann ach le scriosadh ainm dhuine den chlár ag an gComhairle faoin alt seo. | |||||||||||
AN DARA SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear. | |||||||||||
|