27 1963


Uimhir 27 de 1963.


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 AGUS 1961. [3 Lúnasa, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1961, Uimh. 31 .

1959, Uimh. 36 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 ;

tá le “an t-aerfort” an chiall a shanntar dó leis an bPríomh-Acht;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

folaíonn “teach” aon chuid d'fhoirgneamh atá oiriúnach chun a áitithe mar theaghais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(2) Forléireofar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 agus 1961, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 d'Acht 1961, a fhorálann nach mó san iomlán ná trí mhilliún punt a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa. Chuideachta a thógáil, agus ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó san iomlán ná ceithre mhilliún punt na suimeanna a shuibscríofar amhlaidh.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1961, agus ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná dhá mhilliún punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh--Acht.

Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, faoi réir forálacha an ailt seo, airleacain a thabhairt don Chuideachta as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis faoi chomhair caiteachais faoina rachaidh nó faoina ndeachaigh an Chuideachta (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) ag soláthar tithe agus seirbhísí comhphobail chun críocha an eastáit tionscail ag an aerfort.

(2) Ní bheidh comhiomlán na n-airleacan faoi fho-alt (1) den alt seo agus na n-airleacan faoi alt 4 d'Acht 1961 níos mó ná dhá mhilliún punt.

(3) Chun críocha an ailt seo, déanfar méid caiteachais na Cuideachta maidir le tithe agus seirbhísí comhphobail a sholáthar a laghdú de mhéid aon deontas a bheidh an Chuideachta tar éis a fháil faoi fho-alt (2) d'alt 5 den Acht seo nó faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1962, maidir le tithe a sholáthar.

(4) Is ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire Airgeadais maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile a thabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo.

(5) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an Chuideachta in aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Iocaíochtaí i leith tithe a sholáthróidh an Chuideachta.

1962, Uimh. 27 .

5. —(1) Féadfaidh an tAire, bliain ar bith, má mheasann sé gur gá sin a dhéanamh, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas, a mbeidh ann cibé méid a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an gCuideachta i leith gach tí a sholáthróidh an Chuideachta mar chuid de scéim chun tithe agus seirbhísí comhphobail a sholáthar chun críocha an eastáit tionscail ag an aerfort.

(2) Más rud é, i gcás teach a sholáthróidh an Chuideachta, go mbeadh deontas faoi alt 2 d'Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 , iníochta i leith an tí le duine nó le cumann fóntais phoiblí dá mba é an duine nó an cumann fóntais phoiblí a sholáthraigh an teach, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta sin agus le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Rialtais Áitiúil, deontas nach mó ná méid an deontais ab iníoctha sna himthosca réamhráite faoin alt sin 2 a íoc leis ang Cuideachta sa airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Féadfar deontas faoi fho-alt (1) agus (2) den alt seo a íoc i leith an tí chéanna.

Airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste.

6. —Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 3 den Phríomh--Acht maidir le hairgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoi alt 4 den Acht seo amhail mar atá feidhm acu maidir le hairgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (1) den alt sin 3 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1963, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 agus 1961, agus den Acht seo le chéile.