7 1963


Uimhir 7 de 1963.


AN tACHT UM DHÍLSEÁNAIGH ÓSTÁN, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hÓSTAÍ AGUS LE hÓSTÓIRÍ AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS AN NÍ SIN. [14 Márta, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Léiriú.

1939, Uimh. 24 .

1961, Uimh. 41 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “óstán” bunachas a sholáthraíonn, nó a thugann le tuiscint go soláthraíonn sé, cóiríocht chodlata, bia agus deoch ar luaíocht do gach duine dá dtagann gan chonradh speisialta agus folaíonn sé gach bunachas atá cláraithe sa chlár d'óstáin a choimeádtar faoi Chuid III den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 ;

ciallaíonn “dílseánach”, maidir le hóstán, an duine a sheolann gnó an óstáin agus, i gcás óstán atá cláraithe sa chlár sin, folaíonn sé an duine atá taifeadta sa chlár mar dhílseánach an óstáin sin.

(2) Déanfar an tAcht seo a fhorléiriú faoi réir forálacha an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961 .

Réim an Achta.

2. —(1) Beidh éifeacht ag na dualgais, na dliteanais agus na ceartanna dá ndéantar foráil leis an Acht seo in ionad na ndualgas, na ndliteanas agus na gceartanna a bhain go dtí seo de réir an dlí choitinn le hóstóirí sa cháil sin dóibh.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo le cúis caingne a d'fhaibhrigh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Dualgas glacadh le gach duine dá dtagann.

3. —(1) Beidh sé de dhualgas ar dhílseánach óstáin glacadh san óstán mar aoíanna leis na daoine go léir a thiocfaidh i láthair, cibé acu faoi chonradh speisialta é nó nach ea, agus a iarrfaidh cóiríocht chodlata, bia nó deoch agus sin a sholáthar dóibh, mura mbeidh cúis réasúnach aige chun diúltú.

(2) Faoi réir téarmaí aon chonartha speisialta, beidh sé de dhualgas ar an dílseánach an chóiríocht, an bia nó an deoch sin a sholáthar ar na héilimh a dhéantar de thuras na huaire san óstán.

Dualgas maidir le sábháltacht aíonna.

4. —(1) I gcás ina nglacfar duine mar aoi in óstán, cibé acu faoi chonradh speisialta é nó nach ea, beidh sé de dhualgas ar dhílseánach an óstáin aire réasúnach a thabhairt do phearsa an aoi agus deimhin a dhéanamh go bhfuil an t-áitreabh chomh sábháilte agus a fhéadfadh aire agus scil réasúnach é a dhéanamh, le haghaidh a úsáid phearsanta ag an aoi.

(2) Dualgas é seo ar leithligh ó dhliteanas an dílseánaigh mar áititheoir an áitribh.

Dualgas glacadh le maoin.

5. —(1) I gcás ina mbeidh cóiríocht chodlata curtha in áirithe do dhuine mar aoi in óstán, cibé acu faoi chonradh speisialta é nó nach ea, beidh sé de dhualgas ar an dílseánach glacadh le haon mhaoin a thabharfaidh an duine sin chun an óstáin nó a thabharfar ann thar a cheann agus a mbeidh cóiríocht oiriúnach lena haghaidh ag an dílseánach.

(2) Baineann an dliteanas a fhorchuirtear leis an alt seo le maoin a thabharfar chun an óstáin i rith an ama a bheidh an duine i dteideal an chóiríocht a bheidh curtha in áirithe amhlaidh a úsáid nó i rith tréimhse réasúnaí roimh an am sin nó dá éis.

Dliteanas i leith maoine.

6. —(1) I gcás ina mbeidh cóiríocht chodlata curtha in áirithe do dhuine mar aoi in óstán, cibé acu faoi chonradh speisialta é nó nach ea, beidh an dílseánach faoi dhliteanas i leith aon damáiste do mhaoin, nó i leith cailleadh nó díothú maoine, a gheobhaidh sé ón duine sin nó ó dhuine éigin eile thar a cheann.

(2) Measfar mótar-fheithicil a bheith glactha ag an dílseánach mar a mbeidh sí curtha laistigh d'áitreabh an óstáin nó in aon gharáiste, carrloc nó áitreabh eile a bheidh curtha ar fáil ag dílseánach an óstáin chun na críche sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an dliteanas a fhorchuirtear leis an alt seo i gcás mótar-fheithicle ná i gcás aon mhaoine a bheidh fágtha inti mura mbeifear tar éis a chur in iúl roimhe sin do dhílseánach an óstáin nó do sheirbhíseach éigin dá chuid a bheidh údaraithe, nó a dhealróidh a bheith údaraithe, chuige sin gur tugadh an mótar-fheithicil chun an óstáin.

(4) Maidir leis an dliteanas a fhorchuirtear leis an alt seo—

(a) ní bheidh feidhm aige ach amháin i gcás ina dtarlóidh an damáiste, an cailleadh nó an díothú i rith an ama dá mbeidh cóiríocht chodlata curtha in áirithe nó i rith tréimhse réasúnaí roimh an am sin nó dá éis;

(b) beidh feidhm aige maidir le maoin a ghlacfaidh dílseánach an óstáin faoina chúram, cibé acu san óstán é nó lasmuigh de, i rith an ama nó na tréimhse sin.

(5) Beidh an dílseánach díolmhaithe ó dhliteanas faoin alt seo a mhéid gur tharla an damáiste, an cailleadh nó an díothú mar gheall ar fhoiche nadúir nach bhféadfaí a bheith ag súil leis ná a chosc nó mar gheall ar ghníomh cogaidh nó mar gheall ar an aoi é féin nó mar gheall ar aon duine a bhí ina theannta nó ina fhostaíocht nó ar cuairt aige.

Teorainn le dliteanas.

7. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) agus (3), i gcás ina mbeidh dílseánach óstáin faoi dhliteanas faoi alt 6 i leith damáiste do mhaoin nó i leith cailleadh nó díothú maoine, ní rachaidh a dhliteanas i leith aon duine áirithe thar £100, ach amháin—

(a) i gcás ina ndearnadh an mhaoin a dhamáistiú, a chailleadh, a ghoid nó a dhíothú mar gheall ar ghníomh éagórach, mainneachtain nó neamhgníomh an dílseánaigh nó sheirbhísigh éigin dá chuid, nó

(b) i gcás ina ndearna an t-aoi an mhaoin a thaisceadh, nó ina ndearnadh í a thaisceadh thar a cheann, go sainráiteach lena slánchoimeád leis an dílseánach nó le seirbhíseach éigin dá chuid a bhí údaraithe nó a dhealraigh a bheith údaraithe chuige sin agus, má d'iarr an dílseánach nó an seirbhíseach sin amhlaidh, í i gcoimeádán a dhaingnigh nó a shéalaigh an taisceoir, nó

(c) i gcás inar tairgeadh an mhaoin lena taisceadh mar a dúradh agus gur dhiúltaigh an dílseánach nó a sheirbhíseach glacadh léi nó gur theastaigh ón aio nó ó dhuine éigin ag gníomhú thar a cheann an mhaoin a thairiscint amhlaidh ach, mar gheall ar mhainneachtain an dílseánaigh nó sheirbhísigh dá chuid, nach raibh sé ábalta déanamh amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm i gcás mótar-fheithicle ag an teorainn ar dhliteanas faoi fho-alt (1).

(3) Ní bheidh teideal ag an dílseánach chun cosaint fho-alt (1) mura rud é, nuair a tugadh an mhaoin chun an óstáin, go raibh cóip den fhógra atá leagtha amach sa Chéad Sceideal agus é clóbhuailte i gcló soiléite ar taispeáint go feiceálach in áit a bhféadfadh a chuid aíoanna é a léamh go caothúil ag nó in aice leis an oifig nó an deasc fáiltithe nó, i gcás nach mbeidh oifig ná deasc fáiltithe ann, ag nó in aice leis an bpríomh-bhealach isteach san óstán.

Lian ar mhaoin agus ceart í a dhíol.

8. —(1) Beidh lian ag dílseánach óstáin ar mhaoin, is cuma cé leis é, a thug aoi ar bith chun an óstáin, nó a tugadh ann thar a cheann mar gheall ar aon fhiach a bheidh dlite den aoi i leith cóiríocht chodlata, bia nó deoch a sholáthraigh an dílseánach ag an óstán.

(2) An lian maidir le maoin nach leis an aoi ní bheidh feidhm aige ach amháin i gcás nárbh eol don dílseánach nár leis an aoi an mhaoin nuair a ghlac sé an mhaoin ag an óstán.

(3) Féadfaidh an dílseánach aon mhaoin lena mbaineann a lian a dhíol ar ceant poiblí más rud é, tar éis sé sheachtain, go mbeidh an fiach gan íoc.

(4) Íocfaidh an dílseánach leis an duine a thug an mhaoin nó ar tugadh an mhaoin thar a cheann chun an óstáin fuílleach an fháltais dhíola a bheidh fágtha tar éis méid an fhéich, i dteannta costas agus caiteachas an díola, a asbhaint.

Cosc ar chonrú amach.

9. —Aon fhógra nó comhaontú a airbheartóidh aon dliteanas faoin Acht seo a eisiamh nó a theorannú beidh sé ar neamhní sa mhéid sin.

Dlínse na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche.

1961, Uimh. 39 .

10. —(1) Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda, i gcomhthráth leis an Ard-Chúirt, gach caingean shibhialta faoin Acht seo a éisteacht agus a chinneadh ach sin, i gcás éilimh ar mhéid is mó ná £1,000, faoi réir na dtoilithe céanna is gá chun críocha alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

(2) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche éilimh ar dhamáistí faoin Acht seo a éisteacht agus a chinneadh i gcás nach mó ná £100 an méid a éileofar.

Srian ar an Acht um Thóiteáin Teagmhasacha, 1943 .

1943, Uimh. 8 .

11. —D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo nach bhfuil feidhm ag an Acht um Thóiteáin Teagmhasacha, 1943 , maidir le haon éileamh ar dhamáistí faoin Acht seo.

Cionta.

12. —I gcás ina ndéanfar sárú ar dhualgas a fhorchuirtear le halt 3 nó 5 beidh dílseánach an óstáin, gan dochar dá dhliteanas sibhialta, ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Aisghairm.

13. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Tosach feidhme.

14. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Bhealtaine, 1963.

Gearrtheideal.

15. —Féadfar an tAcht um Dhílseánaigh Ostán, 1963 , a ghairm den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL

Fógra

Alt 7.

Notice

Damáiste do Mhaoin Aoi, nó Cailleadh nó Díothú Maoine Aoi

Faoin Acht um Dhílseánaigh Óstán, 1963 , féadfaidh dílseánach óstáin, mar a mhínítear sin leis an Acht sin, bheith faoi dhliteanas, in imthosca áirithe, damáiste do mhaoin aoi, nó cailleadh nó diothú maoine aoi, a shlánú, cé nach locht ar bith ar thaobh dhílseánach nó fhoireann an óstáin ba chúis leis.

Ní ghabhann an dliteanas sin, áfach—

(a) thar mhaoin daoine a bhfuil cóiríocht chodlata curtha in áirithe acu san óstán;

(b) thar £100 i gcás aon duine áirithe, ach amháin i gcás mótarfheithiclí agus i gcás maoine a taisceadh, nó a tairgeadh chun a taiscthe, lena slánchoimeád.

Is é is óstán ann, mar a mhínítear sin leis an Acht um Dhílseánaigh Óstán, 1963 , bunachas a sholáthraíonn, nó a thugann le tuiscint go soláthraíonn sé, cóiríocht chodlata, bia agus deoch ar luaíocht do gach duine dá dtagann gan chonradh speisialta agus folaíonn sé gach bunachas atá cláraithe mar óstán le Bord Fáilte Éireann.

Damage to, or Loss or Destruction of, Guests' Property

Under the Hotel Proprietors Act, 1963, the proprietor of a hotel, as defined by that Act, may in certain circumstances be liable to make good damage to, or loss or destruction of, a guest's property even though it was not due to any fault of the proprietor or staff of the hotel.

This liability, however—

(a) extends only to the property of persons who have engaged sleeping accommodation at the hotel;

(b) is limited to £100 in the case of any one person, except in the case of motor vehicles and of property which has been deposited, or offered for deposit, for safe custody.

A hotel, as defined by the Hotel Proprietors Act, 1963, is an establishment which provides or holds itself out as providing sleeping accommodation, food and drink for reward for all comers without special contract and includes every establishment registered as a hotel with Bord Fáilte Éireann.

AN DARA SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 13.

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal nó Teideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

14 & 15 Chas. 2 (Ir.) c.3.

An Act for making all hostlers, inholders and others, answerable for such horses, geldings or mares as they shall take upon them the charge and keeping of, in stables or out-grounds. (1662).

An tAcht iomlán.

26 & 27 Vic. c. 41.

Innkeepers' Liability Act, 1863.

An tAcht iomlán.

41 & 42 Vic. c. 38.

Innkeepers Act, 1878.

An tAcht iomlán.