10 1961


Uimhir 10 de 1961.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 . [26 Aibreán, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 (Uimh. 7 de 1957) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná teorainniú ná rialú ar oibriú an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Alt 1.

Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla.

Teideal.

Abhar Ginearálta.

(1)

(2)

(3)

Uimh. 25 de 1960 .

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 85) (Balúin Bhréagáin), 1960.

An dleacht ar bhalúin bhréagáin a leasú.

Uimh. 26 de 1960 .

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 86) Leatharchlár) 1960.

An dleacht ar leatharchlár a leasú.

Uimh. 44 de 1960 .

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 87) (Ascart Olla), 1960.

An dleacht ar ascart a leasú.

Uimh. 54 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 88) (Gabhálais Leictreachais), 1960.

An dleacht ar ghabhálais leictreachais áirithe a leasú.

Uimh. 85 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 90) (Hataí agus Caipiní do Mhná agus do Chailíní), 1960.

An dleacht ar hataí agus caipíní áirithe do mhná agus do chailíní a leasú.

Uimh. 115 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 92) (Pinn Ghránbhioracha), 1960.

An dleacht ar phinn ghránbhioracha a leasú.

Uimh. 133 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 93) (Sála do Bhróga), 1960.

An dleacht ar shála do bhróga a leasú.

Uimh. 156 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 94) (Uaireadóirí), 1960.

An dleacht ar uaireadóirí agus ar oibreacha uaireadóirí a leasú.

Uimh. 182 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 95) (Clúdaigh Piliúir agus Clúdaigh Ceannadhairte) 1960.

An dleacht ar chlúdaigh piliúir agus ar chlúdaigh ceannadhairte a leasú.

Uimh. 183 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 96) (Púdar Silice), 1960.

Dleacht a fhorchur ar phúdar silice.

Uimh. 187 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 97) (Ascart), 1960.

An dleacht ar ascart a leasú.

Uimh. 202 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna) (Uimh. 98) (Déantúis Fhoirgníochta d'Iarann agus de Chruach), 1960.

An dleacht ar earraí áirithe d'iarann agus de chruach foirgníochta a leasú.

Uimh. 215 de 1960.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 99) (Giosáin de Shnáithíní de Dhéantús an Duine), 1960.

An dleacht ar ghiosáin de shnáithíní de dhéantús an duine a léasú.