| |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—
|
| |
Deontais as an bPríomh-Chiste
|
|
[EN]
|
£1,399,330 a isiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1961-62.
|
1.
—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim milliún, trí chéad nócha is naoi míle, trí chéad agus tríocha punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a dó.
|
|
[EN]
|
£103,150,660 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1962-63.
|
2.
—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim céad is trí mhilliún, céad is caoga míle, sé chéad agus seasca punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a trí.
|
|
[EN]
|
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £104,549,990 a thógáil ar iasacht.
|
3.
—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad agus ceithre mhilliún, cúig chéad daichead is naoi míle, naoi gcéad agus nócha punt a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a thógáil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.
|
|
[EN]
| |
(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
|
|
[EN]
| |
(3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.
|
| |
Deontais a Leithreasú
|
|
[EN]
|
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £165,885,890, a leithreasú.
|
4.
—(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad seasca is cúig mhilliún, ocht gcéad ochtó is cúig mhíle, ocht gcéad agus nócha punt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.
|
|
[EN]
| |
(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cúig mhilliún déag, ceithre chéad seasca agus cúig mhíle, fiche agus seacht bpunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.
|
|
[EN]
|
Dearbhuithe maidir le híocaíochtaí áirithe a fháil.
1937, Uimh. 18
.
|
5.
—(1) Faoi réir cibé díolúintí a fhorálfar le rialacha nó faoi rialacha arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, ní bhfaighidh duine aon íocaíocht as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le haghaidh seirbhísí neamh-éifeachtúla mura rud é, maidir leis an íocaíocht sin, go mbeidh an duine a gheobhaidh an íocaíocht nó cibé duine eile a fhorálfar mar a dúradh tar éis an dearbhú a bheidh forordaithe leis na rialacha sin a dhéanamh os comhair duine den tuairisc a bheidh forordaithe leis na rialacha nó (i gcás ina gceanglófar sin ag údarás a bheidh forordaithe amhlaidh) os comhair duine a mbeidh an t-údarás sin tar éis é a chinneadh de réir na rialacha, agus go dtacófar leis an dearbhú le haon dearbhú is gá leis na rialacha nó fúthu a dhéanamh ag duine den tuairisc sin, nó ag duine a mbeifear tar éis é a chinneadh, mar a dúradh.
|
|
[EN]
| |
(2) Gach duine a dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo is eol dó a bheith bréagach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná tríocha punt a chur air.
|
|
[EN]
| |
(3) Aisghairtear leis seo
alt 20 den Acht Airgid, 1937
.
|
|
[EN]
| |
(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.
|
|
[EN]
|
Gearrtheideal.
|
6.
—Féadfar an
tAcht Leithreasa, 1962
, a ghairm den Acht seo.
|
| |
An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo
|
| |
Sceideal A
Deontais
|
| | |
Deontais as an bPríomh-Chiste
|
...
|
...
|
...
|
...
|
...
|
£165,885,890
|
|
| |
Sceideal B
Deontais a Leithreasú
|
| | |
Bliain
|
Suimeanna nach mó ná
|
|
Deontais Soláthair
|
Leithreasa-igCabhair
|
|
|
|
|
|
|
|
£
|
£
|
|
1961-62 (Forlíontach)
|
...
|
...
|
|
13,399,030
|
312,007
|
|
1962-63
|
...
|
...
|
...
|
...
|
|
152,486,860
|
15,153,020
|
|
An tIomlán
|
...
|
£
|
165,885,890
|
15,465,027
|
|
| |
Sceideal A
Deontais as an bpríomh-chiste
|
| | |
|
|
|
|
|
|
|
£
|
|
Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1962:
|
|
|
Faoi Acht
Uimh. 6 de 1962
|
...
|
...
|
...
|
|
11,999,700
|
|
Faoin Acht seo
|
...
|
...
|
...
|
...
|
...
|
|
1,399,330
|
|
Chun Seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963:
|
|
|
Faoi Acht
Uimh. 6 de 1962
|
...
|
...
|
...
|
|
49,336,200
|
|
Faoin Acht seo
|
...
|
...
|
...
|
...
|
...
|
|
103,150,660
|
|
An tIomlán
|
...
|
...
|
...
|
£
|
165,885,890
|
|
| |
Sceideal B
Deontais a Leithreasú
|
| |
Cuid I
|
| |
Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasa-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1962.
|
| | |
|
|
Suimeanna nach mó ná
|
|
Vóta Uimh.
|
Teideal
|
Deontais Soláthair
|
Leithreasa-igCabhair
|
|
(1)
|
(2)
|
(3)
|
(4)
|
|
|
|
£
|
£
|
|
1
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin (
Uimh. 24 de 1938
), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair ... ... ... ...
|
550
|
--
|
|
17
|
Chun an Deontas d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta a mhéadú (
Uimh. 35 de 1925
;
Uimh. 28 de 1931
;
Uimh. 23 de 1939
;
Uimh. 36 de 1946
;
Uimh. 36 de 1953
;
Uimh. 18 de 1956
; agus
Uimh. 11 de 1959
) ... ... ...
|
90,000
|
--
|
|
18
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlí-Mhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla ... ... ... ... ...
|
32,750
|
1,150
|
|
20
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Scríobh-Ábhair, Páipéar, Leabhair, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol ...
|
50,800
|
8,600
|
|
24
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána lena n-áirítear Pinsin, etc. (9 & 10 Geo. 5, c. 68;
Uimh. 25 de 1924
;
Uimh. 7 de 1925
;
Uimh. 10 de 1926
;
Uimh. 32 de 1933
;
Uimh. 5 de 1937
;
Uimh. 19 de 1941
; Uimh. 1 agus 17 de 1945;
Uimh. 41 de 1947
;
Uimh. 44 de 1956
; agus
Uimh. 43 de 1959
) agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla (
Uimh. 19 de 1946
agus
Uimh. 15 de 1949
) ... ...
|
70,000
|
47,202
|
|
29
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Deontais Ilghnéitheacha ...
|
20
|
--
|
|
31
|
Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc. ... ... ... ...
|
400,000
|
--
|
|
32
|
Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí ... ... ... ...
|
102,000
|
--
|
|
34
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair ... ... ...
|
10
|
--
|
|
40
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht (
Uimh. 13 de 1946
agus
Uimh. 6 de 1956
), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a fháil ... ... ...
|
91,700
|
43,000
|
|
43
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc
|
10,300,000
|
*
81,000
|
|
44
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc ... ...
|
592,990
|
--
|
|
45
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc ... ...
|
10,000
|
30,000
|
|
46
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair a íoc ... ... ...
|
325,000
|
--
|
|
47
|
Le haghaidh Óglaigh na hÉireann (lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe) faoi na hAchtanna Cosanta, 1954 agus 1960 (
Uimh. 18 de 1954
agus
Uimh. 44 de 1960
), agus le haghaidh Costais áirithe riaracháin i ndáil leis an gcéanna; le haghaidh Costais áirithe faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940 (
Uimh. 13 de 1939
agus
Uimh. 2 de 1940
), agus faoi na hAchtanna um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939 agus 1946 (
Uimh. 21 de 1939
agus
Uimh. 28 de 1946
); le haghaidh Costais i ndáil le Boinn a thabhairt amach, etc.; agus le haghaidh Deontais-i-gCabhair do Chumann Croise Deirge na hÉireann (
Uimh. 32 de 1938
)
|
10
|
157,755
|
|
48
|
Le haghaidh Pinsin Chréachta agus Mhíchumais, Pinsin Bhreise agus Pinsin Fear Pósta, Liúntais agus Aiscí (
Uimh. 26 de 1923
,
Uimh. 12 de 1927
,
Uimh. 24 de 1932
,
Uimh. 15 de 1937
,
Uimh. 2 de 1941
,
Uimh. 14 de 1943
,
Uimh. 3 de 1946
, Uimh. 19 agus 28 de 1949,
Uimh. 23 de 1953
,
Uimh. 19 de 1957
,
Uimh. 15 de 1959
, Uimh. 2 agus 39 de 1960 agus
Uimh. 6 de 1961
); Pinsin, Liúntais agus Aiscí Seirbhíse Míleata (
Uimh. 48 de 1924
,
Uimh. 26 de 1932
,
Uimh. 43 de 1934
,
Uimh. 33 de 1938
,
Uimh. 5 de 1944
, Uimh. 11 agus 34 de
1945, Uimh. 7
agus 29 de 1949,
Uimh. 5 de 1953
,
Uimh. 12 de 1957
agus Uimh. 3 agus 30 de 1960); Pinsin, Liúntais agus Aiscí (
Uimh. 37 de 1936
, Uimh. 9 de 1948,
Uimh. 30 de 1950
,
Uimh. 27 de 1952
,
Uimh. 4 de 1953
,
Uimh. 17 de 1957
agus Uimh. 4, 5, 6, 31 agus 33 de 1960, etc.); Íocaíochtaí i leith Cúitimh do Chomhaltaí den Fhórsa Cosanta Áitiúil (
Uimh. 19 de 1946
, agus
Uimh. 15 de 1949
); agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais iolartha ina dtaobh sin, etc. ... ...
|
30,000
|
--
|
|
53
|
Le haghaidh Pinsin Seanaoise agus Pinsin do Dhaill, Liúntais Leanaí, Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin Neamhranníocacha Baintreach agus Dílleachtaí agus le haghaidh Ilseirbhísí Ilghnéitheacha Leasa Shóisialaigh, lena n-áirítear Deontais ... ... ... ...
|
135,000
|
100,500
|
|
54
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora) agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla agus Deontais Ilghnéitheacha ...
|
565,000
|
4,100
|
|
55
|
Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar i nGealtlann Dhúndroma (8 & 9 Vict., c. 107; agus
Uimh. 19 de 1945
)
|
3,200
|
700
|
|
56
|
Le haghaidh cibé muirir i leith Méaduithe ar Luach Saothair Státseirbhíseach nach bhfuil soláthar déanta ina leith ar shlí eile ... ... ... ...
|
600,000
|
--
|
|
|
£
|
13,399,030
|
312,007
|
|
| |
Cuid II
|
| |
Sceideal de shuimeanna a deonaíodh agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasa-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963.
|
| | |
|
|
Suimeanna nach mó ná
|
|
Vóta Uimh.
|
Teideal
|
Deontais Soláthair
|
Leithreasa-igCabhair
|
|
(1)
|
(2)
|
(3)
|
(4)
|
|
|
|
£
|
£
|
|
1
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin (
Uimh. 24 de 1938
), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair ... ... ... ...
|
12,660
|
--
|
|
2
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe ... ..
|
347,180
|
--
|
|
3
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh ... ... ...
|
36,680
|
--
|
|
4
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh ... ...
|
211,600
|
1,000
|
|
5
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (
Uimh. 1 de 1923
) ... ... ...
|
47,990
|
6,300
|
|
6
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta ... ...
|
351,460
|
1,505
|
|
7
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin ... ...
|
2,687,320
|
86,755
|
|
8
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na nOibreacha Poiblí (1 & 2 Will. 4, c. 33, ailt 5 agus 6; 5 & 6 Vict., c. 89, ailt 1 agus 2; 9 & 10 Vict., c. 86, ailt 2, 7 agus 9; etc.) ... ... ...
|
660,900
|
125,000
|
|
9
|
Le haghaidh Caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil; agus le haghaidh Deontas-i-gCabhair d'Uiscebhealach na Sionainne ... ... ... ...
|
6,062,000
|
280,157
|
|
10
|
Le haghaidh Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála (lena n-áirítear Fóirithint ar Ghátar) ... ... ...
|
827,920
|
41,000
|
|
11
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Saotharlainne Stáit ... ... ...
|
33,100
|
1,160
|
|
12
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse (
Uimh. 45 de 1956
agus
Uimh. 38 de 1959
), agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla (
Uimh. 39 de 1926
,
Uimh. 15 de 1940
agus
Uimh. 9 de 1946
) ... ...
|
52,040
|
18,280
|
|
13
|
Le haghaidh Deontais (Deontas-igCabhair) don Chomhairle Ealaíon (
Uimh. 9 de 1951
) ... ... ...
|
30,000
|
--
|
|
14
|
Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, agus faoi Reachtanna iolartha eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus Íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc. ... ... ...
|
1,403,830
|
152,125
|
|
15
|
Le haghaidh Seirbhís Sicréideach ...
|
7,500
|
--
|
|
16
|
Le haghaidh Costais faoin Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus faoi Acht na nGiúiréithe, 1927 (
Uimh. 12 de 1923
agus
Uimh. 23 de 1927
) ... ...
|
21,000
|
--
|
|
17
|
Chun an Deontas d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta a mhéadú (61 & 62 Vict., c. 37;
Uimh. 35 de 1925
;
Uimh. 28 de 1931
;
Uimh. 23 de 1939
;
Uimh. 36 de 1946
;
Uimh. 36 de 1953
;
Uimh. 18 de 1956
; agus
Uimh. 11 de 1959
, etc.) ... ... ... ...
|
8,595,000
|
--
|
|
18
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlí-Mhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla ... ... ... ...
|
171,330
|
6,500
|
|
19
|
Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i gCabhair áirithe ... ... ...
|
21,480
|
--
|
|
20
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Scríobh-Ábhair, Páipéar, Leabhair, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol ...
|
615,900
|
116,220
|
|
21
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe ... ...
|
232,860
|
22,000
|
|
22
|
Le haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha ... ...
|
601,000
|
12,400
|
|
23
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe, agus na hOifige Iris Phoiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Átha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c. 59; agus 39 & 40 Vict., c. 58), agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach ... ... ...
|
154,520
|
525
|
|
24
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána lena n-áirítear Pinsin, etc. (9 & 10 Geo. 5, c. 68;
Uimh. 25 de 1924
;
Uimh. 7 de 1925
;
Uimh. 10 de 1926
;
Uimh. 32 de 1933
;
Uimh. 5 de 1937
;
Uimh. 19 de 1941
; Uimh. 1 agus 17 de 1945;
Uimh. 41 de 1947
;
Uimh. 44 de 1956
;
Uimh. 43 de 1959
agus Uimh. I de 1962) agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla (
Uimh. 19 de 1946
agus
Uimh. 15 de 1949
) ... ... ...
|
6,459,290
|
198,690
|
|
25
|
Le haghaidh Costais Príosún, Forais Naomh Pádraig, agus chun Príosúnaigh a Chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair (17 & 18 Vict., c. 76; 34 & 35 Vict., c. 112, alt 6; 40 & 41 Vict., c. 49; 47 & 48 Vict., c. 36; 61 & 62 Vict., c. 60; 1 Edw. 7, c. 17, alt 3; 8 Edw. 7, c. 59; 4 & 5 Geo. 5, c. 58; agus
Uimh. 9 de 1956
) ...
|
283,240
|
37,376
|
|
26
|
Le haghaidh na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste agus le haghaidh Costais na Cúirte Coiriúla Speisialta ... ... ... ...
|
12,660
|
3,550
|
|
27
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Chlárlann na Talún (40 & 41 Vict., c. 57; 54 & 55 Vict., c. 66;
Uimh. 10 de 1924
, alt 102; agus
Uimh. 26 de 1942
, alt 22); agus Chlárlann na nGníomhas (2 & 3 Will. 4, c. 87; 27 & 28 Vict., c. 76; 38 & 39 Vict., c. 5; agus 46 & 47 Vict., c. 20) ... ... ... ...
|
143,960
|
--
|
|
28
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla (
Uimh. 17 de 1961
) ...
|
7,730
|
38
|
|
29
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Deontais Ilghnéitheacha ...
|
6,061,340
|
90,360
|
|
30
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais agus Costais a bhaineann leis an gComhairle Oideachais ... ... ... ...
|
516,600
|
100
|
|
31
|
Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc. ... ... ... ...
|
12,239,000
|
139,600
|
|
32
|
Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí ... ...
|
3,140,750
|
30,610
|
|
33
|
Le haghaidh Íocaíochtaí faoi na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1953 (
Uimh. 29 de 1930
;
Uimh. 50 de 1936
;
Uimh. 9 de 1944
;
Uimh. 1 de 1947
;
Uimh. 33 de 1950
; agus
Uimh. 37 de 1953
), agus chun críocha eile i ndáil le Ceardoideachas agus Oideachas Lea-únach ... ... ... ...
|
2,001,390
|
43,275
|
|
34
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair ... ... ...
|
287,170
|
11,500
|
|
35
|
Le haghaidh Costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67;
Uimh. 17 de 1926
;
Uimh. 12 de 1941
;
Uimh. 6 de 1949
; agus
Uimh. 28 de 1957
) ... ... ...
|
237,540
|
4,370
|
|
36
|
Le haghaidh Deontais (Deontais-igCabhair) d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (
Uimh. 13 de 1940
) ...
|
92,510
|
--
|
|
37
|
Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí ... ...
|
1,780,830
|
--
|
|
38
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair ... ... ...
|
15,130
|
120
|
|
39
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann ... ... ...
|
2,490,050
|
180,000
|
|
40
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht (
Uimh. 13 de 1946
agus
Uimh. 6 de 1956
), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a fháil ... ... ...
|
2,524,800
|
678,000
|
|
41
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair ...
|
380,730
|
28,980
|
|
42
|
Le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh tithe agus Ildeontais-i-gCabhair ... ... ... ...
|
570,940
|
3,010
|
|
43
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc ,786
|
20,073,410
|
5,465,786
|
|
44
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc ... ...
|
3,089,460
|
181,590
|
|
45
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc ... ...
|
5,004,740
|
1,108,860
|
|
46
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair a íoc ... ... ...
|
12,905,080
|
4,353,571
|
|
47
|
Le haghaidh Óglaigh na hÉireann (lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe) faoi na hAchtanna Cosanta, 1954 agus 1960 (
Uimh. 18 de 1954
agus
Uimh. 44 de 1960
), agus le haghaidh Costais áirithe riaracháin i ndáil leis an gcéanna; le haghaidh Costais áirithe faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940 (
Uimh. 13 de 1939
agus
Uimh. 2 de 1940
), agus faoi na hAchtanna um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939 agus 1946 (
Uimh. 21 de 1939
agus
Uimh. 28 de 1946
); le haghaidh Costais i ndáil le Boinn a thabhairt amach, etc.; agus le haghaidh Deontais-i-gCabhair do Chumann Croise Deirge na hÉireann (
Uimh. 32 de 1938
)
|
8,848,100
|
203,064
|
|
48
|
Le haghaidh Pinsin Chréachta agus Mhíchumais, Pinsin Bhreise agus Pinsin Fear Pósta, Liúntais agus Aiscí (
Uimh. 26 de 1923
,
Uimh. 12 de 1927
,
Uimh. 24 de 1932
,
Uimh. 15 de 1937
,
Uimh. 2 de 1941
,
Uimh. 14 de 1943
,
Uimh. 3 de 1946
, Uimh. 19 agus 28 de 1949,
Uimh. 23 de 1953
,
Uimh. 19 de 1957
,
Uimh. 15 de 1959
, Uimh. 2 agus 39 de 1960, agus
Uimh. 6 de 1961
); Pinsin, Liúntais agus Aiscí Seirbhíse Míleata (
Uimh. 48 de 1924
,
Uimh. 26 de 1932
,
Uimh. 43 de 1934
,
Uimh. 33 de 1938
,
Uimh. 5 de 1944
, Uimh. 11 agus 34 de
1945, Uimh. 7
agus 29 de 1949,
Uimh. 5 de 1953
,
Uimh. 12 de 1957
agus Uimh. 3 agus 30 de 1960); Pinsin, Liúntais agus Aiscí (
Uimh. 37 de 1936
,
Uimh. 9 de 1948
,
Uimh. 30 de 1950
,
Uimh. 27 de 1952
,
Uimh. 4 de 1953
,
Uimh. 17 de 1957
, Uimh. 4, 5, 6, 31 agus 33 de 1960 agus
Uimh. 5 de 1961
, etc.); Íocaíochtaí i leith Cúitimh do Chomhaltaí den Fhórsa Cosanta Áitiúil (
Uimh. 19 de 1946
, agus
Uimh. 15 de 1949
); agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais iolartha ina dtaobh sin, etc. ... ...
|
1,865,460
|
1,593
|
|
49
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin (
Uimh. 16 de 1924
), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair ...
|
594,650
|
5,100
|
|
50
|
Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe; agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an na ... ... ... ... ...
|
229,780
|
1,000
|
|
51
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh ... ...
|
532,600
|
1,115,740
|
|
52
|
Le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh (
Uimh. 14 de 1950
agus
Uimh. 11 de 1952
) ... ...
|
6,279,000
|
--
|
|
53
|
Le haghaidh Pinsin Seanaoise agus Pinsin do Dhaill, Liúntais Leanaí, Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin Neamhranníocacha Baintreach agus Dílleachtaí agus le haghaidh Ilseirbhísí Ilghnéitheacha Leasa Shóisialaigh, lena n-áirítear Deontais ... ... ... ...
|
19,190,000
|
338,000
|
|
54
|
Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla agus Deontais Ilghnéitheacha 0
|
10,524,000
|
26,460
|
|
55
|
Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar (8 & 9 Vict., c. 107; agus
Uimh. 19 de 1945
) ... ... ...
|
59,650
|
1,750
|
|
56
|
Le haghaidh Méaduithe ar Phinsin Áirithe, etc., i leith seirbhíse poiblí a íoc ... ...
|
460,000
|
--
|
|
|
£
|
152,486,860
|
15,153,020
|
|
|
Iomlán Sceidil b ... ...£
|
165,885,890
|
15,465,027
|
|
| |
* Easnamh |