|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 46 de 1961. | ||
| [EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1959. [20 Nollaig, 1961.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste. |
1. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach ann leis an Acht Forbartha Móna, 1959 ): |
| [EN] | “(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná ceithre mhilliún is fiche punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.” | |
| [EN] | (2) Aisghairtear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1959 . | |
| [EN] |
Alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 , a leasú. |
2. —Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí “ceithre mhilliún is fiche punt” a chur in ionad “naoi milliún déag punt” (a cuireadh isteach ann leis an Acht Forbartha Móna, 1959 ). |
| [EN] |
Tithe a thóg an Bord a dhíol agus a ligean. |
3. —(1) Féadfaidh an Bord tithe a tógadh de bhun scéim faoi alt 5 den Acht Forbartha Móna, 1950 , agus nach mbeidh ag teastáil ón mBord chun a sheirbhísigh á n-áitiú, a dhíol, a mhalartú nó a chur de láimh ar shlí eile. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Bord tithe a tógadh de bhun scéim faoin alt sin 5 a ligean chun daoine seachas seirbhísigh an Bhoird. | |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1959, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1961, a ghairm díobh le chéile. |