39 1961


Uimhir 39 of 1961


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, MAIDIR LEIS NA CÚIRTEANNA ATÁ LE BUNÚ LE hACHT NA gCÚIRTEANNA (BUNÚ AGUS COMHDHÉANAMH), 1961 , AGUS LE BREITHIÚNA AGUS OIFIGIGH NA gCÚIRTEANNA SIN, I dTAOBH NITHE ÁIRITHE IS GÁ CHUN AN tACHT SIN A FHORLÍONADH, DO THABHAIRT DLÍNSE I gCÁSANNA AIMIRÉALACHTA AGUS I bhFÉIMHEACHT DON BHREITHEAMH DEN CHÚIRT CHUARDA A BHEIDH SANNTA DO CHUAIRD CHORCAÍ, D'AISGHAIRM ACHTACHÁN ÁIRITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar dháta an Phríomh-Achta a theacht i ngníomh agus díreach tar éis an Príomh-Acht a theacht i ngníomh.

Léiriú i gcoitinne.

1924, Uimh. 10 .

1926, Uimh. 27 .

1936, Uimh. 48 .

1945, Uimh. 25 .

1946, Uimh. 21 .

1947, Uimh. 20 .

1949, Uimh. 8 .

1953, Uimh. 32 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1924” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 ;

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1945” an tAcht Oifigeach Cúirte, 1945 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1947” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 ;

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche, 1949);

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 ;

ciallaíonn “an Chúirt Chuarda” an Chúirt a bunaíodh le halt 4 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “an Chúirt Achomhairc Choiriúil” an Chúirt a bunaíodh le halt 3 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “an Chúirt Dúiche” an Chúirt a bunaíodh le halt 5 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath” an dúiche a dtugtar Dúiche Chathrach Bhaile Atha Cliath mar ainm agus mar theideal uirthi faoi alt 64 d'Acht 1936;

folaíonn “achtachán” cairt agus aon ionstraim arna déanamh faoi achtachán;

ciallaíonn “an Príomh-Breitheamh do láthair” an breitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair a bhí, de bhua alt 5 d'Acht 1924, ina uachtarán ar an gCúirt sin díreach roimh an dáta feidhme;

ciallaíonn “an Chúirt Chuarda do láthair” an Chúirt Bhreithiúnais Chuarda a bunaíodh le halt 37 d'Acht 1924;

ciallaíonn “an Chúirt Achomhairc Choiriúil do láthair” an Chúirt Achomhairc Choriúil a bunaíodh le halt 8 d'Acht 1924;

ciallaíonn “an Chúirt Dúiche do láthair” an Chúirt Bhreithiúnais Dúithche a bunaíodh le halt 67 d'Acht 1924;

ciallaíonn “an Ard-Chúirt do láthair” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais a bunaíodh le halt 4 d'Acht 1924;

ciallaíonn “Uachtarán na Cúirte Cuarda do láthair” an breitheamh den Chúirt Chuarda do láthair a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh na hoifige a bunaíodh le halt 9 d'Acht 1947;

ciallaíonn “Uachtarán na hArd-Chúirte do láthair” an breitheamh den Ard-Chúirt do láthair a bhí, de bhua alt 4 d'Acht 1924, ina uachtarán ar an gCúirt sin díreach roimh an dáta feidhme;

ciallaíonn “an Chúirt Uachtarach do láthair” an Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1924;

ciallaíonn “an Ard-Chúirt” an Chúirt a bunaíodh le halt 2 den Phríomh-Acht;

folaíonn “breitheamh den Chúirt Dúiche”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, Uachtarán na Cúirte Dúiche;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a theacht i ngníomh;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961 (Uimh. 38 de 1961) ;

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

(a) Aire Stáit, nó

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

(d) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(e) an tArd-Aighne;

ciallaíonn “an Chúirt Uachtarach” an Chúirt a bunaíodh le halt 1 den Phríomh-Acht.

(2) Acht amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna chur chun feidhme le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Aisghairm agus cosaint.

1937, Uimh. 38 .

3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin, ach, gan dochar d'fho-alt (1) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 , leanfaidh na cinn sin de na hachtacháin sin a bhaineann le pinsin bhreithiúna na gcúirteanna a bunaíodh le hAcht 1924 d'fheidhm a bheith acu, d'ainneoin a n-aisghairthe, maidir le haon duine ba bhreitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair, den Ard-Chúirt do láthair, den Chúirt Chuarda do láthair nó den Chúirt Dúiche do láthair agus a scoir nó scoirfidh dá oifig roimh an dáta feidhme.

CUID II

An Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil

An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt

Líon na ngnáthbhreithiúna sa Chúirt Uachtarach agus san Ard-Chúirt.

4. —(1) Ceathrar an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Uachtarach.

(2) Seisear ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt.

Cáilíochtaí breithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte.

5. —(1) (a) Beidh an Príomh-Bhreitheamh do láthair cáilithe lena cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh agus, má bhíonn sé toilteanach oifig a ghlacadh, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh.

(b) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte do láthair cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte agus, má bhíonn sé toilteanach oifig a ghlacadh, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte.

(c) Beidh gach duine de na daoine is gnáth-bhreithiúna den Chúirt Uachtarach do láthair díreach roimh an dáta feidhme cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach.

(d) Beidh gach duine de na daoine is gnáth-bhreithiúna den Ard-Chúirt do láthair díreach roimh an dáta feidhme cáilithe lena cheapadh ina ghnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt.

(e) Ní bhaineann míreanna (a), (b), (c) agus (d) den fho-alt seo ach amháin le cáilíocht na gcéadbhreithiúna den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt lena gceapadh.

(f) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) (a) Beidh duine atá de thuras na huaire ina abhcóide cleachtach agus seasamh dhá bhliain déag ar a laghad ag an mBarra aige cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar gur cleachtadh ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair nó den Chúirt Chuarda.

(3) Beidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte nó ina Phríomh-Bhreitheamh.

(4) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó ina Phríomh-Bhreitheamh.

(5) Beidh gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó mar Uachtarán na hArd-Chúirte nó ina Phríomh-Bhreitheamh.

Pinsin bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte.

6. —(1) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le pinsin bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte.

(2) Má chuirtear breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt as oifig toisc é a bheith ar míthreoir, measfar chun críche pinsin go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar easláinte bhuan.

Dlínse ghinearálta na Cúirte Uachtaraí.

7. —(1) Is uaschúirt taifid an Chúirt Uachtarach agus beidh dlínse achomhairc agus dlínse eile aici mar a ordaítear leis an mBunreacht.

(2) Beidh ag an gCúirt Uachtarach—

(a) an dlínse uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid I d'Acht 1924, dílsithe don Chúirt Achomhairc a bhí tráth i nDeisceart Éireann nó d'aon bhreitheamh nó bhreithiúna den Chúirt sin nó inoibrithe ag an gCúirt sin nó ag aon bhreitheamh nó breithiúna di agus a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Chúirt Uachtarach do láthair nó inoibrithe aici,

(b) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Uachtarach do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, déanfar achomharc nó ábhar eile is intriailte ag an gCúirt Uachtarach a éisteacht agus a chinneadh ag cúigear breitheamh den Chúirt Uachtarach, ar a n-áirítear breithiúna is breithiúna breise den Chúirt Uachtarach de bhua fho-alt (3) nó (4) d'alt 1 den Phríomh-Acht.

(4) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó, má bhíonn sé as láthair, an gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach is sínsearaí dá mbeidh ar fáil de thuras na huaire a chinneadh go mbeidh achomharc chun na Cúirte Uachtaraí nó ábhar eile is intriailte aici, nach ábhar is intriailte amhlaidh faoi Airteagal 12 nó Airteagal 26 den Bhunreacht ná ceist i dtaobh bail a bheith nó gan bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta, le héisteacht agus le cinneadh ag triúr breitheamh agus, má chinntear amhlaidh, déanfar an t-achomharc nó an t-ábhar lena mbaineann an cinneadh a éisteacht agus a chinneadh ag triúr breitheamh den Chúirt Uachtarach, ar a n-áirítear breithiúna is breithiúna breise den Chúirt Uachtarach de bhua fho-alt (3) nó (4) d'alt 1 den Phríomh-Acht.

Dlínse ghinearálta na hArd-Chúirte.

8. —(1) Is uaschúirt taifid an Chúirt Uachtarach agus beidh dlínse achomhairc agus dlínse eile aici mar a ordaítear leis an mBunreacht.

(2) Beidh ag an Ard-Chúirt—

(a) an dlínse uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid I d'Acht 1924, dílsithe don Chúirt Achomhairc a bhí tráth i nDeisceart Éireann nó d'aon roinn nó breitheamh den Chúirt sin nó inoibrithe ag an gCúirt sin nó ag aon roinn nó breitheamh di agus a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Ard-Chúirt do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(b) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Ard-Chúirt do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(3) Folóidh na dlínsí a dhílsítear don Ard-Chuirt gach cumhacht, dualgas agus údarás a ghabhann le haon chuid agus le gach cuid de na dlínsí a dhílsítear amhlaidh.

Dlínse na nArd-Chúirte maidir le hábhair ghealtachta agus le hábhair i ndáil le mionaoisigh.

1871, c. 22.

1871, c. 22.

1928, Uimh. 15 .

9. —(1) Beidh ag an Ard-Chúirt an dlínse maidir le gealtacht agus le hábhair i ndáil le mionaoisigh—

(a) a bhí á hoibriú tráth ag Tiarna Seansailéara na hÉireann,

(b) a bhí, ar dháta Acht 1924 a rith, á hoibriú ag Tiarna Príomh-Ghiúistís na hÉireann, agus

(c) a bhí, de bhua fho-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1924 agus fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1936, dílsithe, díreach roimh an dáta feidhme, don Ard-Chúirt do láthair.

(2) Beidh an dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) den alt seo inoibrithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte nó, má ordaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte amhlaidh, ag gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire chuige sin ag Uachtarán na hArd-Chúirte.

(3) Déanfar tagairtí san Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, agus sna rialacha agus sna horduithe a rinneadh faoin Acht sin do “the Lord Chancellor entrusted as aforesaid” a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh de thuras na huaire ag oibriú na dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) den alt seo.

(4) (a) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte nó cibé Breitheamh eile den Ard-Chúirt a bheidh sannta aige faoi fho-alt (2) den alt seo leasú a dhéanamh ó am go ham, le hordú arna dhéanamh faoi alt 118 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, ar aon fhoirm a ordaíodh leis an Acht sin nó faoi lena húsáid maidir leis an dlínse in ábhair ghealtachta a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) den alt seo tríd an abairt “ward of court” nó cibé abairt eile dá samhail is dóigh leis is ceart a chur in ionad an fhocail “lunatic” agus na habairte “person of unsound mind” faoi seach agus trí cibé leasuithe iarmartacha eile a dhéanamh san fhoirm sin is dóigh leis is gá agus is cuí.

(b) Aon ordú a rinneadh faoi alt 4 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , arna leasú le mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1936, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoi mhír (a) den fho-alt seo a rinneadh é.

(5) Na haturnaetha, na dochtúirí, na fiosraitheoirí agus na daoine eile sin a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, faoi áirithiú nó ainmnithe maidir le hoibriú aon dlínse a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Ard-Chúirt do láthair, de bhua fho-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1924 agus fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1936, áiritheoidh nó ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte iad agus beidh alt 59 d'Acht 1926, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, gan feidhm maidir leo.

An Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte

Dlínse an Phríomh-Bhreithimh agus Uachtarán na hArd-Chúirte.

1954, Uimh. 36 .

10. —(1) Beidh inoibrithe ag an bPríomh-Bhreitheamh—

(a) an dlínse maidir le haturnaetha a bhí, de bhua fho-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1924, agus fho-alt (3) d'alt 14 den Acht Aturnaetha, 1954, dílsithe, díreach roimh an dáta feidhme, don Phríomh-Bhreitheamh do láthair nó inoibrithe aige,

(b) cumhacht cheaptha nótairí poiblí agus coimisinéirí chun daoine a chur faoi mhionn,

(c) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Phríomh-Bhreitheamh do láthair nó inoibrithe aige, díreach roimh an dáta feidhme.

(2) Aon uair nach mbeidh ar chumas an Phríomh-Bhreithimh de dheasca breoiteachta nó ar chúis ar bith eile gnó a oifige a dhéanamh, is é Uachtarán na hArd-Chúirte a oibreoidh nó a chomhlíonfaidh na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna uile a bheidh dílsithe don Phríomh-Bhreitheamh de thuras na huaire de bhua a oifige nó, i gcás nach mbeidh ar chumas Uachtarán na hArd-Chúirte de dheasca breoiteachta nó ar chúis ar bith eile na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna sin a oibriú nó a chomhlíonadh, is é an gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach is sinsearaí dá mbeidh ar fáil de thuras na huaire a oibreoidh agus a chomhlíonfaidh iad.

(3) Is é feidhm Uachtarán na hArd-Chúirte é nó, mura mbíonn sé ar fáil, an bhreithimh den Ard-Chúirt is sinsearaí dá mbeidh ar fáil de thuras na huaire, gnó na hArd-Chúirte a roinnt agus a dháileadh.

(4) Más é tuairim an Phríomh-Bhreithimh go ndearna breitheamh den Chúirt Dúiche é féin a iompar ar chuma a tharraingeodh míchliú ar riaradh an cheartais, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh an breitheamh a agallamh go príobháideach agus an tuairim sin a chur in iúl dó.

(5) Beidh inoibrithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe d'Uachtarán na hArd-Chúirte do láthair nó inoibrithe aige, díreach roimh an dáta feidhme.

An Phríomh-Chúirt Choiriúil

An Príomh-Chúirt Choiriúil.

11. —(1) An Phríomh-Chúirt Choiriúil (The Central Criminal Court) a ghairfear den Ard-Chúirt agus í ag oibriú na dlínse coiriúla a dhílsítear di agus san Acht seo tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi.

(2) (a) Is ag breitheamh nó breithiúna den Ard-Chúirt (lena n-áirítear Uachtarán na hArd-Chúirte) a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó am go ham is inoibrithe an dlínse is inoibrithe ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil.

(b) Beidh dlínse na Cúirte inoibrithe ag gach breitheamh a bheidh ainmnithe amhlaidh de thuras na huaire ach, má ordaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte go suífidh beirt bhreitheamh nó níos mó den sórt sin le chéile chun críocha cáis áirithe, is ag na breithiúna sin ina suí le chéile a oibreofar dlínse na Cúirte chun na críche sin.

(3) Gach duine a thabharfar go dleathach i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla féadfar é a dhíotáil i láthair na Cúirte sin agus féadfaidh an Chúirt sin é a thriail agus pianbhreith a chur air, cibé áit a mbeidh sí ina suí, ar gach bealach ionann is dá mba sa chontae nó sa chontae-bhuirg ina mbeidh an Chúirt sin ina suí a rinneadh an cion ina gcúisítear an duine sin.

(4) Déanfar tagairtí in aon achtachán eile (cibé acu roimh an Acht seo a ritheadh nó dá éis sin a rithfear é) don Phríomh-Chúirt Choiriúil a fhorléiriú mar thagairtí don Ard-Chúirt agus í ag oibriú na dlínse coiriúla a dhílsítear di.

An Chúirt Achomhairc Choiriúil

Dlínse na Cúirte Achomhairc Choiriúil.

1939, Uimh. 13 .

12. —(1) Is uaschúirt taifid an Chúirt Achomhairc Choiriúil agus, chun críocha an Achta seo agus faoi réir na n-achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, beidh cumhacht iomlán aici aon cheisteanna a chinneadh is gá a chinneadh chun ceartas a dhéanamh sa chás a bheidh ina láthair.

(2) Beidh ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Achomhairc Choiriúil do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(3) I bhfo-alt (2) d'alt 44 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 , déanfar an tagairt d'alt 30 d'Acht 1924 a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (1) den alt seo.

Cuarda na hArd-Chúirte

Cuarda na hArd-Chúirte.

13. —Leanfaidh grúpáil na gcontaetha agus na gcontae-bhuirgí éagsúla (seachas contae Bhaile Átha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) sa Stát ina gCuarda Ard-Chúirte faoi fho-alt (1) (a aisghairtear leis an Acht seo) d'alt 33 d'Acht 1936 d'éifeacht a bheith aige, faoi réir aon ordaithe a dhéanfar faoi fho-alt (2) den alt sin 33, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, agus forléireofar dá réir sin aon tagairtí in aon achtachán do Chuarda Ard-Chúirte.

Oibriú Dlínse

Dlínse a bheith le hoibriú de bhun rialacha cúirte (an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil).

14. —(1) San alt seo ciallaíonn “rialacha cúirte” rialacha arna ndéanamh faoi alt 36 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(2) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Uachtarach, don Ard-Chúirt, don Phríomh-Bhreitheamh, d'Uachtarán na hArd-Chúirte, don Phríomh-Chúirt Choiriúil agus don Chúirt Achomhairc Choiriúil faoi seach, nó is inoibrithe acu sin faoi seach, de bhua an Achta seo, oibreofar í, chomh fada agus a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne, lena n-áirítear dliteanas i leith costas, sa tslí a fhoráiltear le rialacha cúirte agus, mura bhfuil aon fhoráil sna rialacha sin agus fad nach mbeidh aon riail ann ina thaobh, oibreofar í chomh dlúth agus is féidir é leis an modh ina bhféadfaí í a oibriú ag na cúirteanna nó na breithiúna do láthair faoi seach a raibh an dlínse sin inoibrithe acu faoi seach díreach roimh an dáta feidhme.

(3) Féadfaidh rialacha cúirte, maidir le himeachtaí agus ábhair (nach imeachtaí ná ábhair choiriúla ná ábhair a bhaineann le saoirse an duine) san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach a údarú do Mháistir na hArd-Chúirte agus do phríomh-oifigigh eile, de réir bhrí na nAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, feidhmeanna, cumhachtaí agus dlínse a oibriú i gcásanna neamhchonspóidithe agus cuntais a ghlacadh, fiosrúcháin a dhéanamh agus orduithe de chineál idirbhreitheach a dhéanamh.

CUID III

An Chúirt Chuarda

Mínithe (Cuid III.)

15. —Sa Chuid seo den Acht seo agus sa Tríú, sa Cheathrú agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “caingean” imeacht shibhialta sa Chúirt Chuarda a thionscnaítear le bille sibhialta;

ciallaíonn “cúis” aon chaingean, agra nó imeacht bhunaidh idir gearánaí agus cosantóir;

folaíonn “cosantóir” freagróir;

folaíonn “oidhreachtán neamhchorprach” éasúint agus ceadúnas i leith talún;

ciallaíonn “ábhar” aon imeacht sa Chúirt Chuarda nach imeacht i gcúis;

folaíonn “gearánaí” iarratasóir agus achainíoch;

folaíonn “imeachtaí” cúiseanna agus ábhair;

déanfar tagairtí don bhreitheamh do chuaird áirithe mar thagairtí don bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird sin;

ní fholaíonn “pearsantas” airnéisí réadacha;

folaíonn “talamh” oidhreachtáin neamhchorpracha;

ciallaíonn “rialacha cúirte” rialacha arna ndéanamh faoi alt 66 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é leis an Acht seo.

Líon gnáthbhreithiúna na Cúirte Cuarda.

16. —(1) Ochtar ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, más rud é, ar an dáta feidhme, go mbeidh naonúr gnáth-bhreitheamh sa Chúirt Chuarda, ansin, go dtí go dtarlóidh an chéad fholúntas in oifig bhreithimh den Chúirt Chuarda, is naonúr ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.

Cáilíochtaí breithiúna na Cúirte Cuarda.

17. —(1) (a) Beidh Uachtarán na Cúirte Cuarda do láthair cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Cuarda agus, má bhíonn sé toilteanach oifig a ghlacadh, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Cuarda.

(b) Gach duine de na daoine (seachas Uachtarán na Cúirte Cuarda do láthair) is gnáth-bhreithiúna den Chúirt Chuarda do láthair díreach roimh an dáta feidhme, beidh sé cáilithe lena cheapadh ina ghnáthbhreitheamh den Chúirt Chuarda agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan é nó iad a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(c) Ní bhaineann míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo ach amháin le cáilíocht chéad-bhreithiúna na Cúirte Cuarda lena gceapadh.

(d) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) (a) Beidh duine atá de thuras na huaire ina abhcóide cleachtach agus seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mBarra aige cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar gur cleachtadh ag an mBarra seirbhís, i gcás abhcóide, mar bhreitheamh den Chúirt Dúichedo láthair nó den Chúirt Dúiche.

(3) Beidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Chuarda cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Cuarda.

Aois scortha bhreithimh den Chúirt Chuarda.

18. —(1) Seachtó bliain an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, is dhá bhliain is seachtó an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Chuarda ba bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair ar dháta Acht 1947 a rith.

Pinsin bhreithiúna na Cúirte Cuarda.

19. —(1) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le pinsin bhreithiúna na Cúirte Cuarda.

(2) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a chur as oifig toisc é a bheith ar míthreoir, measfar chun críche pinsin é a bheith tar éis scaradh lena oifig de dheasca buan-easláinte.

Na cuarda agus sannadh breithiúna do na cuarda.

20. —(1) Is iad na cuarda a bunaíodh faoi alt 16 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1953 a bheidh ina gcuarda chun críocha na Cúirte Cuarda.

(2) (a) Nuair a cheapfar duine ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda, déanfaidh an Rialtas é a bhuansannadh do chuaird áirithe.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, más rud é, ar an dáta feidhme, go mbeidh naonúr gnáth-bhreitheamh den Chúirt Chuarda ann ionas nach féidir, ar an mbuansannadh a dhéanamh den chéad uair faoin mír sin, duine de na breithiúna sin a bhuansannadh do chuaird áirithe, féadfaidh an Rialtas an breitheamh sin a bhuansannadh tráth ar bith do chuaird agus, go dtí go ndéanfar an buansannadh sin, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham é a shannadh go sealadach do chuaird ar bith.

(c) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a shannadh go sealadach faoi mhír (b) den fho-alt seo do chuaird, ansin, fad a bheidh an breitheamh sin sannta go sealadach amhlaidh, beidh aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcomhréim le haon bhreitheamh a bheidh buansannta faoi alt 10 d'Acht 1947 mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo don chuaird sin, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais go léir a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha de réir dlí ar bhreitheamh den Chúirt Chuarda a buansannadh don Chuaird sin.

(3) Aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh de thuras na huaire buansannta do chuaird áirithe, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith, i gcás é do thoiliú chuige sin agus sa chás sin amháin, é a aistriú go cuaird eile, agus ar é a aistriú amhlaidh tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, buansannta don chuaird eile sin in ionad na cuarda céadluaite.

An Chúirt Chuarda ina cúirt taifid.

21. —Is cúirt taifid an Chúirt Chuarda.

Dlínse na Cúirte Cuarda, ach amháin in iarratais ag iarraidh archeadúnas nua agus i gcionta indíotáilte.

1871, c. 22.

22. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, beidh ag an gCúirt Chuarda, i gcomhréim leis an Ard-Chúirt, dlínse uile na hArd-Chúirte chun aon imeachtaí den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a éisteacht agus a chinneadh.

(b) Mura síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí i gcúis, roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn, an fhoirm thoilithe a ordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh ag an gCúirt Chuarda, de bhua mhír (a) den fho-alt seo, dlínse chun aon chúis den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a éisteacht agus a chinneadh sa chás a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(c) Ní bheidh ag an gCúirt Chuarda, de bhua mhír (a) den fho-alt seo, dlínse chun aon ábhar den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a éisteacht agus a chinneadh sa chás a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(d) An dlínse a bheidh ag an gCúirt Chuarda chun imeachtaí den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a éisteacht agus a chinneadh, is é an breitheamh den Chúirt Chuarda a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a oibreoidh í.

(e) I gcás oidhreachtán neamhchorprach a bheith i gceist in aon imeachtaí a mbeidh dlínse ina leith ag an gCúirt Chuarda de bhua an fho-ailt seo, déanfar tagairtí i gcolún (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh a fhorléiriú mar thagairtí don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh a bhfuil an t-oidhreachtán corprach ag gabháil leis nó ag éirí nó ag eisiúint as nó infheidhmithe ina leith.

(2) Beidh ag an gCúirt Chuarda agus oibreoidh sí, i gcomhréim leis an Ard-Chúirt, an dlínse in ábhair ghealtachta a tugadh d'Ard-Seansailéir na hÉireann le halt 68 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, is é sin le rá, i gcásanna nach mó ná dhá mhíle punt luach na maoine atá ag an duine a líomhnaítear gur duine mímheabhrach é agus nach féidir leis a ghnóthaí féin a rialú nó nach mó ná céad punt sa bhliain an t-ioncam as an maoin sin.

(3) (a) Beidh ag an gCúirt Chuarda agus oibreoidh sí na dlínsí éagsúla—

(i) a bhí, faoi réim nó de bhua aon achtacháin dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó aon achtacháin eile dílsithe do chathaoirligh sheisiún ceathrún, reacordairí, breithiúna cúirte contae, nó seisiúin cheathrún nó inoibrithe acu sin tráth, agus

(ii) a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Chúirt Chuarda do láthair nó inoibrithe aici.

(b) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda le mír (a) den fho-alt seo faoi aon achtachán dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is é an breitheamh den Chúirt Chuarda a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a oibreoidh í.

(c) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú forálacha (nach mbeidh ar neamhréir le forálacha mhír (b) den fho-alt seo) a dhéanamh i dtaobh oibriú aon dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda le mír (a) den fho-alt seo ag breithiúna den Chúirt Chuarda go leithleach mar is dóigh leis is gá nó is cuí ag féachaint do na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an gCúirt Chuarda agus le breithiúna na Cúirte Cuarda.

(d) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (c) den fho-alt seo beidh éifeacht aige agus measfar éifeacht a bheith aige riamh, má fhoráiltear amhlaidh san ordú, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach.

(4) (a) Gach reacht Briotanach dá luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh éifeacht aige faoi réir na n-oiriúnuithe a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an reachta sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú oiriúnuithe (nach mbeidh ar neamhréir leis na hoiriúnuithe a dhéantar le mír (a) den fho-alt seo) a dhéanamh in aon achtachán (a bhfuil tagairt ann do na cúirteanna billí sibhialta, na cúirteanna contae nó na cúirteanna seisiún ceathrún, a bhí ann tráth, do na habhcóidí cúnta, na reacordairí, na breithiúna cúirte contae nó na cathaoirligh sheisiún ceathrún a bhí ann tráth nó d'oifigigh a bhí ann tráth do na cúirteanna sin) atá in aon reacht Briotanach nó in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann mar is dóigh leis is gá nó is cuí ag féachaint do na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an gCúirt Chuarda agus le breithiúna na Cúirte Cuarda.

(c) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (b) den fho-alt seo beidh éifeacht aige agus measfar éifeacht a bheith aige riamh, má fhoráiltear amhlaidh san ordú, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach.

(5) (a) Beidh ag an gCúirt Chuarda freisin an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Chuarda do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(b) Aon dlínse áirithe a dhílsítear don Chúirt Chuarda le mír (a) den fho-alt seo, i gcás nach ndéantar foráil in aon achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo le haghaidh oibriú na dlínse sin ag breithiúna na Cúirte Cuarda go leithleach, oibreofar í ag breithiúna na Cúirte Cuarda go leithleach sa tslí a fhoráiltear le rialacha cúirte.

(6) Déanfaidh an Chúirt Chuarda, maidir le haon chúis chaingne a bheidh faoina dlínse de thuras na huaire ,in aon imeachtaí a bheidh os a comhair—

(a) cibé faoiseamh, sásamh ón leigheas nó teaglaim leigheasanna, a dheonú, go hiomlán nó go coinníollach, agus

(b) cibé éifeacht agus a shamhail d'éifeacht a thabhairt do gach foras cosanta nó fritéileamh, dlíthiúil nó cothromasach,

ba chóir don Ard-Chúirt a dheonú nó a thabhairt ina shamhail de chás agus ar mhodh chomh hiomlán fairsing céanna.

(7) Gan dochar d'aon dlínse a thugtar leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, beidh ag an gCúirt Chuarda cumhachtaí astaithe, gairnisithe agus idirphléadála, agus beidh aici gach cumhacht (lena n-áirítear cumhacht chun glacadóir a cheapadh) a bheidh fo-ghabhálach le haon dlínse is inoibrithe aici.

(8) Féadfaidh páirtí ar bith i gcaingean a tionscnaíodh sa Chúirt Chuarda agus a bheidh ar feitheamh inti a iarraidh tráth ar bith ar an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a mbeidh an chaingean ar feitheamh os a chomhair a thabhairt go gcuirfear an chaingean ar aghaidh go dtí an Ard-Chúirt agus air sin, más caingean í atá oiriúnach chun a triailte san Ard-Chúirt agus go ndealraíonn sé gurb í an Ard-Chúirt an binse is mó is iomchuí sna himthosca, féadfaidh an breitheamh sin an chaingean a chur ar aghaidh go dtí an Ard-Chúirt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh costas nó eile a fheicfear dó a bheith cóir, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(9) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, ar iarratas ó aon pháirtí nó as a threoir féin, más cuí leis é, an láthair le haghaidh triail aon chaingne a bheidh ar feitheamh as a chomhair a aistriú le hordú ó áit éisteachta amháin go dtí aon áit éisteachta eile laistigh dá chuaird, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh den Chúirt Chuarda ag déanamh aon ordaithe den sórt sin nó ag diúltú é a dhéanamh.

(10) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, ar iarratas ó aon pháirtí i gcaingean a mbeifear tar éis cuid di a éisteacht an chuid eile nó cion ar bith den éisteacht a aistriú go dtí láthair eile laistigh dá chuaird nó laistigh de chuaird Bhaile Átha Cliath, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(11) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, lasmuigh dá chuaird, aon iarratas a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil cumhacht aige é a éisteacht agus a chinneadh laistigh den chuaird sin agus ar dóigh leis gur ceart déileáil leis mar ghnó práinne.

(12) I gcás—

(a) ina mbeidh caingean ar feitheamh os comhair breithimh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire do chuaird áirithe, agus

(b) ina n-iarrfaidh aon pháirtí sa chaingean sin an chaingean sin a aistriú go cuaird eile lena héisteacht ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird eile sin,

féadfaidh an breitheamh céadluaite sin, le toiliú an bhreithimh eile sin, an chaingean sin a aistriú dá réir sin agus air sin éistfidh agus cinnfidh an breitheamh eile sin an chaingean sin, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh chéadluaite ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(13) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda éisteacht aon imeachtaí a bheidh os a chomhair a chur ar atráth go dtí aon chúirt eile laistigh dá chuaird.

(14) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda aon orduithe a measfaidh sé práinn a bheith leo a dhéanamh taobh amuigh de chúirt.

(15) (a) D'ainneoin aon ní atá i gCuid IV d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, ní bheidh aon ábhar achomhairc ann i gcoinne aon chinneadh ón gCúirt Chuarda in aon imeachtaí i gcúis más rud é, sula dtugtar an bhreith, go gcomhaontóidh na páirtithe, i scríbhinn faoina lámha, gur cinneadh críochnaitheach a bheidh ann.

(b) Ní gá stampa ar chomhaontú faoi mhír (a) den fho-alt seo.

Dlínse Bhreitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí i gcúiseanna aimiréalachta agus i bhféimheacht.

1959, Uimh. 2 .

23. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Cuaird Chorcaí” an chuaird den Chúirt Chuarda arb é atá inti contae agus contae-bhuirg Chorcaí;

ciallaíonn “Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí” an breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire do Chuaird Chorcaí.

(2) (a) Beidh Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí, agus suífidh sé, ina chúirt aimiréalachta áitiúil (dá ngairtear an Chúirt san fho-alt seo) ar a dtabharfar Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

(b) Beidh ag an gCúirt, laistigh de Chuaird Chorcaí maille leis na codanna den fharraige lena hais agus laistigh de theorainn forimeallach na bhfarraigí teorann, de réir bhrí an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959, an dlínse i gcúiseanna aimiréalachta a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid II d'Acht 1924, inoibrithe ag Reacordaire Chorcaí tráth.

(c) Is é Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí a oibreoidh dlínse na Cúirte.

(d) Bainfidh alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, le gach breithiúnas nó ordú a thabharfaidh an Chúirt.

(3) (a) Beidh Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí, agus suífidh sé, ina chúirt féimheachta áitiúil (dá ngairtear an Chúirt san fho-alt seo) ar a dtabharfar Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

(b)   Beidh ag an gCúirt, maidir le haon duine a bhfuil cónaí air nó oifig nó áit ghnó aige i gCuaird Chorcaí agus is féichiúnaí nó duine a n-iarrtar é a bhreithniú ina fhéimheach nó ina fhéichiúnaí comhshocraíochta, dlínse, cumhacht agus údarás i bhféimheacht agus maidir le comhshocraíocht le creidiúnaithe agus le himshocraíocht i ndiaidh féimheachta mar a bheidh de thuras na huaire dílsithe don Ard-Chúirt nó inoibrithe aici.

(c) Is é Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí a oibreoidh dlínse na Cúirte.

(d) Bainfidh alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é leis an Acht seo, le gach breithiúnas nó ordú ón gCúirt.

(4) Beidh éifeacht ag fo-ailt (6) agus (7) d'alt 22 den Acht seo ionann is dá mbeadh ar na tagairtí iontu don Chúirt Chuarda tagairtí do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

(5) Bainfidh fo-ailt (8), (11), (14) agus (15) d'alt 22 den Acht seo le himeachtaí i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

(6) (a) Na tagairtí a dhéantar san fho-alt seo d'alt 25 (a bhaineann le tarchur nó aistriú caingne atá ar feitheamh san Ard-Chúirt) d'Acht 1924 is tagairtí iad don alt sin, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo agus arna leasú le halt 11 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é amhlaidh agus le halt 13 d'Acht 1953, mar a chuirtear chun feidhme é amhlaidh.

(b) Bainfidh alt 25 d'Acht 1924 le caingne aimiréalachta atá ar feitheamh san Ard-Chúirt agus a d'fhéadfaí a thionscnamh i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí, agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin don Chúirt Chuarda a fhorléiriú mar thagairtí do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

(c) Bainfidh alt 25 d'Acht 1924 le caingne féimheachta atá ar feitheamh san Ard-Chúirt agus a d'fhéadfaí a thionscnamh i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí, agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin don Chúirt Chuarda a fhorléiriú mar thagairtí do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

Dlínse na Cúirte Cuarda in iarratais ag iarraidh archeadúnas nua.

24. —(1) San alt seo tá an bhrí chéanna le “ar-cheadúnas” atá leis sna hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960.

(2) Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda i ngach cás ina n-iarrfar ar-cheadúnas nua.

(3) Is é an breitheamh don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh a n-iarrfar an t-ar-cheadúnas nua ina leith a oibreoidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo.

(4) Nuair a dheonóidh an Chúirt Chuarda ar-cheadúnas nua faoin alt seo, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ní gá an ceadúnas a dhaingniú ag suí ar bith den Chúirt Chuarda ina dhiaidh sin.

Dlínse na Cúirte Cuarda i gcionta indíotáilte.

1939, Uimh. 10 .

1939, Uimh. 13 .

1926, Uimh. 1 .

1926, Uimh. 45 .

25. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh ag an gCúirt Chuarda agus beidh inoibrithe aici gach dlínse maidir le cionta indíotáilte a bheidh dílsithe de thuras na huaire sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus féadfar gach duine a thabharfar go dleathach os comhair na Cúirte Cuarda in oibriú na dlínse sin a dhíotáil os comhair na Cúirte Cuarda agus a thriail agus, má chiontaítear é, pianbhreith a chur air ag an gCúirt Chuarda dá réir sin.

(2) Beidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda le fo-alt (1) den alt seo gan réim maidir le tréas, le cion faoi alt 2 nó 3 den Acht Tréasa, 1939 , le cion faoi alt 6, 7 nó 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , le dúnmharú, le hiarracht ar dhúnmharú, le comhcheilg chun dúnmharú a dhéanamh, nó le píoráideacht, lena n-áirítear cion ag cúlpháirtí roimh an ngníomh nó ina dhiaidh.

(3) Is é an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an cion nó inar gabhadh nó ina gcónaíonn an cúisí a oibreoidh an dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda le fo-alt (1) den alt seo.

(4) In alt 6 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1926 , mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, agus i bhfo-alt (1) d'alt 14 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , déanfar na tagairtí d'alt 53 d'Acht 1924 a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt (3) den alt seo.

Aistriú trialacha i gcásanna coiriúla ag breitheamh den Chúirt Chuarda.

26. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda, más cuí leis é, triail saincheiste coiriúla a aistriú ón áit ina chuaird inar gá de réir dlí í a bheith ar bun go dtí áit ar bith eile sa chuaird sin, agus, sa chás sin, cuirfear an triail ar bun san áit chun a n-aistreofar í maille le giúiré arna tharraingt ón gceantar giúiré nó ón limistéar eile a bheidh ordaithe le haghaidh trialacha ag an gCúirt Chuarda agus í ina suí san áit deiridh sin.

(2) I gcás ordú a dhéanfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) ní fhéadfar an t-ordú a dhéanamh ach ar iarratas ón Ard-Aighne nó ó chúisí,

(b) féadfaidh foráil a bheith ann i dtaobh ábhar atá fo-ghabhálach nó teagmhálach leis an aistriú, agus

(c) is ordú críochnaitheach neamh-inachomhairc a bheidh ann.

Dlínse a bheith le hoibriú de bhun rialacha cúirte (an Chúirt Chuarda, Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí).

27. —(1) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda, do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí faoi seach nó is inoibrithe ag na Cúirteanna sin faoi seach de bhua an Achta seo déanfar, chomh fada agus a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne, lena n-áirítear dliteanas i leith costas, í a oibriú ar an modh a fhoráiltear le rialacha cúirte, agus más rud é, maidir le dlínse Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí, nach mbeidh aon fhoráil sna rialacha sin agus fad nach mbeidh aon riail ann ina taobh, oibreofar í chomh dlúth agus is féidir é leis an modh ina bhféadfadh Reacordaire Chorcaí tráth í a oibriú.

(2) Is é an t-údarás déanta rialacha don Chúirt Chuarda is údarás déanta rialacha do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí freisin.

CUID IV

An Chúirt Dúiche

Forálacha Ginearálta

Líon breithiúna na Cúirte Dúiche.

28. —Ceathrar is tríocha ar a mhéid, maraon le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna a bheidh sa Chúirt Dúiche.

Cáilíochtaí bhreithiúna na Cúirte Dúiche agus léiriú alt 2 d'Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

29. —(1) (a) Gach duine de na daoine is bhreithiúna den Chúirt Dúiche do láthair díreach roimh an dáta feidhme, beidh sé cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo ach amháin le cáilíocht na gcéad-bhreithiúna den Chúirt Dúiche lena gceapadh.

(c) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Duine atá de thuras na huaire ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach agus seasamh deich mbliana ar a laghad aige amhlaidh beidh sé cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(3) Beidh abhcóide nó aturnae a bhí ag feidhm-chleachtadh a ghairme ar feadh deich mbliana ar a laghad cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche má tá sé de thuras na huaire i seilbh oifige a raibh (tráth a cheaptha chuici) ceangal reachta ina leith go mbeadh gach duine a cheapfaí chuici nó go mbeadh sé tar éis a bheith—

(a) ina aturnae cleachtach, nó

(b) ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach.

(4) Nuair a dhéanfar duine (a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair de bhua barántais a rinneadh faoi alt 2 d'Acht 1949) a cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche, measfar chun críocha Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, é a bheith á choimeád i seilbh oifige faoi Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme amhlaidh é, go ceann bliana dar tosach an dáta a shlánaigh sé—

(a) más é an chéad bharántas ina leith é, cúig bliana is seasca, nó

(b) más é an dara barántas ina leith é, sé bliana is seasca, nó

(c) más é an tríú barántas ina leith é, seacht mbliana is seasca, nó

(d) más é an ceathrú barántas ina leith é, ocht mbliana is seasca, nó

(e) más é an cúigiú barántas ina leith é, naoi mbliana is seasca.

Aois scortha bhreithimh den Chúirt Dúiche.

30. —(1) Cúig bliana is seasca an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, is seachtó bliain an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Dúiche a bhí, díreach roimh an 29ú lá d'Iúil, 1946, ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair agus mar bhreitheamh den sórt sin a buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

(3) Déanfar na tagairtí atá in alt 2 d'Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, d'alt 15 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946 a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt (1) den alt seo.

Pinsin bhreithiúna na Cúirte Dúiche.

31. —(1) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le pinsin bhreithiúna na Cúirte Dúiche.

(2) I gcás breitheamh den Chúirt Dúiche a chur as oifig toisc é a bheith ar míthreoir, measfar chun críche pinsin é a bheith tar éis scaradh lena oifig de dheasca buan-easláinte.

Ceantair agus dúichí Cúirte Dúiche agus sannadh breithiúna do na dúichí.

32. —(1) Is iad na ceantair a bunaíodh faoi alt 21 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1953 a bheidh ina gceantair chúirte dúiche chun críocha na Cúirte Dúiche.

(2) Is iad na dúichí a bunaíodh faoi alt 22 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1953 agus Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a bheidh ina ndúichí cúirte dúiche chun críocha na Cúirte Dúiche.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha (a bhaineann le breithiúna den Chúirt Dúiche a shannadh do dhúichí) atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

1890, c. 59.

1935, Uimh. 2 .

33. —(1) Dílseofar don Chúirt Dúiche agus aistreofar chuici—

(a) an dlínse uile a bhí, de bhua ailt 77 agus 78 d'Acht 1924, dílsithe don Chúirt Dúiche do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(b) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Dúiche do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(2) (a) San fho-alt seo

ciallaíonn “Acht 1890” an Public Health Acts Amendment Act, 1890, mar a cuireadh chun feidhme é ar Éirinn le fo-alt (9) d'alt 12 den Acht sin agus mar a leasaíodh é le halt 14 d'Acht 1935;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Hallaí Rinnce Poiblí, 1935.

(b) Beidh éifeacht ag alt 51 (a bhaineann le ceadúnais cheoil agus rince) d'Acht 1890 ionann is dá gcuirfí tagairtí don Chúirt Dúiche in ionad na dtagairtí atá ann do ghiúistisí ceadúnúcháin.

(c) Is é an breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire sannta don dúiche ina bhfuil an teach, an seomra, an gairdín nó an áit eile a mbeidh an ceadúnas faoi alt 51 d'Acht 1890 á iarraidh ina leith a oibreoidh an dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche leis an bhfo-alt seo.

(d) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 2 agus ag alt 9 d'Acht 1935 ionann is dá mbeadh ar na tagairtí atá iontu do cheadúnas rince phoiblí tagairtí do cheadúnas faoi mhír 2 d'alt 51 d'Acht 1890.

(3) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche chun caingean mar gheall ar choinneáil éagórach a éisteacht agus a chinneadh (lena n-áirítear dlínse chun ordú a dhéanamh go dtabharfar ar ais na hearraí a éilítear) mura mó ná £50 luach na n-earraí a éilítear.

(4) (a) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche chun aon chaingean a éisteacht agus a chinneadh a thionscnófar tar éis tosach feidhme an Achta seo agus is caingean a bheidh bunaithe ar chomhaontú díola chreidmheasa (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960) mura mó ná céad punt méid an éilimh.

(b) Ní bhainfidh mír (a) d'alt 53 d'Acht 1936 le caingean—

(i) a mbeidh an cosantóir nó duine de na cosantóirí inti ina ghnáthchónaí, nó aon ghairm, gnó nó slí bheatha ar siúl aige, sa Stát, agus

(ii) a mbaineann mír (a) den fho-alt seo léi.

Dlínse a oibriú de bhun rialacha cúirte (an Chúirt Dúiche).

34. —Déanfar an dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche nó is inoibrithe aici de bhua an Achta seo a oibriú chomh fhada is a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne, lena n-áirítear dliteanas i leith costas, ar an modh a fhoráiltear le rialacha cúirte arna ndéanamh faoi alt 91 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

Forálacha maidir le hUachtarán na Cúirte Dúiche agus le Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

Cáilíocht le haghaidh ceapachán mar Uachtarán na Cúirte Dúiche agus sannadh.

35. —(1) (a) Beidh breitheamh den Chúirt Dúiche cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Dúiche ar choinníoll, áfach, go mbeidh duine is breitheamh den Chúirt Dúiche do láthair díreach roimh an dáta feidhme cáilithe lena cheapadh mar chéad Uachtarán na Cúirte Dúiche.

(b) Duine a bheidh cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche beidh sé cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Dúiche ach amháin mar chéad Uachtarán na Cúirte sin.

(2) Déanfaidh an Rialtas Uachtarán na Cúirte Dúiche a bhuansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

(3) Mura féidir le hUachtarán na Cúirte Dúiche gníomhú ar feadh tréimhse ar bith, ansin, ar feadh na tréimhse sin, beidh cumhachtaí an Uachtaráin faoin Acht seo ag an mbreitheamh is sinsearaí de na breithiúna a buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath agus oibreoidh seisean na cumhachtaí sin.

Cumhachtaí ginearálta Uachtarán na Cúirte Dúiche.

36. —(1) Chun a áirithiú go ndéanfar gnó na Cúirte Dúiche go tráthúil éifeachtúil i ndúichí éagsúla na cúirte sin, beidh ag Uachtarán na Cúirte Dúiche, agus oibreoidh sé, na cumhachtaí a thugtar dó le fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo.

(2) (a) Má fheictear d'Uachtarán na Cúirte Dúiche go bhfuil iompar breithimh den Chúirt Dúiche docharach do chomhlíonadh tráthúil éifeachtúil ghnó na Cúirte sin, imscrúdóidh sé an scéal agus féadfaidh sé toradh an imscrúdaithe a thuairisciú don Aire.

(b) I gcúrsa imscrúdaithe faoin bhfo-alt seo, rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis an mbreitheamh a bheidh i gceist.

(3) (a) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche cruinnithe de bhreithiúna na Cúirte Dúiche a chomóradh chun cúrsaí a phlé a bhaineann le comhlíonadh ghnó na Cúirte sin, ar a n-áirítear, go sonrach, cúrsaí ar nós neamhionannais mhíchuí a sheachaint in oibriú dlínse na Cúirte sin ag na breithiúna agus an leibhéal ginearálta fíneálacha agus pionós eile.

(b) Ní chomórfar na cruinnithe sin níos minice ná dhá uair sa bhliain.

(c) Freastalóidh gach breitheamh gach cruinniú den sórt sin mura rud é nach mbeidh sin ar a chumas de dheasca breoiteachta nó ar aon chúis dosheachanta eile agus, mura mbeidh ar chumas breithimh cruinniú den sórt sin a fhreastal, cuirfidh sé an fáth atá leis in iúl don Uachtarán a luaithe is féidir.

(4) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche, aon uair is cuí leis é, moltaí a thabhairt don Aire maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an líon breithiúna den Chúirt Dúiche a bheidh le sannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath;

(b) na háiteanna chun an Chúirt Dúiche a bheith ar bun in aon cheantar cúirte dúiche nó lena aghaidh; agus

(c) na laethanta agus na huaire chun an Chúirt Dúiche a bheith ar bun in aon cheantar cúirte dúiche nó lena aghaidh ach amháin an ceantar arb é Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath é de thuras na huaire.

Deireadh leis na Ranna de na Breithiúna do Chathair Bhaile Átha Cliath.

37. —Ar an dáta feidhme agus ón dáta feidhme, beidh na trí Ranna de na breithiúna a buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, is iad sin, na Ranna a cumadh le halt 5 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946, arna ndíchur.

Ard-Bhreithiúna Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

38. —(1) Gach duine a ainmníodh faoi fho-alt (1) d'alt 6 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946 chun bheith ina Ard-Bhreitheamh do Roinn de Bhreithiúna Cathrach Bhaile Átha Cliath agus a cheapfar faoi fho-alt (1) d'alt 29 den Acht seo chun bheith ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche sealbhóidh sé oifig Ard-Bhreithimh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath (agus déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh don Dúiche sin) agus sealbhóidh sé an oifig sin fad a bheidh sé i seilbh oifig bhreithimh den Chúirt Dúiche.

(2) Ar dhuine atá i seilbh oifig Ard-Bhreithimh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a scor de bheith i seilbh na hoifige sin, beidh an oifig sin, sa mhéid go raibh sí á sealbhú ag an duine sin, arna díchur.

Líon na mbreithiúna do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

39. —Ar an dáta feidhme, cinnfidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna den Chúirt Dúiche a bheidh le buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath agus féadfaidh sé ó am go ham, mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna a bheidh le sannadh amhlaidh don Dúiche sin a athrú.

Na háiteanna a ndéanfar gnó Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

40. —Ar an dáta feidhme, ceapfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, na háiteanna i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath chun gnó na Cúirte Dúiche sa Dúiche sin a dhéanamh agus féadfaidh sé ó am go ham, mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Uachtarán sin, na háiteanna a bheidh ceaptha amhlaidh a athrú.

An méid lá suite i ngach seachtain do bhreithiúna a shannfar do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

41. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, a chinneadh cad é an méid lá gach seachtain a bheidh na breithiúna den Chúirt Dúiche a shannfar do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath le suí de ghnáth sa Dúiche sin chun gnó na Cúirte Dúiche a dhéanamh.

Gnó na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

42. —(1) Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche—

(a) socrú chun gnó na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a roinnt ar na breithiúna éagsúla den Chúirt Dúiche a shannfar don Dúiche sin, agus

(b) an cineál nó na cineálacha gnó a chinneadh a bheidh le déanamh i ngach ceann de na háiteanna éagsúla a cheapfaidh an tAire faoi alt 40 den Acht seo chun gnó na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a dhéanamh agus na laethanta agus na huaire a chinneadh a bheidh an cineál nó na cineálacha sin gnó le déanamh sna háiteanna éagsúla a cheapfar amhlaidh.

(2) Sula ndéanfaidh sé socrú chun aon ghnó a roinnt faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, rachaidh an tUachtarán i gcomhairle le haon Ard-Bhreitheamh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

Srian le halt 26 d'Acht 1953.

43. —Sula bhfeidhmeoidh sé an chumhacht a thugtar dó le mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1953, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche.

Comhaltaí ex officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche.

44. —Is iad is comhaltaí ex officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche a bunaíodh le halt 71 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, Uachtarán na Cúirte Dúiche (a bheidh ina chathaoirleach ar an gCoiste) agus cibé duine a ainmneoidh an tAire chuige sin de chléirigh chúirte dúiche Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, agus beidh seisean ina rúnaí don Choiste.

CUID V

Forálacha Ilghnéitheacha

Riaradh ceartais ar chuma seachas go poiblí.

45. —(1) Féadfar ceartas a riaradh ar chuma seachas go poiblí in aon chás acu seo a leanas:

(a) iarratais a mbeidh práinn ag baint leo ar fhaoiseamh i modh habeas corpus, bannaí, toirmisc nó urghaire;

(b) cúiseanna agus ábhair maidir le pósadh;

(c) ábhair maidir le gealtacht agus mionaoisigh;

(d) imeachtaí a dtiocfaidh nochtadh próis rúnda déantóireachta i gceist iontu;

(2) Is cásanna de bhreis ar aon chásanna eile a ordaítear le haon Acht ón Oireachtas na cásanna a ordaítear le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag aon fhoráil in aon reacht ó Pharlaimint na sean-Ríochta Aontaithe nó ó Oireachtas Shaorstát Éireann a rinne foráil le haghaidh ceartas a riaradh ar chuma seachas go poiblí agus nach bhfuil i bhfeidhm ar an aonchúis go bhfuil sé ar neamhréir le forálacha Bhunreacht Shaorstát Éireann nó an Bhunreachta, cibé acu é.

Forálacha maidir le tuarastail agus pinsin bhreithiúna.

46. —(1) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte an tuarastal seo a leanas—

(a) leis an bPríomh-Bhreitheamh suim £5,335 sa bhliain,

(b) le hUachtarán na hArd-Chúirte agus le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí suim £4,070 sa bhliain,

(c) le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na hArd-Chúirte suim £3,575 sa bhliain.

(2) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Cuarda an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Cuarda suim £3,575 sa bhliain,

(b) le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na Cúirte Cuarda suim £2,835 sa bhliain.

(3) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Dúiche an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Dúiche suim £2,500 sa bhliain,

(b) le gach Ard-Bhreitheamh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,215 sa bhliain,

(c) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,070 sa bhliain,

(d) leis an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta don dúiche chúirte dúiche arb é atá ann nó a n-áirítear ann Contae-Bhuirg Chorcaí suim £2,070 sa bhliain,

(e) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche suim £1,925 sa bhliain.

(4) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus íocfar as an gcéanna—

(a) an tuarastal is iníoctha faoin Acht seo le breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche, agus

(b) an pinsean is iníoctha faoin Acht seo le breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche, agus

(c) an t-aoisliúntas agus an liúntas breise is iníoctha faoin Acht seo le breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

(d) an aisce is iníoctha faoin Acht seo i leith breithimh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(5) Ní bheidh thar aon phinsean amháin iníoctha faoin Acht seo leis an aon duine amháin.

(6) I gcás duine a bheidh ag fáil pinsin faoin Acht seo a bheith ar fostú i bpost a n-íoctar tuarastal ina leith as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas nó as an bPríomh-Chiste, ansin—

(a) ní bheidh an pinsean sin iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh tuarastal an duine sin sa phost sin comhionann lena thuarastal san oifig bhreithiúnach a bhfuil sé i dteideal an phinsin sin ina leith nó níos mó ná an tuarastal sin, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean sin in aghaidh aon tréimhse inar lú tuarastal an duine sin sa phost sin ná a thuarastal san oifig bhreithiúnach sin ach an oiread de a dhéanfaidh i dteannta a thuarastail sa phost sin méid a thuarastail san oifig bhreithiúnach sin.

(7) Nuair a bheidh fo-alt (5) den alt seo á chur chun feidhme maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar tagairtí do phinsean a fhorléiriú mar thagairtí d'aoisliúntas agus do liúntas breise.

(8) Nuair a bheidh fo-alt (6) den alt seo á chur chun feidhme maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an alt seo, déanfar tagairtí do phinsean a fhorléiriú mar thagairtí d'aoisliúntas.

Ús ar fhiacha breithiúnais.

1840, c. 105.

47. —(1) Gach fiach breithiúnais a bheidh dlite ar bhreithiúnas ón gCúirt Chuarda a gheofar ar an dáta feidhme nó dá éis measfar gur fiach breithiúnais é de réir bhrí alt 26 (a fhorálann go ngabhfaidh ús le fiacha breithiúnais) den Debtors (Ireland) Act, 1840.

(2) Bainfidh alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, agus an t-alt sin 26, arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo, le fiach breithiúnais a bheidh dlite d'údarás Stáit nó uaidh.

Feidhm achtachán a bhaineann leis na cúirteanna do láthair agus le breithiúna agus le hoifigigh na gcúirteanna sin, agus rialacha cúirte.

1951, Uimh. 2 .

1961, Uimh. 16 .

48. —(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, baineann an t-alt seo leis na hachtacháin seo a leanas—

(i) aon achtachán atá sa hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961, in Achtanna na nOifigeach Cúirte, 1926 go 1961, nó san Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 ,

(ii) aon achtachán eile a bhfuil tagairt ann do chúirt a bunaíodh le hAcht 1924 nó do bhreitheamh nó oifigeach di,

(iii) aon ionstraim (seachas rialacha cúirte) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme agus a rinneadh faoi aon achtachán dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) den mhír seo.

(b) Ní bhaineann an t-alt seo—

(i) le haon achtachán a aisghaireadh roimh an dáta feidhme nó a aisghairtear leis an Acht seo, ná

(ii) le fo-alt (2) d'alt 19 ná le hailt 77 agus 78 d'Acht 1924.

(2) Nuair a bheidh an t-alt seo á chur chun feidhme maidir leis an gCúirt Dúiche do láthair agus leis an gCúirt Dúiche déanfar tagairt do bhreitheamh a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt sin.

(3) Beidh feidhm ag gach achtachán lena mbaineann an t-alt seo maidir leis na cúirteanna a bunaíodh leis an bPríomh-Acht agus le breithiúna agus oifigigh na gcúirteanna sin ionann is dá mba san Acht seo a achtaíodh é, i dteannta agus faoi réir—

(a) na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo,

(b) cibé oiriúnuithe agus modhnuithe eile a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (6) den alt seo.

(4) Measfar rialacha cúirte, a rinneadh faoi na hachtacháin lena mbaineann an t-alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme a bheith arna ndéanamh faoi na hachtacháin sin, mar a chuirtear chun feidhme iad le fo-alt (3) den alt seo, agus beidh éifeacht acu dá réir sin, ach sin i dteannta agus faoi réir na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, agus féadfar aon rialacha cúirte den sórt sin a athrú nó a neamhniú ionann is dá mba faoi na hachtacháin sin arna gcur chun feidhme amhlaidh a rinneadh iad.

(5) Is iad seo a leanas na modhnuithe dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (3) agus i bhfo-alt (4) den alt seo—

(a) déanfar tagairt don chúirt a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an acht seo ag uimhir thagartha áirithe a fhorléiriú mar thagairt don chúirt a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin,

(b) déanfar tagairt do bhreitheamh den chúirt a luaitear i gcolún (2) den Chuid sin I ag uimhir thagartha áirithe a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den chúirt a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin, agus

(c) déanfar tagairt don bhreitheamh a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ag uimhir thagartha áirithe a fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(6) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, oiriúnuithe nó modhnuithe (nach mbeidh ar neamhréir leis na modhnuithe a dhéantar le fo-alt (5) den alt seo) a dhéanamh in nó ar aon achtachán lena mbaineann an t-alt seo mar is dóigh leis is gá agus is cuí chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

(b) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (a) den fho-alt seo beidh éifeacht aige agus measfar éifeacht a bheith aige riamh, má fhoráiltear amhlaidh san ordú, ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach.

(7) Aon áit a bhfuil “an tAcht seo” in aon achtachán a chuirtear chun feidhme leis an alt seo déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, é a fhorléiriú mar thagairt don Acht a bhfuil an t-achtachán sin ann.

(8) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 51 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, ionann is dá gcuirfí “seasamh deich mbliana” in ionad “seasamh sé mblian”.

(9) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 27 d'Acht 1953, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, ionann is dá gcuirfí tagairt d'alt 40 den Acht seo in ionad na tagartha atá ann d'alt 11 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946.

(10) (a) Ní mheasfar mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1961 a bheith ag tagairt do dhuine a bhí díreach roimh Acht 1961 a rith, ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair, den Ard-Chúirt do láthair, den Chúirt Chuarda do láthair nó den Chúirt Dúiche do láthair agus a cheapfar ina bhreitheamh ar an dáta feidhme.

(b) Measfar an tagairt atá i bhfo-ailt (2), (4), agus (5) d'alt 4 d'Acht 1961 do na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, d'fholú tagartha don Acht seo.

(c) Beidh éifeacht ag alt 5 d'Acht 1961 ionann is dá gcuirfí isteach ann i ndeireadh fho-alt (2) “nó faoi alt 58 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .”

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961 .

Riaradh ceartais agus a chur i bhfeidhm a bheith leanúnach.

49. —(1) Ní bhrisfear leanúnachas riartha ceartais ná leanúnachas a churtha i bhfeidhm tríd an bPríomh-Acht nó an tAcht seo a theacht i ngníomh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair sa chúirt a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a bheith arna dhéanamh nó arna dtionscnamh faoi seach sa chúirt a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin,

(b) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair os comhair an bhreithimh a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe (arb í uimhir thagartha 1 nó 2 í) a bheith arna dhéanamh sa chúis nó san ábhar sin os comhair an bhreithimh a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin,

(c) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair os comhair Bhreitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair agus é ag feidhmiú dlínse aimiréalachta a bheith arna dhéanamh nó arna dtionscnamh i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí,

(d) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair os comhair Bhreitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí agus é ag feidhmiú dlínse féimheachta do láthair a bheith arna dhéanamh nó arna dtionscnamh i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair” an breitheamh den Chúirt Chuarda do láthair don chuaird den Chúirt Chuarda do láthair arb é atá inti contae agus contae-bhuirg Chorcaí.

Achomhairc ón gCúirt Dúiche i gcásanna coiriúla i gcoinne na pianbhreithe amháin.

50. —I gcás—

(a) ina ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche ordú i gcás coiriúil ag ciontú duine agus á chur de phianbhreith air suim phionósach nó suim eile a íoc nó ní ar bith a dhéanamh ar chostas ar bith nó téarma príosúnachta a chur isteach nó é a bheidh le coinneáil i bhForas Naomh Pádraig, agus

(b) ina ndéanfar achomharc i gcoinne an ordaithe, agus

(c) (i) ina ndéarfar san fhógra achomhairc nach bhfuil an t-achomharc á dhéanamh ach i gcoinne na coda den ordú a bhaineann leis an bpianbhreith, nó

(ii) ina gcuirfidh an t-achomharcóir in iúl, tráth éisteachta an achomhairc, nach mian leis achomharc a dhéanamh ach i gcoinne na coda den ordú a bhaineann leis an bpianbhreith,

ansin, d'ainneoin aon rialach dlí, ní dhéanfaidh an Chúirt Chuarda, tráth éisteachta an achomhairc, an cás a athéisteacht ach an méid is gá chun go bhféadfaidh an chúirt ceist na pianbhreithe a bhreithniú.

Alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, a leathnú.

1857, c. 43.

51. —(1) Déantar leis seo alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, a leathnú ionas go bhféadfaidh aon pháirtí in imeachtaí ar bith a éistfidh agus a chinnfidh breitheamh den Chúirt Dúiche (seachas imeachtaí maidir le cion indíotáilte nár thriail an chúirt go hachomair), má bhíonn sé míshásta leis an gcinneadh sin faoina bheith earráideach i bponc den dlí, a iarraidh i scríbhinn laistigh de cheithre lá dhéag i ndiaidh an chinnte sin ar an mbreitheamh sin cás a shonrú agus a shíniú ag leagan amach fíorais agus forais an chinnte sin le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte air.

(2) Ar iarratas a dhéanamh faoi alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, mar a leathnaítear é le fo-alt (1) den alt seo, ag iarraidh cás sonraithe, fionrófar an cinneadh a ndéanfar an t-iarratas ina leith—

(a) má ghéilleann an breitheamh den Chúirt Dúiche a ndéanfar an t-iarratas chuige don iarratas, go dtí go mbeifear tar éis an cás sonraithe a éisteacht agus a chinneadh, agus

(b) má dhiúltaíonn sé géilleadh don iarratas, go dtí go ndiúltóidh sé amhlaidh.

(3) Déanfar na tagairtí atá in ailt 6, 8, 9, 10 agus 14 den Summary Jurisdiction Act, 1857, don Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don Acht sin arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo.

(4) In alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, ciallaíonn “party”, agus san alt seo, ciallaíonn “páirtí”, duine ar bith a bhí i dteideal éisteacht a fháil agus a éisteadh sna himeachtaí inar tugadh an cinneadh a ndearnadh iarratas ar chás sonraithe ina leith.

Cás a shonrú don Ard-Chúirt ar cheist dlí.

52. —(1) Déanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, arna iarraidh sin air d'aon duine a éisteadh in aon imeachtaí ar bith os a chomhair (seachas imeachtaí maidir le cion indíotáilte nach bhfuil á thriail go hachomair ag an gcúirt), mura rud é gur dóigh leis gurb iarratas suaibhreosach é, agus féadfaidh sé (gan a iarraidh air), aon cheist dlí a éireoidh sna himeachtaí sin, a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte, lena cinneadh.

(2) Féadfar, le cead na hArd-Chúirte, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne gach cinneadh ag an Ard-Chúirt ar cheist dlí a tarchuireadh chun na hArd-Chúirte faoi fho-alt (1) den alt seo.

Feidhm alt 26 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 .

1960, Uimh. 15 .

53. —Bainfidh alt 26 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 , le haon chaingean a bheidh ar feitheamh san Ard-Chúirt agus a bheidh bunaithe ar chomhaontú díola chreidmheasa (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960).

Dlínse chun bannaí síochána nó dea-iompair a chur ar dhuine.

54. —An dlínse a bhí tráth inoibrithe ag giúistísí síochána chun ordú a dhéanamh ag cur bannaí síochána nó dea-iompair nó bannaí síochána agus dea-iompair ar dhuine agus á cheangal air dul faoi chúirtbhanna chuige sin, beidh sí inoibrithe ag—

(a) breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt, nó

(b) breitheamh den Chúirt Chuarda laistigh den chuaird a mbeidh sé sannta di de thuras na huaire, nó

(c) breitheamh den Chúirt Dúiche laistigh den dúiche a mbeidh sé sannta di de thuras na huaire.

Oifigí agus oifigigh, etc., faoi na h Achta Oifigigh Cúirte, 1926 go 1951.

1951, Uimh. 8 .

55. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le hoifigí agus oifigigh atá le bheith ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte faoi seach.

(2) (a) Tiocfaidh gach oifig Chúirte Cuarda chun bheith, agus beidh sí, ag gabháil leis an gCúirt Chuarda.

(b) Tiocfaidh gach cláraitheoir contae chun bheith, agus beidh sé, ag gabháil leis an gCúirt Chuarda.

(c) Gach sannadh a rinneadh nó a mheastar a rinneadh i gcás cláraitheora contae faoi alt 10 d'Acht 1945 roimh an dáta feidhme, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 10; mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(3) (a) Tiocfaidh gach cléireach cúirte dúiche chun bheith, agus beidh sé, ag gabhail leis an gCúirt Dúiche.

(b) Gach sannadh a rinneadh i gcás cléireach cúirte dúiche faoi alt 48 d'Acht 1926 roimh an dáta feidhme, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 48 mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(4) Aon cheanglas a rinneadh faoi alt 9 d'Acht 1945 roimh an dáta feidhme, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 9, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(5) Aon cheapachán a rinneadh faoi alt 4 (a bhaineann le hionadaithe do chléirigh chúirte dúiche) den Acht Oifigeach Cúirte, 1951 , roimh an dáta feidhme, measfar, mura bhfoirceannfar é roimh an dáta feidhme, é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 4, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(6) Bainfidh na forálacha seo a leanas le haon duine a bheidh, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh aon oifige, fostaíochta nó poist faoi na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951—

(a) leanfaidh sé de bheith i seilbh a oifige, a fhostaíochta nó a phoist ionann is nár ritheadh an tAcht seo,

(b) ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir do na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir nó faoina réir a shealbhaigh sé a oifig, a fhostaíocht nó a phost díreach roimh an dáta feidhme.

(7) Aireofar sa ghnó a bheidh le déanamh san oifig Chúirte Cuarda don chuaird ina bhfuil contae agus contae-bhuirg Chorcaí de bhun alt 37 d'Acht 1926, gnó Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí, agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 65 d'Acht 1936 (a bhaineann le táillí cúirte a ordú).

Cumhacht chun cláraitheoirí contae a choimeád in oifig tar éis cúig bliana is seasca d'aois a shlánú.

56. —(1) (a) San alt seo ciallaíonn “an Coiste” coiste arb iad a bheidh ann—

(i) an Príomh-Bhreitheamh,

(ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, agus

(iii) an tArd-Aighne.

(b) Féadfaidh an Coiste gníomhú trí thromlach dá chomhaltaí agus beidh barántas faoin alt seo fíordheimhnithe go leordhóthanach má bhíonn sé sínithe ag beirt chomhalta den Choiste.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh cláraitheoir contae ar tí cúig bliana is seasca a shlánú, agus

(b) ina gcruthóidh sé chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a thabharfadh go mbeadh sé neamhinniúil chun dualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil,

féadfaidh an Coiste más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, le barántas a dhéanfar sula slánóidh an cláraitheoir contae sin an aois sin, é a choimeád in oifig go ceann bliana dar tosach an dáta a shlánóidh sé an aois sin.

(3) I gcás—

(a) ina mbeidh cláraitheoir contae lena mbaineann barántas faoi fho-alt (2) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo, nó a measfar go mbaineann barántas faoin bhfo-alt seo leis, ar tí sé bliana is seasca, seacht mbliana is seasca, ocht mbliana is seasca nó naoi mbliana is seasca (cibé acu é) d'aois a shlánú, agus

(b) ina gcruthóidh sé chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a thabharfadh go mbeadh sé neamhinniúil chun leanúint de dhualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil,

féadfaidh an Coiste, más cuí leo tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, le barántas a dhéanfar sula slánóidh an cláraitheoir contae sin an aois sin, é a choimeád in oifig go ceann bliana dar tosach an dáta a shlánóidh sé an aois sin.

(4) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go mbeidh cláraitheoir contae ann ar fadaíodh a aois scortha faoi fho-alt (6) d'alt 35 d'Acht 1926, measfar an cláraitheoir contae sin a bheith arna choimeád in oifig le barántas faoi fho-alt (3) den alt seo agus é a bheith ina chláraitheoir contae lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo d'ainneoin aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (6) d'alt 35 d'Acht 1926.

Pinsean Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais agus chláraitheora contae.

57. —(1) I gcás—

(a) duine atá i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae a scor de bheith i seilbh na hoifige sin (ar shlí seachas ar é dá chur as an oifig sin ag an Rialtas ar fhoras mí-iompair nó neamhéafeachtúlachta) tar éis cúig bliana is seasca a shlánú nó ar dheimhniú dochtúra go bhfuil sé éagumasach, mar gheall ar easláinte aigne nó coirp, ar dhualgais na hoifige sin a chomhlíonadh agus gur dóigh don easláinte sin bheith buan, agus

(b) cúig bliana nó níos mó de sheirbhís leanúnach a bheith tugtha aige in oifig nó in oifigí acu sin

beidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, cáilithe le haghaidh pinsin arb é a bheidh ann—

(i) má tá fiche bliain, nó níos mó ná fiche bliain, seirbhíse den sórt sin slán aige, dhá thrian den tuarastal bliantúil i leith na hoifige a bhfuil scortha aige de bheith á sealbhú, nó

(ii) mura bhfuil fiche bliain seirbhíse den sórt sin slán aige, an séú cuid den tuarastal bliantúil i leith na hoifige a scoirfidh sé de bheith á sealbhú maraon leis an tríochadú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain slánaithe (más ann) seirbhíse den sórt sin de bhreis ar chúig bliana.

(2) I gcás duine a bheidh ag fáil pinsin faoin alt seo a bheith ar fostú i bpost a n-ioctar tuarastal ina leith as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, ansin

(a) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh a thuarastal i leith an phoist sin comhionann leis an tuarastal, nó níos mó ná an tuarastal, ar faoina threoir a ríomhadh an pinsean, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh a thuarastal i leith an phoist sin níos lú ná an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh a phinsean ach an oiread de a dhéanfaidh, i dteannta a thuarastail i leith an phoist sin, méid is ionann agus an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an pinsean.

(3) Déanfar tagairt san alt seo do sheirbhís duine ar bith a fhorléiriú mar thagairt do sheirbhís ag an duine sin ar íocadh tuarastal leis ina leith, taobh amuigh d'aon tréimhse a bhí sé as láthair mar gheall ar bhreoiteacht agus inar íocadh tuarastal leis de réir an ráta ba chuí dá mbeadh sé ar pinsean.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais pinsin faoin alt seo a dheonú.

Forálacha speisialta do dhuine a bheidh, ar an dáta feidhme, i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae.

58. —(1) D'ainneoin téarmaí alt 57 den Acht seo, ní bheidh feidhm ag an alt sin maidir le duine a bheidh, ar an dáta feidhme, i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae mura roghnóidh ná go dtí go roghnóidh sé faoin alt seo glacadh le forálacha an ailt sin 57.

(2) Duine a bheidh, ar an dáta feidhme, i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear go dtí an tAire sula mbeidh trí mhí caite i ndiaidh an dáta feidhme, a roghnú go nglacfaidh sé le forálacha alt 57 den Acht seo.

(3) D'ainneoin ailt 4 agus 5 d'Acht 1945 a aisghairm leis an Acht seo—

(a) leanfaidh na hailt sin d'éifeacht a bheith acu maidir le duine a bhí, ar Acht 1945 a rith, i seilbh oifig Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae agus a bheidh i seilbh na hoifige sin ar an dáta feidhme, mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine sin faoin alt seo glacadh le téarmaí alt 57 den Acht seo;

(b) leanfaidh alt 4 d'éifeacht a bheith aige maidir le duine a ceapadh d'oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae tar éis Acht 1945 a rith agus a bheidh i seilbh na hoifige sin ar an dáta feidhme, mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine sin faoin alt seo glacadh le téarmaí alt 57 den Acht seo.

Oifigigh Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

59. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair” breitheamh na Cúirte Cuarda do láthair don chuaird den Chúirt Chuarda do láthair arb é atá inti contae agus contae-bhuirg Chorcaí;

ciallaíonn “Cláraitheoir Contae Chorcaí” an cláraitheoir contae do chontae agus contae-bhuirg Chorcaí.

(2) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an Chúirt” Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí a chomhdhéantar le fo-alt (2) d'alt 23 den Acht seo.

(b) Beidh na hoifigigh seo a leanas ag gabháil leis an gCúirt—

(i) cláraitheoir,

(ii) marascal.

(c) Is é Cláraitheoir Contae Chorcaí a bheidh ina chláraitheoir don Chúirt.

(d) Is é an tAire a cheapfaidh marascal na Cúirte agus sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(e) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna chláraitheoir na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an oifigeach a ghabhann leis an Ard-Chúirt agus atá ag gníomhú mar Chláraitheoir Aimiréalachta na hArd-Chúirte.

(f) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna mharascal na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an oifigeach a ghabhann leis an Ard-Chúirt agus atá ag gníomhú mar Mharascal Aimiréalachta na hArd-Chúirte.

(g) An duine (má b'ann) a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh oifig mharascail nó ag gníomhú mar mharascal chun críocha na dlínse aimiréalachta a bhí á hoibriú, díreach roimh an dáta feidhme, ag Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, de bhua na míre seo, ina mharascal don Chúirt agus sealbhóidh sé an oifig sin ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar shealbhaigh sé, díreach roimh an dáta feidhme, an oifig chéadluaite sin.

(3) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “an Chúirt” Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí a chomhdhéantar le fo-alt (3) den Acht seo.

(b) Beidh na hoifigigh seo a leanas ag gabháil leis an gCúirt—

(i) cláraitheoir,

(ii) sannaí oifigiúil,

(iii) teachtaire,

(iv) cibé oifigigh eile (más ann) a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(c) Is é Cláraitheoir Contae Chorcaí a bheidh ina chláraitheoir don Chúirt.

(d) Is é an tAire a cheapfaidh gach oifigeach don Chúirt (seachas cláraitheoir na Cúirte) agus sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(e) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna chláraitheoir na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear ar dhuine de na Scrúdaitheoirí nó ar an Scrúdaitheoir (mura bhfuil ach Scrúdaitheoir amháin ann) le fomhír (2) de mhír 11 den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(f) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna shannaí oifigiúil na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

(g) An mhaoin, an t-eastát agus na héifeachtaí uile agus a leithéid uile a dhílseofaí don sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht i gcás imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt dílseofar do Shannaí oifigiúil na Cúirte iad i gcás imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt, agus na hachtacháin lena ndéantar rialú agus ag a bhfuil éifeacht ar dhílsiú aon mhaoine, eastáit, agus éifeachtaí den sórt sin don Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus ar a ndídhílsíú rialóidh siad agus beidh éifeacht acu freisin ar dhílsiú an chéanna do shannaí oifigiúil na Cúirte agus ar a ndídhílsiú.

(h) An duine (má b'ann) a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh oifige nó ag gníomhú mar shannaí oifigiúil chun críocha na dlínse i bhféimheacht a bhí á hoibriú díreach roimh an dáta feidhme ag Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, de bhua na míre seo, ina shannaí oifigiúil don Chúirt agus sealbhóidh sé an oifig sin ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar shealbhaigh sé an oifig chéadluaite sin díreach roimh an dáta feidhme.

(i) Beidh cearta, cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí theachtaire na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an teachtaire a ghabhann le hOifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

(4) In alt 9 d'Acht 1945, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, déanfar na tagairtí do chúirt a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

Ceart éisteachta ag aturnaetha sa Chúirt Chuarda, i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

1954, Uimh. 36 .

60. —Beidh ceart éisteachta sa Chúirt ag aturnae a bheidh ag gníomhú go ginearálta do pháirtí i gcaingean, in agra, in ábhar nó in imeachtaí coiriúla sa Chúirt Chuarda, i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí nó i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí agus ag aturnae a bheidh cáilithe chun cleachtadh (de réir bhrí an Achta Aturnaetha, 1954) agus a bheidh ag gníomhú mar chúntóir dó.

Aturnaetha agus coimisinéirí mionnaí.

61. —Na daoine go léir a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina n-aturnaetha do na cúirteanna a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus na daoine go léir a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina gcoimisinéirí chun daoine a chur faoi mhionn, tiocfaidh siad ar an dáta feidhme chun bheith faoi seach ina n-aturnaetha do na cúirteanna a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I agus ina gcoimisinéirí chun daoine a chur faoi mhionn.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 3.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

5 & 6 Vic. c. 24.

Dublin Police Act, 1842.

Alt 68.

43 & 44 Vic. c. 39.

Lunacy (Ireland) Act, 1880.

An tAcht iomlán.

6 Edw. 7. c. 37.

Labourers (Ireland) Act, 1906.

I bhfo-alt (1) d'alt 31, na focail go léir ó “and the Local Government Board” go dtí deireadh an fho-ailt.

Uimh. 10 de 1924 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

Alt 2; in alt 3, an míniú ar “Príomh-Chúirt Choiriúil”; ailt 4, 5, 6, 7, 8, 11, 13 14, 16, 17, 18; fo-ailt (1) agus (3) d'alt 19; in alt 20, na focail “ó thosach feidhme an Achta so agus dá éis”; ailt 21 agus 22; in alt 27, na focail “Ó thosach feidhme an Achta so agus dá éis”; ailt 30, 37, 41, 43, 45, 46, 47, 48, 49, 50, 51, 52, 53, 55, 56 agus 57; in alt 60, na focail go léir ó “Féadfar aon bhreith” go dtí deireadh an ailt; ailt 67, 69, 70 agus 74; in alt 78, na focail go léir ó “agus na forálacha” go dtí deireadh an ailt; ailt 82, 83, 89, 93, 98, 99, 100, 102, 103 agus 104; an Sceideal.

Uimh. 1 de 1926 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1926 .

Ailt 2, 3, 4 agus 7.

Uimh. 27 de 1926 .

An tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 .

Fo-alt (2) d'alt 1; in alt 2, an miniú ar “an Prímh-Bhreitheamh” agus ar “cúirt”; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3; i bhfo-alt (6) d'alt 3, na focail ó “ach i gcás” go dtí deireadh an fho-ailt; ailt 4, 5, 6, 7, 10, 11, 13, 14, 19, 20, 21, 22, 25 agus 26; i bhfo-alt (1) d'alt 28, na focail “den Phríomh-Oifig agus”; fo-alt (2) d'alt 28; alt 30; i bhfo-alt (6) d'alt 35, ó na focail “ach i gcás” go dtí deireadh an fho-ailt; i bhfo-alt (1) d'alt 38, na focail “nó in áit ina raibh cúirt áitiúil um ghnó-bhrise tráth, an clárathóir, no aon oifigeach eile don chúirt sin ach amháin an sannaí oifigiúil”; ailt 45, 49 agus 50; i bhfo-alt (1) d'alt 51, na focail “tar éis an lae cheaptha”; fo-alt (2) d'alt 51; alt 55; fo-alt (4) d'alt 59; alt 62; fo-ailt (1), (2), (3), (4) agus (6) d'alt 63; alt 64.

Uimh. 29 de 1927 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1927 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 15 de 1928 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 .

I bhfo-alt (1) d'alt 1, an míniú ar “an Prímh-Bhreitheamh”; fo-alt (2) d'alt 1; ailt 2, 3, 4, 8, 9, 13, 14, 15 agus 22; an Sceideal.

Uimh. 35 de 1928 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (Uimh. 2), 1928 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 40 de 1931 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (Uimh. 2), 1931 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 48 de 1936 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Ailt 3, 4, 5 agus 6; fo-alt (1) d'alt 7; ailt 8, 9, 15, 17, 18, 19, 25, 26, 27 agus 28; i bhfo-alt (3) d'alt 31, na focail “i dtosach feidhme na Coda so den Acht so,” agus “i dtosach na feidhme sin agus dá éis sin,”; fo-alt (1) d'alt 33; i bhfo-alt (2) d'alt 33, na focail “Tráth ar bith tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so,”; ailt 45, 48 agus 50; fo-ailt (2) agus (4) d'alt 51; ailt 54 agus 56; mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 64; an Chéad Sceideal.

Uimh. 25 de 1945 .

An tAcht Oifigeach Cúirte, 1945 .

Ailt 2, 3, 4, 5, 7 agus 8.

Uimh. 21 de 1946 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 .

In alt 2, na mínithe go léir ach amháin an míniú ar “Breitheamh” agus “an tAire”; ailt 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 17, 18, 19 agus 22; an Sceideal.

Uimh. 20 de 1947 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 .

Ailt 2, 4, 5, 6, 7 agus 8; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 9; i bhfo-alt (3) d'alt 9, na focail “Déanfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Rialtais” agus “a cheapadh as líon na mBreithiún Cuarda agus”, agus, i gcomhréir leis sin, na focail “Uachtarán na Cúirte Cuarda” do ghabháil ionad an fhocail “aige”; fo-alt (4) d'alt 9; ailt 13, 14, 15, 17, 18 agus 20; an Sceideal.

Uimh. 8 de 1949 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (an Chúirt Dúiche), 1949.

Ailt 3 agus 4; an Sceideal.

Uimh. 2 de 1951 .

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Ailt 19 agus 26; an Dara Sceideal.

Uimh. 32 de 1953 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 .

Ailt 3, 4, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 16, 17 agus 18; fo-alt (1) d'alt 19; ailt 20, 21, 22, 23, 24, 25 agus 32; an Sceideal.

Uimh. 35 de 1959 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1959 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 15 de 1960 .

An tAcht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 .

Mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19; mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 19.

AN DARA SCEIDEAL

Pinsin Bhreithiúna na gCúirteanna a Bunaíodh leis an bPríomh-Acht

Ailt 6, 19 agus 31.

CUID I

Pinsin Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte

1. Sa Chuid seo ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda, den Chúirt Uachtarach do láthair, den Ard-Chúirt do láthair nó den Chúirt Chuarda do láthair.

2. (1) Baineann an mhír seo le breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt—

(a) a ceapadh ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair nó den Ard-Chúirt do láthair tar éis Acht 1953 a rith, nó

(b) nár shealbhaigh oifig riamh mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair nó den Ard-Chúirt do láthair.

(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, ar chúig bliana is seasca d'aois a bheith slán aige, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana déag seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus dhá thrian dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar easláinte bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus dhá thrian den tuarastal sin.

3. (1) Baineann an mhír seo le breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a bhí i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair nó den Ard-Chúirt do láthair ar Acht 1953 a rith.

(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana déag seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus dhá thrian dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar easláinte bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó agus faoi bhun cúig bliana déag seirbhíse, pinsean saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana.

CUID II

Pinsin Bhreithiúna na Cúirte Cuarda

4. Sa Chuid seo ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Chuarda do láthair nó mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche nó den Chúirt Dúiche do láthair.

5. (1) Baineann an mhír seo le breitheamh den Chúirt Chuarda—

(a) a ceapadh ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair tar éis Acht 1953 a rith, nó

(b) nár shealbhaigh oifig riamh mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair.

(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, ar chúig bliana is seasca d'aois a bheith slán aige, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana déag seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus dhá thrian dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar easláinte bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus dhá thrian den tuarastal sin.

6. (1) Baineann an mhír seo le breitheamh den Chúirt Chuarda a bhí i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair ar Acht 1953 a rith.

(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana déag seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus dhá thrian dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar easláinte bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó agus faoi bhun cúig bliana déag seirbhíse, pinsean saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana.

CUID III

Pinsin Bhreithiúna na Cúirte Dúiche

7. Sa Chuid seo—

ciallaíonn “breitheamh”, nuair a úsáidtear é gan a cháiliú, breitheamh den Chúirt Dúiche;

ciallaíonn “seirbhís”, maidir le breitheamh, aon seirbhís aige arb é atá inti—

1923, Uimh. 6 .

(a) seirbhís mar Ghiúistís Dúithche faoin Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 ,

(b) seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair,

1928, Uimh. 15 .

(c) seirbhís mar bhreitheamh breise, arna cheapadh faoi alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , den Chúirt Dúiche do láthair, nó

(d) seirbhís mar bhreitheamh;

1834, c. 24.

ciallaíonn “na hAchtanna Aoisliúntas” an Superannuation Act, 1834, arna leasú agus arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, seachas an Acht Aoisliúntas, 1956 .

1956, Uimh. 38 .

8. (1) Baineann an mhír seo le breitheamh—

(a) a ceapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair ar Acht 1936 a rith nó dá éis sin, nó

(b) nár shealbhaigh oifig riamh mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair.

(2) Deonófar do bhreitheamh lena mbaineann an mhír seo agus, ar chúig bliana is seasca d'aois a bheith slán aige, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh fiche bliain seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus dhá thrian dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar easláinte bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó pinsean saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh maraon leis an tríochadú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana, faoi réir pinsin uasta de dhá thrian an tuarastail sin.

9. (1) Baineann an mhír seo le breitheamh a bhí i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair ar Acht 1936 a rith.

1859, c. 26.

(2) Mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh sé an roghnú a bhforáiltear ina leith i bhfomhír (3) den mhír seo, bainfidh na forálacha seo a leanas le breitheamh lena mbaineann an mhír seo, eadhon, beidh a oifig ina hoifig inphinsin de réir bhrí na nAchtanna Aoisliúntas, agus déanfar an t-aoisliúntas, an liúntas breise nó an aisce a dheonófar dó nó ina leith ar é do scaradh lena oifig a chinneadh ar an modh agus faoi réir na gcoinníollacha a ordaítear leis na hAchtanna sin, agus beidh deimhniú ón bPríomh-Bhreitheamh ina dheimhniú leordhóthanach chun críocha alt 8 den Superannuation Act, 1859.

(3) Féadfaidh breitheamh lena mbaineann an mhír seo, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chun an Aire Airgeadais tráth ar bith sula scarfaidh sé lena oifig, a roghnú glacadh leis na téarmaí pinsin a fhoráiltear leis an bhfomhír seo, agus sa chás sin bainfidh na forálacha seo a leanas leis—

(a) deonófar dó, i gcás é do scaradh lena oifig i ndiaidh tríocha bliain seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus dhá thrian dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh;

(b) deonófar dó más rud é, mar gheall ar a aois nó ar easláinte bhuan, go scarfaidh sé lena oifig i ndiaidh deich mbliana seirbhíse nó níos mó agus níos lú ná tríocha bliana seirbhíse, pinsean saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh maraon leis an daicheadú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana.

10. I gcás—

(a) ina mbeidh breitheamh tar éis deich mbliana seirbhíse nó níos mó a shlánú agus go scarfaidh sé lena oifig le toiliú an Rialtais, agus

(b) nach mbeidh teideal ag an mbreitheamh sin faoi mhír 8 nó 9 den Sceideal seo chun pinsin i leith a sheirbhíse,

beidh sé i dteideal pinsin saoil is ionann agus an séú cuid dá thuarastal tráth a scartha lena oifig amhlaidh in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus dhá thrian den tuarastal sin.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Imeachtaí sibhialta a ndéantar in a leith dlínse na hArd Chúirte, faoi réir teorainneacha cainníochtúla, a thabhairt don Chúirt Chuarda, agus na breithiúna den Chúirt Chuarda a mbeidh an dlínse le hoibriú acu

Alt 22 (1).

Uimh. Thag.

Imeachtaí sibhialta a ndéantar dlínse ina leith a thabhairt don Chúirt Chuarda

Dlínse a eisiamh (ach amháin le toiliú na bpáirtithe is gá) i gcásanna áirithe

An breitheamh den Chúirt Chuarda ag a mbeidh an dlínse le hoibriú

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

Caingean (seachas caingean den chineál a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal seo ag uimhir thagartha 3, 4 nó 5) a bhunaítear ar chonradh nó ar shamhailchonradh.

Más mó ná £600 méid an éilimh.

De rogha an ghearánaí (cibé acu éileamh chun an conradh a chur i bhfeidhm, a chealú, a scaoileadh nó a neamhniú é nó éileamh ar dhamáistí nó faoiseamh eile i leith a sháraithe)—

(a) an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an conradh, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

2.

Caingean (seachas caingean den chineál a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal seo ag uimhir thagartha 3, 4 nó 5) a bhunaítear ar chonradh más é atá san fhiach nó sa tsuim a éilítear iarmhéid i ndiaidh aon fhiach nó suim a fhritháireamh atá á éileamh nó atá inghnóthaithe ag an gcosantóir ón ngearánaí, agus gur fritháireamh é a admhaíonn an gearánaí i sonraí a éilimh.

Más mó ná £600 an t-iarmhéid atá á éileamh.

3.

Caingean ag úinéir earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960) chun ceart a chur i bhfeidhm chun seilbh a aisghabháil ar na hearraí ón bhfruilitheoir.

Más mó ná £1,000 an praghas fruilceannaigh (de réir bhrí na nAchtanna sin).

I gcás an cosantóir nó duine de na cosantóirí a bheith ina ghnáthchónaí nó gnó a bheith á sheoladh aige sa Stát—an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

In aon chás eile—an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an comhaontú fruilcheannaigh.

4.

Caingean. ag úinéir earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960) chun íoc suime atá dlite faoin gcomhaontú fruilcheannaigh no faoi aon chonradh ráthaíochta ina leith a chur i bhfeidhm.

Más mó ná £1,000 méid an éilimh.

5.

Caingean a thionscnófar tar éis tosach feidhme an Achta agus a bheidh bunaithe ar chomhaontú díola chreidmheasa (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960).

Más mó na £1,000 méid an éilimh.

I gcás an cosantóir nó duine de na cosantóirí a bheith ina ghnáthchónaí nó gnó a bheith á sheoladh aige sa Stát—an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

In aon chás eile—an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an comhaontú díola chreidmheasa.

6.

Caingean (seachas caingean faoi choinneáil éagórach nó imcachtaí maidir le pósadh) a bheidh bunaithe ar thort (seachas caidreamh collaíle banchéile duine).

Más mó ná £600 méid an éilimh.

De rogha an ghearánaí—

(a) an breitheamh don chuaird a líomhnaítear gurb ann a rinneadh an tort, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

7.

Caingean faoi choinneáil éagórach.

Más mó ná £600 luach na n-earraí a éilítear.

8.

Caingean a dtagann teideal chun talún i gceist inti, seachas caingean eisiachtana.

Más mó ná £60 luacháil inrátaithe na talún.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

9.

Caingean eisiachtana seachas—

(a) caingean faoi alt 82 den Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1851, no faoi alt 78 nó 80 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland. 1860 (dá ngairtear Acht 1860 anseo feasta sa Sceideal seo), nó

(b) caingean den chineál a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal seo ag uimhir thagartha 10.

10.

Caingean eisiachtana mar gheall ar chíos bliana ina riaráiste is féidir a chur ar aghaidh san Ard-Chúirt faoi alt 52 d'Acht 1860.

Más mó ná £60 luacháil inrátaithe na talún.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh a bhfuil an cíos atá ina riaráiste iníoctha ina leith.

11.

Caingean mar gheall ar chíos ina riaráiste is féidir a chur ar aghaidh san Ard-Chúirt faoi alt 45 d'Acht 1860.

Más mó ná £600 an cíos atá ina riaráiste.

12.

Caingean mar gheall ar úsáid agus áitíocht talún is féidir a chur ar aghaidh san Ard-Chúirt faoi alt 46 d'Acht 1860.

 

Más mó ná £600 an tsuim a éilítear.

 

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

13.

Caingean mar gheall ar chíos dúbailte as talamh a róshealbhú is féidir a chur ar aghaidh san Ard-Chúirt faoi alt 76 d'Acht 1860.

14.

Caingean chun dúbailt a luacha a ghnóthú i gcás earraí a tugadh chun bealaigh go calaoiseach nó a ceileadh nó a aistríodh go folaitheach ionas nach bhféadfaí tochsal a dhéanamh i leith riaráistí cíosa agus is féidir a chur ar aghaidh san Ard-Chúirt faoi alt 3 den reacht Éireannach réamh -Aontachta 15 Geo. 2. c.8 (Ir.) (1741) dar teideal “An Act for the more effectual securing the payment of rents, and preventing frauds by tenants”.

Más mó ná £300 luach na n-earraí a aistríodh.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

15.

Iarratas faoi—(a) alt 34 nó 52 den Registration of Title Act, 1891, nó (b) alt 13 den Acht um Chlárú Teidil, 1942 ( Uimh. 26 de 1942 ).

Más mó ná £60 luacháil inrátaithe na talún.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon cuid den talamh.

16.

Caingean mar gheall ar dheonú, nó cealú ar dheonú, probháid uachta nó litreacha riaracháin eastáit duine mhairbh i gcás cointinn ar bith ina leith.

I gcás eastát an duine mhairbh—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá ann, a bheith tráth a bháis níos mó ná £2,000 ina mhéid nó ina luach, taobh amuigh d'aon ní a mbeadh teideal aige chuige mar iontaobhaí agus gan teideal aige chuige go tairbhiúil ach gan aon ní a bhaint as mar gheall ar fhiacha a bhí dlite ón duine marbh agus gan íoc aige, nó

 

 

17.

 

Imeachtaí chun eastát an duine mhairbh a riaradh.

(b) sa mhéid gur talamh a bhí ann a raibh sé tráth a bháis i bhfeo-úinéireacht air nó ina sheilbh go tairbhiúil, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

 

An breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an tiomnóir nó ag an díthiomnóir tráth a bháis.

18.

Imeachtaí chun comhpháirtíocht a dhíscaoileadh nó cuntais chomhpháirtíochta nó eile a thógáil.

I gcás maoin na comhpháirtíochta—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá inti, a bheith níos mó ná £2,000 ina méid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá inti, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

De rogha an ghearánaí—

(a) an breitheamh don chuaird ina raibh nó ina bhfuil gnó na comhpháirtíochta á sheoladh, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

19.

Imeachtaí chun aon chríche acu seo a leanas—

(a) morgáistí ar thalamh a fhuascailt,

(b) clannchodanna nó muirir eile ar thalamh a thógáil,

(c) na fáltais as aon talamh faoi mhorgáiste, lian nó muirear ar bith a dhíol agus a imdháil.

Más mó ná £60 luacháil inrátaithe na talún.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

20.

Imeachtaí chun iontaobhais, carthanúil nó príobháideach, a fhorghníomhú.

I gcás—

(a) an t-eastát nó an ciste iontaobhais sa mhéid gur pearsantas atá ann, a bheith níos mó ná £2,000 ina mhéid nó ina luach, nó

(b) an t-eastát iontaobhais, sa mhéid gur talamh atá ann, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

21.

Imeachtaí chun gníomhais nó ionstraimí scríofa eile a cheartú nó a chur ar ceal nó a chealú.

I gcás an t-ábhar—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá ann, a bheith níos mó nó £2,000 in a mhéid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá ann, níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

Más pearsantas ar fad atá san ábhar, an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

Más talamh atá san ábhar ar fad nó i gcuid de, de rogha an ghearánaí—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

22.

Imeachtaí mar gheall ar shainchomhlíonadh conarthaí.

23.

Imeachtaí chun talamh a idirroinnt nó a dhíol.

Más mó ná £60 luach inrátaithe na talún.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

24.

Imeachtaí mar gheall ar choimircíocht naíon agus cúram eastát naíon.

I gcás an mhaoin—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá inti, a bheith níos mó ná £2,000 ina méid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá inti, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an naíon nó ar dhuine de na naíona.

25.

Imeachtaí faoi na Settled Land Acts, 1882 to 1890.

I gcás an mhaoin—

(a) sa mhéid gurb airgead caipitil atá inti a fuarthas faoi na hAchtanna sin, a bheith níos mó ná £2,000 ina méid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá inti, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó an talamh (a seasann an t-airgead caipitil dó) nó aon chuid den talamh.

26.

Imeachtaí faoi Achtanna na nIontaobhaithe, eadhon, an Trustee Act, 1893, an Trustee Act, 1893, Amendment Act, 1894, agus Acht na nIontaobhaithe, 1931 (Uimh. 20 de 1931) .

I gcás an mhaoin faoi iontaobhas—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá inti, a bheith níos mó ná £2,000 ina méid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá inti, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir nó ar dhuine de na hiarratasóirí

27.

Caingean (maidir le maoin) ag éileamh urghaire, ach amháin i gcás urghaire ag fo-ghabháil le faoi seamh eile.

I gcás an mhaoin—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá inti, a bheith níos mó ná £2,000 ina méid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá inti, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

Más pearsantas amháin atá sa mhaoin, an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

Más talamh atá sa mhaoin, de rogha an ghearánaí—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

28.

Imeachtaí maidir le maoin nach sonraítear anseo roimhe seo sa Sceideal seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid I den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) . sannta do Roinn na Seansaireachta den Ard-Chúirt Bhreithiúnais a bhí i nDeisceart Éireann, seachas imeachtaí maidir le cuideachtaí.

I gcás an mhaoin—

(a) sa mhéid gur pearsantas atá inti, a bheith níos mó ná £2,000 ina méid nó ina luach, nó

(b) sa mhéid gur talamh atá inti, a bheith níos mó ná £60 ina luacháil inrátaithe.

Más imeachtaí i gcúis iad, an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

Más imeachtaí in ábhar iad agus go bhfuil talamh ar bith i gceist, de rogha an iarratasóra—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir nó gnó á sheoladh aige, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

Más imeachtaí in ábhar iad, agus nach bhfuil aon talamh i gceist, an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir nó gnó á sheoladh aige.

29.

Imeachtaí (seachas imeachtaí faoi na h Achta Garda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945) ag duine ar bith, lena n-áirítear údarás Stáit, chun aon suim a ghnóthú (agus suim is inghnóthaithe mar fhiach, pionós, forghéilleadh nó eile a áireamh, ach gan fíneáil is inchurtha ar dhuine ar é a chiontú i gcion coiriúil a áireamh) is inghnóthaithe de bhua aon achtacháin, seachas achtachán atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Más mó ná £600 an tsuim is inghnóthaithe.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Dlínse na Cúirte Cuarda faoi reachtanna áirithe Briotanacha agus reachtanna áirithe de chuid Shaorstát éireann, agus na breithiúna den Chúirt Chuarda ag a bhfuil an dlínse le hoibriú

Alt 22 (3).

Uimh. Thag.

Achtacháin a thug dlínse do Reacordairí, Breithiúna Cúirte Cuarda, Cathaoirligh Sheisiún Ceathrún, nó Cúirteanna Seisiún Ceathrún a bhí ann tráth.

An breitheamh den ChúirtChuarda ag a bhfuil an dlínse le hoibriú

(1)

(2)

(3)

1.

Excise Management Act, 1827 (7 and 8 Geo. 4. c. 53)—

alt 82.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an teach cúirte inar tugadh an breithiúnas a ndéantar achomharc ina choinne.

2.

Grand Jury (Ireland) Act, 1836 (6 & 7 Will. 4. c. 116)—

alt 87.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

3.

Poor Relief (Ireland) Act, 1838 (1 & 2 Vic. c. 56)—

ailt 73 agus 78.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an duine a dhlíonn an ráta a íoc.

4.

Poor Relief (Ireland) Act, 1838 (1 & 2 Vic. c. 56)—

ailt 106 go 109 agus alt 112.

An breitheamh don chuaird ina ndearnadh an ráta.

5.

Drainage (Ireland) Act, 1842 (5 & 6 Vic. c. 89)—

alt 58.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil aon chuid den draein, den sruth nó den sruthlán is gá a ghlanadh nó a sciúradh.

6.

Scientific Societies Act, 1843 (6 & 7 Vic. c. 36)—

ailt 5 agus 6.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó foirgneamh an chumainn.

7.

Poor Relief (Ireland) Act, 1843 (6 & 7 Vic. c. 92)—

ailt 2 agus 3.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin.

8.

County Dublin Grand Jury Act, 1844 (7 & 8 Vic. c. 106)—

alt 110.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

9.

Drainage (Ireland) Act, 1846 (9 & 10 Vic. c. 4)—

alt 42 (sa mhéid go mbaineann an t-alt le gnóthú costas agus caiteachas ar ghlanadh, sciúradh amach agus aistriú ábhair charnaithe as uiscrianta, lintéir nó tolláin faoi chanálacha).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an t-uiscrian, an lintéar nó an tollán.

10.

Drainage (Ireland) Act, 1846 (9 & 10 Vic. c. 4)—

alt 42 (sa mhéid go mbaineann an t-alt leis na costais agus na caiteachais ar athrú uiscrianta, lintéar, nó tollán faoi chanálacha ionas nach ndéanfaí díobháil do thailte a ghnóthú ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil na tailte.

11.

Ejectment and Distress (Ireland) Act, 1846 (9 & 10 Vic. c. 111)—

alt 8.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an teach cúirte ina ndearnadh an t-ordú nó an fhoraithne chun seilbh a aisghabháil.

12.

Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847 (10 & 11 Vic. c. 32)—

alt 40.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

13.

Eviction (Ireland) Act, 1848 (11 & 12 Vic. c. 47)—

alt 6.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

14.

Poor Relief (Ireland) Act, 1849 (12 & 13 Vic. c. 104)—

alt 29.

An breitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil na himeachtaí dlíthiúla ar feitheamh os a chomhair.

15.

Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1851 (14 & 15 Vic. c. 57)—

an coinníoll le halt 35.

An breitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil an cás le héisteacht agus le cinneadh os a chomhair.

16.

Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1851 (14 & 15 Vic. c. 57)—

ailt 38 agus 39.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh a tochslaíodh nó a bhagraítear a thochsal.

17.

Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1851 (14 & 15 Vic. c. 57)—

alt 82.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh.

18.

Valuation (Ireland) Act, 1852 (15 & 16 Vic. c. 63)—

ailt 16, 22, 23 agus 31.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an tionóntán nó an t-oidhreachtán inrátaithe; nó, i gcás oidhreachtáin neamhchorpraithe, an breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin nó aon chuid den mhaoin a bhfuil an t-oidhreachtán neamhchorpraithe ag gabháil léi, ag éirí nó ag eisiúint aisti nó infheidhmithe ina leith; nó, i gcás leathchíosa, an breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin a gcinntear an leathchíos ina leith.

19.

Succession Duty Act, 1853 (16 & 17 Vic. c. 51)—

alt 50.

De rogha an achomharcóra—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin.

20.

Boundary Survey (Ireland) Act, 1854 (17 & 18 Vic. c. 17)—

alt 9.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an líne teorann nó aon chuid di.

21.

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854 (17 & 18 Vic. c. 103)—

alt 41.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil na hoibreacha atá le déanamh.

22.

Literary and Scientific Institutions Act, 1854 (17 & 18 Vic. c. 112)—

ailt 29 agus 30.

An breitheamh don chnaird ina bhfuil príomh-fhoirgneamh na hinstitúide.

23.

Drainage (Ireland) Act, 1856 (19 & 20 Vic. c. 62)—

alt 39.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

24.

Boundary Survey (Ireland) Act, 1857 (20 & 21 Vic. c. 45)—

alt 5.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an líne teorann nó aon chuid di.

25.

Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860 (23 & 24 Vic. c. 154) (dá ngairtear Acht 1860 anseo feasta sa Sceideal seo)—

ailt 30 agus 31.

De rogha an tiarna talún—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an tionónta, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

26.

Acht 1860—

ailt 32 agus 33.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

27.

Acht 1860—

alt 37.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh a ndearnadh an eascaire, an t-ordú nó an ciontú ina leith.

28.

Acht 1860—

alt 38.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

29.

Acht 1860—

ailt 61, 63, 71, 78, 80, 82 agus 95.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh.

30.

Valuation (Ireland) Act, 1864 (27 & 28 Vic. c. 52)—

ailt 1 agus 3.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an tionóntán nó an t-oidhreachtán inrátaithe; nó, i gcás oidhreachtán neamhchorpraithe, an breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin nó aon chuid den mhaoin a bhfuil an t-oidhreachtán neamhchorpraithe ag gabháil léi, ag éirí nó ag eisiúint aisti nó infheidhmithe ina leith; nó, i gcás leathchíosa, an breitheamh den chuaird ina bhfuil an mhaoin a gcinntear an leathchíos ina leith.

31.

Attorneys' and Solicitors' Act, 1870 (33 & 34 Vic. c. 28)—

alt 8.

De rogha an duine a bheidh á iarraidh an comhaontú a chur i bhfeidhm nó a chur ar ceal—

(a) an breitheamh don chnaird ina bhfuil cónaí ar an bpáirtí eile sa chomhaontú, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an comhaontú.

32.

Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870 (33 & 34 Vic. c. 46)—

Cuid I.

An breitheamh don chuaird ina n-éireoidh an t-ábhar is gá a thriail ag an gCúirt.

33.

Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870 (33 & 34 Vic. c. 46)—

ailt 42, 43, 44, 47 agus 56.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an gabháltas nó aon chuid den ghabháltas a n-iarrtar an t-ordú muirir ina leith.

34.

Charitable Donations and Bequests (Ireland) Act, 1871 (34 & 35 Vic. c. 102)—

ailt 8 agus 16.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

35.

Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872 (35 & 36 Vic. c. 58)—

ailt 81 agus 82.

An breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an bhféichiúnaí an tráth a ndearnadh an breithniú féimheachta.

36.

Building Societies Act, 1874 (37 & 38 Vic. c. 42)—

ailt 24, 34, 35 agus 36.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil a phríomh-oifig nó a ionad cruinníthe ag an gcumann foirgníochta le haghaidh gnó an chumainn.

37.

Hosiery Manufacture (Wages) Act, 1874 (37 & 38 Vic. c. 48)—

ailt 3 agus 4.

An breitheamh don chuaird ina ndearnadh an cion.

38.

Employers and Workmen Act, 1875 (38 & 39 Vic. c. 90)—

ailt 3 agus 8.

An breitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair.

39.

Rivers Pollution Prevention Act, 1876 (39 & 40 Vic. c. 75)—

alt 10.

An breitheamh don chuaird ina ndearnadh an cion.

40.

County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877 (40 & 41 Vic. c. 56)—

ailt 41 agus 47.

An breitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair.

41.

Public Health (Ireland) Act, 1878 (41 & 42 Vic. c. 52)—

ailt 120, 122 agus 260.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

42.

Public Health (Ireland) Act, 1878 (41 & 42 Vic. c. 52)—

alt 269.

An breitheamh don chuaird inar éirigh an chúis achomhairc.

43.

Bankers' Books Evidence Act, 1879 (42 & 43 Vic. c. 11)—

alt 10.

An breitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair.

44.

Inland Revenue Act, 1880 (43 & 44 Vic. c. 20)—

alt 43 (7).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh.

45.

Guardianship of Infants Act, 1886 (49 & 50 Vic. c. 27).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an bhfreagróir nó ar aon duine de na freagróirí.

46.

Partnership Act, 1890 (53 & 54 Vic. c. 39).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

47.

Public Health Acts Amendment Act, 1890 (53 & 54 Vic. c. 59)—

alt 7(1).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil.

48.

Industrial and Provident Societies Act, 1893 (56 & 57 Vic. c. 39)—

ailt 23 agus 48.

De rogha an chumainn—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil oifig chláraithe an chumainn, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

49.

Industrial and Provident Societies Act, 1893 (56 & 57 Vic. c. 39)—

alt 49.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil oifig chláraithe an chumainn.

50.

Finance Act, 1894 (57 & 58 Vic. c. 30)—

alt 10(5).

De rogha an achomharcóra—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin ar éirigh an díospóid ina thaobh.

51.

Friendly Societies Act, 1896 (59 & 60 Vic. c. 25)—

ailt 31 agus 55.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir.

52.

Friendly Societies Act, 1896 (59 & 60 Vic. c. 25)—

ailt 68, 70 agus 78.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil oifig chláraithe an chumainn.

53.

Local Government (Ireland) Act, 1898 (61 & 62 Vic. c. 37)—

alt 5.

I gcás—

(a) ina dtagann an díobháil choiriúil faoi alt 140 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, agus

(b) ina ndearnadh í ar imeall teorann nó i ngiorracht míle do theorainn dhá chontae nó níos mó, agus

(c) nach bhfuil na contaetha sin go léir laistigh den chuaird chéanna,

an breitheamh d'aon chuairó (a roghnóidh an t-achomharcóir) a bhfuil contae nó contaetha acu sin inti.

In aon chás eile, an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an díobháil choiriúil.

54.

Small Dwellings Acquisition Act, 1889 (62 & 63 Vic. c. 44)—

alt 5(2) agus (5), mar a chuirtear chun feidhme iad ar Éirinn le halt 14(2).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an teach.

55.

Alkali, Etc. Works—Regulations Act, 1906 (6 Edw. 7. c. 14)—

alt 17.

An breitheamh don chuaird ina ndearnadh an cion.

56.

Open Space Act, 1906 (6 Edw. 7. c. 25)—

alt 4.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an t-iomlán nó aon chuid den spás oscailte.

57.

Labourers (Ireland) Act, 1906 (6 Edw. 7. c. 37)—

alt 6.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh a áirítear sa scéim feabhsúcháin.

58.

Labourers (Ireland) Act, 1906 (6 Edw. 7. c. 37)—

alt 11.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh ar íocadh an tsuim ina leith mar airgead ceannaigh nó mar chúiteamh faoi mhír (1) den alt sin 11.

59.

Workmen's Compensation Act, 1906 (6 Edw. 7. c. 58)—

an Dara Sceideal.

An breitheamh Cúirte Cuarda a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair.

60.

Public Health Acts Amendment Act, 1907 (7 Edw. 7. c. 53)—

alt 7(1).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil.

61.

Children Act, 1908 (8 Edw. 7. c. 67)—

alt 58(2).

An breitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil an leanbh á chúiseamh os a chomhair.

62.

Finance (1909-10) Act, 1910 (10 Edw. 7 & 1 Geo. 5. c. 8)—

alt 33(4).

De rogha an achomharcóra—

(a) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil an mhaoin.

63.

Labourers (Ireland) Act, 1911 (1 & 2 Geo. 5. c. 19)—

alt 6.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh a bhfuil an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh iníoctha ina leith.

64.

Public Roads (Ireland) Act, 1911 (1 & 2 Geo. 5 c. 45)—

alt 1 (4).

De rogha an ghearánaí—

(a) an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an damáiste, nó

(b) an breitheamh don chuaird ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.

65.

Pilotage Act, 1913 (2 & 3 Geo. 5 c. 31)—

alt 28.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an port dar ceadúnaíodh an píolóta.

66.

Criminal Justice Administration Act, 1914 (4 & 5 Geo. 5 c. 58)—

alt 10.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an teach cúirte inar ciontaíodh an ciontóir go hachomair.

67.

Income Tax Act, 1918 (8 & 9 Geo. 5 c. 40)—

alt 196.

An breitheamh don chuaird ina ndearnadh an measúnú.

68.

Housing (Ireland) Act, 1919 (9 & 10 Geo. 5 c. 45)—

alt 12.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh a bhfuil an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh iníoctha ina leith.

69.

Housing (Ireland) Act, 1919 (9 & 10 Geo. 5 c. 45)—

alt 25.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh.

70.

Sheriffs (Ireland) Act, 1920 (10 & 11 Geo. 5 c. 26)—

alt 7.

An breitheamh don chuaird ina ndearnadh an urghabháil.

71.

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 )—

alt 16.

An breitheamh don chuaird ina bhfuil limistéar cláraitheachta an oifigigh chláraitheachta.

72.

An tAcht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 )—

alt 69 (3).

An breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Oiriúnuithe (maidir leis an gCúirt Chuarda agus a breithiúna) ar reachtanna Briotanacha áirithe a bhaineann le Cúirteanna Contae, Cúirteanna Seisiún Ceathrún agus breithiúna de na cúirteanna sin a bhí ann tráth

Alt 22 (4).

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Oiriúnú

(1)

(2)

(3)

7 & 8 Geo. 4 c. 53.

Excise Management Act, 1827.

Déanfar tagairtí do ghiúistísí síochána i dtionól sa seisiún ceathrún ginearálta a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.

6 & 7 Vic. c. 36.

Scientific Societies Act, 1843.

In alt 2, déanfar na tagairtí don reacordaire nó do na giúistísí a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh don chuaird ina bhfuil talamh nó foirgnimh an chumainn.

12 & 13 Vic. c. 104.

Poor Relief (Ireland) Act, 1849.

In alt 18, déanfar an tagairt do bhreithiúnas a fuarthas in aon chaingean nó agra in uaschúirt a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhreithiúnas ón gCúirt Chuarda.

In alt 29, déanfar na tagairtí d'abhcóide cúnta, do chathaoirleach seisiún síochána chontae Bhaile Átha Cliath nó do reacordaire a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a chomhair.

14 & 15 Vic. c. 90.

Fines (Ireland) Act, 1851.

In alt 10, arna leasú le halt 2 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1918 (8 & 9 Geo. 5 c. 18), déanfar na tagairtí d'abhcóide cúnta, do reacordaire cathrach nó buirge agus don chathaoirleach seisiún ceathrún do chontae Bhaile Átha Cliath a fhorléiriú mar thagairtí do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

14 & 15 Vic. c. 93.

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

In alt 34, arna leasú le halt 2 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1918 (8 & 9 Geo. 5. c. 18), déanfar an chéad tagairt do sheisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairt don Chúirt Chuarda.

17 & 18 Vic. c. 103.

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

In alt 44, déanfar an tagairt do chúirt an abhcóide chúnta a fhorléiriú mar thagairt don Chúirt Chuarda.

23 & 24 Vic. c. 4.

Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860.

Déanfar tagairtí don chúirt seisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.

Déanfar tagairtí do chathaoirleach na seisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairtí do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

23 & 24 Vic. c. 154.

Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860.

In alt 70, déanfar an tagairt d'abhcóide cúnta a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

In alt 79, déanfar na tagairtí do chathaoirleach an chontae a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh don chuaird ina bhfuil na tailte nó aon chuid de na tailte nó an t-áitreabh lena mbaineann an deimhniú tréigin.

27 & 28 Vic. c. 52.

Valuation (Ireland) Act, 1864.

Déanfar na tagairtí do sheisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.

33 & 34 Vic. c. 28.

Attorneys' and Solicitors' Act, 1870.

In alt 8, déanfar na tagairtí do chaoga punt a fhorléiriú mar thagairtí do shé chéad punt.

33 & 34 Vic. c. 46.

Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870.

In ailt 59, 60 agus 61, déanfar na tagairtí do chúirt billí sibhialta chontae a fhorléiriú mar thagairtí do bhreitheamh na cuarda ina bhfuil an contae.

34 & 35 Vic. c. 78.

Regulation of Railways Act, 1871.

In alt 7, déanfar an tagairt do bhreitheamh cúirte contae a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

35 & 36 Vic. c. 58.

Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872.

In ailt 81 go 86, déanfar na tagairtí don chathaoirleach seisiún ceathrún a raibh áit chónaithe sheasta ag an bhféichiúnaí laistigh dá dhlínse tráth a bhreithnithe ina fhéimheach a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an bhféichiúnaí tráth a bhreithnithe ina fhéimheach.

37 & 38 Vic. c. 72.

Fines (Ireland) Act, 1851 Amendment Act, 1874.

In alt 2, déanfar an tagairt d'abhcóide cúnta, do reacordaire nó do chathaoirleach a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

38 & 39 Vic. c. 17.

Explosives Act, 1875.

In alt 66, déanfar an tagairt do bhreitheamh cúirte contae a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

38 & 39 Vic. c. 90.

Employers and Workmen Act, 1875.

In alt 8, déanfar an tagairt do chúirt chontae a fhorléiriú mar thagairt don Chúirt Chuarda.

39 & 40 Vic. c. 36.

Customs Consolidation Act, 1876.

Sa mhíniú (atá in alt 284) ar “justice” déanfar an tagairt do bhreitheamh cúirte contae a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

40 & 41 Vic. c. 56.

County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877.

In alt 47 déanfar an tagairt do chúig chéad punt a fhorléiriú mar thagairt do dhá mhíle punt agus an tagairt do thríocha punt a fhorléiriú mar thagairt do sheasca punt.

41 & 42 Vic. c. 52.

Public Health (Ireland) Act, 1878.

In alt 115, déanfar an tagairt don chúirt seisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairt don Chúirt Chuarda.

41 & 42 Vic. c. 76.

Telegraph Act, 1878.

In alt 4 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 den Telegraph Act, 1892 (55 & 56 Vic. c. 49), ailt 3 agus 5 den Telegraph (Construction) Act, 1908 (8 Edw. 7 c. 33), agus alt 1 den Telegraph Construction Act, 1916 (6 & 7 Geo. 5 c. 40)), déanfar na tagairtí don bhreitheamh cúirte contae ag a bhfuil dlínse laistigh den cheantar inar tharla an difríocht a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh don chuaird ina bhfuil an ceantar.

44 & 45 Vic. c. 49.

Land Law (Ireland) Act, 1881.

I bhfo-alt (1) d'alt 37, déanfar an tagairt don chúirt bhillí sibhialta inar éirigh an t-ábhar is gá a thriail ag an gcúirt a fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh don chuaird inar éirigh an t-ábhar is gá a thriail ag an gcúirt.

56 & 57 Vic. c. 39.

Industrial and Provident Societies Act, 1893.

In alt 61, déanfar an tagairt don chúirt chontae don cheantar ina bhfuil oifig chláraithe an chumainn a fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh don chuaird ina bhfuil oifig chláraithe an chumainn.

57 & 58 Vic. c. 60.

Merchant Shipping Act, 1894.

I mír (c) d'fho-alt (4) d'alt 547, déanfar an tagairt don reacordaire nó don chathaoirleach seisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

8 Edw. 7, c. 57.

Coal Mines Regulation Act, 1908.

I bhfo-alt (5) d'alt 1, déanfar an tagairt do bhreitheamh cúirteanna contae don cheantar ina bhfuil an mianach a fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh don chuaird ina bhfuil an mianach.

8 Edw. 7. c. 67.

Children Act, 1908.

I bhfo-alt (4) d'alt 74 agus i bhfo-alt (2) d'alt 75, déanfar na tagairtí don chúirt seisiún ceathrún a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.

1 & 2 Geo. 5. c. 19.

Labourers (Ireland) Act, 1911.

I bhfo-alt (1) d'alt 6 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 12 den Housing (Ireland) Act, 1919 (9 & 10 Geo. 5 c. 45)), déanfar na tagairtí don chúirt chontae a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda, agus an tagairt do chéad punt a fhorléiriú mar thagairt do shé chéad punt.

1 & 2 Geo. 5 c. 45.

Public Roads (Ireland) Act, 1911.

I bhfo-alt (4) d'alt 1, déanfar an tagairt do dhá chéad agus caoga punt a fhorléiriú mar thagairt do shé chéad punt.

1 & 2 Geo. 5. c. 50.

Coal Mines Act, 1911.

In alt 11 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 1 den Coal Mines Act, 1914 (4 & 5 Geo. 5. c. 22)), déanfar an tagairt do bhreitheamh cúirte contae a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

I bhfo-alt (3) d'alt 77, déanfar an tagairt do bhreitheamh na cúirte contae don cheantar ina bhfuil an mianach a fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh don chuaird ina bhfuil an mianach.

2 & 3 Geo. 5. c. 30.

Trade Union Act, 1913.

I bhfo-alt (2) d'alt 35, déanfar na tagairtí don chúirt chontae a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.

9 & 10 Geo. 5. c. 45.

Housing (Ireland) Act, 1919.

I bhfo-alt (3) d'alt 25, déanfar an tagairt do thríocha punt a fhorléiriú mar thagairt do sheasca punt agus an tagairt don chúirt chontae a fhorléiriú mar thagairt don Chúirt Chuarda.

10 & 11 Geo. 5. c. 26.

Sheriffs (Ireland) Act, 1920.

In alt 7, déanfar na tagairtí do chúirt bhillí sibhialta a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.

AN SÉÚ SCEIDEAL

Sannadh breithiúna den Chúirt Dúiche do dhúichí cúirte dúiche

Alt 32 (3).

Mínithe.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “dúiche” dúiche chúirte dúiche;

ciallaíonn “breitheamh dúiche” breitheamh den Chúirt Dúiche, ach ní fholaíonn sé breitheamh dúiche sealadach;

ciallaíonn “breitheamh dúiche sealadach” duine arna cheapadh faoi alt 51 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, chun gníomhú mar bhreitheamh dúiche.

Breithiúna dúiche a bhuansannadh do dhúichí.

2. (1) (a) Nuair a cheapfar duine ina bhreitheamh dúiche, ansin, faoi réir chlásal (b) den fhomhír seo, féadfaidh an Rialtas más cuí leo é, ar é a cheapadh amhlaidh, é a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

(b) Más rud é, an tráth a cheapfar duine ina bhreitheamh dúiche, go mbeidh ceathrar breitheamh dúiche ann nach bhfuil buansannta do dhúichí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

(2) Mura ndéantar breitheamh dúiche a bhuansannadh do dhúiche áirithe ar é a cheapadh, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith é a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

(3) Aon bhreitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche áirithe féadfaidh an tAire, le toiliú an bhreithimh sin, é a aistriú chun dúiche eile agus, má aistrítear amhlaidh é, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ar é a aistriú amhlaidh, buansannta don dúiche eile sin in ionad a bheith buansannta don dúiche chéadluaite sin.

(4) (a) Nuair a bheidh breitheamh dúiche buansannta do dhúiche áirithe, féadfaidh an Rialtas, ar é dá iarraidh sin, buansannadh an bhreithimh sin don dúiche sin a fhoirceannadh más cuí leo é.

(b) I gcás buansannadh breithimh dúiche a fhoirceannadh faoi chlásal (a) den fhomhír seo, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith ina dhiaidh sin é a bhuansannadh do dhúiche áirithe.

Breithiúna dúiche agus breithiúna dúiche sealadacha a shannadh go sealadach do dhúichí.

3. (1) Aon bhreitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche áirithe, féadfaidh an tAire, le toiliú an bhreithimh sin, é a shannadh go sealadach ó am go ham do dhúiche eile, ach beidh an sannadh sealadach sin gan dochar d'é d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na bpribhléidí, na gcumhachtaí agus na ndualgas sin a bheidh bronnta nó curtha air le dlí de thuras na huaire maidir leis an dúiche a bhfuil sé buansannta di.

(2) Aon bhreitheamh dúiche nach mbeidh de thuras na huaire buansannta do dhúiche féadfaidh an tAire é a shannadh ó am go ham do dhúiche ar bith.

(3) Féadfaidh an tAire breitheamh dúiche sealadach a shannadh go sealadach ó am go ham do dhúiche ar bith.

(4) Nuair a dhéanfar duine a shannadh go sealadach do dhúiche faoi fhomhír (1), (2) nó (3) den mhír seo—

(a) i gcás breitheamh dúiche a bheith buansannta de thuras na huaire don dúiche sin—beidh ag an duine sin maidir leis an dúiche sin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, agus i gcomhréim leis an mbreitheamh dúiche sin, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar an mbreitheamh dúiche sin,

(b) in aon chás eile—beidh ag an duine sin maidir leis an dúiche sin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais uile a bheadh de thuras na huaire bronnta nó curtha air le dlí dá mba bhreitheamh dúiche é a buansannadh don dúiche sin.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith sannadh sealadach faoin mír seo a fhoirceannadh.

Breitheamh dúiche ag gníomhú i gcásanna áirithe do bhreitheamh dúiche eile atá buansannta do dhúiche.

4. (1) Aon uair a fheicfear d'Uachtarán na Cúirte Dúiche, ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche atá buansannta do dhúiche áirithe do léiriú cáis dó, nach féidir leis an mbreitheamh sin déileáil go cuí le haon ábhar atá os a chomhair de bhrí go bhfuil leas pearsanta aige ann nó eolas pearsanta aige ar na fíorais nó ar na páirtithe de shaghas a d'fhéadfadh a bheith docharach do thriail an ábhair, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh eile den Chúirt Dúiche, a thoileoidh chuige sin, a ainmniú chun an t-ábhar sin a éisteacht agus a chinneadh sa dúiche sin agus, má dhéanann an tUachtarán amhlaidh, ansin féadfar an t-ábhar sin a éisteacht agus a chinneadh dá réir sin

(2) I gcás an breitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche (dá ngairtear an chéad bhreitheamh san fhomhír seo) a bheith breoite nó as láthair, féadfaidh breitheamh eile, le toiliú an Aire (i dteannta na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh tugtha le dlí maidir leis an dúiche a bhfuil sé buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, má tá sé buansannta do dhúiche eile), na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar an gcéad bhreitheamh maidir leis an dúiche a mbeidh an chéad bhreitheamh buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh le linn an chéad bhreitheamh sin a bheith breoite nó as láthair.

(3) Má iarrann breitheamh dúiche a bheidh buansannta do dhúiche áirithe (dá ngairtear an chéad bhreitheamh san fhomhír seo) ar bhreitheamh dúiche eile (dá ngairtear an dara breitheamh san fhomhír seo) gníomhú dó ar feadh tréimhse sonraithe (nach faide ná seacht lá), féadfaidh an dara breitheamh (i dteannta na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh tugtha le dlí maidir leis an dúiche a bhfuil sé buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, má tá sé buansannta do dhúiche eile), na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar an gcéad bhreitheamh maidir leis an dúiche a mbeidh an chéad breitheamh buansannta di a fheidhmiú agus a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse sin.

AN SEACHTÚ SCEIDEAL

Cúirteanna do láthair agus cúirteanna comhréire a bunaíodh leis an bPríomh-Acht, agus breithiúna cúirteanna do láthair agus breithiúna comhréire cúirteanna a bunaíodh leis an bPríomh-Acht

Ailt 48, 49 agus 61.

Cuid I

Uimh. Thag.

An chúirt do láthair

An chúirt a bunaíodh leis an bPríomh-Acht

(1)

(2)

(3)

1.

An Chúirt Uachtarach do láthair.

An Chúirt Uachtarach.

2.

An Ard-Chúirt do láthair.

An Ard-Chúirt.

3.

An Chúirt Achomhairc Choiriúil do láthair.

An Chúirt Achomhairc Choiriúil.

4.

An Chúirt Chuarda do láthair.

An Chúirt Chuarda.

5.

An Chúirt Dúiche do láthair.

An Chúirt Dúiche.

Cuid II

Uimh. Thag.

Breitheamh na cúirte do láthair

Breitheamh na cúirte a bunaíodh leis an bPríomh-Acht

(1)

(2)

(3)

1.

An Príomh-Bhreitheamh do láthair.

An Príomh-Bhreitheamh.

2.

Uachtarán na hArd-Chúirte do láthair.

Uachtarán na hArd-Chúirte.

3.

Uachtarán na Cúirte Cuarda do láthair.

Uachtarán na Cúirte Cuarda.

AN tOCHTÚ SCEIDEAL

Forálacha maidir le hoifigí agus oifigigh a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte

Alt 55 (1).

Léiriú.

1. (1) Forléireofar mar aon ní amháin an Sceideal seo agus Cuid I d'Acht 1926.

(2) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí sa Sceideal seo d'aon achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin mar a chuirtear chun feidhme é amhlaidh.

Oifigí a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte.

2. Tiocfaidh na hoifigí seo a leanas chun bheith, agus beidh siad, ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte faoi seach—

Leis an Ard-Chúirt,

An Phríomh-Oifig,

Oifig na Máistrí Fómhais,

An Oifig Phrobháide,

Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht,

Dhá Oifig Scrúdaitheoirí nó Oifig an Scrúdaitheora,

Oifig an Chuntasóra;

Leis an gCúirt Uachtarach,

Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí;

Le hUachtarán na hArd-Chúirte,

Oifig na gCoimircithe Cúirte.

Oifigigh a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte.

3. Tiocfaidh na hoifigigh seo a leanas (agus beidh gach duine acu ina phríomh-oifigeach de réir bhrí Chuid I d'Acht 1926) chun bheith, agus beidh siad, ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte, faoi seach—

Leis an Ard-Chúirt,

Máistir na hArd-Chúirte,

Beirt Mháistir Fómhais,

An tOifigeach Probháide,

An Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht,

Beirt Scrúdaitheoir nó an Scrúdaitheoir,

An Cuntasóir;

Leis an gCúirt Uachtarach,

Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí;

Le hUachtarán na hArd-Chúirte,

Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

Máistir na hArd-Chúirte.

4. (1) Sa mhír seo ciallaíonn “rialacha cúirte” rialacha arna ndéanamh faoi alt 36 d'Acht 1924.

(2) Beidh ag Máistir na hArd-Chúirte, agus feidhmeoidh sé, na cumhachtaí agus na húdaráis, agus comhlíonfaidh sé na dualgais agus na feidhmeanna, a bheidh tugtha nó sannta dó ó am go ham le reacht nó le rialacha cúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a ordú le reacht nó le rialacha cúirte) beidh aige agus comhlíonfaidh sé gach cumhacht, údarás, dualgas agus feidhm eile a bheidh dílsithe dó de bhua fho-alt (3) d'alt 31 d'Acht 1926.

An Príomh-Oifig.

5. (1) Beidh an Phríomh-Oifig faoi bhainistí an phríomhoifigigh sin a bheidh ag fónamh sa Phríomh-Oifig agus a ainmneoidh an tAire ó am go ham chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte.

(2) Déanfar sa Phríomh-Oifig an gnó go léir a ordófar a dhéanamh ann ó am go ham le reacht nó le riail chúirte agus fairis sin an gnó go léir eile de chuid na hArd-Chúirte taobh amuigh de cibé gnó ar gá de thuras na huaire de réir dlí gur breitheamh nó breithiúna nó gurb é Máistir na hArd-Chúirte a dhéanfadh é nó gur os comhair breithimh nó breithiúna nó Mháistir na hArd-Chúirte a dhéanfaí é agus taobh amuigh de cibé gnó a bheidh sannta de thuras na huaire le dlí d'oifig eile a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt nó le hOifig na gCoimircithe Cúirte.

(3) An duine ag a raibh díreach roimh an dáta feidhme, de bhua a ainmnithe faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 2 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1945, bainistí na Príomh-Oifige, leanfaidh sé de bhainistí na Príomh-Oifige a bheith aige agus measfar é a bheith arna ainmniú faoi fhomhír (1) den mhír seo.

Cláraitheora na hArd-Chúirte.

6. (1) Déanfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis de na hoifigigh a bheidh de thuras na huaire ag fónamh sa Phríomh-Oifig a ainmniú chun bheith ina gcláraitheoirí don Ard-Chúirt agus gníomhóidh gach cláraitheoir acu sin (i dteannta aon dualgais eile a dhéanamh a shannfaidh an t-oifigeach a bheidh de thuras na huaire ag bainistí na Príomh-Oifig dó) mar chláraitheoir don Ard-Chúirt de réir mar a dhéanfaidh agus nuair a dhéanfaidh an t-oifigeach a bheidh de thuras na huaire ag bainistí na Príomh-Oifige é sin a ordú dó.

(2) Is príomh-oifigigh de réir bhrí Chuid I d'Acht 1926 na hoifigigh a bheidh de thuras na huaire ainmnithe faoi fhomhír (1) den mhír seo chun bheith ina gcláraitheoirí don Ard-Chúirt.

(3) Gach duine a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, de bhua a ainmnithe faoi fho-alt (2) d'alt 4 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1926, ina chláraitheoir don Ard-Chúirt do láthair, tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina chláraitheoir don Ard-Chúirt agus measfar é a bheith arna ainmniú faoi fhomhír (1) den mhír seo.

Maoirseacht agus ceannas ginearálta oifigí na hArd-Chúirte.

7. Beidh ag an oifigeach a bheidh de thuras na huaire ag bainistí na Príomh-Oifige maoirseacht ghinearálta agus ceannas ginearálta ar na hoifigí a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt, ach ag feidhmiú na maoirseachta agus an cheannais sin dó beidh sé faoi réir threorú ginearálta an Aire maidir le gach ní a bhaineann le riarachán ginearálta agus faoi réir treoracha Uachtarán na hArd-Chúirte maidir le gach ní a bhaineann le seoladh na coda sin de ghnó na hArd-Chúirte ar gá de thuras na huaire de réir dlí gur breitheamh nó breithiúna den Ard-Chúirt a dhéanfadh é nó gur os comhair breithimh nó breithiúna den Ard-Chúirt a dheanfaí é.

Oifig na Máistrí Fómhais.

8. Beidh oifig na Máistrí Fómhais faoi bhainistí an Mháistir Fómhais is sinsearaí, agus déanfar san Oifig sin gnó na Máistrí Fómhais taobh amuigh de cibé gnó is gá de réir dlí go ndéanfadh Máistir Fomhais é féin é.

Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

9. Beidh Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht faoi bhainistí an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus déanfar san Oifig sin an gnó go léir a shannfar di ó am go ham le reacht nó le riail chúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte) an gnó uile a bhí tráth á dhéanamh in Oifig an tSannaí Oifigiúil do Roinn Bhinse an Rí den Ard-Chúirt Bhreithiúnais i nDeisceart Éireann.

Oifigí na Scrúdatheoirí.

10. (1) Go dtí go mbeidh líon na Scrúdaitheoirí laghdaithe go dtí duine amháin, beidh Oifig Scrúdaitheora amháin faoi bhainistí dhuine de na Scrúdaitheoirí agus beidh an Oifig Scrúdaitheora eile faoi bhainistí an Scrúdaitheora eile.

(2) Déanfar i ngach Oifig Scrúdaitheora nó in Oifig an Scrúdaitheora (mura mbeidh ach Scrúdaitheoir amháin ann) an gnó go léir a shannfar di ó am go ham le reacht nó le riail chúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte) an gnó go léir den sórt a bhí á dhéanamh tráth sna hoifigí a bhí ag gabháil le Dlísheomraí faoi seach Mháistir na Rollaí agus an ghnáth-bhreithimh sa Roinn Seansaireachta den Ard-Chúirt Bhreithiúnais i nDeisceart Éireann agus fairis sin an gnó go léir den sórt a bhí á dhéanamh tráth sna hoifigí a bhí ag gabháil le Breitheamh Talún na Roinne Seansaireachta sin, lena n-áirítear na hoifigí a bhí ag gabháil leis an mBreitheamh sin ina cháil mar Bhreitheamh Glacadóireachta.

(3) Déanfar freisin in Oifig dhuine de na Scrúdaitheoirí (a ainmneoidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte) nó in Oifig an Scrúdaitheora (mura mbeidh ach Scrúdaitheoir amháin ann) an gnó go léir den sórt a bhí á dhéanamh tráth in Oifig Féimheachta Roinn Bhinse an Rí den Ard-Chúirt Bhreithiúnais i nDeisceart Éireann.

Na Scrúdaitheoirí.

11. (1) Beidh ag gach duine de na Scrúdaitheoirí nó ag an Scrúdaitheoir (mura mbeidh ach Scrúdaitheoir amháin ann), agus feidhmeoidh sé, na cumhachtaí agus na húdaráis uile, agus déanfaidh sé agus comhlíonfaidh sé na dualgais agus na feidhmeanna uile, a bheidh tugtha nó sannta dó ó am go ham le reacht nó le riail chúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte) déanfaidh agus comhlíonfaidh sé na dualgais agus na feidhmeanna a bhí á ndéanamh nó á gcomhlíonadh tráth ag Príomh-Chléirigh agus Príomh-Chléirigh Chúnta éagsúla Mháistir na Rollaí agus an ghnáth-bhreithimh sa Roinn Seansaireachta den Ard-Chúirt Bhreithiúnais i nDeisceart Éireann, faoi seach, agus ag an bPríomh-Ghlacadóir nó ag an nGlacadóir-Scrúdaitheoir.

(2) Beidh ag duine de na Scrúdaitheoirí (a ainmneoidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte) nó ag an Scrúdaitheoir (mura mbeidh ach Scrúdaitheoir amháin ann), agus feidhmeoidh sé, na cumhachtaí agus na húdaráis uile a bhí dílsithe tráth don Phríomh-Chláraitheoir i bhFéimheacht i Roinn Bhinse an Rí den Ard-Chúirt Bhreithiúnais i nDeisceart Éireann agus déanfaidh sé agus comhlíonfaidh sé dualgais agus feidhmeanna den sórt a bhí de réir dlí le déanamh nó le comhlíonadh, nó a bhí iarbhír á ndéanamh nó á gcomhlíonadh, ag an bPríomh-Chláraitheoir sin agus ag an gCláraitheoir agus ag an Leas-Chláraitheoir i bhFéimheacht do Roinn Bhinse an Rí sin, faoi seach.

(3) Faoi réir aon srianta is cuí le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur, féadfaidh oifigeach (a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte) a bheidh ar fostú in Oifig Scrúdaitheora nó in Oifig an Scrúdaitheora (mura mbeidh ach Scrúdaitheoir amháin ann) agus a bheidh cáilithe lena cheapadh ina Scrúdaitheoir cumhachtaí údaráis, dualgais agus feidhmeanna Scrúdaitheora nó an Scrúdaitheora (mura mbeidh ach Scrúdaitheoir amháin ann) a fheidhmiú, a dhéanamh nó a chomhlíonadh.

Laghdú ar líon na Scrúdaitheoirí.

12. Ar an gcéad fholúntas a tharlú in oifig Scrúdaitheora, laghdófar líon na Scrúdaitheoirí go dtí duine amháin, agus is é an duine sin an Scrúdaitheoir a bheidh ann, agus déanfar an dá Oifig Scrúdaitheora a chomhdhlúthú in aon oifig amháin, agus is í Oifig an Scrúdaitheora a bheidh inti sin agus beidh sí faoi bhainistí an Scrúdaitheora.

Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

13. Déanfar in oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí an gnó go léir a bhainfidh leis na dlínsí is inoibrithe ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi fho-alt (1) d'alt 10 den Acht seo.

Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

14. (1) Gníomhóidh Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí mar chláraitheoir don Phríomh-Bhreitheamh maidir le hoibriú na dlínse sin ag an bPríomh-Bhreitheamh is inoibrithe aige faoi fho-alt (1) d'alt 10 den Acht seo.

(2) Beidh Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí faoi threorú an Phríomh-Bhreithimh maidir le déanamh an ghnó sin atá, de bhun mhír 13 den Sceideal seo, le déanamh in oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

Oifig na gCoimircithe Cúirte.

15. (1) Beidh Oifig na gCoimircithe Cúirte faoi bhainistí Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, agus déanfar san oifig sin an gnó go léir a bheidh sannta di ó am go ham le reacht nó le riail chúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte) an gnó go léir maidir le hoibriú na dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) d'alt 9 den Acht seo a bhí á dhéanamh maidir le hoibriú na dlínse in sin Oifig Ghealtachta Thiarna Seansailéara na hÉireann nó sna hoifigí a bhí ag gabháil le Dlísheomra an Tiarna Seansailéara sin nó in aon oifig eile a bhí ag gabháil leis an gCúirt Uachtarach Bhreithiúnais a bhí i nDeisceart Éireann tráth.

(2) Measfar chun críocha alt 9 d'Acht 1945 gur oifig atá ag gabháil le cúirt Oifig na gCoimircithe Cúirte.

Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

16. (1) Beidh maoirseacht agus ceannas Oifig na gCoimircithe Cúirte ag Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte agus ag feidhmiú na maoirseachta agus an cheannais sin dó beidh sé, maidir le gach cúrsa riaracháin ghinearálta, faoi threorú ginearálta an Aire agus, maidir le gach ní a bhaineann leis an dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) d'alt 9 den Acht seo, faoi threoracha an bhreithimh den Ard-Chúirt a bheidh ag oibriú na dlínse sin de thuras na huaire.

(2) I dteannta maoirseacht agus ceannas Oifig na gCoimircithe Cúirte, beidh ag Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte na cumhachtaí agus na húdaráis sin uile, agus déanfaidh sé agus comhlíonfaidh sé na dualgais agus na feidhmeanna sin, maidir le hoibriú na dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le fo-alt (1) d'alt 9 den Acht seo, a bheidh tugtha nó sannta dó le reacht nó le riail chúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte) beidh aige, agus feidhmeoidh sé, na cumhachtaí agus na húdaráis uile a bhí tráth dílsithe don Chláraitheoir i nGealtacht in Éirinn nó don Phríomh-Chléireach do Thiarna Seansailéara na hÉireann agus déanfaidh sé agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna agus na dualgais sin uile maidir leis an dlínse réamhráite a bhí á ndéanamh agus á gcomhlíonadh tráth ag an gCláraitheoir sin i nGealtacht agus ag an bPríomh-Chléireach sin faoi seach.

(3) Measfar chun críocha alt 9 d'Acht 1945 Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte a beith ina oifigeach atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt.

Cáilíocht Mháistir na hArd-Chúirte.

17. Ní cheapfar duine ar bith mar Mháistir na hArd-Chúirte mura mbeidh sé tráth a cheaptha ina abhcóide agus seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mBarra aige agus é ag cleachtadh iarbhír an tráth sin.

Cáilíocht Mháistir Fómhais.

18. Ní cheapfar duine ar bith ina Mháistir Fómhais mura rud é go mbeidh sé tráth a cheaptha ina aturnae agus seasamh deich mbliana ar a laghad aige agus go mbeidh sé ag cleachtadh iarbhír an tráth sin nó go raibh sé ag cleachtadh roimhe sin ar feadh deich mbliana ar a laghad.

Na Máistrí Fómhais.

19. Beidh ag gach duine de na Máistrí Fómhais, agus feidhmeoidh sé, na cumhachtaí agus na húdaráis seo a leanas agus déanfaidh sé agus comhlíonfaidh sé na dualgais agus na feidhmeanna seo a leanas—

(a) na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna a bheidh tugtha nó sannta dóibh le reacht nó le riail chúirte,

(b) mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte—na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna uile maidir leis an Ard-Chúirt, agus leis an gCúirt Uachtarach, a bhí, agus a bhí á gcomhlíonadh, tráth ag Máistrí Fómhais éagsúla na Cúirte Uachtaraí Breithiúnais a bhí tráth i nDeisceart Éireann maidir leis an gCúirt sin,

(c) mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a fhoráil le reacht nó le riail chúirte—na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna uile maidir leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil, leis an bPríomh-Bhreitheamh agus le hUachtarán na hArd-Chúirte a bhí acu nó a bhí á bhfeidhmiú acu, díreach roimh an dáta feidhme, maidir leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil do láthair, leis an bPríomh-Bhreitheamh do láthair agus le hUachtarán na hArd-Chúirte do láthair, faoi seach,

(d) na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna eile a bhí de réir dlí, díreach roimh Acht 1924 a rith, dílsithe do, nó curtha ar, Mháistrí Fómhais éagsúla na Cúirte Uachtaraí Breithiúnais a bhí i nDeisceart Éireann tráth, agus

(e) an dualgas chun aon chostais a fhómhais a bheidh le fáil ag aturnae nó le ceadú dó nó le híoc leis i leith gnó a gabhadh de láimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1957, nó dá éis, maidir le feidhmiú a gcumhachtaí faoi Achtanna na Sclábhaithe (Éire), 1883 go 1958, ag údarás áitiúil.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1945.

20. In alt 6 (a bhaineann le ceapadh Oifigigh Phrobháide nó Scrúdaitheora) d'Acht 1945, déanfar na tagairtí d'oifig a bunaíodh le Cuid I d'Acht 1926 a fhorléiriú mar thagairtí d'oifig a luaitear i mír 2 den Sceideal seo.

Cáilíocht Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

21. Ní cheapfar duine ar bith mar Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte mura rud é go mbeidh sé tráth a cheaptha—

(a) ina abhcóide agus seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mBarra aige agus go mbeidh sé ag cleachtadh iarbhír an tráth sin, nó

(b) ina abhcóide a bheidh an tráth sin ar fostú in oifig dá luaitear i mír 2 den Sceideal seo agus go raibh sé i gcaitheamh an dá bhliain déag díreach roimhe sin ar fostú in oifig nó in oifigí dá luaitear sa mhír sin 2.

Foirne ginearálta oifigí.

22. (1) I dteannta na bpríomh-oifigeach fostófar sna hoifigí éagsúla a luaitear i mír 2 den Sceideal seo cibé oifigigh, cléirigh, teachtairí, callairí agus seirbhísigh, agus cibé líon díobh, a chinnfidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte i gcás oifig a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt nó i gcás Oifig na gCoimircithe Cúirte, agus leis an bPríomh-Bhreitheamh i gcás Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

(2) Na hoifigigh (seachas na príomh-oifigigh), na cléirigh, na teachtairí, na callairí agus na seirbhísigh go léir a bheidh ar fostú in aon oifig dá luaitear i mír 2 den Sceideal seo beidh siad inmhalartaithe idir na hoifigí sin agus dlífidh siad fónamh in aon oifig acu sin a ordóidh an tAire ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte i gcás oifig atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt nó i gcás Oifig na gCoimircithe Cúirte, agus leis an bPríomh-Bhreitheamh i gcás Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

Ainmniúcháin faoi alt 28 d'Acht 1926.

23. Gach ainmniúchán a rinneadh roimh an dáta feidhme faoi alt 28 d'Acht 1926 agus nár aisghaireadh roimh an dáta feidhme fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 28.