18 1962


Uimhir 18 de 1962.


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ), 1962

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 46 D'ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 . [31 Iúil, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a leasú.

1961, Uimh. 39 .

1. —Leasaítear leis seo alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , le héifeacht ón 1ú lá de Shamhain, 1961, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1), (2) agus (3):

“(1) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte an tuarastal seo a leanas—

(a) leis an bPríomh-Bhreitheamh suim £6,000 sa bhliain,

(b) le hUachtarán na hArd-Chúirte agus le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí suim £4,500 sa bhliain,

(c) le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na hArd-Chúirte suim £4,000 sa bhliain.

(2) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Cuarda an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Cuarda suim £4,000 sa bhliain,

(b) le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na Cúirte Cuarda suim £3,250 sa bhliain.

(3) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Dúiche an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Dúiche suim £2,850 sa bhliain,

(b) le gach Ard-Bhreitheamh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,550 sa bhliain,

(c) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,400 sa bhliain,

(d) leis an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta don dúiche chúirte dúiche arb é atá ann, nó a n-áirítear ann, Contae-Bhuirg Chorcaí suim £2,400 sa bhliain,

(e) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche suim £2,250 sa bhliain.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 agus 1962, a ghairm d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , agus den Acht seo le chéile.