9 1961


Uimhir 9 de 1961.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA AGUS NA mBLIANTA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A hAON AGUS MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A DÓ. [30 Márta, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£6,937 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1960.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Sé Mhíle, Naoi gCéad Tríocha is Seacht bPunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca.

£5,845,885 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1961.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Cúig Mhilliún, Ocht gCéad Daichead is Cúig Mhíle, Ocht gCéad Ochtó is Cúig Phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a haon.

£43,532,880 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1962.

3. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Daichead is Trí Mhilliún, Cúig Chéad Tríocha is Dhá Mhíle, Ocht gCéad is Ochtó Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a dó.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £49,385,702 a fháil ar iasacht.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Daichead is Naoi Milliún, Trí Chéad Ochtó is Cúig Mhíle, Seacht gCéad is Dhá Phunt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1961 , a ghairm den Acht seo.