|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 47 de 1961. | ||
| [EN] |
AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ALT 8 DEN ACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1956 , A AISGHAIRM. [20 Nollaig, 1961.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Alt 8 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1956 , a aisghairm. |
1. —Aisghairtear leis seo alt 8 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1956 . |
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1961 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1958, agus den Acht seo le chéile. | |
| [EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála le hordú. |