|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 38 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEATHNÚ NA TRÉIMHSE A bhFUIL FEIDHM INA LEITH AG CUID II DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH I gCÁSANNA ÁIRITHE. | ||
[22 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Síneadh ar an tréimhse a bhfuil feidhm ina leith ag Cuid II den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 . |
1. —Déantar leis seo “an 31ú lá de Mhárta, 1963” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1960” sa mhíniú atá ar “an tréimhse ordaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 . |
[EN] |
Leasú ar alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852. 1852, c. 63. |
2. —I gcás— |
[EN] | (a) ina mbeidh alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852, le cur i bhfeidhm de dhroim aon tógáil fhoirgnimh feirme, cró, nó oifige dá dtagraítear san alt sin, agus | |
[EN] | (b) gur tosaíodh agus gur críochnaíodh an obair thógála sa tréimhse trí bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, | |
[EN] | beidh éifeacht ag an alt sin faoi réir tagairt d'fhiche bliain a chur ann in ionad na tagartha do sheacht mbliana. | |
[EN] |
Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 . |
3. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 — |
[EN] | (a) trí “an 31ú lá de Mhárta, 1960” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1964” i bhfo-alt (6), agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6). | |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo an chuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 , a bhaineann leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, 1962, 1963, agus 1964. | |
[EN] |
Leasú ar alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 . |
4. —Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): |
[EN] | “(3A) Chun críocha an ráta chontae a mheasúnú agus a thobhach, sa tréimhse deich mbliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1960, ar oidhreachtán atá ar áireamh san aicme dheiridh a luaitear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, measfar luacháil an oidhreachtáin a bheith laghdaithe go dtí an chionúireacht a shonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin i leith na haicme sin.” | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1960, a ghairm den na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 agus 1956, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin. | |
AN SCEIDEAL. Fo-alt a chuirtear isteach in Alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 . | ||
(6A) I bhfo-alt (6) den alt seo déanfar na focail “ráta de phingin sa phunt i ngach líomatáiste” a fhorléiriú, i gcás inarb é an líomatáiste uirbeach arb é ceantar uirbeach Bhun Crannaighe an limistéar a bheidh i gceist, maidir leis na tríocha bliain airgeadais áitiúil chomhleanúnach arb í an chéad cheann acu an ceann dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, mar leanas: | ||
(i) i gcás na céad bhliana de na blianta sin—mar thagairt do ráta .70 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(ii) i gcás an dara bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .71 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(iii) i gcás an tríú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .72 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(iv) i gcás an ceathrú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .73 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(v) i gcás an cúigiú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .74 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(vi) i gcás an séú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .75 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(vii) i gcás an seachtú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .76 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(viii) i gcás an ochtú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .77 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(ix) i gcás an naoú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .78 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(x) i gcás an deichiú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .79 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xi) i gcás an t-aonú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .80 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xii) i gcás an dóú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .81 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xiii) i gcás an tríú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .82 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xiv) i gcás an ceathrú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .83 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xv) i gcás an cúigiú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .84 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xvi) i gcás an séú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .85 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xvii) i gcás an seachtú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .86 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xviii) i gcás an t-ochtú bliain déag de na blianta sin— mar thagairt do ráta .87 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xix) i gcás an naoú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .88 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xx) i gcás an fichiú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .89 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxi) i gcás an t-aonú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .90 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxii) i gcás an dóú bliain is fiche de na blianta sin—mar thagairt do ráta .91 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxiii) i gcás an tríú bliain is fiche de na blianta sin—mar thagairt do ráta .92 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxiv) i gcás an ceathrú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .93 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxv) i gcás an cúigiú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .94 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxvi) i gcás an séú bliain is fiche de na blianta sin—mar thagairt do ráta .95 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxvii) i gcás an seachtú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .96 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxviii) i gcás an t-ochtú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .97 de phingin amháin sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxix) i gcás an naoú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .98 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin, | ||
(xxx) i gcás an tríochadú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .99 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin. |