9 1962


Uimhir 9 de 1962.


AN tACHT CRÓINÉIRÍ, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO CHOMHDHLÚTHÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CRÓINÉIRÍ AGUS LE hIONCHOISNÍ CRÓINÉIRÍ. [11 Aibreán, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cróinéirí, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Mínithe.

1926, Uimh. 39 .

2. —San Acht seo—

folaíonn “cróinéir”, ach amháin in ailt 6, 7, 8, 10, 11, 16 agus 59, duine arna cheapadh faoi fho-alt (2) d'alt 5 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , mar a thugtar feidhm dó le halt 8 den Acht seo, chun oifig chróinéara a líonadh go sealadach;

tá le “leas-chróinéir” an bhrí a thugtar dó le halt 13 den Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae nó bardas contaebhuirge;

ciallaíonn“an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn an briathar “forordú”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forordú le rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine atá cláraithe, ar shlí seachas go sealadach nó go díomuan, faoi Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, i gClár na Lia-Chleachtóirí d'Éirinn.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní a fhorordaítear nó atá le forordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

4. —Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal.

CUID II

Cróinéirí agus Ceantair Chróinéirí

Ceantair chróinéirí.

6. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, faoi réir forálacha aon ordaithe faoi fho-alt (3) den alt seo agus faoi réir alt 7 den Acht seo, is ionann ceantair chróinéirí an Stáit agus na ceantair chróinéirí a bhí ann díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) Aireofar buirgí Chill Chainnigh, Chluain Meala, Dhroichead Atha agus Shligigh, faoi seach, i dteannta na limistéar arb é a bhí iontu, go dtí seo, ceantair chróinéirí Chontae Chill Chainnigh, Chontae Thiobrad Arann, an Trian Theas, Chontae Lúbhaidh agus Chontae Shligigh Thuaidh chun ceantair chróinéirí nua a dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire an teorainn idir dhá cheantar chróinéirí thadhlacha arbh é an t-údarás áitiúil céanna a cheap na cróinéirí dóibh a athrú le hordú arna dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus le toiliú cróinéirí na gceantar sin.

(4) Nuair a tharlóidh folúntas i gceantar cróinéara a bhfuil cuid de laistigh de chontae-bhuirg, scoirfidh an chuid sin air sin de bheith ina cuid den cheantar sin agus cónascfar é leis an gceantar ina bhfuil an chuid eile den chontae-bhuirg, agus tiocfaidh an cróinéir dó sin chun bheith ina chróinéir don cheantar a bhunófar amhlaidh agus arb é iomlán na contae-bhuirge é.

(5) Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht seo i gcás ina mbunófar ceantar cróinéara faoi fho-alt (4) den alt seo ionann is dá mba chónascadh faoi scéim faoi alt 7 den Acht seo an bunú sin, agus, chun na críche sin, forléireofar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) agus (9) den alt sin 10 do scéim faoin alt sin 7 a theacht i bhfeidhm mar thagairtí do cheantar a bhunú faoi fho-alt (4) den alt seo.

Ceantair a chónascadh.

7. —(1) Nuair a scoirfidh cróinéir de bheith i seilbh oifige, féadfaidh an t-údarás áitiúil a cheap é, in ionad comharba air a cheapadh, agus déanfaidh siad má cheanglaíonn an tAire orthu é, scéim a chur faoi bhráid an Aire chun a cheantar nó cuid dá cheantar a chónascadh le ceantar nó ceantair aon chróinéara nó cróinéirí eile a bheidh ceaptha ag an údarás áitiúil sin.

(2) Má dhéanann an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, scéim faoin alt seo a cheadú, tiocfaidh an scéim i bhfeidhm cibé lá a chinnfidh an tAire.

Oifig chróinéara.

1926, Uimh. 39 .

8. —(1) Beidh cróinéir ann do gach ceantar cróinéara.

(2) Is é an t-údarás áitiúil ar ina limistéar atá ceantar cróinéara a cheapfaidh an cróinéir don cheantar cróinéara sin.

(3) Beidh oifig chróinéara ina hoifig lena mbainfidh Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , agus beidh feidhm ag an Acht sin dá réir sin ach leis na modhnuithe seo a leanas:

(a) ciallóidh “an tAire” san Acht sin, maidir le hoifig chróinéara, an tAire Dlí agus Cirt,

(b) ní bheidh feidhm maidir le hoifig an chróinéara ag fo-alt (1) d'alt 5, ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 7 ná ag alt 11 den Acht sin,

(c) déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, na cáilíochtaí maidir le haois, sláinte agus carachtar a bhainfidh le ceapadh d'oifig chróinéara a dhearbhú, go ginearálta nó i leith ceapacháin áirithe,

(d) déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (3) d'alt 7 den Acht sin do cháilíochtaí a ordaítear faoin alt sin a fhorléiriú mar thagairt do cháilíochtaí a dhearbhófar faoi mhír (c) den fho-alt seo, agus

(e) gach duine a mholfar lena cheapadh d'oifig chróinéara, roghnófar é ar cibé modh agus i cibé slí is cuí leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

(4) Ní bheidh feidhm ag na modhnuithe a dhéantar le fo-alt (3) den alt seo i gcás cróinéir a cheapadh tar éis tosach feidhme an Achta seo más roimh an tosach feidhme sin a forordaíodh na cáilíochtaí le haghaidh an cheapacháin, agus déanfar an ceapachán ionann is nár ritheadh an tAcht seo.

(5) Sula molfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine lena cheapadh d'oifig chróinéara, déanfaidh siad deimhin de go bhfuil ag an duine sin an t-eolas agus an inniúlacht is gá chun dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh go cuí.

Tuarastal cróinéara.

9. —(1) Íocfaidh an t-údarás áitiúil a cheap é le gach cróinéir cibé tuarastal a bheidh socraithe ó am go ham, le ceadú an Aire, ag an údarás áitiúil sin.

(2) Ní thabharfaidh an tAire aon cheadú faoin alt seo ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Áireofar i dtuarastal cróinéara aon chostais taistil agus cothaithe agus aon chostais-as-póca eile faoina rachaidh sé i gcúrsa a dhualgas mar chróinéir.

Tuarastal a athbhreithniú.

10. —(1) Laistigh de shé mhí tar éis scéim faoi alt 7 den Acht seo a theacht i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás áitiúil a íocann an tuarastal athbhreithniú ar thuarastal cróinéara ar méadaíodh a cheantar faoin scéim.

(2) Ar thuarastal a athbhreithniú faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir cheadú an Aire, cinneadh (dá ngairtear cinneadh sealadach san alt seo) go méadófar an tuarastal i slí shonraithe nó go ndaingneofar é.

(3) Údarás áitiúil a dhéanfaidh cinneadh sealadach cuirfidh siad téarmaí an chinnte in iúl don chróinéir lena mbainfidh an cinneadh laistigh de mhí tar éis a dhéanta.

(4) I gcás cróinéir a bheith míshásta le cinneadh sealadach. féadfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis téarmaí an chinnte a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire.

(5) I gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne cinneadh sealadach, díbhfidh an tAire an t-achomharc nó cinnfidh sé go méadófar i slí shonraithe an tuarastal a bheidh i gceist.

(6) Má dhéantar cinneadh sealadach agus nach ndéanfar achomharc ina choinne, nó go ndéanfar achomharc agus go ndíbhfear é, beidh an tuarastal a bheidh i gceist arna dhaingniú nó arna mhéadú de réir an chinnte.

(7) I gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne cinneadh sealadach agus, de thoradh an achomhairc, go gcinnfidh an tAire go méadófar an tuarastal a bheidh i gceist i slí shonraithe, beidh an tuarastal arna mhéadú amhlaidh.

(8) Más rud é go ndiúltóidh údarás áitiúil, ar a gceanglaítear leis an alt seo tuarastal cróinéara a athbhreithniú, an tuarastal a athbhreithniú nó más rud é, ar mhí a bheith caite tar éis deireadh na tréimhse ina gceanglaítear orthu an tuarastal a athbhreithniú, nach mbeidh téarmaí cinnte shealadaigh a rinne siad maidir leis an tuarastal curtha in iúl acu don chróinéir—

(a) féadfaidh an cróinéir a iarraidh ar an Aire an tuarastal a athbhreithniú,

(b) athbhreithneoidh an tAire an tuarastal agus ar an athbhreithniú sin a dhéanamh dó cinnfidh sé go méadófar an tuarastal i slí shonraithe nó go ndaingneofar é,

(c) beidh an tuarastal arna mhéadú nó arna dhaingniú dá bharr sin de réir chinneadh an Aire.

(9) Beidh éifeacht ag méadú tuarastail faoin alt seo amhail ón dáta a thiocfaidh an scéim iomchuí i bhfeidhm.

(10) Ní thabharfaidh an tAire ceadú, ná ní dhíbhfidh sé achomharc, ná ní dhéanfaidh sé athbhreithniú ná cinneadh, faoin alt seo, maidir le tuarastal, ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

Sealbhaíocht oifige chróinéara.

11. —(1) Gach cróinéir a cheapfar tar éis tosach feidhme an Achta seo, beidh sé, mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig nó go gcuirfear as oifig é, i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé seachtó bliain d'aois.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le cróinéir a cheapfar tar éis tosach feidhme an Achta seo i gcás inar forordaíodh roimh an tosach feidhme sin na cáilíochtaí le haghaidh a cheapacháin.

Ait chónaithe chróinéara.

12. —(1) Is ina cheantar a bheidh a ghnátháit chónaithe ag cróinéir.

(2) I gcás ina bhfaighidh cróinéir cead ón Aire (cead a fhéadfaidh an tAire a tharraingt siar am ar bith) a ghnátháit chónaithe a bheith aige in áit áirithe lasmuigh dá cheantar, measfar é a bheith ag comhlíonadh an cheanglais atá i bhfo-alt (1) den alt seo fad a bheidh a ghnátháit chónaithe aige san áit sin.

Leas-chróinéirí.

13. —(1) Ceapfaidh gach cróinéir duine a bheidh ceadaithe chuige sin ag an údarás áitiúil a cheap an cróinéir chun bheith ina ionadaí dó agus tabharfar leas-chróinéir ar an ionadaí agus sin é a ghairtear de san Acht seo.

(2) Féadfaidh cróinéir tráth ar bith ceapachán a bheidh déanta aige faoin alt seo a chúlghairm, ach ní bheidh éifeacht ag an gcúlghairm mura ndéanfaidh ná go dtí go ndéanfaidh sé leaschróinéir nua a cheapadh.

(3) Féadfaidh leas-chróinéir gníomhú don chróinéir a cheap é le linn an cróinéir a bheith breoite nó as láthair agus féadfaidh sé freisin gníomhú don chróinéir in aon ionchoisne a mbeidh an cróinéir dícháilithe faoin Acht seo chun é a chur ar bun mura rud é go mbeidh an leas-chróinéir féin dícháilithe faoin Acht seo chun an t-ionchoisne a chur ar bun.

(4) Aon uair a bheidh oifig chróinéara do cheantar cróinéara folamh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) an duine (má b'ann) a bhí ina leas-chróinéir don cheantar sin díreach sular tharla an folúntas, fanfaidh sé, mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé nó go n-éireoidh sé as oifig nó go gcuirfear as oifig é, i seilbh oifige mar leas-chróinéir don cheantar sin go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfolúntas;

(b) fad a mhairfidh an folúntas beidh cumhachtaí agus dualgais uile an chróinéara don cheantar sin ag an leas-chróinéir don cheantar sin agus déanfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a bheidh an ceantar an tuarastal céanna a íoc leis a bheadh iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an gcróinéir don cheantar sin dá bhfanfadh sé in oifig.

(5) (a) I gcás ina mbeidh cróinéir as láthair óna dhualgais le cead ón Aire, féadfaidh an tAire a údarú don leaschróinéir do cheantar an chróinéara sin na dualgais uile a bhaineann le hoifig an chróinéara sin a chomhlíonadh agus, le linn an t-údarás a bheith i bhfeidhm, measfar, chun críocha an Achta seo ach amháin alt 9, gurb é an leas-chróinéir is cróinéir don cheantar sin.

(b) Féadfaidh an tAire údarás a tugadh faoin bhfo-alt seo a chúlghairm.

(6) Fad a bheidh sé ag gníomhú mar chróinéir in ionad an chróinéara a cheap é, beidh dualgais agus cumhachtaí uile cróinéara ag leas-chróinéir.

(7) Is sa cheantar cróinéara ar leas-chróinéir dó é a bheidh a ghnátháit chónaithe ag leas-chróinéir.

(8) I gcás ina bhfaighidh leas-chróinéir cead ón Aire a ghnátháit chónaithe a bheith aige in áit áirithe lasmuigh de cheantar an chróinéara sin, measfar é a bheith ag comhlíonadh an cheanglais atá i bhfo-alt (7) den alt seo fad a bheidh a ghnátháit chónaithe aige san áit sin.

Srian le duine a cheapadh ina chróinéir nó ina leas-chróinéir.

14. —(1) Ní cheapfar aon duine ina chróinéir ná ina leaschróinéir murab abhcóide cleachtach é agus seasamh cúig bliana ar a laghad ag an mBarra aige, nó aturnae cleachtach agus seasamh cúig bliana ar a laghad aige nó lia-chleachtóir cláraithe atá cláraithe, ar shlí seachas go sealadach nó go díomuan, faoi Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, i gClár na Lia-Chleachtóirí d'Éirinn, nó atá i dteideal a chláraithe amhlaidh, le cúig bliana ar a laghad.

(2) Nuair a bheifear ag ríomh a bhlianta seasaimh i gcás abhcóide a bhí ina aturnae ar feadh tréimhse roimhe sin, nó i gcás aturnae a bhí ina abhcóide ar feadh tréimhse roimhe sin, cuirfear an tréimhse sin san áireamh.

Cróinéir agus leaschróinéir a chur as oifig.

15. —(1) Aon uair arb é tuairim an Aire é go raibh aon chróinéir nó leis-chróinéir ciontach i mí-iompar nó i bhfaillí faoi dhualgas nó go bhfuil sé neamhoiriúnach chun bheith i seilbh oifige nó éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh go cuí mar gheall ar easláinte coirp nó meabhrach, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn ina n-inseoidh sé an tuairim sin a chur leis an bpost cláraithe chun an chróinéara nó an leas-chróinéara sin ag a ghnátháit chónaithe agus más rud é, tar éis seacht lá a bheith caite ó cuireadh an fógra amach agus tar éis na huiríolla (más ann) a chuir an cróinéir nó an leas-chróinéir faoina bhráid sin a bhreithniú, go mbeidh sé ar an tuairim sin i gcónaí, féadfaidh sé, le hordú, an cróinéir nó an leas-chróinéir sin a chur as oifig.

(2) Gach ordú lena gcuirfear cróinéir nó leas-chróinéir as oifig sonróidh sé an chúis leis an gcur as oifig.

Na chéad chróinéirí faoin Acht seo.

16. —(1) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo—

(a) gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina chróinéir faoin dlí a bhain an tráth sin le cróinéirí, measfar (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo), díreach ar an tosach feidhme sin, é a bheith arna cheapadh faoi réim agus de réir an Achta seo ina chéad chróinéir don cheantar cróinéara a fhreagraíonn don cheantar ar chróinéir dó é díreach roimh an tosach feidhme sin; agus

(b) ní lú tuarastal gach céad-chróinéara den sórt sin ná an tuarastal a bhí á íoc leis mar chróinéir díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) Ar thosach feidhme an Achta seo, scoirfidh na hoifigi cróinéara, faoi seach, do bhuirgí uile agus faoi seach Chill Chainnigh, Chluain Meala, Dhroichead Átha agus Shligigh de bheith ar marthain, agus gach ceantar cróinéara ina mbeidh, de bhua alt 6 den Acht seo, ceann de na buirgí sin, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, é a bheith ag freagairt don cheantar, mar a bhí sé díreach roimh an tosach feidhme sin, ar cuireadh an bhuirg leis chun an ceantar cróinéara sin a bhunú.

(3) Gach duine a measfar faoin alt seo é bheith arna cheapadh ina chróinéir, tabharfaidh sé don Aire ainm agus seoladh an duine (má b'ann é) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, faoin dlí a bhain an tráth sin le cróinéirí, ina leas-chróinéir do cheantar an chróinéara sin agus air sin, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, measfar an duine deiridh sin a luaitear a bheith arna cheapadh faoi réim agus de réir an Achta seo ina leas-chróinéir do cheantar an chróinéara sin.

CUID III

Ionchoisní

Dualgas ginearálta ionchoisne a chur ar bun.

17. —Faoi réir forálacha an Achta seo, nuair a chuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp duine éagtha ina luí laistigh dá cheantar, is é dualgas an chróinéara ionchoisne a chur ar bun maidir le bás an duine sin más dóigh leis go mb'fhéidir gur tharla an bás go foréigneach nó go mínádúrtha nó go tobann agus ó chúiseanna aineoil nó in áit nó in imthosca a thabharfadh, faoi fhorálacha ina leith sin atá in aon achtachán eile, gur ghá ionchoisne a chur ar bun.

Cumhacht roghnach chun ionchoisne a chur ar bun agus dualgas scéala a chur chun an chróinéara.

18. —(1) Nuair a chuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp duine éagtha ina luí laistigh dá cheantar agus nach bhfuil fáil ar dheimhniú dochtúra i dtaobh cúis báis an duine sin, féadfaidh sé fiosrú a dhéanamh faoi imthosca báis an duine sin agus, mura féidir leis cúis an bháis a fhionnadh, féadfaidh sé, más cuí leis é, ionchoisne maidir lena bhás a chur ar bun.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chás lena mbaineann alt 17 den Acht seo.

(3) Is é dualgas cigire nó oifigigh don Gharda Síochána é, má fhaigheann sé eolas faoi bhás a fháil, laistigh de cheantar cróinéara, do dhuine ar bith nach bhfuil fáil ar dheimhniú dochtúra i dtaobh cúis a bháis, an bás sin a chur in iúl don chróinéir.

(4) Gach lia-chleachtóir, cláraitheoir básanna nó adhlacóir, agus gach áititheoir tí nó teaghaise soghluaiste, agus gach duine i bhfeighil aon fhorais nó áitribh, ina raibh cónaí ar dhuine éagtha tráth a bháis, má tá cúis aige chun a chreidiúint go bhfuair an duine éagtha bás, go díreach nó go neamhdhíreach, mar gheall ar fhoréigean nó míthapa nó ar chuma éagórach, nó mar gheall ar fhaillí nó mí-iompar nó míchleachtas ag daoine eile, nó ó aon chúis eile seachas breoiteacht nó galar nádúrtha a ndearna lia chleachtóir cláraithe é a fheiceáil nó a chóireáil ina leith laistigh de mhí roimh a bhás, nó in imthosca de shórt ba ghá a imscrúdú (lena n-áirítear bás de chionn anaistéiseach a thabhairt), cuirfidh sé fíorais agus imthosca an bháis in iúl láithreach don chróinéir ar ina cheantar atá corp an duine éagtha ina luí.

(5) An oibleagáid a chuirtear ar dhuine le fo-alt (4) den alt seo, measfar í a bheith comhlíonta má chuireann sé in iúl láithreach do chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire na fíorais agus na himthosca is gá a chur in iúl faoin bhfo-alt sin.

(6) Gach duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Scrúdú postmortem in ionad ionchoisne.

19. —(1) I gcás—

(a) ina gcuirfear in iúl do chróinéir go bhfuil corp duine éagtha ina luí laistigh dá cheantar, agus

(b) inarb é tuairim an chróinéara go bhféadfadh sé gur tharla bás an duine sin go tobann agus ó chúiseanna aineoil, agus

(c) inarb é tuairim an chróinéara go bhféadfadh sé go dtaispeánfadh scrúdú post-mortem ar chorp an duine sin nach gá ionchoisne maidir leis an mbás,

féadfaidh an cróinéir a chur faoi deara go ndéanfar an scrúdú post mortem agus más é a thuairim go dtaispeánann tuarascáil an scrúdaithe nach gá ionchoisne maidir leis an mbás ní bheidh sé d'oibleagáid air ionchoisne a chur ar bun.

(2) Ní údaróidh aon ní san alt seo do chróinéir a ligean thar ceal ionchoisne a chur ar bun maidir le bás más é a thuairim go bhféadfadh sé gur tharla an bás go foréigneach nó go mínádúrtha nó in áit nó in imthosca a thugann, faoi fhorálacha ina leith sin in aon achtachán eile, gur gá ionchoisne a chur ar bun.

Forálacha i gcás nach féidir le cróinéir agus le leas-chróinéir ionchoisne a chur ar bun.

20. —(1) Aon uair nach féidir ionchoisne a chur ar bun, ach amháin de bhua an ailt seo, toisc—

(a) an cróinéir don cheantar iomchuí a bheith as láthair, breoite nó éagumasaithe nó a bheith dícháilithe faoin Acht seo chun ionchoisne a chur ar bun nó folúntas a bheith in oifig chróinéara don cheantar, agus

(b) an leas-chróinéir don cheantar a bheith san am céanna as láthair, breoite nó éagumasaithe nó a bheith dícháilithe faoin Acht seo chun an t-ionchoisne a chur ar bun,

féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire a iarraidh ar an gcróinéir do cheantar tadhlach an t-ionchoisne a chur ar bun, agus air sin cuirfidh an cróinéir sin an t-ionchoisne ar bun dá réir sin, agus chuige sin measfar gurb é an cróinéir don cheantar céadluaite é.

(2) Aon uair a chuirfear ionchoisne ar bun de bhua an ailt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dhlífidh tuarastal an chróinéara a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth a íoc cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun maraon le cibé suim faoi chomhair a chostas taistil agus a chostas eile ar a gcomhaontófar idir é féin agus an t-údarás áitiúil nó, cheal comhaontaithe, a shocróidh an tAire.

Ionchoisne i gcás bás beirte nó níos mó a theacht den teagmhas céanna.

21. —I gcás coirp bheirt duine nó níos mó a ndealraíonn sé gur tharla a mbás de dheasca an teagmhais chéanna a bheith ina luí laistigh de cheantair chróinéirí éagsúla, féadfaidh an tAire más cuí leis é, a ordú go gcuirfidh duine de na cróinéirí sin ion choisne ar bun maidir leis na básanna uile, agus air sin cuirfidh an cróinéir dá dtabharfar an t-ordú sin an t-ionchoisne ar bun ionann is dá mba laistigh dá cheantar féin a bhí na coirp go léir

Ionchoisne gan an corp a dhí-adhlacadh.

22. —I gcás corp aon duine ar gá ionchoisne a chur ar bun ina leith a bheith adhlactha agus gurb eol don chróinéir nach ndéanfadh sé aon mhaith an corp a dhí-adhlacadh le haghaidh ionchoisne, féadfaidh sé dul ar aghaidh agus ionchoisne a chur a bun gan an corp a dhí-adhlacadh.

Ionchoisne i gcás inar bhain díothú don chorp nó gan fáil a bheith air.

23. —Aon uair a bheidh cúis ag cróinéir chun a chreidiúint gu tharla bás ina cheantar nó gar dó in imthosca de shórt gur cu ionchoisne ina leith agus, mar gheall ar dhíothú an choirp n toisc nach féidir an corp a fháil, nach féidir ionchoisne a chur a bun ach amháin de bhua an ailt seo, féadfaidh an tAire, má cuí leis é, a ordú go gcuirfidh an cróinéir sin nó cróinéir eil ionchoisne ar bun maidir leis an mbás, agus air sin cuirfidh an cróinéir dá dtabharfar an t-ordú sin ionchoisne ar bun maidir leis an mbás ionann is dá mba laistigh dá cheantar féin a bhí an corp ina luí agus go raibh sé tar éis é a bhreithniú.

Ionchoisne ar ordú ón Ard-Aighne.

24. —(1) Má bhíonn cúis ag an Ard-Aighne chun a chreidiúint go bhfuair duine bás in imthosca a thugann, de réir a thuairime, gurb inmholta ionchoisne a chur ar bun, féadfaidh sé a ordú d'aon chróinéir (cibé acu is é nó nach é an cróinéir é a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth) ionchoisne a chur ar bun maidir le bás an duine sin, agus cuirfidh an cróinéir sin ionchoisne ar bun de réir forálacha an Achta seo (agus ionann is dá mba rud é, murab é an cróinéir é a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth, gurb eisean an cróinéir sin), cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé féin nó aon chróinéir eile tar éis an corp a bhreithniú, aon fhiosrú a dhéanamh, aon ionchoisne a chur ar bun, nó aon bheart eile a dhéanamh maidir leis an mbás.

(2) Aon uair a chuirfear ionchoisne ar bun de bhua an ailt seo agus gur cróinéir seachas an cróinéir a dhéanfadh é de ghnáth a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dhlífidh tuarastal an chróinéara a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth a íoc cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun maraon le cibé suim faoi chomhair a chostas taistil agus a chostas eile ar a gcomhaontófar idir é féin agus an t-údarás áitiúil nó, cheal comhaontaithe, a shocróidh an tAire.

Atráthú ionchoisne i gcás imeachtaí coiriúla a bheith faoi bhreithniú nó a bheith tionscanta.

25. —(1) Más rud é, ag ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuil imeachtaí coiriúla maidir leis an mbás faoi bhreithniú, cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis agus cuirfidh sé an t-ionchoisne ar atráth fós arís go ceann tréimhsí dá samhail a mhinice a iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire air sin a dhéanamh ar an bhforas réamhluaite.

(2) Más rud é, ag ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire ar an gcróinéir an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuiltear tar éis imeachtaí coiriúla maidir leis an mbás a thionscnamh, cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth go dtí go mbeifear tar éis na himeachtaí sin a chinneadh go críochnaitheach, ach ní bheidh sé d'oibleagáid ar an gcróinéir ansin athchromadh ar an ionchoisne mura rud é gur dóigh leis go bhfuil cúiseanna speisialta ann chuige.

(3) Is é dualgas chléireach nó chláraitheoir aon chúirte é, ar chríochnú imeachtaí coiriúla sa chúirt sin maidir le bás duine, toradh na n-imeachtaí sin a chur in iúl don chróinéir a mbeidh ionchoisne maidir leis an mbás ar bun aige.

(4) Nuair a bheidh ionchoisne á chur ar atráth faoin alt seo ag cróinéir féadfaidh sé an giúiré a gaireadh chuige (má gaireadh) a scaoileadh.

(5) Nuair a athchromfaidh cróinéir ar ionchoisne a cuireadh ar atráth faoin alt seo agus a ndearnadh an giúiré lena aghaidh a scaoileadh, rachaidh sé ar aghaidh i ngach slí ionann is nach mbeifí tar éis an t-ionchoisne a thosú.

Finnéithe a thoghairm.

26. —(1) Féadfaidh cróinéir a chur faoi deara, tráth ar bith roimh chríochnú ionchoisne a bheidh ar bun aige, go ndéanfar toghairm san fhoirm fhorordaithe, chun freastal agus fianaise a thabhairt ag an ionchoisne, a sheirbheáil ar aon duine (lena n-áirítear go háirithe aon lia-chleachtóir cláraithe) a mbeadh a fhianaise, i dtuairim an chróinéara, ina cabhair ag an ionchoisne.

(2) Ní dhéanfaidh cróinéir, maidir le freastal an dara liachleachtóir cláraithe ag an ionchoisne, an chumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú mura rud é—

(a) go mbeidh tromlach na ngiúróirí ag an ionchoisne, toise go bhfacthas dóibh nach ndearna an lia-chleachtóir a thug fianaise i dtaobh an bháis ag an ionchoisne cúis an bháis a mhíniú go sásúil, tar éis a iarraidh ar an gcróinéir le foréileamh i scríbhinn a chur faoi deara toghairm faoin bhfo-alt sin a sheirbheáil ar lia-chleachtóir cláraithe eile, nó

(b) gur chabhraigh an lia-chleachtóir sin ag scrúdú post mortem ar an duine ar maidir lena bhás atá an t-ionchoisne ar bun.

Breathnú ar an gcorp.

27. —(1) Nuair a bheidh ionchoisne maidir le bás aon duine ar bun ag cróinéir breathnóidh sé ar an gcorp, ach amháin i gcás lena mbaineann alt 22 nó alt 23 den Acht seo, mura rud é—

(a) go mbeidh comhalta den Gharda Síochána a thabharfaidh fianaise dá réir sin ag an ionchoisne tar éis breathnú air, nó

(b) go mbeidh cróinéir nó leas-chróinéir tar éis breathnú air roimhe sin.

(2) Nuair a bheidh ionchoisne le giúiré ar bun ag cróinéir maidir le bás aon duine, ní bhreathnóidh an giúiré ar an gcorp ach amháin i gcás ina n-ordóidh an cróinéir é nó inar mian le tromlach an ghiúiré é.

Nóta d'ainmneacha agus de sheoltaí finnéithe.

28. —I gcás nach ndéanfaidh cróinéir a mbeidh ionchoisne ar bun aige teistíochtaí a ghlacadh, déanfaidh sé nóta d'ainm agus de sheoladh gach duine a thabharfaidh fianaise ag an ionchoisne.

Doiciméid áirithe a chaomhnú.

1879, c. 58.

29. —(1) Caomhnóidh an cróinéir gach teistíocht nó nóta d'ainmneacha agus de sheoltaí finnéithe a thógfar ag ionchoisne, gach tuarascáil ar scrúdú post mortem a rinneadh de bhun an Achta seo agus gach taifead den fhíorasc a tugadh ag an ionchoisne.

(2) Nuair a scoirfidh cróinéir de bheith i seilbh oifige, tabharfar na doiciméid go léir a chaomhnóidh sé faoin alt seo do chláraitheoir contae an chontae nó na contae-bhuirge ina mbeidh a cheantar agus caomhnóidh an cláraitheoir contae na doiciméid.

(3) Tabharfaidh cróinéir cóip d'aon doiciméad a chaomhnóidh sé faoin alt seo do gach duine a iarrfaidh é agus, ach amháin i gcás a hiarrtha thar ceann Aire Stáit nó an Gharda Síochána, féadfaidh sé cibé táille a bheidh forordaithe a éileamh ar chóip.

(4) Tabharfaidh cláraitheoir contae cóip d'aon doiciméad a chaomhnóidh sé faoin alt seo do gach duine a iarrfaidh í agus, ach amháin i gcás a hiarrtha thar ceann Aire Stáit nó an Gharda Síochána, éileoidh sé ar chóip cibé táille a bheidh forordaithe.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha le cláraitheoir contae faoin alt seo:

(a) baileofar agus tógfar iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire sin,

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leo.

Toirmeasc ar dhliteanas sibhialta agus dliteanas coiriúil a bhreithniú.

30. —Ní dhéanfar ceisteanna i dtaobh dliteanais shibhialta nó dliteanais choiriúil a bhreithniú ná a imscrúdú ag ionchoisne agus dá réir sin ní bheidh le déanamh ag aon ionchoisne ach a fhionnadh cé hé an duine ar maidir lena bhás atá an t-ionchoisne ar bun agus conas, cathain, agus cén áit a tharla an bás.

Toirmeasc ar cháineadh agus saoradh.

31. —(1) Ní dhéanfar cáineadh ná saoradh ar aon duine san fhíorasc ná in aon aguisín leis an bhfíorasc a thabharfaidh ionchoisne.

(2) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfar moltaí de chineál ginearálta a bheidh ceaptha chun cosc a chur lena thuilleadh ospairtí marfacha a chur leis an bhfíorasc ag aon ionchoisne.

Taifead den fhíorasc a tugadh ag ionchoisne.

32. —Síneoidh an cróinéir a mbeidh ionchoisne ar bun aige taifead an fhíoraisc a tugadh ag an ionchoisne agus, má bhíonn giúiré ina suí leis an gcróinéir, síneoidh an príomh-ghiúróir é freisin.

Scrúduithe postmortem agus scrúduithe speisialta.

33. —(1) Féadfaidh cróinéir tráth ar bith roimh ionchoisne nó lena linn a chur faoi deara go ndéanfar scrúdú post mortem ar chorp aon duine a mbeidh ionchoisne ar bun nó le cur ar bun i leith a bháis.

(2) Féadfaidh cróinéir a iarraidh ar an Aire na nithe seo a leanas a shocrú—

(a) go ndéanfaidh duine a cheapfaidh an tAire scrúdú postmortem ar chorp aon duine a mbeidh ionchoisne ar bun nó le cur ar bun ag an gcróinéir maidir lena bhás, nó

(b) go ndéanfaidh duine a cheapfaidh an tAire scrúdú speisialta i bhfoirm taifigh, tástála nó eile, ar chodanna áirithe den chorp nó ar ábhair áirithe ann nó ar aon substaintí nó nithe iomchuí eile, nó

(c) go ndéanfar an scrúdú post-mortem agus an scrúdú speisialta sin i dteannta a chéile,

agus féadfaidh sé an t-iarratas sin a dhéanamh, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé tar éis aon chumhacht eile a fheidhmiú a thugtar dó leis an alt seo chun a chur faoi deara scrúdú postmortem a dhéanamh ar an gcorp.

(3) Is é dualgas an chróinéara é a chumhachtaí maidir le hiarratas chun an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i ngach cás ina n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire air é a dhéanamh agus ina luafaidh an comhalta na cúiseanna atá aige chun sin a iarraidh.

(4) Cuirfear i dteannta gach iarratais chun an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo na cúiseanna atá ag an gcróinéir leis nó ag an gcomhalta den Gharda Síochána ar ar a thionscnamh atá an t-iarratas á dhéanamh.

(5) Nuair a gheobhaidh an tAire iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé, de réir mar is cuí leis, géilleadh don iarratas nó diúltú dó.

Cróinéir eile d'athchromadh ar ionchoisne a cuireadh ar atráth.

34. —I gcás ionchoisne a cuireadh ar atráth agus nár tugadh ann ach fianaise aithinte féadfaidh cróinéir eile athchromadh air.

Cróinéirí áirithe a bheith faoi dhícháilíocht chun ionchoisní áirithe a chur ar bun.

35. —(1) Ní chuirfidh cróinéir ná leas-chróinéir atá ina liacleachtóir cláraithe ionchoisne ar bun ar chorp, ná ní dhéanfaidh sé fiosrú faoi bhás, aon duine a d'fhreastail sé laistigh de mhí roimh bhás an duine sin.

(2) (a) Ní chuirfidh cróinéir ná leas-chróinéir ionchoisne ar bun ar chorp aon duine, ná ní dhéanfaidh sé fiosrú faoi bhás aon duine, má tharraing sé suas diúscairt tiomnach a rinne an duine sin nó má chabhraigh sé lena tharraingt suas, agus go dtairbheoidh sé as an diúscairt sin.

(b) Chun críche mhír (a) den fho-alt seo, ní mheasfar cróinéir nó leas-chróinéir atá ina aturnae agus ina sheiceadóir don duine éagtha a thairbhiú faoi dhiúscairt tiomnach ar an ábhar amháin go bhfuil sé údaraithe táillí a éileamh i leith riaradh an eastáit.

Toghairm a sheirbheáil.

36. —Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána gach toghairm chun freastal ar ionchoisne mar ghiúróir nó mar fhinné a sheirbheáil trína seachadadh don duine chun a mbeidh sí dírithe nó trína fágáil dó ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air le duine sé bliana déag d'aois nó os a chionn.

Giúróirí agus finnéithe nach dtiocfaidh i láthair.

37. —Gach duine a seirbheálfar toghairm air go cuí chun freastal ar ionchoisne mar ghiúróir nó mar fhinné agus nach mbeidh i láthair ag an am agus ag an áit a bheidh sonraithe sa toghairm, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Cumhachtaí maidir le fianaise etc., a ghlacadh, ag ionchoisne.

38. —(1) Féadfaidh cróinéir na finnéithe ag ionchoisne a scrúdú faoi mhionn.

(2) Aon duine—

(b) a bheidh i láthair mar fhinné ag ionchoisne agus a dhiúltóidh mionn a ghlacadh a cheanglófar air go dlíthiúil a ghlacadh ag an gcróinéir a chuirfidh an t-ionchoisne ar bun nó a dhiúltóidh freagra a thabhairt ar aon cheist a bhféadfaidh an cróinéir a cheangal air go dlíthiúil í a fhreagairt, nó

(b) a dhéanfaidh aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt a raibh cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh an cróinéir, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh an cróinéir an cion a dheimhniú faoina láimh chun na hArd-Chúirte, agus air sin féadfaidh an Chúirt sin fiosrú a dhéanamh sa chion líomhnaithe agus tar éis di aon fhinnéithe a éisteacht a thabharfar ar aird i gcoinne nó tar ceann an duine a cúisíodh sa chion, agus tar éis di aon ráiteas a thabharfar mar chosaint a éisteacht, an duine sin a phionósú nó beart a dhéanamh chun é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte sin.

(3) Beidh finné ag ionchoisne i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh teideal aige chucu dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

CUID IV

Giúiréithe ag Ionchoisní

Cumhacht ghinearálta chun suí le giúiré nó gan ghiúiré.

39. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gCuid seo, féadfaidh cróinéir ionchoisne a chur ar bun le giúiré nó gan ghiúiré de réir mar is cuí leis.

Oibleagáid ar an gcróinéir suí le giúiré i gcásanna áirithe.

40. —(1) Cuirfear ionchoisne ar bun le giúiré más rud é, roimh an ionchoisne nó lena linn, go dtiocfaidh an cróinéir ar an tuairim—

(a) gur dúnmharú, naíonmharú nó dúnorgain a thug bás an éagaigh, nó

(b) gur tharla bás an éagaigh in áit nó in imthosca a thugann, faoi fhorálacha chuige sin atá in aon achtachán eile, gur gá ionchoisne a chur ar bun, nó

(c) gurb é ba chúis le bás an éagaigh tionóisc, nimhiú nó galar ar gá, faoi fhorálacha chuige sin atá in aon achtachán eile, fógra ina thaobh a thabhairt d'Aire nó do Roinn Stáit nó do chigire nó d'oifigeach eile d'Aire nó do Roinn Stáit, nó

(d) gurbh é ba chúis le bás an éagaigh tionóisc a tharla mar gheall ar fheithicil a úsáid in áit phoiblí, nó

(e) gur tharla bás an éagaigh in imthoscaí a mbeadh sé contúirteach do shláinte nó do shábháilteacht an phobail nó aon roinn den phobal dá bhfanfadh na himthosca sin ann nó dá bhféadfaidís tarlú arís.

(2) Déanfaidh an cróinéir nó déanfar os a chomhair an giúiré ag ionchoisne a chur faoi mhionn.

(3) Má chuireann comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire in iúl do chróinéir, sula dtosófar nó a n-athchromfar ar ionchoisne maidir le haon bhás, go n-iarrfaidh sé an t-ionchoisne a chur ar atráth ar an bhforas go bhfuil imeachtaí coiriúla maidir leis an mbás faoi bhreithniú nó gur tionscnaíodh iad, measfar gach oibleagáid (más ann) faoi fho-alt (1) den alt seo chun an t-ionchoisne a chur ar bun le giúiré a bheith ar fionraí mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar an t-ionchoisne a éisteacht go hiomlán.

An méid daoine a bheidh ar ghiúiré cróinéara.

41. —Seisear ar a laghad agus dáréag ar a mhéid a bheidh ar ghiúiré cróinéara.

Dliteanas chun fónamh ar ghiúiré cróinéara.

42. —Gach duine os cionn bliain is fiche d'aois a mbeidh cónaí air i gceantar cróinéara, dlífidh sé fónamh ar an ngiúiré ag aon ionchoisne a chuirfear ar bun sa cheantar sin mura rud é—

(a) go bhfuil sé dícháilithe chun fónamh mar ghiúróir faoi alt 4 d'Acht na nGiúirithe, 1927 ;

(b) go bhfuil sé díolmhaithe ó fhónamh mar ghiúróir faoi alt 5 den Acht sin, agus nach bhfuil sé ar áireamh, faoi alt 16 den Acht sin, i liosta giúróirí.

Giúiré a thoghairm.

43. —Aon uair a bheidh giúiré ag teastáil le haghaidh ionchoisne ag aon am agus in aon áit, cuirfidh an cróinéir é sin in iúl do chomhalta den Gharda Síochána agus déanfaidh an comhalta seisear ar a laghad agus dáréag ar a mhéid a bheidh cáilithe chun bheith ina ngiúróirí ag an ionchoisne a thionól ag an am agus san áit sin agus féadfaidh sé, más dóigh gur gá sin, toghairmeacha san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil chun a áirithiú go mbeidh siad i láthair.

Mura mbíonn an giúiré ar aonaigne.

44. —Mura mbíonn giúiré ag ionchoisne ar aon-aigne i dtaobh fíoraisc, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) má bhíonn tromlach an ghiúiré ar aon aigne i dtaobh fíoraisc, glacfaidh an cróinéir leis an bhfíorasc, agus

(b) in aon chás eile, scaoilfidh an cróinéir an giúiré agus cuirfidh sé ionchoisne nua ar bun.

Ionchoisne a cuireadh ar atráth a chur ar bun le giúiré eile.

45. —I gcás ionchoisne a cuireadh ar atráth agus nár tugadh ann ach fianaise aithinte, féadfar athchromadh ar an ionchoisne le giúiré nua.

CUID V

Ilghnéitheach

Corp a aistriú agus a choinneáil fad a bheifear ag feitheamh le hiónchoisne, etc.

46. —(1) Nuair a mheasfaidh cróinéir gur gá ionchoisne a chur ar bun, nó scrúdú post mortem a dhéanamh, ar chorp duine éagtha, féadfaidh sé a ordú go n-aistreofar an corp go mortlann nó marbhlann chaothúil nó go háit oiriúnach eile (laistigh nó lasmuigh dá cheantar) agus a choinneáil ansin go dtí go n-ordóidh sé a mhalairt, agus féadfaidh sé cibé socruithe a dhéanamh chun an corp a aistriú a mheasfaidh sé is gá nó is inmhianaithe.

(2) An duine i bhfeighil mortlainne, marbhlainne nó áite eile a n-ordófar corp duine éagtha a aistriú isteach ann faoi fho-alt (1) den alt seo, ceadóidh sé an corp a fhágáil sa mhortlann nó sa mharbhlann nó san áit eile sin agus coimeádfaidh sé an corp ansin go dtí go n-ordóidh an cróinéir a mhalairt.

(3) Aon duine a chuirfidh bac le corp a aistriú de bhun ordú faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Aon duine i bhfeighil mortlainne, marbhlainne nó áite eile nach ndéanfaidh de réir fho-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(5) Má dhéantar, de bhun ordú ó chróinéir faoi fho-alt (1) den alt seo, corp a aistriú go dtí aon áit lasmuigh de cheantar an chróinéara ní dhéanfaidh sé sin difir dá chumhachtaí agus dá dhualgais maidir leis an gcorp ná leis an ionchoisne ar an gcorp, ná ní dhéanfaidh sé aon chearta, cumhachtaí ná dualgais a thabhairt d'aon chróinéir eile ná a chur air.

Dí-adhlacadh.

47. —(1) Nuair a chuirfidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire in iúl do chróinéir gurb é a thuairim go bhféadfadh sé gur go foréigneach nó go mínádúrtha a tharla bás aon duine, ar adhlacadh a chorp i gceantar an chróinéara, féadfaidh an cróinéir a iarraidh ar an Aire ordú a dhéanamh go ndí-adhlacfaidh an Garda Síochána an corp.

(2) Nuair a iarrfar faoin alt seo ar an Aire a údarú le hordú go ndí-adhlacfar aon chorp, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, an t-ordú a dhéanamh nó diúltú é a dhéanamh.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo chun corp a dhí-adhlacadh, oibreoidh sé chun an dí-adhlacadh a údarú de réir téarmaí an ordaithe.

(4) Nuair a dhí-adhlacfar corp duine éagtha de bhun ordú faoin alt seo, beidh na cumhachtaí céanna ag an gcróinéir lena mbainfidh, agus na dualgais chéanna air, a bheadh aige agus air dá mba nár adhlacadh an corp.

An corp a aistriú amach as an Stát.

48. —Nuair a chuirfear in iúl do chróinéir go bhfuiltear ar intinn corp duine éagtha atá laistigh dá dhlínse a aistriú amach as an Stát, féadfaidh sé a dheimhniú, i cibé foirm a bheidh fororrd daithe, gur sásaíodh é maidir le cúis an bháis agus nach bhfuil aon imthosca ann a thugann gur gá an corp, ná aon chuid de, a choinneáil sa Stát.

Ionchoisne ar chiste fionnta.

49. —Beidh dlínse ag cróinéir fiosrú a dhéanamh i dtaobh ciste fionnta a fháil ina cheantar agus beidh feidhm maidir le gach ionchoisne den sórt sin ag forálacha an Achta seo (seachas na cinn a bhaineann le scrúdú post mortem nó le coirp a aistriú), sa mhéid go mbeidh sin i gcomhréir lena mbrí.

Sonraí a thabhairt do chláraitheoirí breitheanna agus básanna.

50. —(1) Más rud é, de bhun an Achta seo—

(a) go gcuirfidh cróinéir ionchoisne ar bun, nó

(b) go gcuirfidh cróinéir ar atráth ionchoisne ag ar tugadh fianaise aithinte agus fianaise liachta i dtaobh chúis an bháis, nó

(c) go gcinnfidh cróinéir, de thoradh scrúdú post mortem, gan ionchoisne a chur ar bun,

tabharfaidh sé don chláraitheoir breitheanna agus básanna iomchuí deimhniú ina mbeidh cibé sonraí, le haghaidh chlárú an bháis, a bheidh forordaithe tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, agus clárófar an bás dá réir sin.

(2) Nuair a dhéanfaidh cróinéir, de bhun an Achta seo, fiosrú i dtaobh imthosca báis gan ionchoisne a chur ar bun nó gan a chur faoi deara scrúdú post mortem a dhéanamh, tabharfaidh sé don chláraitheoir iomchuí breitheanna agus básanna deimhniú ina mbeidh cibé sonraí a bheidh forordaithe tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte.

(3) I gcás earráid a bheith i ndeimhniú a thabharfaidh cróinéir faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé deimhniú leasaitheach a eisiúint chun an chláraitheora agus air sin ceartóidh an cláraitheoir an earráid i gclár na mbásanna.

Leathnú ar an gcumhacht atá ag eróinéir chun adhlacadh a údarú.

1880, c. 13.

51. —An chumhacht a thugtar le halt 17 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, do chróinéir, ar ionchoisne ar chorp a chur ar bun dó, chun a údarú, le hordú, an corp a adhlacadh, forléireofar í mar chumhacht a fholaíonn cumhacht chun a údarú amhlaidh go n-adhlacfar corp, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá cheantar atá sé ina luí de thuras na huaire, a mbeidh sé tar éis a chinneadh gur gá nó go bhféadfadh sé gur gá dó ionchoisne a chur ar bun maidir leis, agus beidh oibriú an ailt sin leathnaithe dá réir sin.

Forálacha a bhaineann le scrúdú post mortem a chuirfidh cróinéir á dhéanamh.

52. —(1) Nuair a chuirfidh cróinéir faoi deara faoin Acht seo scrúdú post mortem a dhéanamh ar chorp, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) ach amháin mar a fhoráiltear leis an gcéad mhír eile ina dhiaidh seo den fho-alt seo, cuirfidh an cróinéir faoi deara gur lia-chleachtóir cláraithe amháin (agus sin an méid) a dhéanfaidh an scrúdú sin,

(b) más dóigh leis an gcróinéir go dteastóidh cúnamh liachleachtóra chláraithe eile ón gcleachtóir sin chun an scrúdú a dhéanamh, féadfaidh sé a chur faoi deara go dtabharfaidh lia-chleachtóir cláraithe amháin eile (agus sin an méid) an cúnamh sin,

(c) i gcás ina gcuirfidh an cróinéir faoi deara an cúnamh sin a thabhairt, tabharfaidh sé don Aire ráiteas ar na cúiseanna gur dóigh leis gur gá é, agus

(d) má chuireann an cróinéir toghairm ar an gcleachtóir eile sin, chun fianaise a thabhairt, nó má iarrann sé air fianaise a thabhairt, ag ionchoisne ar an gcorp, tabharfaidh sé don Aire ráiteas ar na cúiseanna gur dóigh leis gur gá an fhianaise sin.

(2) (a) Ní dhéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe scrúdú post mortem faoin Acht seo má rinne sé freastal ar an duine ar maidir lena bhás atá ionchoisne ar bun nó le cur ar bun laistigh de mhí roimh bás an duine sin.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le lia-chleachtóir cláraithe is paiteolaí atá ar fhoireann ospidéil, nó a bhfuil baint aige le hospidéal, ach amháin i gcás ina measfaidh an cróinéir gur dócha go dtabharfar faoi cheist ag an ionchoisne iompar an chleachtóra sin maidir lena fhreastal ar an duine éagtha.

Toirmeasc ar chróinéirí áirithe do ghníomhú in imeachtaí áirithe.

53. —Má tá cróinéir nó leas-chróinéir ina aturnae nó ina abhcóide ní ghníomhóidh sé mar aturnae nó abhcóide in imeachtaí coiriúla a éireoidh as aon ábhar a thiocfaidh os a chomhair mar chróinéir nó leas-chróinéir.

Foirmeacha a sholáthar do chróinéir.

54. —Cuirfidh an t-údarás áitiúil a cheap cróinéir cibé soláthairt stáiseanóireachta agus foirmeacha forordaithe ar fáil dó a bheidh ag teastáil uaidh go réasúnach chun a dhualgais a chomhlionadh

Tuairisceán a bheidh le tabhairt ag an gcróinéir.

55. —(1) Tabharfaidh gach cróinéir, an lú lá d'Fheabhra gach bliain nó roimhe sin, tuairisceán i scríbhinn don Aire ar na hionchoisní a cuireadh ar bun agus ar na básanna a ndearnadh fiosrú fúthu ina cheantar i rith na bliana dar chríoch an 31 Nollaig díreach roimhe sin.

(2) I dteannta an tuairisceáin bhliantúil a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, tabharfaidh gach cróinéir don Aire, nó do cibé Aire eile a ordóidh an tAire, cibé tuairisceáin i scríbhinn a theastóidh ón Aire ó am go ham maidir le hionchoisní a cuireadh ar bun agus le básanna a ndearnadh fiosrú fúthu ina cheantar.

(3) Gach tuairisceán a thabharfar faoin alt seo beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé sonraí ann, a ordóidh an tAire ó am go ham.

Foirmeacha mionnaí, etc., maidir le hionchoisní a fhorordú.

56. —(1) Féadfar na foirmeacha seo a leanas a fhorordú maidir le hionchoisní, eadhon,—

(a) foirm an mhionna a bheidh le glacadh ag giúróirí agus a bheidh le glacadh ag finnéithe,

(b) foirm na toghairme a bheidh le seirbheáil ar ghiúróirí agus a bheidh le seirbheáil ar fhinnéithe,

(c) foirm na teistíochta, agus

(d) foirm thaifead an fhíoraisc.

(2) Go dtí go mbeidh foirmeacha forordaithe faoin alt seo, féadfar leanúint d'úsáid na bhfoirmeacha do mhionnaí, toghairmeacha, teistíochtaí agus cúistiúin a bhí á n-úsáid maidir le hionchoisní díreach roimh thosach feidhme an Achta seo agus féadfar, nuair is gá sin, iad a mhodhnú chun go mbeidh siad i gcomhréir le forálacha an Achta seo.

Táillí agus costais áirithe a fhorordú.

57. —Déanfar, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, na táillí agus na costais seo a leanas a fhorordú, eadhon—

(a) na táillí is iníoctha le daoine a dhéanfaidh scrúduithe post mortem agus scrúduithe speisialta, nó a chabhróidh chun iad a dhéanamh,

(b) na costais is iníoctha le finnéithe ag ionchoisní, agus

(c) na costais is iníoctha maidir le corp a aistriú nó a choimeád, de réir ordú ó chróinéir.

Suimeanna áirithe a dheimhniú agus a íoc.

1947, Uimh. 28 .

58. —(1) Féadfaidh cróinéir, maidir le haon ábhar a ndéantar táille nó costais a fhorordú ina leith faoi alt 57 den Acht seo, a dheimhniú a eisiúint chun go n-íocfaidh údarás áitiúil sonraithe leis an duine a bheidh i gceist suim nach mó ná an tsuim a bheidh forordaithe chuige sin.

(2) Gach duine dar eisíodh deimhniú faoin alt seo, féadfaidh sé an deimhniú a thabhairt don údarás áitiúil a bheidh sonraithe sa deimhniú agus air sin íocfaidh an t-údarás áitiúil an tsuim a bheidh luaite sa deimhniú leis an duine sin.

(3) Is é an t-údarás áitiúil a bheidh le sonrú i ndeimhniú a eiseofar faoin alt seo—

(a) i gcás an deimhniú a eisiúint i ndiaidh ionchoisne ag cróinéir nach é an cróinéir é a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth, an t-údarás áitiúil a cheap an cróinéir a chuirfeadh an t-ionchoisne ar bun de ghnáth,

(b) i gcás an deimhniú a eisiúint ag leas-chróinéir a bheidh ag gníomhú in ionad cróinéara, an t-údarás áitiúil a cheap an cróinéir,

(c) i ngach cás eile, an t-údarás áitiúil a cheap an cróinéir a eiseoidh an deimhniú.

(4) Ní dhéanfar aon deimhniú le haghaidh íoc aon táille a eisiúint faoin alt seo chun lia-chleachtóra atá ar fhoireann forais sláinte, de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947 , nó ar fhoireann ospidéil maidir le hionchoisne ar chorp duine a fuair bás san fhoras, má ba é a dhualgas é freastal ar an duine sin.

Leasú ar Acht na Giúirithe, 1927.

1927, Uimh. 23 .

1926, Uimh. 39 .

59. —Beidh éifeacht ag alt 5 (a bhaineann le díolúine ó fhónamh ar ghiúiré) d'Acht na nGiúirithe, 1927 , ionann is dá gcuirfí le Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin “Cróinéirí, leas-chróinéirí agus daoine a cheapfar faoi fho-alt (2) d'alt 5 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , chun oifig chróinéara a líonadh go sealadach.”

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghirtear

Alt 5.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

4 Edw. 1.

The Office of the Coroner.

An tAcht iomlán.

6 Geo. IV, c. 51.

The Assizes (Ireland) Act, 1825.

An méid d'alt 4 a bhaineann le haon ionchoisue a dhéanfar os comhair cróinéara; in alt 6, na focail ó “and by order” go dtí “his or their jurisdictions;”.

9 Geo. IV, c. 54.

Criminal Law (Ireland) Act, 1828.

Alt 4; ailt 5 agus 6 sa mhéid go mbaineann siad le cróinéirí.

10 Geo. IV, c. 37.

Coroners (Ireland) Act, 1829.

An tAcht iomlán.

6 & 7 Will. IV, c. 89.

Coroners (Ireland) Act, 1836.

An tAcht iomlán.

3 & 4 Vic., c. 108.

Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840.

Ailt 153, 154, 155 agus 156.

6 & 7 Vic., c. 12.

Coroners Act, 1843.

An tAcht iomlán.

8 & 9 Vic., c. 18.

Lands Clauses Consolidation Act, 1845.

Ailt 39 agus 40, sa mhéid go mbaineann siad le cróinéirí.

9 & 10 Vic., c. 37.

Coroners (Ireland) Act, 1846.

An tAcht iomlán.

23 & 24 Vic., c. 74.

Borough Coroners (Ireland) Act, 1860.

An tAcht iomlán.

36 & 37 Vic., c. 76.

Railways Regulation Act (Returns of Signal Arrangements, Workings, etc.), 1873.

Alt 5.

39 & 40 Vic., c. xciii.

Coroners (Dublin) Act, 1876.

An tAcht iomlán ach amháin alt 6.

41 & 42 Vic., c. 69.

Petty Sessions Clerks and Fines (Ireland) Act, 1878.

In alt 9, na focail “or coroner”, aon áit a bhfuil siad.

43 & 44 Vic., c. 13.

Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

In alt 16, ó thús an ailt go go dtí na focail “from the coroner”.

44 & 45 Vic., c. 35.

Coroners (Ireland) Act, 1881.

An tAcht iomlán.

55 & 56 Vic., c. 56.

Coroners Act, 1892.

Fo-ailt (1), (2), (3), (4), (5) agus (8) d'alt 1.

61 & 62 Vic., c. 37.

Local Government (Ireland) Act, 1898.

Fo-ailt (1), (2) agus (5) d'alt 14; fo-alt (3) d'alt 40; i bhfo-alt (1) d'alt 69, an focal “coroner”.

8 Edw. VII, c. 37.

Coroners (Ireland) Act, 1908.

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1924 .

An tAcht Coróinéirí (Cáilíocht), 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1927 .

An tAcht Coróinéirí (Leasú), 1927 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 27 de 1930 .

An tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 .

Fo-alt (2) d'alt 23.

Uimh. 3 (Príomháideach) de 1937.

An tAcht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937 .

Alt 36.

Uimh. 21 de 1940 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 .

Fo-alt (1) d'alt 9.

Uimh. 50 de 1947 .

An tAcht Coróinéirí (Leasú), 1947 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 (Príobháideach) de 1950.

Acht Daingnithe Ordaithe Sealadacha Rialtais Áitiúil, 1950.

Mír 1 d'Airteagal 9 den Ordú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal.

Uimh. 10 de 1953 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1953 .

Alt 2.

Uimh. 1 (Príobháideach) de 1955.

Acht Daingnithe Orduithe Sealadacha Rialtais Áitiúil, 1955 .

Airteagal 11 den Ordú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal; Airteagal 11 den Ordú atá leagtha amach sa Tríú Sceideal.