29 1963


Uimhir 29 de 1963.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDAITHE A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 , AGUS ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT SIN AGUS FAOIN ACHT AIRGEADAIS, 1962 . [19 Samhain, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1957, Uimh. 7 .

1962, Uimh. 15 .

1957, Uimh. 7 .

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , agus faoin Acht Airgeadais, 1962 .

(2) Daingnítear leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

(3) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usáide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difear d'fhorléiriú, ná teorainniú ná rialú ar oibriú an ailt seo agus an dara colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Alt. 1.

Cuid I.

Uimhir agus Bliain na hIontraime Reachtúla

Teideal

Ábhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

Uimh. 163 de 1962.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962.

Foirm cháinliosta custam a ordú lena húsáid chun earraí a aicmiú chun críocha custam agus na dleachtanna custam uile a chúlghairm (seachas iad sin ar thobac, beoir, biotáille, olaí híodracarbóin agus fíon) maraon lena n-athfhorchur, le modhnuithe áirithe, de réir an aicmithe sin.

Uimh. 217 de 1962.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 130) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962.

Leasú ar dhleachtanna custam a forchuireadh faoi aicmiú cáinliosta a ordaíodh leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962 (I.R. Uimh. 163 de 1962), maraon le dleachtanna eile a fhorchur de réir an aicmithe sin.

Cuid II.

Uimhir agus Bliain na hIontraime Reachtúla

Teideal

Ábhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

Uimh. 214 de 1962.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Laghdú Rátaí Dleachtanna Custam), 1962.

Laghdú ar rátaí áirithe dleachtanna custam.