19 1961


Uimhir 19 de 1961.


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO SHOCRÚ LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS D'ATHMHEAS A nDÁILCHEANTAR AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [14 Iúil, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1923, Uimh. 12 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeall Toghchán, 1923.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is Céad Daichead is Ceithre chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon dáilcheantar a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is dáilcheantar buirge é agus aon dáilcheantar a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin is dáilcheantar contae é.

(3) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar bhí an lú lá d'Eanáir, 1961, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil baile fearainn nó cuid de bhaile fearainn, nó bóthar nó sráid nó cuid de bhóthar nó de shráid, cinnfidh an tAire an t-amhras.

(4) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon bhóthair nó iarnróid a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an bhóthair nó an iarnróid,

(b) déanfar tagairt do phointe mar a ndéanann aon bhóthar trasghearradh ar bhóthar eile nó teangmháil leis a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt ar feadh lár cheann acu trasghearradh ar líne arna tarraingt ar feadh lár an chinn eile dá bhfaidítí na línte sin, agus

(c) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1925.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

An Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a atoghadh.

1937, Uimh. 25 .

1947, Uimh. 31 .

5. —Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937, dearbhaítear leis seo dáilcheantar an Chláir, a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a bheith ar comhréir le dáilcheantar an Chláir a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1947 .

Leathanach teidilliostaí de thoghthóirí, etc.

6. —(1) I gcás aonad cláraitheachta nó cuid d'aonad cláraitheachta a bheith i ndáilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus nach ionann a achar agus a ainm agus achar agus ainm aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go dtaifeadfar ainm an dáilcheantair sin sa leathanach teidil don aonad cláraitheachta, nó sa leathanach nó sna leathanaigh don chuid den aonad cláraitheachta, a bheith i ngach liosta de thogthóirí, liosta d'éilitheoirí, liosta d'agóidí agus clár de thoghthóirí a ullmhófar faoin gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus a eiseoidh oifigeach cláraitheachta tar éis an tAcht seo a rith, ach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1962.

(2) Murab ionann achar agus ainm dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus achar agus ainm aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, ullmhófar liosta de phost-vótálaithe a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh chúnta.

7. —(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) i gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann ina leith—an sirriam,

(b) i gcás ina bhfuil cuid den dáilcheantar i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam ann don chontae—cibé duine de na sirriaim a cheapfaidh an tAire le hordú ó am go ham,

(c) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae ann do chuid amháin den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile nó cláraitheoirí contae eile ann do chodanna eile, cibé duine de na cláraitheoirí contae a cheapfaidh an tAire le hordú ó am go ham.

(2) (a) Más éard é dáilcheantar iomlán contae agus cuid de chontae eile, féadfaidh an ceann comhairimh an cláraitheoir contae don chontae ina bhfuil an chuid sin a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid den dáilcheantar atá sa chontae eile.

(b) Más éard é dáilcheantar iomlán contae agus codanna de dhá chontae eile, ansin, maidir leis an gcláraitheoir contae do gach ceann den dá chontae eile, féadfaidh an ceann comhairimh eisean a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid den dáilcheantar atá sa chontae dár cláraitheoir contae é.

(c) Más éard é dáilcheantar iomlán dhá chontae nó iomlán dhá chontae agus cuid de chontae eile, féadfaidh an ceann comhairimh—

(i) an cláraitheoir contae don chontae iomlán is cuid den dáilcheantar nach é an contae é dár cláraitheoir contae an ceann comhairimh a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid sin den dáilcheantar, agus

(ii) más éard é an dáilcheantar iomlán dhá chontae agus cuid de chontae eile, féadfaidh sé an cláraitheoir contae don chontae a bhfuil cuid de sa dáilcheantar a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid sin den dáilcheantar.

(d) (i) Más éard é dáilcheantar codanna de dhá chontae, féadfaidh an ceann comhairimh an cláraitheoir contae don dara contae a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid den dáilcheantar atá sa chontae sin.

(ii) San fhomhír roimhe seo tagraíonn “an dara contae” do cibé ceann den dá chontae iomchuí nach é an contae é arb é an ceann comhairimh an cláraitheoir contae dó.

(e) Más éard é dáilcheantar cuid de chontae agus cuid de chontae-bhuirg, féadfaidh an ceann comhairimh an sirriam don chontae-bhuirg a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid den dáilcheantar atá sa chontae-bhuirg.

(f) Más éard é dáilcheantar iomlán contae-bhuirge agus cuid de chontae a bhfuil sirriam ann dó, féadfaidh an ceann comhairimh an sirriam a cheapadh (agus ceapfaidh sé é má theastaíonn sin uaidh) chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid den dáilcheantar atá sa chontae.

(3) Comhlíonfaidh ceann comhairimh cúnta, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an chinn chomhairimh don dáilcheantar nach bhfuil ceangal dlí ar an gceann comhairimh féin iad a chomhlíonadh, ach, má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cinn chomhairimh chúnta, cinnfidh an tAire an t-amhras.

Socrú sealadach maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

8. —(1) Más rud é, maidir le ceantar vótaíochta a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, faoi alt 42 den Phríomh-Acht, nach mbeidh a iomlán laistigh de cheann de na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfaidh an ceann comhairimh do gach dáilcheantar a shonraítear amhlaidh ina mbeidh cuid den cheantar déanfaidh sé, maidir leis an gcuid sin,—

(a) í féin nó codanna di a chur isteach le haon cheantar nó ceantair vótaíochta a bheidh tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(2) Maidir le socrú a dhéanfar de bhun mhír (a) nó mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh sé faoi réir cheadú an Aire,

(b) ní bheidh feidhm aige maidir le haon chorr-thoghchán a tharlóidh roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, agus

(c) beidh feidhm aige go dtí (agus ní bheidh ach go dtí) go ndéanfar an chéad roinnt ar an gcontae nó ar an gcontae-bhuirg, ina bhfuil an ceantar vótaíochta, faoi alt 42 den Phríomh-Acht tar éis an tAcht seo a rith.

Aisghairm.

1947, Uimh. 31 .

1959, Uimh. 33 .

9. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1947 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

(3) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1959 .

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1960, Uimh. 43 .

10. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1946, Cuid II den Acht Toghcháin, 1960 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1961, a ghairm díobh le chéile.

AN SCEIDEAL.

Dáilcheantair.

Alt 3

Cuid I.

Dáilcheantair Bhuirge.

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Corcaigh      ...      ...      

Contae-bhuirg Chorcai;

agus toghranna ceantair Bhaile an Easpaig, Rath Cuanna agus Naomh Muire i gcontae riaracháin Chorcaí.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár

Na bardaí seo a leanas:

Cé Árann, Cé na gCúirteanna, Moinseó, an Chathair Thuaidh, an Duga Thuaidh agus an Rotunda.

Ceathrar

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh

Na bardaí seo a leanas:

Ard Aidhin, Baile Dubhghaill, an Baile Bocht, Beann Éadair, Cluain Tarbh Thoir, Cluain Tarbh Thiar, Cúlóc, Dromchonrach Thuaidh, Dromchonrach Theas, Ráth Éanna agus Seantraibh agus an chuid sin de bharda Ghlas Naíon atá soir ó dheas de line arna tarraingt mar a leanas: ag tosú ag pointe trasghearraidh Bhóthar na nGarraithe agus teorainn an bharda ar feadh Bóthar na nGarraithe go dtí an pointe a dtrasghearrann sé Bóthar Mobhí agus ar feadh Bóthair Mobhí go teorainn an bharda.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Na bardaí seo a leanas:

an Chabrach Thoir, an Chabrach Thiar, Fionnghlas Thoir, Fionnghlas Thiar, Páirc an Fhionn-Uisce agus an chuid sin de bharda Ghlas Naíon nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh.

Triúr

Baile Átha Cliath Theas-Lár

Na bardaí seo a leanas:

Cill Maighneann, Teach an Ard-Mhéara, Cé na gCeannaithe, an Malartán Ríoga, Naomh Caoimhín, an Duga Theas, Cé Uiséar agus Cé na Coille.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thoir Theas

Na bardaí seo a leanas:

Pembróc Thoir, Pembróc Thiar, Rath Fearnan, Rath Fearnan Theas agus Rath Maonas Thoir.

Triúr

Baile Átha Cliath Thiar Theas

Na bardaí seo a leanas:

Croimlinn, Croimlinn Thiar, Caminse, Rath Maonas Thiar agus Tír an Iúir agus an chuid de bharda Bhaile Thormaid atá soir ó dheas de líne arna tarraingt ar feadh an phríomhiarnróid a théann ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh.

Cúigear

Cuid II.

Dáilcheantair Chontae.

Ainm

Limistéar

An Lion Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Chainnigh

Contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh, agus, i gContae riaracháin Loch Garman, na toghranna ceantair seo a leanas:

Cill Rois, Cill tSíle, Magh Dhá Chon, Bun Clóidí, Ros Ard, Naomh Muire, Tuaim Breac i sean-Tuathcheantar Inis Coirthe;

An Baile Beag i sean-Tuathcheantar Ghuaire.

Cúigear

An Cabhán     ...     ...     

Contae riaracháin an Chabháin.

Triúr

An Clár     ...     ...     

Contae riaracháin an Chláir.

Ceathrar

Corcaigh Láir     ...     

Contae riaracháin Chorcaí ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantar buirge Chorcaí agus i ndáilcheantar contae Chorcaí Thoir-Theas agus i ndáilcheantar contae Chorcaí Thiar Theas.

Ceathrar

Corcaigh Thoir Thuaidh

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na gCloch, an Linn Dubh, an Bhlarna, Cathair Loga, Carraig na bhFear, an Cóf (Tuath), Gleann an Phréacháin, An Dún Glas, Cill Ia, Cnoc an Tóiteáin, Cnoc Rátha, Baile Roisín, An Teampall Geal, i sean-Tuathcheantar Chorcai;

Áth an Chairn, Béal Átha hUbhla, an Baile Nua, an Charraig, Dún Gallúin, Carragán Éide, Caisleán Uí Liatháin, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cúil Chollainge, Coradh Ghlais, Mainistir Fhear Maighe (Tuath), Gleannamhair Thoir, Gleannamhair Thiar, Gort na Sceiche, an Gort Rua, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Deighnín, Cill Aithche, Cill Úird, Cnoc Múirne, Liatroim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí, i sean-Tuathcheantar Mhainistir Fhear Maighe;

Ealla, Cnoc na hEornan, Barr na Coirthe, Bán Mór, Caisleán Corra, Caisleán na Maignéarnach, Cluain Feirt Thoir, Cluain Feirt Thiar, Droim Aidhne, Gleann Lára, an Grianán, Ceann Toirc, Cill Brain, Cnoc an tSuain, Magh Leamhna, Áth an Mhuilinn, Áth Trasna, Seandroim, Ros Caoin, Urchoill, Tulach Léise, i sean-Tuathcheantar Cheann Toirc;

Ard Scia, Bealach Cloiche, Baile na Móna, Cill na mBallach, Cathair Dubhgháin, an Charraig, Brú Thoinne, Claonabhar, Dún ar Aill, Droim Mhór, Íomarach, Cill Mac Léinín, Lios Cearúill, Mala (Tuath), Baile an Mhuilinn, Móin an Ime, Rathain, Ráth Loirc, An Seanbhaile, Sceachanach, Garraí na Gráinneoige, Cnoc na Sruthán, Teampall Muire, Baile an Fháltaigh, i sean-Tuathcheantar Mhala;

Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Tuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain Uamha, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Íochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Magh Éile, Ros Stialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige, i sean-Tuathcheantar Mhainistir na Corann;

Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile an Mhistéalaigh, Teampall Molaga, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Mhistéalaigh Uimh. 1 ;

Ardachadh, Cluainpríost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath), i sean-Tuathcheantar Eochaille;

agus ceantair uirbeacha an Chóif, Mhainistir Fhear Maighe, Mhainistir na Corann, Eochaille agus Mhala.

Cúigear

Corcaigh Thiar Theas

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Binn Odhar, i sean-Tuathcheantar Dhroichead na Bandan;

Aichill, Beanntraí (Tuath). Beanntraí Uirbeach, Cnoc Damhais, Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, an Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suí Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide, i sean-Tuathcheantar Bheanntraí;

Eadargóil, Béarra, Cúilleach, Cora Ghlas, Cill Ceatighearn, Cill Achadh nAoineach, Cill na Manach, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Chaisleáin;

Ard Ó bhFicheallaigh, Airgidín, an Chathair Mhór, Caisleán na Gaoithe, Cloch na Coillte (Tuath), Cúil Curraichín, Doire, Cill Ciarán Mór, Cillmaidhlearán, Cill na gCros, na Cnoic, Ráth an Bharraigh, Ros Ó gCairbre, an Ros Mór, i sean-Tuathcheantar Chloch na Coillte;

Alltach, Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Bealanagarry, Béilic, Carraig Bhuí, Baile an Chaisleáin, Cúl Móinteáin, Droighneach, Dún Maonmhaí Thuaidh, Dún Maonmhaí Theas, An Ghearr-Abhann, Cinn Eich, Máinse, Meilleán, Tír Eiltean, i sean-Tuathcheantar Dhún Maonmhaí;

Béal Átha an Ghaorthaidh, Ceann Droma, Claonráth, Doire Finghín, Gort na Tiobratan, an Choill Ghlas, Inse Geimhleach, Cill na Martra, Magh Cluaineach, Magh Seanglaise, Sliabh Riabhach, na hUlláin, i sean-Tuathcheantar Mhagh Chromtha;

Achadh Dún Thuaidh, Achadh Dún Theas, An Bhréadach, Tigh Bráthar na Cathrach, Oileán Cléire, An Charraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Dhomhnaill, Cluain Chaoin, Droighneach, Drom Dhá Liag Thuaidh, Drom Dhá Liag Theas, na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Maigh-Ros, Sraoilleán, An Sciobairín (Tuath), Tulach, na Doiríní, i sean-Tuathcheantar an Sciobairín;

Baile Bán, Béal an Dá Chab, Cuailleach, Cruachán, Dún Béacáin, Dún Mághnais, Góilín, Cill Cótha, Lubhghortán, An Scoil, Tuar Mór, i sean-Tuathcheantar na Scoile;

agus ceantair uirbeacha Chloch na Coillte, Mhagh Chromtha agus an Sciobairín.

Triúr

Dún na nGall Thoir Thuaidh

Contae riaracháin Dhún na nGall ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Dhún na nGall Thiar-Theas.

Triúr

Dún na nGall Thiar Theas

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an tSratha, Béal Atha Seanaigh (Tuath), Béal Atha Seanaigh Uirbeach, Bun Dobhráin (Tuath), Carraig Bhuí, Cabhán na gCuirridín, an Aill, i sean-Tuathcheantar Bhéal Atha Seanaigh;

Baile an tSratha, Binn Boghaine, Bun an Ghleanna, an Clochar, an Charcair Mhór, Dún na nGall, Dún Ceannfhaolaidh, Eidhneach Mór, Grousehall, Ua hEachach, Inbhear Náile, an Lathaigh, Loch Iascaigh, Paite Gobha, Tamhnach an tSalainn, Tamhnach an Mhullaigh, Teampall Carna, Tulach Nocht, i sean-Tuathcheantar Dhún na nGall;

Na Croisbhealaigh (gan na bailte fearainn seo a leanas, is é sin, Baile na Bó, Doire Uí Fhríl agus Ráithe, a áireamh), Dún Lúiche, Gort an Choirce, Machaire an Chlochair, Mín an Chladaigh, i sean-Tuathcheantar Dhún Fhionnchaidh;

Anagaire, Arainn, Ard na Rátha, Cróbheithe, Cró Caorach, Cró na Ráid, Damhros, an Dubhcharaidh, an Clochán Liath, Baile na Finne, Gleann Cholmcille, Gleann Gheis, Gleann Léithín, na Gleannta, an Grafaidh, Inis Caoil, Cill Chárthaigh, Cill Ghabhlaigh, na Cealla Beaga, an Learga Mhór, Leitir Mhac an Bhaird, an Más, na Machairí, Málainn Bheag, Alt na gCapall, Inis Mhic an Duirn, Taobh Scaoilte, i sean-Tuathcheantar na nGleanntach;

Alt na Péiste, Caisleán na Finne, Clochán, an Chloch Ard, Conmhaigh (gan na bailte fearainn seo a leanas, is é sin, Achadh Gallda, Achadh Gallda Móir, an Bhruíon, Droim Caoin, Mullach Fionn, Srath an Longfoirt, na Trianta Buí, a áireamh), Damhais, Gleann Daoile, an Ghualainn, Coill na gCuirridín, an Cnoc, Srath an Urláir, an Urnaí Thiar;

na bailte fearainn seo a leanas:

Achadh Bhuí, Ard na Glaise, Baile Uí Bhogáin, an Camas, Baile an Teampaill, an Goirtín Theas, Gort na bhFilí, Lag na Bráide, Tír Chiaráin, Uinseannach Íochtair, Uinseannach Uachtair, i dtoghroinn cheantair Chluain Lao Theas; Gléib Ard na bhFearnóg, Páirc na bhFia, Baile na bPléimeannach, Cill Tuathail, Tulach Uí Dhónaill Íochtair, Tulach Uí Dhónaill Uachtair, i dtoghroinn cheantair an Fhiaghoirt, i sean-Tuathcheantar Shrath an Urláir;

agus ceantar uirbeach Bhun Dobhráin.

Triúr

Baile Átha Cliath     ...     

Contae riaracháin Bhaile Átha Cliath, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin;

agus an chuid de bharda Bhaile Thormaid i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Thiar Theas.

Cúigear

Dún Laoghaire agus Ráth an Dúin

Na toghranna ceantair seo a leanas:

an Baile Breac, Ráth Mhic Tháil agus Teach Lorcáin, na bailte fearainn seo a leanas, is é sin, Mountanville, Cnoc Muirfean nó Calraí, Cnoc Muirfean Theas, an Réabóg agus Baile Mhic Eoin i dtoghroinn cheantair Dhún Droma, agus na bailte fearainn seo a leanas, is é sin, Fearann na Buaile, Fearann na mBráithre, Ráth Maonas Mór agus Ráth Maonas Beag, i dtoghroinn cheantair Bhaile an Mhuilinn, i sean-Tuathcheantar Ráth an Dúin, Uimh. 1;

agus buirg Dhún Laoghaire.

Ceathrar

Gaillimh Thoir     ...     

Contae riaracháin na Gaillimhe ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae na Gaillimhe Thiar.

Cúigear

Gaillimh Thiar     ...     

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na Cille, Binn Chorr, Bun Abhann, an Cloigeann, an Clochán, Cois Caolsháile, Doire Chonla, Doire Liath, Dún Locháin, Iorras Fhlannáin, na hUillinneacha, Inis Eó Finne, an Cnoc Buí, Maigh-Iorras, Abhainn Ghabhla, Rinn Mhaoile, Cloch na Rón, Sailearna, Scainimh, i sean-Tuathcheantar an Chlocháin;

Anach Cuain, Baile an Teampaill, Bearna, an Carn Mór, Ceathrú an Bhrúnaigh, Baile an Chláir, na Forbacha, Gaillimh (Tuath), Inis Mór, Cill Chuimín, Cill Aininn, Lios Ceannanán, Magh Cuilinn, Orán Mór, Sailearna, Sliabh an Aonaigh, an Spidéal, Tulaigh Mhic Aodháin, i sean Tuathcheantar na Gaillimhe;

Camas, An Fhairche, Conga, an Crompán, Corr, Garmna, Cill Chuimín, Leitir Breacáin, Leitir Feoir, Leitir Móir, Uachtar Ard, an Ros, an Turlach, Poll na bPéist i sean Tuathcheantar Uachtar Ard;

agus buirg na Gaillimhe.

Triúr

Ciarraí Thuaidh     ...     

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Na Corráin, Cill Fheidhlim, Cill na nDéar, i sean-Tuathcheantar Chill Áirne;

Ardachadh, Caisleán, Easa Duibhe, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, an Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, an Tóchar, Cluain Tiobraid, Drom Mháirtín, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leac Snámha, Magh Inse, Magh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, Tearmon, Trian Iarthach, Urlaí, i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail;

Mainistir Ó dTórna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Baile Ó Síoda, Banna, Barr Trí gCam, Cathair Uí Mhóráin, Mullach an Bhrosnaigh, Oileán Chiarraí, Clochar Bhriain, Cordal, Crionna, Doirín, Dún, na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Gobán, Cill Leathan, Cill Muire, Cnoc Glas, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid, i sean-Tuathcheantar Thrá Li;

agus ceantair uirbeacha Lios Tuathail agus Thrá Lí.

Triúr

Ciarraí Theas     ...     

Contae riaracháin Chiarraí ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Chiarraí Thuaidh.

Triúr

Cill Dara     ...     ...     

Contae riaracháin Chill Dara; agus, i gContae riaracháin na Mí, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Rodáin, i sean-Tuathcheantar Dhomhnach Seachnaill;

Ard na Mullán, Baile Uí Bhogáin, Caisleán Siurtain, Caisleán Riocaird, Galamh, Cnoc an Dúin, an Bóthar Buí, Cill Uí Chonacháin, Cill Liáin, Baile an Raithin, Ráth Moliáin, i sean-Tuathcheantar Ath Troim;

agus, i gcontae riaracháin na hIarmhí, na toghranna ceantair seo a leanas:

Aibhneach, i sean-Tuathcheantar Dhealbhna;

Baile na Cille, Carraig an Rince, an Caisleán, Caisleán Loiscthe, an Clochán, Cluain Fhada, Cluain Loiste, an Doire Mór, Inis Cobhthaigh, Baile Réamoinn, Baile Grifín, Heathstown, Baile an Fhiadhaigh, Cill Lucainne, Ceann Atha Gad, Baile an Mhuilinn, an Baile Nua, Ráth Arnaí, Ráth Aoidh, Baile Ruiséil, i sean-Tuathcheantar an Mhuilinn Chearr.

Ceathrar

Laoighis-Ua bhFailí

Contaetha riaracháin Laoighise agus Ua bhFailí.

Cúigear

Luimneach Thoir     ...     

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Fiadh Damair, an Ghráinseach, Cill Péacán, an Ráth Mhór, i sean-Tuathcheantar Chromadh;

Brú na nDéise, Cathair Coirne, Gleann Brocháin, Ospidéal Ghleann Aine, Cill tSile, Cnoc Áine, Cnoc Loinge, Iúr Gearr, i sean-Tuathcheantar Chill Mocheallóg;

Mainistir Uaithne, Baile Bricin, Béal Átha Síomóin, Baile Uí Mheadhra, Cathair Chinn Lis Thoir, Cathair Chinn Lis Thiar, Cathair Eiligh, an Cheapach Mhór, Caisleán Ó gConaing, Cluain Chaoin, an Dún Thiar, Gleann Stathail, Cill Muire, Luimneach Thuaidh, (Tuath), Luimneach Theas (Tuath), Baile an Róistigh, i sean-Tuathcheantar Luimnigh Uimh. 1;

Gleann na gCreabhar, Baile an Lóndraigh, Collán, Dún Trí Liag, Gallbhaile, Cill Beithne, Cill Ghlais, Cnoc na Sreabha, Doire na hAbhann, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Mhistéalaigh Uimh. 2;

Bile Bua, an Dún Theas, Cnoc Gréine, Ubhla, Teampall Uí Bhrídeáin, i sean-Tuathcheantar Thiobrad Árann Uimh. 2; agus contae-bhuirg Luimnigh.

Ceathrar

Luimneach Thiar     ...     

Contae riaracháin Luimnigh ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Luimnigh Thoir.

Triúr

Longfort-An Iarmhí

Contae riaracháin Longfoirt agus Contae riaracháin na hIarmhí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Chill Dara.

Ceathrar

Lúbhadh     ...     ...     

Contae riaracháin Lúbhaidh ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Mhuineacháin.

Triúr

Maigh Eo Thuaidh     ...     

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Ardachadh, Ard na Ria Thuaidh, Ard na Ria Theas (Tuath), Áth Tí an Mheasaigh Thoir, Áth Tí an Mheasaigh Thiar, Béal an Átha (Tuath), Baile an Chaisil, Baile Easa Caoire, Béal Deirg Mór, Bun an Mhíle, an Cheathrú Mhór, Cros Mhaoilíona Thuaidh, Cros Mhaoilíona Theas, Caisleán na Daoile, an Doire, Port-Oileán, Cill Fian Thoir, Cill Fian Theas, Cill Fian Thiar, Cill Garbhán, Cill Alaidh, Leacain Thuaidh, Leacain Theas, an Leitir Bhric, Ard Faolchon, Ráth Coma, Cnoc na Saileach, an Sraithín, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Átha;

Beannchar, Barr Rúscaí, Béal an Mhuirthead, an Geata Mór Thuaidh, an Geata Mór Theas, Gleann na Muaidhe, Gleann Caisil, Gleann Cumha, an Ghuala Mhór, Cnoc an Daimh, Cnoc na Lobhar, Muing na Bó, na Muingí, Cnoc na Rátha, na Seiscinn, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Mhuirthead;

Eadarghobhail, Baile na gCrochabhrach, i sean-Tuathcheantar Chaisleán an Bharraigh;

An Caladh, Cúil Dubh, Míleac, Sonnach, Béal Átha na Muice, Tuaim Mhór, Tuaim Geis, i sean-Tuathcheantar Bhéal Atha na Muice;

Acaill, Baile Chruaich Thuaidh, Baile Chruaich Theas, Corrán Acla, Dumhaigh Éige, Gleann hOiste, Baile Uí Fhiacháin Thoir, Baile Uí Fhiacháin Thiar, Sliabh Mór, an Srath Mór, i sean-Tuathcheantar Chathair na Mart;

agus ceantar uirbeach Bhéal an Átha.

Triúr

Maigh Eo Theas     ...     

Contae riaracháin Mhaigh Eo, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Mhaigh Eo Thuaidh;

agus, i gcontae riaracháin Ros Comáin, toghroinn cheantair Bhealach an Doirín, agus baile fearainn Chluain Luimnigh i dtoghroinn cheantair Thulchain Mhóir, i sean-Tuathcheantar an Chaisleáin Riabhaigh.

Ceathrar

An Mhí     ...     ...     

Contae riaracháin na Mí ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Chill Dara.

Triúr

Muineachán     ...     ...     

Contae riaracháin Mhuineacháin agus, i gceantar riaracháin Lúbhaidh, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an Bharúin, Caisleán an Fhrancaigh, an Creagán Uachtarach, Cill Eanaigh, i sean-Tuathcheantar Dhún Dealgan;

Baile Atha Fhirdia Uirbeach, Cluain Chaoin, Baile an Talmhanaigh, agus na bailte fearainn seo a leanas:

Ard na Leibhre, Baile an Bháiligh, Baile na nGabhann, Baile an Churraigh, Bóthar na mBó, an Cheapóg, Baile an tSiarlaigh, Baile Chócaigh, an Cúl, Baile Uí Dhúda, Gléib, an Lána Glas, Baile Gudaire, Baile Enrí (cuid de, lastuaidh d'abhainn Bhaile Átha Fhirdia), Baile na nGael, Cnoc Curlann, Cnoc Lobhair, Baile Uí Luain, Lios Raithní, Baile an Mhánaigh, Baile Mhápais, Mullach Cló, Baile Mhaoilinn, Baile an Phiobaraigh, Baile Philbín, Ráth Anna, Baile na hAbhann, an Charraig, Baile Uí Scogáin, Baile an tSrutháin agus Páirceanna an Bhaile i dtoghroinn cheantair Bhaile Átha Fhirdia (Tuath) i sean-Tuathcheantar Bhaile Átha Fhirdia Uimh. 1.

Triúr

Ros Comáin     ...     

Contae riaracháin Ros Comáin, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Mhaigh Eo Theas;

agus, i gcontae riaracháin Liatroma, na toghranna ceantair seo a leanas:

Corr Dhá Lá, Coill an Ghardha, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Átha Móir;

Eanach Dubh, Cora Droma Rúisc, Droim ar Snámh, Gort na gCuileann, Gabhail, Ceis Charraigín, Cill Tiobrad, Liatroim, i sean-Tuathcheantar Chora Droma Rúisc Uimh. 1;

Achadh an Mheasaigh, Beithe, Bréandroim, Muine Bheag, Carraig Álainn Thoir, Carraig Álainn Thiar, an Caiseal,

Baile Coille Fobhair, Catán, Cluain Conmhaicne, Carraige, Droim Ard, Droim Dubh, Dromad, Fíodhnacha, Gartán Mór, Caoldoire, Lios Giollóg, Maothail, Réin, Gort na Luachra, Rúscach, Ruán, i sean-Tuathcheantar Maothaile.

Ceathrar

Sligeach-Liatroim     ...     

Contae riaracháin Shligigh agus contae riaracháin Liatroma, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Ros Comáin.

Ceathrar

Tiobrad Árann Thuaidh

Contae riaracháin Thiobrad Árann, an Trian Thuaidh,

agus, i gcontae riaracháin Thiobrad Árann, an Trian Theas, na toghranna ceantair seo a leanas:

Cluain an Olltoigh Thoir, i sean-Tuathcheantar Chaisil;

Bua-Lia, Fionnúir, Cill Chúile, Gleann an Ghuail, Baile Phaghain, i sean-Tuathcheantar Shliabh Ardachadh.

Triúr

Tiobrad Árann Theas

Contae riaracháin Thiobrad Árann an Trian Theas, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Thiobrad Árann Thuaidh,

agus, i gContae riaracháin Phort Láirge, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Mic Chairbre, Gráig na nGabhar, an Goirtín, Cill Mochoma, Cill Rónáin, Naomh Muire, i sean-Tuathcheantar Chluain Meala, Uimh. 2;

Droim Ana, Droim Mór, i sean-Tuathcheantar Dhún Garbhán;

An Baile Dubh, Baile Uí Sheáin, Baile Fhinn, Baile na Molt, Baile na Sagart Mór, Ceapach Choinn, Baile an Gharráin, Droim Rua, Gort na Péice, Cill Chocáin Cill Uachtair Maighe Thoir, Cill Uachtair Maighe Thiar, Lios Mór (Tuath), Lios Mór Uirbeach, Má Cholpa, Má Deilge, Tulach an Iarainn, i sean-Tuathcheantar Lios Mór;

Teampall Mhicíl i sean-Tuathcheantar Eochaille, Uimh. 2.

Ceathrar

Port Láirge     ...     ...     

Contae riaracháin Phort Láirge, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Thiobrad Árann Theas; agus contae-bhuirg Phort Láirge.

Triúr

Loch Garman     ...     

Contae riaracháin Loch Garman, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Cheatharlach-Cill Chainnigh.

Ceathrar

Cill Mantáin     ...     

Contae riaracháin Chill Mantáin.

Triúr