|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 22 de 1963. | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1961. [16 Iúil, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Méadú ar dheontais neamhinaisíochta áirithe do Bhord Fáilte Éireann. |
1. —Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann (dá ngairtear an Bord san alt seo), chun an Bord do thabhairt deontais le haghaidh coiríocht saoire a fhorbairt, thar £1,500,000 agus, dá réir sin, déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear sa mhír sin. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, agus den Acht seo le chéile. |