|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1963. | ||
[EN] |
AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1963. | |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1959. [16 Iúil, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” An Bord Iascaigh Mhara; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 . | |
[EN] |
Aisíoc airleacan ag an mBord a tharscaoileadh. |
2. —I gcás aon suim a airleacan faoi alt 18 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, d'ainneoin aon ní atá san Acht sin: |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, aisíoc iomlán nó cuid d'iomlán— | |
[EN] | (i) na suime sin, nó | |
[EN] | (ii) na hiarmhéide den tsuim sin a bheidh gan aisíoc, | |
[EN] | ag an mBord a tharscaoileadh tráth ar bith; | |
[EN] | (b) air sin— | |
[EN] | (i) scoirfidh an méid a ndearnadh a aisíoc a tharscaoileadh de bheith inaisíoctha ag an mBord, | |
(ii) ní bheidh an t-ús inaisíoctha a bheadh, ar leith ón bhfomhír seo, tagtha, tar éis lá an tarscaoilte, chun bheith iníoctha ag an mBord ar an méid sin. | ||
[EN] |
Aisíoc méideanna a ndéantar tarscaoileadh ar a n-aisíoc ag an mBord. |
3. —(1) Aisíocfar leis an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon mhéid a ndéantar a aisíoc ag an mBord a tharscaoileadh faoin Acht seo. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar aon aisíoc leis an Aire Airgeadais faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste é. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1959, agus den Acht seo le chéile. |