15 1964


Uimhir 15 de 1964.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [2 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1964-65.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncam ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1963.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1964, agus ag aon fhorálacha den sórt sin a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Liúntais i gcás daoine atá cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn ó ioncam neamhthuillte.

1920, c. 18.

1958, Uimh. 25 .

2. —(1) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa mhodh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh sa chéill sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh go raibh sé féin nó, i gcás fir phósta, a bhanchéile a chónaíonn leis, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a chinneadh chun críche cánach ioncaim, suim is comhionann leis an gceathrú cuid dá ioncam neamhthuillte a bhaint as an ioncam sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ina mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chun asbhainte is mó ná trí chéad caoga punt faoi alt 16 den Finance Act, 1920—

(i) i gcás inar cúig chéad punt an asbhaint sin, ní dhéanfar aon asbhaint faoin alt seo, agus

(ii) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná an méid a bheidh an asbhaint faoin alt sin 16 faoi bhun cúig chéad punt, agus

(b) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná céad agus caoga punt.

(2) Chun críche fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb é méid ioncaim neamhthuillte aon phearsan aonair méid a ioncaim iomláin lúide méid a ioncaim thuillte.

(3) Na forálacha sin uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, agus iad modhnaithe más gá sin, maidir le hasbhaintí a dhéanfar faoin alt seo.

(4) Leasaítear leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (2):

“(d) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1964 , i gcomhréir le méideanna a n-ioncam neamhthuillte faoi seach de réir bhrí an ailt sin 2,” agus

(ii) trí “alt 2 den Acht Airgeadais, 1964 ,” a chur in ionad “alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), nó”.

(5) San alt seo ciallaíonn “ioncam tuillte” agus “ioncam iomlán” faoi seach ioncam tuillte arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas amhlaidh.

Faoiseamh d'ioncaim bheaga.

1922, c. 17.

1920, c. 18.

1958, Uimh. 25 .

3. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “ioncam iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, a ioncam iomlán lúide aon chuid de a thagann chuige de bhun nó de dheasca diúscairt de réir bhrí alt 20 den Finance Act, 1922, agus a measfaí, dá bhfágfaí fomhíreanna (ii) agus (iii) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ar lár as, gur cuid é d'ioncam an duine a rinne an diúscairt.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, pearsa aonair a dhéanfaidh sin a éileamh sa mhodh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh nach mó a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ná ceithre chéad is caoga punt lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a mheasúnú chun críocha cánach ioncaim, suim is comhionann leis an gceathrú cuid dá ioncam iomchuí a bhaint as an ioncam sin.

(3) Faoi réir an mhéid a dúradh, beidh ag pearsa aonair nach mbeidh i dteideal asbhaint a dhéanamh faoin bhfo-alt sin roimhe seo teideal go ndéanfar méid na cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin a laghdú i gcás inar gá sin, ionas nach mbeidh sé níos mó ná suim is comhionann le méid comhiomlán an dá shuim seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach ab iníoctha dá mba ceithre chéad caoga punt, agus nár mhó ná ceithre chéad caoga punt, a ioncam iomlán, agus leath an mhéid ar móide a ioncam iomlán ná ceithre chéad caoga punt.

(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, déanfar an cháin ab iníoctha dá mba ceithre chéad caoga punt, ach nár mhó ná ceithre chéad caoga punt, ioncam iomlán na pearsan aonair, a ríomh—

(a) i gcás nach lú ná ceithre chéad caoga punt ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gurbh ioncam iomchuí ar fad an t-ioncam ceithre chéad caoga punt, agus

(b) i gcás inar lú ná ceithre chéad caoga punt ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gur fholaigh an ceithre chéad caoga punt an t-ioncam iomchuí ar fad.

(5) Ní bheidh teideal ag pearsa aonair chun aon asbhainte nó faoisimh faoin alt seo má bhíonn teideal aige chun asbhainte faoi alt 2 den Acht seo agus aon asbhaint nó faoiseamh faoin alt seo is asbhaint nó faoiseamh é in ionad, agus ní asbhaint nó faoiseamh é i dteannta, na hasbhainte faoi alt 16 den Finance Act, 1920.

(6) Leasaítear leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958

(i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach roimh mhír (e) d'fho-alt (2)—

“(dd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1964 , i gcomhréir le méideanna a n-ioncam iomchuí faoi seach de réir bhrí an ailt sin 3, agus”, agus

(ii) trí “nó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1964 ,” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (6).

(7) Na forálacha sin uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le hasbhaintí nó faoiseamh faoin alt seo.

Teorainn le hasbhaintí i leith cánacha áirithe.

1949, Uimh. 13 .

1958, Uimh. 25 .

4. —Maidir le hioncam a ríomh chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1964-65 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin—

(a) aon asbhaint ab inlamháilte, mura mbeadh an mhír seo, i leith na cánach sa Ríocht Aontaithe ar a dtugtar cáin bhrabús laghdófar í méid is comhionann leis an oiread den cháin sin is féidir a lamháil faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1949 , mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide;

(b) beidh éifeacht ag mír 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1958 , ionann agus dá scriosfaí “le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide nó” as clásal (c) d'fho-mhír (3).

Scéimeanna sláinte saorálacha a sheoladh ní mheasfar gur trádáil é.

1957, Uimh. 1 .

1918, c. 40.

5. —Chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an mBord Arachais Sláinte Shaorálaigh measfar nach trádáil gnó scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh a sheoladh faoi alt 4 den Acht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 , agus dá réir sin, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, beidh an Bord sin díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi Chás I de Sceideal D maidir le brabúis nó gnóchan ón ngnó sin:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an mBord sin chun faoisimh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, ionann agus dá mbeifí gan na forálacha sin roimhe seo den alt seo a achtú.

Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1963 , agus a mheas gur scoir duine de bheith ina bhailitheoir.

1924, Uimh. 27 .

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3) A luaithe is féidir tar éis ceapachán bailitheora dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fhoirceannadh, cuirfidh an cigire cánach ar aghaidh chun an Ard-Bhailitheora lena mbailiú sonraí ar na suimeanna uile cánach ioncaim nó na n-iarmhéideanna uile díobh a bheidh i ndúbláidí a seachadadh don bhailitheoir sin agus a bhí gan íoc ar an gceapachán sin a fhoirceannadh, agus déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim do dhúbláidí de mheasúnachtaí a seachadadh do bhailitheoirí a fhorléiriú mar nithe a fholaíonn tagairtí do shonraí a cuireadh ar aghaidh amhlaidh.”

(2) Déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt 23 den Acht Airgeadais, 1963 , d'alt 22 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

(3) I gcás bailitheoir a ceapadh go cuí chun aon cháin ioncaim a bhailiú i gcomharbas ar bhailitheoir eile do bhunú imeachtaí, nó do leanúint d'imeachtaí, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis sin, faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1924, chun an cháin nó aon iarmhéid di a ghnóchan, ansin, chun críocha na n-imeachtaí measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, nach é an bailitheoir eile a thuilleadh an bailitheoir a ceapadh chun an cháin a bhailiú.

Muirearófar forcháin ar chomaoin i leith cúnant sriantach áirithe.

1963, Uimh. 23 .

1929, Uimh. 32 .

7. —(1) I gcás—

(a) ina dtabharfaidh pearsa aonair a bhí, atá nó atá ar tí dul i seilbh oifige nó fostaíochta, gealltanas (cibé acu an gealltanas iomlán nó gealltanas coinníollach é agus cibé acu bailí nó nach bailí é de réir dlí) i ndáil lena sealbhú aige, arb é a bhrí nó a éifeacht srian a chur leis an bpearsa sin maidir lena iompar nó lena ghníomhaíochtaí; agus

(b) go mbeifear tar éis suim ar bith a íoc leis féin nó le haon duine eile an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis i leith é do thabhairt an ghealltanais sin nó dá chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach; agus

(c) nach ndlífí, mura mbeadh an t-alt seo, an tsuim a íocadh a áireamh mar ioncam de chuid duine chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta nó í a chur i gcuntas mar fháltas, agus ríomh á dhéanamh chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, ar ioncam aon duine nó ar chaillteanas a bhain d'aon duine,

is iad na torthaí céanna a bheidh ann maidir le forcháin don bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis an tsuim sin a íoc a bheadh ann dá mba leis an bpearsa aonair sin (agus nach le haon duine eile) a íocadh an tsuim sin mar ghlanmhéid agus i leith glanmhéid íocaíochta bliantúla a raibh teideal ag an bpearsa aonair sin chuige, arb íocaíocht bhliantúil í ab inmhuirir i leith cánach ioncaim agus ar baineadh cáin go hiomchuí as a mór-mhéid faoi Riail 21 de na Rialacha Ginearálta:

Ar choinníoll, i gcás an phearsa aonair d'fháil bháis sular íocadh an tsuim sin go mbeidh éifeacht ag an oiread de na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo agus a bhaineann leis na torthaí a bheidh ann de bharr na n-ábhar a shonraítear i míreanna (a) go (c) den fho-alt seo mar a bheadh dá n-íocfaí an tsuim sin roimh an mbás.

(2) I gcás comaoin luachmhar a thabhairt, ar shlí seachas in airgead, i leith aon ghealltanais a thabhairt nó a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ionann agus dá n-íocfaí ina ionad sin suim ar chóimhéid le luach na comaoine sin.

(3) Ní bhainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo le haon suim a íocadh nó comaoin a tugadh más roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, a tugadh an gealltanas a bheidh i gceist.

(4) I gcás aon suim a íoc le haon duine nó comaoin luachmhar a thabhairt d'aon duine in aon bhliain mheasúnachta i leith tabhairt, nó comhlíonadh, iomlán nó páirteach, gealltanais a tugadh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, agus a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo (nach suim í óna n-asbhaintear cáin go cuí faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim), is é dualgas an duine a d'íoc an tsuim nó a thug an chomaoin sonraí an chéanna a sheachadadh i scríbhinn don chigire cánach tráth nach déanaí ná mí tar éis deireadh na bliana sin, ag sonrú an duine a fuair an íocaíocht nó an chomaoin, agus ag sonrú fós an ghealltanais ar i ndáil leis a rinneadh nó a tugadh í agus an phearsa aonair a thug an gealltanas sin.

(5) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “An tAcht Airgeadais, 1964 Fo-alt (4) d'alt 7” a chur isteach sa tríú colún de.

(6) San alt seo ciallaíonn “oifig nó fostaíocht” oifig nó fostaíocht ar bith a bhfuil nó a mbeadh cáin ioncaim inmhuirir ar na sochair oifige uaithi faoi Sceideal E, nó faoi Chás III de Sceideal D de réir Riail (1) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 , in aghaidh aon bhliana measúnachta agus na tagairtí atá san alt seo do chomaoin luachmhar a thabhairt ní fholaíonn siad tagairtí do ní is glacadh oibleagáide chun maoin luachmhar, cearta nó buntáistí luachmhara a aistriú nó a sholáthar agus an ní sin amháin, ach folaíonn siad tagairtí d'aon ní a dhéanamh ag comhlíonadh, nó i ndáil le comhlíonadh, oibleagáide den sórt sin.

Iocaíochtaí ar dhuine d'éirí, nó a dhíochur, as oifig nó fostaíocht.

8. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, muirearófar cáin ioncaim faoi Sceideal E maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a rinneadh le sealbhóir nó le hiarshealbhóir aon oifige nó fostaíochta, nó lena sheiceadóirí nó lena riarthóirí, cibé acu is é an duine ar faoi a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé an oifig nó an fhostaíocht, nó aon duine eile, a rinne an íocaíocht.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht (nach inmhuirir cáin ioncaim uirthi ar shlí eile) arna déanamh, cibé acu de bhun aon oibleagáide dlíthiúla é nó nach ea, go díreach nó go neamhdhíreach i gcomaoin nó de dheasca foirceannadh na hoifige nó na fostaíochta nó ar shlí eile maidir leis sin, nó i gcomaoin nó de dheasca aon athrú ar a fheidhmeanna nó ar shochair na hoifige nó na fostaíochta, lena n-áirítear aon íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla (is cuma cáin a bheith, nó gan a bheith, inmhuirir orthu) a dhéanfaí ar shlí eile mar a dúradh.

(3) Chun críocha an ailt seo agus an chéad ailt eile ina dhiaidh seo, aon íocaíocht a rinneadh le céile dhuine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh oifig nó fostaíocht nó le haon ghaol nó cleithiúnaí leis nó a rinneadh thar ceann an duine sin nó ar a ordú, áireofar gur leis an duine sin a rinneadh é, agus aon chomaoin luachmhar seachas airgid áireofar gurb íocaíocht airgid í ar chóimhéid le luach na comaoine sin ar dháta a tugtha.

(4) Aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt seo déileálfar léi mar ioncam a fuarthas ar an dáta seo a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás íocaíochta mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an iomalartaithe;

(b) i gcás aon íocaíochta eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a rinneadh an íocaíocht,

agus déileálfar léi mar shochair oifige de chuid shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E; agus déileálfar le haon íocaíocht den sórt sin mar ioncam tuillte chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(5) I gcás éag aon duine ab inmhuirir i leith cánach, mura mbeadh gur éag sé, maidir le haon íocaíocht den sórt sin déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as.

(6) Ní bhaineann an t-alt seo le haon íocaíocht a rinneadh roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, ná le haon íocaíocht, is cuma cá huair a rinneadh í—

(a) is íocaíocht a rinneadh de bhun oibleagáide faoina ndeachthas roimh an dáta sin; nó

(b) is íocaíocht a rinneadh i leith foirceanta nó athraithe a tharla roimh an dáta sin, nach íocaíocht a rinneadh mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile;

ach faoi réir na nithe a dúradh baineann an t-alt seo le híocaíochtaí a dhéanfar roimh an Acht seo a rith nó ina dhiaidh sin.

(7) I gcás aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoin alt seo a dhéanamh le haon duine in aon bhliain mheasúnachta, is é dualgas an duine a rinne í sonraí ina taobh a sheachadadh i scríbhinn don chigire cánach tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis deireadh na bliana sin.

(8) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “An tAcht Airgeadais, 1964 Fo-alt (7) d'alt 8” a chur isteach sa Tríú Colún de.

Díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 8.

1958, Uimh 25.

9. —(1) Ní mhuirearófar cáin de bhua an ailt deiridh sin roimhe seo i leith na n-íocaíochtaí seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon íocaíocht a rinneadh i ndáil le seilbh oifige nó fostaíochta a fhoirceannadh trí éag an tsealbhóra, nó a rinneadh de bharr díobháil a bhain do shealbhóir oifige nó fostaíochta nó de bharr míchumas a bheith air;

(b) aon suim is inmhuirir i leith forchánach faoi alt 7 den Acht seo;

(c) sochar a chuirfear ar fáil de bhun aon scéime nó comhaontaithe de shórt dá dtagraítear in alt 32 den Acht Airgeadais, 1958 , nuair ab inmhuirir cáin ar shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta i leith suimeanna a íocadh, nó ar déileáladh leo mar shuimeanna a íocadh, chun an sochar a chur ar fáil;

(d) sochar a íocfar de bhun aon scéime nó ciste de shórt a thuairiscítear i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1958 .

(2) Ní mhuirearófar cáin de bhua na míre deiridh sin roimhe seo i leith íocaíochta i leith oifige nó fostaíochta inar fholaigh seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche más rud é—

(a) i gcás íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige, gur fholaigh an tseirbhís choigríche iomlán na dtrí bliana díreach roimh an dáta iomchuí (nó an tréimhse iomlán seirbhíse, más lú í ná trí bliana), nó

(b) i gcás aon íocaíochta eile, gur fholaigh an tseirbhís choigríche—

(i) in aon chás, trí cheathrú cuid den tréimhse iomlán seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, nó

(ii) i gcás ar mhó ná deich mbliana an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, iomlán na ndeich mbliana deiridh, nó

(iii) i gcás ar mhó ná fiche bliain an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, leath na tréimhse sin lena n-áirítear aon deich gcinn den fhiche bliain deiridh.

(3) Ní mhuirearófar cáin de bhua na míre deiridh sin roimhe seo i leith íocaíochta nach mó ná trí mhíle punt, agus i gcás íocaíochta de bhreis ar an méid sin ní mhuirearófar í ach i leith na breise:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar dhá íocaíocht nó níos mó a mbeidh cáin inmhuirir ina leith de bhua an ailt seo, nó a mbeadh sí inmhuirir ina leith ar leithligh ó na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna, nó i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla a shealbhaítear faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, beidh feidhm ag an bhfo-alt seo amhail agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid ab ionann agus an méid comhiomlán sin na híocaíochtaí sin; agus cinnfear méid aon-íocaíochta ar bith ar ar inmhuirir cáin mar a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam ó bhlianta measúnachta éagsúla, bainfear an tsuim sin trí mhíle punt as íocaíocht a áirítear mar ioncam bliana roimhe sin i dtosaíocht ar aon íocaíocht a áiríodh mar ioncam bliana is déanaí, agus

(b) faoi réir na nithe a dúradh, déanfar an tsuim sin a asbhaint go rátúil as na híocaíochtaí de réir a méideanna faoi seach.

(4) An duine ar ar inmhuirir cáin de bhua na míre deiridh roimhe seo i leith aon íocaíochta féadfaidh sé, roimh dheireadh sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a n-áireofar an íocaíocht mar ioncam aisti, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire cánach aon fhaoiseamh den sórt is infheidhmithe maidir léi faoin gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a éileamh; agus i gcás ina ndéanfar agus ina lamhálfar éileamh den sórt sin go cuí, déanfar gach aisíoc agus gach measúnacht chánach is gá chun éifeacht a thabhairt dó.

(5) Chun críocha an ailt seo agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo áireofar oifigí agus fostaíochtaí a ndéantar ina leith íocaíochtaí lena mbaineann an fo-alt díreach roimhe seo mar bheadh siad i seilbh fostóirí comhpháirte, más rud é, ar an dáta arb é an dáta iomchuí é maidir le haon cheann de na híocaíochtaí sin, go mbeidh ceann de na fostóirí sin faoi rialú an fhostóra eile nó faoi rialú tríú duine a bheidh ag rialú an fhostóra eile nó á rialú aige ar an dáta sin nó aon dáta eile dá shamhail.

(6) San alt seo ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis an gcéanna nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar trí na hairteagail chomhlachais nó aon doiciméid eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go stiúrófar gnó an chomhlachta chorpraithe a chéadluaitear de réir thoil an duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

(7) San alt seo tá leis “an dáta iomchuí” “íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige”, agus “seirbhís choigríche” na bríonna céanna atá leo sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus folaíonn tagairtí d'fhostóir nó do dhuine ag rialú fostóra nó á rialú ag fostóir tagairtí dá chomharbaí.

(8) Chun críocha aon fhorála sna hAchtanna Cánach Ioncaim á cheangal go n-áireofar ioncam d'aon sórt mar an chuid is airde d'ioncam duine, déanfar an t-ioncam sin a ríomh gan aird ar aon íocaíocht ar ar inmhuirir cáin de bhua na míre deiridh sin roimhe seo.

Cumhacht chun measúnachtaí Sceidil A a fhágáil ar lár i gcásanna áirithe.

1963, Uimh. 23 .

1958, Uimh. 28 .

1956, Uimh. 8 .

1956, Uimh. 47 .

1958, Uimh. 25 .

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain lena linn a ríomhfar cáin ioncaim don bhliain sin go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó i gcás arb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile a bheidh le glacadh mar bhrabúis nó gnóchain na tréimhse sin de bhua aon Achta, an tréimhse eile sin;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

tá le “gearr-léas” an bhrí chéanna atá leis i gCuid IX den Acht Airgeadais, 1963 ;

ciallaíonn “trádáil” trádáil de réir bhrí Chás I de Sceideal D;

ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a luachálfar faoi na hAchtanna Luachála mar aonad.

(2) (a) Faoi réir na nithe a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, baineann an t-alt seo le haon aonad luachála a bhfuil cáin inmheasúnaithe ar chuideachta ina leith faoi Sceideal A is aonad luachála nach dteipfidh ar aon chuid de, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta ceann nó an ceann eile de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh, is é sin le rá:

(i) go mbeidh sé á áitiú go huile ag an gcuideachta is inmheasúnaithe mar a dúradh chun críocha trádála, nó

(ii) go bhfuil sé, maraon le háitribh eile nó dá n-éagmais faoi réir gearr-léas arna deonú ag an gcuideachta nach léas den chineál dá dtagraítear in alt 87 den Acht Airgeadais, 1963 .

(b) Ní bhaineann an t-alt seo le haonad luachála—

(i) a bhfuil a iomlán nó cuid de á áitiú chun críocha trádála arb é atá inti ar fad nó go páirteach oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó,

(ii) a bhfuil aon ús iníoctha ina leith faoi ghearr-léas ón gcuideachta is inmheasúnaithe faoi Sceideal A ina leith.

(c) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, cinnfear ré léasa faoi mar a chinnfí é chun críocha fo-alt (4) d'alt 84 den Acht Airgeadais, 1963 .

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal A a dhéanamh i leith 1964-65 nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo; agus más rud é, i gcás aon bhliain mheasúnachta, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A, ní áireofar luach bliantúil an aonaid luachála, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, chun aon chríche a bhaineann leis na hAchtanna sin maidir leis an gcuideachta is inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A.

(4) I gcás—

(a) ina mbeidh iomlán aonaid luachála nó cuid d'aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad anseo feasta san fho-alt seo) á áitiú tráth ar bith i rith bliana measúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) chun críocha trádála a bhíonn á sheoladh ag an gcuideachta a bheidh i gceist, agus

(b) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain iomchuí i leith an aonaid,

beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le méid brabús agus gnóchan na trádála a ríomh chun críocha measúnachta don bhonn-tréimhse le haghaidh na bliana iomchuí, ach ní chun caillteanas faoina ndeachthas i gcúrsaí trádála sa tréimhse sin a ríomh c un críocha faoisimh;

(i) áireofar ar dtús brabúis nó gnóchain na bonntréimhse ionann agus dá mbeifí tar éis measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid a dhéanamh le haghaidh gach bliana measúnachta atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhonn-tréimhse nach ndearnadh measúnacht den sórt sin ina leith;

(ii) coigeartófar ansin an méid arna ríomh de réir mhír (i) den fho-alt seo ionann agus dá mbeadh, i dteannta na bhfáltas trádála a cuireadh i gcuntas nuair a bhíothas á chinneadh, méid fáltas trádála faighte ag an gCuideachta sa bhonn-tréimhse ba chomhionann leis an tsuim a shonraítear sa chéad mhír eile ina dhiaidh seo agus, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gurb é an méid a ríomhadh de réir na míre sin (i) arna choigeartú amhlaidh méid brabús nó gnóchan na bonn-tréimhse;

(iii) an tsuim dá dtagraítear i mír (ii) den fho-alt seo is suim í is comhionann le méid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh i leith an aonaid le haghaidh na bliana iomchuí nó, i gcás ina mbeadh feidhm ag Riail 7 d'Uimh. V de Sceideal A, nó is comhionann le glanmhéid, arna laghdú chun críocha bailiúcháin, na measúnachta a d'fhéadfaí a dhéanamh mar a dúradh, ar choinníoll, i gcás nach mbeidh iomlán an aonaid á áitiú chun críocha na trádála ar feadh na bliana iomchuí, go laghdófar go cuí an tsuim atá luaite anseo roimhe seo.

(5) (a) I gcás—

(i) ina mbeadh an mheasúnacht faoi Sceideal A d'aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí feasta san fho-alt seo) i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad feasta san fho-alt seo) le laghdú, dá ndéanfaí í, chun críocha bailiúcháin faoi Riail 7 d'Uimh. V de Sceideal A,

(ii) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain sin i leith an aonaid,

(iii) ina dtitfidh tréimhse (dá ngairtear an tréimhse gan mheasúnú feasta san fho-alt seo) arb í an bhliain sin uile nó cuid di í laistigh de thréimhse (dá ngairtear an tréimhse chuntasaíochta feasta san fho-alt seo) a mbeidh cuntais na cuideachta a bheidh i gceist déanta amach ina haghaidh, agus

(iv) ina mbeidh iomlán an aonaid nó cuid de á áitiú tráth ar bith i rith na tréimhse gan mheasúnú chun críocha trádála a bhíonn á seoladh ag an gcuideachta,

ansin, nuair a bheidh méid caillteanais faoina ndeachthas sa trádáil sa tréimhse chuntasaíochta á ríomh, lamhálfar cibé asbhaint, más aon asbhaint í, a údaraítear le mír (b) den fho-alt seo.

(b) (i) I gcás an tréimhse gan mheasúnú do chomhthitim leis an mbliain iomchuí agus go raibh iomlán an aonaid á áitiú ar feadh na tréimhse sin chun críocha na trádála, beidh an asbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo comhionann leis an méid, más aon mhéid é, a bheidh glanmhéid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh don bhliain iomchuí i leith an aonaid faoi bhun na suime a bheadh le hasbhaint, faoi Riail 5 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, i leith na tréimhse gan mheasúnú ar scór luach bhliantúil an aonaid, dá ndéanfaí an mheasúnacht sin.

(ii) In aon chás eile, beidh san asbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo an chionúireacht chéanna den asbhaint a bheadh inlamháilte faoi, dá mbeadh feidhm ag fomhír (i) den mhír seo, agus bheadh ag an gcomhréir a bheadh idir an tsuim a bheadh le hasbhaint, faoin Riail sin 5, i gcúinsí an cháis, dá ndéanfaí measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid don bhliain iomchuí, i leith na tréimhse gan mheasúnú mar gheall ar luach bliantúil an aonaid agus an tsuim a bheadh le hasbhaint faoin Riail sin dá mbeadh na cúinsí mar a dúradh san fhomhír sin (i).

(6) Má tharlaíonn, de dhroim oibriú na bhforálacha roimhe seo den alt seo, go mbeidh méid brabús nó gnóchain trádála a bhfuil cáin inmhuirir ar chuideachta ina leith faoi Chás I de Sceideal D níos mó in aon bhliain mheasúnachta ná bheadh mura mbeadh sin, ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin de na brabúis nó den ghnóchan ar inmhuirir an chuideachta ina leith amhlaidh nach dtéann thar an méid ar arbh inmhuirir an cháin sin amhlaidh dá mba nár achtaíodh an t-alt seo agus ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin den cháin is iníoctha ag an gcuideachta agus is inchurtha i leith na coda sin de na brabúis nó den ghnóchan nuair a bheifear ag cinneadh méid aon fhaoisimh a mbeidh teideal chuige ag an gcuideachta in aghaidh na bliana measúnachta faoin Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , faoi Chuid II nó Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , nó faoi alt 70 den Acht Airgeadais, 1963 .

(7) Más rud é, de réir an ailt seo, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A i leith aon aonaid luachála ní fhágfaidh sé sin nach n-áireofar mar bhuntáiste de chuid oifige nó fostaíochta suim a áireofaí amhlaidh, mura mbeadh sin, de réir Chuid IV den Acht Airgeadais, 1958 .

(8) (a) Féadfaidh cuideachta, trí fhógra i scríbhinn arna sheachadadh don chigire cánach laistigh den am a theorannaítear le mír (b) den fho-alt seo, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi agus, i gcás ina mbeidh cuideachta tar éis roghnú amhlaidh, ní bheidh aon aonad luachála a mbeidh an chuideachta inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A ina aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo.

(b) Seachadfar fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo—

(i) i gcás chuideachta a bhí ann ar dháta an Achta seo a rith, laistigh de shé mhí ón dáta sin,

(ii) in aon chás eile, laistigh de shé mhí ón dáta a chorprófar an chuideachta.

(c) Féadfaidh cuideachta tráth ar bith fógra a bheidh tugtha aici faoi mhír (a) den fho-alt seo a tharraingt siar agus air sin scoirfidh an fógra d'éifeacht a bheith aige amhail ó thosach na chéad bhliana measúnachta eile.

Cíosanna áirithe a íoc gan cáin a asbhaint.

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “léasóir” duine lenar iníoctha cíos;

ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát;

ciallaíonn “cíos” aon íocaíocht de shórt dá luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 94 den Acht Airgeadais, 1963 .

(2) (a) Is dleathach don chigire cánach comhshocraíocht a dhéanamh le léasóir trína ndéanfar an cháin ioncaim is inmhuirir ar aon chíos nó ar gach cíos is iníoctha leis an léasóir a mheasúnú agus a mhuirearú trí mheasúnacht faoi Chás VI de Sceideal D in ionad í a asbhaint faoi Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.

(b) Más rud é de bhun comhshocraíochta den sórt sin go mbeidh léasóir, i gcás aon bhliain mheasúnachta, inmhuirir trí mheasúnacht faoi Chás VI de Sceideal D i leith dhá mhéid cíosa nó níos mó, féadfar na méideanna ar leithligh a mheasúnú san aon mheasúnacht amháin.

(c) Tiocfaidh aon chomhshocraíocht den sórt sin i ngníomh amhail ó thosach na bliana measúnachta.

(d) Féadfaidh ceachtar páirtí in aon chomhshocraíocht den sórt sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn don pháirtí eile gur mian leis an chomhshocraíocht a fhoirceannadh, agus, i ndeireadh míosa ó dháta an fhógra sin a thabhairt, foirceannfar an chomhshocraíocht.

(3) Maidir le comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo agus ó am go ham i gcaitheamh ré na comhshocraíochta sin, féadfaidh an cigire cánach, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an léasóir cibé eolas a shonrófar san fhógra i dtaobh na gcíosanna is infhaighte aige a sheachadadh laistigh den am a bheidh teorannaithe leis an bhfógra agus go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil roimhe seo, féadfaidh sé a cheangal ar an léasóir ráiteas a sheachadadh ag insint ainmneacha agus seoltaí na ndaoine uile a íocann cíosanna leis, méid bliantúil an chíosa is iníoctha ag gach duine acu sin agus suíomh an áitribh a bhfuil an cíos sin iníoctha ina leith.

(4) I gcás inar gá sin chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an cigire cánach fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine ag a mbeidh cíos iníoctha—

(a) á chur in iúl dó go gcaithfear íocaíochtaí den chíos a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige leis an léasóir a bheidh i gceist ar dháta sonraithe nó dá éis (nach lú ná mí i ndiaidh dháta an fhógra) a íoc gan cáin a asbhaint;

(b) á chur in iúl dó go bhfuil an fógra a tugadh cheana faoi mhír (a) den fho-alt seo cealaithe agus go bhfuil cáin inasbhainte as gach íocaíocht den chíos a íocfar tar éis dáta shonraithe (nach lú ná seacht lá i ndiaidh dháta an fhógra).

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le híocaíochtaí cíosa is iníoctha gan cáin a asbhaint de réir treoracha a thabharfar faoi fho-alt (4) den alt seo—

(a) beidh éifeacht ag alt 94 den Acht Airgeadais, 1963 , maidir leis na híocaíochtaí ionann agus dá scriosfaí mír (b) d'fho-alt (3);

(b) measfar chun críocha mhír (b) d'fho-alt (4) d'alt 84 den Acht Airgeadais, 1963 , gur faoi ghearr-léas is iníoctha na híocaíochtaí;

(c) i gcás ina mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta á n-íoc i leith áitribh a bheidh á áitiú chun críocha trádála nó gairme a bhíonn á sheoladh ag an duine a íocann iad, ceadófar don duine sin, trí aisíoc nó ar shlí eile, cibé faoiseamh, más aon fhaoiseamh é, is gá chun méid iomlán na cánach a bheidh air sa deireadh i leith na bliana a laghdú go dtí an méid a bheadh air dá mbeifí gan an fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo a thabhairt;

(d) déanfar oiread de na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta, ar íocaíochtaí iad nach mbeidh le cur i gcuntas ar shlí eile nuair a bheifear ag ríomh, chun críocha cánach ioncaim, méid aon bhrabús nó gnóchain nó caillteanais de chuid an duine a d'íoc iad, a asbhaint as ioncam an duine duine sin don bhliain mheasúnachta nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin.

(6) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “An tAcht Airgeadais, 1964 Fo-alt (3) d'alt 11” a chur isteach sa dara colún de.

Ús a íoc ar urrúis áirithe.

1924, Uimh. 27 .

1918, c. 40.

12. —(1) Measfar aon bhintiúir, stoc bintiúir nó foirmeacha eile urrúis a eiseoidh cuideachta lena mbaineann an t-alt seo tar éis dáta an Achta seo a rith a bheith ina n-urrúis arna n-eisiúint faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 2 den Acht Airgid, 1924 , agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim, nuair a bheidh méid brabús nó gnóchain chuideachta lena mbaineann an t-alt seo á ríomh chun críocha measúnachta faoi Chás I de Sceideal D in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, stoc bintiúir nó foirmeacha eile urrúis a íocfaidh an chuideachta gan cáin a asbhaint i leith na tréimhse sin, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , arna fheidhmiú leis an alt seo.

(3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Aer Lingus Teoranta, Aer Rianta Teoranta, agus Aerlínte Éireann Teoranta.

(4) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918;

“(m) interest on debentures, debenture stock or other forms of security issued by Aer Lingus Teoranta, Aer Rianta Teoranta, or Aerlínte Éireann Teoranta, in cases where such interest is paid without deduction of tax.”

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1962, Uimh. 15 .

1933, Uimh. 15 .

13. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1962 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis sin, dleacht máil de réir trí phunt déag, sé scilling agus naoi bpingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus cúig ghrád is caoga.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1962 , déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, dleacht chustam de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach, agus ar ullmhóidí eile (cibé acu giosáilte nó neamhghiosáilte dóibh) dá samhail sin a allmhaireofar isteach sa Stát:

(a) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—trí phunt is caoga, naoi scilling;

(b) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—dhá phunt is seasca, dhá scilling déag.

(3) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1962 , déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, dleacht chustam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt (seachas beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo) a allmhaireofar isteach sa Stát, de réir trí phunt déag seacht scilling agus trí phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1), fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraing, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir trí phunt déag seacht scilling ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar míle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(5) Más rud é, i gcás beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beoir ar ar iníoctha aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo, nach míle caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin go coibhneasach.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir le ceachtar de na dleachtanna custam dá dtagraíonn an t-alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

1962, Uimh. 15 .

1926, Uimh. 35 .

14. —(1) Déanfar an Finance Act, 1920, arna leasú le halt 4 den Acht Airgeadais, 1962 , a leasú, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, tríd an méid atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, a dúradh, in ionad an mhéid a cuireadh isteach sa Chuid sin I leis an alt sin 4, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Biotáille

(Tuaisceart Éireann).

15. —(1) Baineann an t-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur monaraíodh i dTuaisceart Éireann go hiomlán í agus go ndearna an driogaire í a bhuidéalú agus a choinsíniú.

(2) Déanfar an dleacht chustam ar bhiotáille a luaitear san alt deiridh sin roimhe seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lá i ndiaidh an lae a rithfear an tAcht seo ar bhiotáille lena mbaineann an t-alt seo de réir naoi bpunt agus aon scilling déag agus seacht bpingin an galún arna ríomh de réir profa in ionad an ráta is inmhuirir faoin alt deiridh sin roimhe seo.

Olaí hiodracarbóin.

1935, Uimh. 28 .

I.R. Uimh. 104 de 1959.

I.R. Uimh. 219 de 1959.

1931, Uimh. 43 .

1935, Uimh. 7 .

1960, Uimh. 19 .

1957, Uimh. 20 .

16. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935 ;

ciallaíonn “Ordú (Uimh. 69)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 69) (Ileacha Udrocarbóin) (Dleachtanna Máil), 1959;

ciallaíonn “Ordú (Uimh. 84)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959.

(2) Maidir leis an dleacht chustam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le ola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, de réir ráta 3s. 1⅙d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 3 den Ordú (Uimh. 84).

(3) Maidir leis an dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, nó a bheidh á húsáid ag an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta 3s. 0⅙d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 2 den Ordú (Uimh. 69).

(4) Déanfar an dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, de réir ráta 2s. 511/12d. an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhua mhír 4 den Ordú (Uimh. 84).

(5) Amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht chustam atá luaite i bhfo-alt (4) den alt seo de réir ráta 2s. 511/12d. an galún, 2s. 511/12d. an galún, agus

(b) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht chustam atá luaite i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú (Uimh. 84), de réir ráta 2s. 411/12d. an galún, 2s. 411/12d. an galún,

in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1964, de bhua fho-alt (2) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1960 .

(6) Déanfar an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin, a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, nó a bheidh á húsáid ag an monaróir sin an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta 2s. 411/12d. an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhua mhír 3 den Ordú (Uimh. 69).

(7) Amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935 i leith ola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a ndearnadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 2s. 411/12d. an galún, 2s. 411/12d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1964, de bhua fho-alt (3) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1960 .

(8) Amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (8) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1957 , i leith ola hiodracarbóin ar ar inlamháilte an lacáiste sin agus ar a ndearnadh—

(a) an dleacht mháil atá luaite i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir ráta 2s. 411/12d. an galún, nó

(b) an dleacht chustam atá luaite i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc de réir ráta 2s. 411/12d. an galún nó 2s. 511/12d. an galún,

naoi bpingin an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1964.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1962, Uimh. 15 .

1934, Uimh. 31 .

1940, Uimh. 14 .

R. & O.R., Uimh. 279 de 1940.

17. —(1) Déanfar an dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1960, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois, de bhua fho-alt (6) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1962 .

(2) Déanfar an dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhua fho-alt (7) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1962 .

(3) Is de réir punt, dhá scilling agus cúig phingin an punt a íocfar an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíolfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis.

(4) (a) Má shuíonn aon mhonaróir ceadúnaithe tobac chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearna sé, an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, aon tobac lena mbaineann an fo-alt seo agus a mhonaraigh sé as tobac neamh-mhonaraithe ar ar íocadh dleacht, a dhíol agus a chur amach chun a úsáidte sa Stát, beidh teideal ag an monaróir sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha iomchuí a dhéanfar nó a fheidhmeofar faoin alt seo, chun lacáiste de réir cheithre scilling agus sé phingin an punt a fháil ar an tobac sin lena mbaineann an fo-alt seo.

(b) Beidh éifeacht ag na Rialacháin um Lacáiste ar Thobac Crua-Fháiscthe, 1940, maidir leis an lacáiste faoin bhfo-alt seo, agus chun na críche sin—

(i) forléireofar na tagairtí do thobac cruafháiscthe atá i Rialacháin 1, 3, 6, 7, 8 agus 9 de na Rialacháin sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do thobac lena mbaineann an fo-alt seo, agus

(ii) forléireofar na tagairtí do lacáiste atá i Rialacháin, 1, 2, 3, 5, 7 agus 8 de na Rialacháin sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do lacáiste faoin bhfo-alt seo.

(c) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe de chineálacha a bhíonn ceaptha de ghnáth le caitheamh i bpíopaí, nach tobac is tobac cruafháiscthe mar a mhínítear sin in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo, agus, go sonrach, chun a shocrú go ndéanfaí aisíocaí agus coigeartuithe lacáistí faoin alt seo i gcásanna ina mbeifí ag éileamh agus ag lamháil aistarraingt ar an tobac iomchuí nó ina mbeifí ag cur an tobac sin ar ais go dtí áitreabh an mhonaróra a mhonaraigh é nó go dtí áitreabh monaróra eile, agus má dhéantar aon rialacháin den sórt sin scoirfidh na Rialacháin um Lacáiste ar Thobac Crua-Fháiscthe, 1940, d'éifeacht a bheith acu maidir leis an lacáiste faoin alt seo.

(6) Má dhéanann duine ar bith, chun lacáiste faoin alt seo nó faoi alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , a fháil dó féin nó d'aon duine eile (cibé acu i dtuairisceán a bhaineann leis an lacáiste nó ar shlí eile seachas in aon tuairisceán dá shamhail) ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear pionós custam £100 a chur air, nó trí oiread luach an tobac (lena n-áirítear an dleacht air) ar mar gheall air a rinne sé an ráiteas nó an t-uiríoll, cibé suim acu is mó, agus dlífear an tobac a fhorghéilleadh.

Dleacht cheadúnas arm tine.

1925, Uimh. 28 .

18. —(1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas arm tine” ceadúnas arm tine arna dheonú faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 agus 1964.

(2) I gcás ina dtiocfaidh ceadúnas arm tine i bhfeidhm, cibé acu trína dheonú nó trína athnuachan, an lú lá de Lúnasa, 1964, nó dá éis, muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht mháil de réir an ráta a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Íocfar leis an Aire Dlí agus Cirt nó leis an nGarda Síochána agus baileoidh an tAire Dlí agus Cirt nó an Garda Síochána an dleacht mháil ar cheadúnas arm tine a thiocfaidh i bhfeidhm an lú lá de Lúnasa, 1964, nó dá éis.

(4) Ní bheidh éifeacht ag ailt 40 agus 43 den Acht Airgid, 1925 , maidir le ceadúnas arm tine a thiocfaidh i bhfeidhm an lú lá de Lúnasa, 1964, nó dá éis.

Leasú ar alt 8 (4) den Acht Airgeadais, 1942 , agus ar alt 20 (5) den Acht Airgeadais, 1960 .

1942, Uimh. 14 .

1960, Uimh. 19 .

19. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1942

(i) trí “i gcoinnibh únaer mótar-fheithicle” a scriosadh,

(ii) trí “i mótar-fheithicil” a chur in ionad “sa mhótarfheithicil sin”, agus

(iii) trí “gurb é (i) úinéir na mótar-fheithicle sin nó, má bhí teideal ag duine seachas an t-úinéir an mótar-fheithicil sin a shealbhú san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine ag a raibh an teideal sin, agus (ii) má bhí duine seachas an t-úinéir nó an duine ag a raibh teideal mar a dúradh i bhfeighil na mótar-fheithicle sin san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine a bhí ina feighil amhlaidh” a chur in ionad “gurb é únaer sin na mótar-fheithicle sin”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 20 den Acht Airgeadais, 1960

(i) trí “agus (c) gurb é an cosantóir úinéir na feithicle” a scriosadh as, agus

(ii) trí “gurb é (i) úinéir na mótar-fheithicle sin nó má bhí teideal ag duine seachas an t-úinéir an mótar-fheithicil sin a shealbhú san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine ag a raibh an teideal sin agus (ii) má bhí duine seachas an t-úinéir nó an duine ag a raibh teideal mar a dúradh i bhfeighil na mótar-fheithicle sin san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine a bhí ina feighil amhlaidh” a chur in ionad “gurb é an t-úinéir sin”.

Forálacha maidir le samplaí d'ola hiodracarbóin.

1935, Uimh. 28 .

20. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le samplaí d'ola hiodracarbóin a ghlacfar faoi alt 21 den Acht Airgid, 1935 , nó faoi aon rialacháin a dhéanfar faoin alt sin.

(2) Ní bheidh toradh aon ainilíse ar shampla den sórt sin inghlactha ar son an ionchúisimh in aon imeachtaí faoi alt 21 den Acht Airgid, 1935 , murab ainilísí údaraithe a rinne an ainilís.

(3) In aon imeachtaí den sórt a luaitear san fho-alt roimhe seo—

(a) féadfar ceadúnas a airbheartóidh a bheith sínithe ag ainilísí údaraithe a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas,

(b) má thairgtear ceadúnas den sórt sin—

(i) measfar nó go gcruthófar a mhalairt go bhfuil sé sínithe ag ainilísí údaraithe,

(ii) beidh sé ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh luaite ann,

(iii) faoi réir na chéad mhíre eile ina dhiaidh seo, ní gá don duine a shínigh é teacht i láthair ná fianaise viva voce a thabhairt,

(iv) má dhíospóideann an cosantóir aon ráiteas ann déanfaidh an Breitheamh, ar iarratas ón ionchúiseamh, caoi réasúnach a thabhairt, tríd an éisteacht a chur ar atráth nó ar shlí eile, le haghaidh an duine a rinne an ainilís do theacht i láthair agus do thabhairt fianaise viva voce.

(4) San alt seo, ciallaíonn “ainilísí údaraithe” an Ceimiceoir Stáit nó duine ag gníomhú faoina threoir.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1952, Uimh. 24 .

21. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-alt (7):

“(7A) Ní dhéanfar dleacht faoin alt seo a mhuirearú ná a thobhach i leith aon fheithicle de dhroim í a bheith á húsáid ag comhairle contae, ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó ag comhairle ceantair uirbigh (lena n-áirítear aon chomhlacht den sórt sin á húsáid nó á glacadh ar fruiliú) chun ábhar a leathadh ar bhóithre poiblí a d'fhonn déileáil le sioc, oighear nó sneachta, nó d'fhonn sneachta a ghlanadh de bhóithre poiblí le céachta sneachta nó gaireas eile, cibé acu is cuid den fheithicil é nó nach ea nó de dhroim í a bheith á húsáid le dul chun na háite, nó le dul ón áit, ina n-úsáidtear í le haghaidh na gcríocha sin roimhe seo.”

(2) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é, mura mbeadh an fo-alt seo, go dtiocfadh dleacht chun bheith, agus go mbeadh sí, inmhuirir ar fheithicil de réir ráta níos airde de dhroim í a bheith á húsáid ag comhairle contae, ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó ag comhairle ceantair uirbigh (lena n-áirítear aon chomhlacht den sórt sin á húsaid nó á glacadh ar fruiliú) chun ábhar a leathadh ar bhóithre poiblí d'fhonn déileáil le sioc, oighear nó sneachta, nó d'fhonn sneachta a ghlanadh de bhóithre poiblí le céachta sneachta nó gaireas eile, cibé acu is cuid den fheithicil é nó nach ea, nó de dhroim í a bheith á húsáid le dul chun na háite, nó le dul ón áit ina n-úsáidtear í le haghaidh na gcríocha sin roimhe seo, ní thiocfaidh dleacht chun bheith, ná ní bheidh sí, inmhuirir de réir an ráta níos airde sin.

(IB) I gcás ina n-úsáidfear tarracóir lena mbaineann fomhír (b) nó fo-mhír (c) de mhír (4) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar bhóithre poiblí chun é a thabhairt agus céachta sneachta nó gaireas dá shamhail i gceangal leis, go dtí áit ina mbeifear chun é a úsáid nó as áit inar úsáideadh é chun sneachta a ghlanadh de bhóithre, ní thiocfaidh ráta dleachta níos airde chun bheith, ná ní bheidh sé, inmhuirir i leith an tarracóra sin de dhroim é a úsáid mar sin.”

CUID III

Dleachtanna Báis

Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais, 1951 , agus ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 .

1951, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1951 , trí “nó, i gcás leas i maoin a raibh de theorainn leis go scoirfeadh sé ar bhás (lena n-áirítear leas i maoin faoi réir teorann (i bhfoirm ar bith) arb é an éifeacht a bheidh leis a fhoráil mar mhalairt go scoirfidh an leas sin ar bhás nó ar ní éigin a tharlú nó tréimhse éigin a bheith caite roimh an mbás sin) a fhoirceannadh, tar éis é do theacht chun bheith ina leas i seilbh (cibé acu trí ghéilleadh, trí dhídhílsiú, trí fhorghéilleadh nó ar aon slí eile ach amháin téarma socraithe a bheith caite a raibh de theorainn leis an leas sin go scoirfeadh sé ag deireadh an téarma sin), de shórt a oibreodh i ndáil le daoine a bhfuil na hurrúis iomchuí ar úinéireacht thairbhiúil acu nó a raibh siad amhlaidh díreach roimh an dáta ar ar foirceannadh an leas sin” a chur leis i ndeireadh fo-alt (2).

(2) Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , trí “nó, i gcás leas i maoin a raibh de theorainn leis go scoirfeadh sé ar bhás (lena n-áirítear leas i maoin faoi réir teorann (i bhfoirm ar bith) arb é an éifeacht a bheidh leis a fhoráil mar mhalairt go scoirfidh an leas sin ar bhás nó ar ní éigin a tharlú nó tréimhse éigin a bheith caite roimh an mbás sin) a fhoirceannadh, tar éis é do theacht chun bheith ina leas i seilbh (cibé acu trí ghéilleadh, trí dhídhílsiú, trí fhorghéilleadh nó ar aon slí eile ach amháin téarma socraithe a bheith caite a raibh de theorainn leis an leas sin go scoirfeadh sé ag deireadh an téarma sin) de shórt a oibreodh i ndáil le daoine a raibh na stoic nó na hurrúis eile ar úinéireacht thairbhiúil acu díreach roimh an dáta ar ar foirceannadh an leas sin” a chur leis i ndeireadh fo-alt (3).

(3) Ní oibreoidh na forálacha roimhe seo den alt seo chun deonú aon díolúine a chosc a bheadh dleathach dá ndéantaí neamhshuim de na forálacha sin.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe a fhoirceannadh.

1891, c. 39.

23. —(1) Ionstraim ar bith dá dtagraítear faoi aon cheann de na mírchinn seo a leanas sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, beidh sí díolmhaithe ó gach dleacht stampa—

(a) Letter of Allotment and Letter of Renunciation, or any other document having the effect of a letter of allotment.

(b) Scrip Certificate, Scrip, or other document.

(c) Letter or Power of Attorney, and Commission, Factory, Mandate, or other instrument in the nature thereof.

(d) Notarial Act.

(e) Protest of any bill of exchange or promissory note.

(f) Voting Paper.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1964, nó dáta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.

Comhaontú maidir le dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

1963, Uimh. 33 .

1963, Uimh. 23 .

24. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo sin dá rogha féin, comhaontú a dhéanamh le haon chomhlacht corpraithe lena mbaineann an t-alt seo chun imshocraíocht a dhéanamh, de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, ar an dleacht stampa is inmhuirir faoin mírcheann “Bill of Exchange or Promissory Note” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar ionstraimí arna dtarraingt ag an gcomhlacht corpraithe ar a mbaincéir ar fhoirmeacha a sholáthraíonn siad féin.

(2) Beidh aon chomhaontú den sórt sin i cibé foirm agus faoi réir cibé téarmaí agus beidh cibé coinníollacha ann is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, go háirithe, ceanglóidh an comhaontú ar an gcomhlacht corpraithe cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim i leith na n-ionstraimí lena mbainfidh sé ina dtabharfar sonraí ar na hionstraimí sin.

(3) Fad a bheidh aon chomhaontú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim lena mbainfidh sé agus a mbeidh uirthi cibé taispeánadh i dtaobh íoc dleacht stampa a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ach, ina ionad sin agus mar imshocraíocht, déanfaidh an comhlacht corpraithe a rinne an comhaontú, ar aon chuntas a sheachadadh faoin gcomhaontú, cibé suimeanna a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ab inmhuirir, mura mbeadh forálacha an ailt seo, mar dhleacht stampa ar ionstraimí lena mbainfidh an comhaontú agus a tarraingíodh i rith na tréimhse lena mbainfidh an cuntas.

(4) Má mhainníonn an comhlacht corpraithe lena mbaineann aon chuntas a sheachadadh is gá de réir aon chomhaontú den sórt sin nó an dleacht a íoc is iníoctha ar aon chuntas den sórt sin a sheachadadh, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur orthu in aghaidh aon lae a leanfaidh an mhainneachtain agus fairis sin, i dteannta an dleacht a íoc, dlífidh siad ús, a bheidh inghnóthaithe ionann agus dá mba chuid den dleacht é, a íoc ar an dleacht de réir cúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosaigh an mhainneachtain.

(5) Baineann an t-alt seo le gach comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát seachas cuideachta mar a mhínítear sin in alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(6) Aon chomhaontú faoina ndeachthas faoi alt 45 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1963 , agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith beidh éifeacht aige tar éis an dáta sin ionann agus dá mba faoin alt seo a rinneadh é.

CUID V

Cáin Bhrabús Corparáide

Faoiseamh i leith caillteanas áirithe.

1920, c. 18.

25. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharla, in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1962, nó dáta dá éis, gur bhain caillteanas sa ghnó don chuideachta ag a raibh gnó á sheoladh (is caillteanas a bheidh le ríomh sa dóigh chéanna ina ndéantar brabúis a ghnóthaítear i dtréimhse chuntasaíochta a ríomh chun críche cánach brabús corparáide), féadfaidh an chuideachta a éileamh, maidir leis an gcaillteanas, sa mhéid nach gcuirfear sa chuntas é ar shlí eile d'fhonn laghdú nó faoiseamh a thabhairt i leith aon mhuirear cánach brabús corparáide, go dtabharfar an caillteanas sin ar aghaidh agus, a mhéid is féidir, é a asbhaint ó na brabúis nó a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús a thiocfaidh as an ngnó sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile agus, más mó agus a mhéid is mó an caillteanas ná na brabúis a ghnóthófar amhlaidh sa tréimhse sin, é a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús a ghnóthófar amhlaidh sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile, agus mar sin de.

(2) Más rud é, i gcás tréimhse chuntasaíochta inar tharla caillteanas, gur tharla cuid den chaillteanas roimh thosach an 1ú Eanáir, 1962, agus cuid de ina dhiaidh sin, déanfar an caillteanas a chionroinnt idir an tréimhse suas go dtí an dáta sin agus an tréimhse ag tosú ar an dáta sin i gcomhréir le fad na dtréimhsí sin faoi seach agus, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, tabharfar neamhaird in oiread den chaillteanas agus a chionroinnfear don tréimhse suas go dtí an dáta sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “gnó” aon trádáil nó gnó nó aon ghnóthas dá samhail ar brabúis lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, na brabúis uaidh.

(4) Na críocha is intuigthe as an tagairt i bhfo-alt (3) d'alt 53 den Finance Act, 1920, do chríocha Chuid V den Acht sin, ní fholóidh siad críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo, d'ainneoin fho-alt (5) d'alt 35 den Acht seo.

Leasú ar alt 52 den Finance Act, 1920.

26. —(1) Déanfar, go n-éifeacht amhail ar an 1ú lá d'Eanáir, 1964, agus dá éis, fo-alt (3) d'alt 52 den Finance Act, 1920, a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, amhail agus dá bhfágtaí amach as an míniú ar an bhfocal “company” atá san fho-alt sin, na focail “nor a private company the liability of whose members is unlimited”.

(2) D'fhonn éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, má bhíonn cuid de thréimhse chuntasaíochta roimh thosach an 1ú lá d'Eanáir, 1964, agus cuid de ina dhiaidh sin, déanfar brabúis iomlána na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt idir an tréimhse suas go dtí an dáta sin agus an tréimhse ag tosú ar an dáta sin i gcomhréir le fad na dtréimhsí sin faoi seach, agus ní mhuirearófar cáin bhrabús corparáide ach ar oiread de na brabúis agus a bheidh cionroinnte don tréimhse dar tosach an dáta sin, agus measfar an tréimhse sin a bheith ina tréimhse chuntasaíochta.

Asbhaintí i leith luach saothair stiúrthóirí.

1941, Uimh. 14 .

27. —Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1963, forléireofar coinníoll (c) a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (4) d'alt 36 den Acht Airgeadais, 1941 , agus beidh éifeacht leo ionann agus dá gcuirfí na focail “dhá mhíle cúig chéad punt” in ionad na bhfocal “míle cúig chéad punt”.

Cáin bhrabús corparáide a mheasúnú agus a bhailiú.

1946, Uimh. 15 .

1958, Uimh. 25 .

1962, Uimh. 15 .

28. —(1) D'ainneoin fho-alt (1) d'alt 56 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1946 , déanfaidh cigirí cánach measúnachtaí i leith cánach brabús corparáide, agus baileoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin.

(2) Dá reír sin—

(a) tar éis measúnachtaí i leith cánach brabús corparáide a bheith déanta, cuirfidh na cigirí cánach sonraí na suimeanna a bheidh le bailiú go dtí an tArd-Bhailitheoir agus baileoidh agus toibheoidh sé na suimeanna sin,

(b) forléireofar tagairtí do na Coimisinéirí Ioncaim i bhfo-alt (3) d'alt 54, i bhfo-alt (1) d'alt 55, agus i bhfo-alt (6) d'alt 56 den Finance Act, 1920, mar thagairtí do chigire cánach,

(c) cuirfear isteach “nó cánach brabús corparáide” i mír (a) d'fho-alt (5) d'alt 54 den Acht Airgeadais, 1958 , i ndiaidh “i leith cánach ioncaim nó forchánach.”

(d) forléireofar an tagairt don Ard-Chuntasóir Ioncaim i bhfo-alt (6) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , mar thagairt don Ard-Bhailitheoir.

(3) Scoirfidh na focail “by the Commissioners” i bhfo-alt (2) d'alt 55 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (7) d'alt 54 den Acht Airgeadais, 1958 , d'éifeacht a bheith acu.

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1963, Uimh. 23 .

29. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1963” alt 97 den Acht Airgeadais, 1963 ;

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1963 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, ach “£1,384,304” a chur in ionad “£1,431,786”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1963 ach “£878,204” a chur in ionad “£926,179”.

(4) Déanfar suim £1,588,036 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965.

(5) Déanfar an ceathrú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise déag nach mó ná £1,027,246 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an cheathrú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar Chuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

1961, Uimh. 14 .

1956, Uimh. 47 .

1961, Uimh. 1 .

30. —(1) Más rud é, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis—

(a) go ndíolfaidh cuideachta bagún leis an gCoimisiún Muc agus Bagúin de réir cheanglais faoi alt 23 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , agus

(b) go n-onnmhaireofar an bagún as an Stát ag an gCoimisiún nó thar a cheann,

beidh feidhm ag Cuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, ionann agus dá n-onnmhaireodh an chuideachta an bagún as an Stát, agus aon mhéid a bheidh infhaighte ag an gcuideachta as an mbagún a dhíol leis an gCoimisiún measfar, chun críocha na Coda sin den Acht sin, gur méid é is infhaighte as díol na n-earraí a onnmhaireofar amhlaidh.

(2) Más rud é, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis—

(a) de bhua ordú faoi alt 57 den Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 , go ndéanfar cuideachta a mhonaraíonn táirge bainne, de réir bhrí an Achta sin, seachas im—

(i) a thoirmeasc go hiomlán ón táirge a onnmhairiú, nó

(ii) a thoirmeasc ón táirge a onnmhairiú chun aon tíre shonraithe nó tíortha sonraithe,

(b) go ndíolfaidh an chuideachta an táirge leis an mBord Bainne (dá ngairtear an Bord anseo feasta san fho-alt seo), agus

(c) i gcás lena mbainfidh fo-mhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo, go n-onnmhaireoidh an Bord an táirge, nó i gcás lena mbainfidh fo-mhír (ii) den mhír sin, go n-onnmhaireoidh an Bord an táirge go dtí an tír shonraithe nó aon chuid de na tíortha sonraithe,

beidh feidhm ag Cuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, ionann agus dá n-onnmhaireodh an chuideachta an táirge as an Stát, agus aon mhéid a bheidh infhaighte ag an gcuideachta as an táirge a dhíol leis an mBord measfar chun críocha na Coda sin den Acht sin, gur méid é is infhaighte as díol na n-earraí a onnmhaireofar amhlaidh.

(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, measfar nach bhfuil onnmhairiú toirmiscthe mura ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta nach bhfuil sé sásta é a cheadúnú.

Comhaontú maidir le méid cánach nach mbeidh faoi dhíospóid ar achomharc i gcoinne measúnachta.

31. —(1) Más rud é, i gcás inar tugadh fógra achomhairc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide, go ndéanfaidh an t-achomharcóir agus cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú mar gheall ar an méid cánach a mhuirearaítear leis an measúnacht agus ar cheart é a íoc d'ainneoin an achomhairc, baileofar agus íocfar an méid sin agus beidh ús air ar gach slí ionann agus dá mba cháin í a muirearaíodh le measúnacht nach raibh achomharc ar bith ar feitheamh ina leith agus ar an achomharc a chinneadh beidh aon iarmheíd cánach a bheidh inmhuirir de réir an chinnte iníoctha nó aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, de réir mar is gá sa chás.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt seo do chomhaontú a dhéanamh le hachomharcóir folaíonn sé tagairt do chomhaontú a dhéanamh le duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc.

Alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , a leasú.

1956, Uimh. 22 .

32. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , trí “nó ailt 12 den Acht Airgeadais, 1964 ” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (1).

Aisghairm.

33. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964.

(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 15ú lá d'Aibreán, 1964.

(3) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(4) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Chuid IV den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1964, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

34. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c. 39.

1920, c. 18.

35. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) ailt 30 agus 31 den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta an reachta a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Déanfar Cuid V den Acht seo agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin bhrabús corparáide) ailt 30 agus 31 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(6) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éileoidh an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(7) Measfar Cuid I den Acht seo do theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(8) Tiocfaidh alt 28 den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Faoisimh i leith Cánach faoi Alt 8.

Alt 9.

Réamhráiteach.

1. Lamhálfar faoiseamh de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo i ndáil le cáin is inmhuirir de bhua alt 8 den Acht seo, i gcás ina ndéanfar éileamh go cuí de réir fho-alt (4) d'alt 9 den Acht seo.

1918, c. 40.

2. Forléireofar an tagairt d'fhaoiseamh atá in alt 17 den Income Tax Act, 1918, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhaoiseamh faoin Sceideal seo.

Faoiseamh trí laghdú na suimeanna is inmhuirir.

3. Nuair a bheifear ag ríomh an mhuirir i leith cánach maidir le íocaíocht ar ar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo, nach íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige, asbhainfear ón íocaíocht suim is comhionann agus an méid (más aon mhéid é) dar mhó ná trí mhíle punt an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach don oifig nó don fhostaíocht ar ina leith a dhéantar an íocaíocht.

4. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach” maidir le hoifig nó fostaíocht, suim arna háireamh mar a leanas, is é sin le rá—

(a) déanfar amach meánmhéid sochar oifige sealbhóra na hoifige nó na fostaíochta in aghaidh bliana amháin de réir na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís roimh an dáta iomchuí (nó de réir tréimhse uile a sheirbhíse más lú í ná trí bliana);

(b) iolrófar an fichiú cuid den mhéid a dhéanfar amach ag (a) ar an slánuimhir de bhlianta iomlána seirbhíse a bheidh curtha isteach ag an sealbhóir san oifig nó san fhostaíocht; agus

(c) asbhainfear as an toradh ag (b) suim is comhionann le méid, nó de réir mar a bheidh, le luach ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inmhuirir i leith cánach) a fuair an sealbhóir nó is infhaighte aige i leith na hoifige nó na fostaíochta de bhun aon scéime nó ciste de shórt dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht seo:

1958, Uimh. 25 .

Ar choinníoll nach dtabharfar aon aird chun críocha na míre seo ar sheirbhís aon duine mar oifigeach nó fostaí ag comhlacht corpraithe aon tráth nuair a bhí sé ina stiúrthóir dílseánach nó ina fhostaí dílseánach (mar a mhínítear sin le halt 31 den Acht Airgeadais, 1958 ) ag an gcomhlacht sin.

5. I gcás inar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó lena mbaineann mír 3 den Sceideal seo, is íocaíochtaí arna ndéanamh leis an duine céanna nó ina leith i ndáil leis an oifig nó an fhostaíocht chéanna nó i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla a shealbhaítear faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, ansin—

(a) beidh feidhm ag an mír sin 3 ionann agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid is comhionann lena méid comhiomlán na híocaíochtaí sin agus i gcás ina ndéanfar iad i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla amhail is dá mba é a bheadh sa sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach méid ba chomhionann le suim na sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach do na hoifigí nó do na fostaíochtaí sin;

(b) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam ó bhlianta measúnachta éagsúla, is é an faoiseamh a bheidh le deonú faoin mír sin i leith íocaíochta is inmhuirir i leith aon bhliana measúnachta an méid dar mó an faoiseamh arna ríomh de réir na forála sin roimhe seo i leith na híocaíochta sin agus aon íocaíochtaí is inmhuirir i leith blianta measúnachta roimhe sin ná an faoiseamh i leith na n-íocaíochtaí is deireanaí atá luaite;

agus i gcás nach ionann an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach d'oifig nó d'fhostaíocht ar ina leith a dhéanfar dhá cheann nó níos mó de na híocaíochtaí i gcás gach ceann de na híocaíochtaí sin, áireofar é chun críche na míre seo mar ní is comhionann leis an gceann is airde de na sochair sin.

6. Nuair a bheifear ag ríomh an mhuirir i leith cánach i gcás íocaíochta ar ar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo is íocaíocht a dhéanfar i leith oifige nó fostaíochta ina bhfolaíonn seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche agus nach íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige, asbhainfear ón íocaíocht (i dteannta aon asbhainte a lamháiltear faoi na forálacha roimhe seo den Sceideal seo) suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an tsuim ar ar inmhuirir cáin ar leithligh ón mír seo agus atá idir fad na seirbhíse coigríche agus fad na seirbhíse roimh an dáta iomchuí.

Faoiseamh trí laghdú cánach.

7. I gcás aon íocaíochta a bhfuil cáin inmhuirir faoi alt 8 den Acht seo ina leith, lamhálfar an faoiseamh seo a leanas trí asbhaint ón gcáin is inmhuirir de bhun an ailt sin, is é sin le rá, déanfar amach—

(a) an méid cánach ab inmhuirir ar leithligh ón mír seo i leith ioncam sealbhóra nó iarshealbhóra na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a n-áirítear an íocaíocht ina leith mar ioncam;

(b) an méid cánach ab inmhuirir amhlaidh dá mba nach ndearnadh an íocaíocht;

(c) an difríocht idir na méideanna cánach faoi seach ab inmhuirir amhlaidh ar an tuiscint—

(i) nach ndearnadh ach an codán iomchuí den íocaíocht (tar éis aon fhaoiseamh a bhain leis faoi na forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo a asbhaint) a íoc; agus

(ii) nach ndearnadh aon chuid den íocaíocht

agus gan aird a thabhairt, i gceachtar cás, ar aon sochair oifige eile ón oifig nó ón bhfostaíocht;

agus is é an méid a bheidh le hasbhaint an difríocht idir an méid a rinneadh amach ag (a) agus suim an mhéid a rinneadh amach ag (b) agus an t-iolrú iomchuí den difríocht a rinneadh amach ag (c).

8. I gcás ina bhfolaítear in ioncam sealbhóra nó iarshealbhóra na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a n-áirítear an íocaíocht mar ioncam ina leith ioncam a bhfuil teideal aige cáin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile, nó cáin a asbhaint, a choimeád nó a shásamh as aon íocaíocht a dhlíonn sé a dhéanamh le haon duine eile, déanfar na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) go (c) de mhír (7) den Sceideal seo a ríomh ionann is nach mbeadh an cháin sin inmhuirir i leith an ioncaim sin.

9. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an codán iomchuí” agus “an t-iolrú iomchuí”, faoi seach, maidir le haon íocaíocht—

(a) i gcás nach íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige an íocaíocht, an séú cuid agus a sé;

(b) i gcás gur íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige an íocaíocht, a haon arna roinnt ar an uimhir iomchuí de bhlianta seirbhíse gan chaitheamh, agus an uimhir sin de bhlianta;

agus chun críocha na míre seo ciallaíonn “an uimhir iomchuí de bhlianta seirbhíse gan chaitheamh” an uimhir de bhlianta iomlána a cuireadh san áireamh agus méid na híocaíochta á ríomh is blianta a mbeadh teideal ag sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta (ar shlí seachas de bhua socruithe a dhéanfaí ar ionchas a éirí as oifig nó a dhíochur as oifig nó aon athrú iomchuí i bhfeidhmeanna nó i sochair oifige na hoifige nó na fostaíochta) chun an oifig nó an fhostaíocht nó a sochair oifige iomlána a choinneáil, agus i gcás inar lú an tréimhse a áireofar mar a dúradh ná bliain iomlán amháin nó inar mó é ná uimhir chruinn de bhlianta áireofar é chun críocha na míre seo mar bhliain iomlán amháin nó mar an uimhir iomlán de bhlianta is airde ina dhiaidh sin, de réir mar a bheidh.

10. Má bhíonn cáin inmhuirir faoi alt 8 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó leis an duine céanna nó ina leith maidir leis an oifig no leis an bhfostaíocht chéanna agus gur inmhuirir amhlaidh í don bhliain mheasúnachta chéanna, áireofar na híocaíochtaí sin chun críocha mhír 7 den Sceideal seo mar aon íocaíocht amháin de mhéid is comhionann le méid comhiomlán na n-íocaíochtaí sin:

Ar choinníoll, nuair nach ionann an codán iomchuí agus an t-iolrú iomchuí i leith gach ceann de na híocaíochtaí, go ndéanfar an faoiseamh faoin mír sin 7 a ríomh ar leithligh maidir le gach íocaíocht nó íocaíochtaí ag a mbeidh codán iomchuí agus iolrú iomchuí éagsúil, agus in aon ríomh den sórt sin—

(a) fágfar as an áireamh chun críocha uile na míre sin 7 aon íocaíocht ar ísle an t-iolrú iomchuí ina leith; agus

(b) nuair a bheidh an difríocht ag (c) den mhír sin á dhéanamh amach glacfar leis nach ndearnadh ach an codán iomchuí d'aon íocaíocht ar airde an t-iolrú iomchuí ina leith;

agus is é an faoiseamh a lamhálfar suim na bhfaoiseamh a bheidh ríofa amhlaidh i leith na n-íocaíochtaí faoi seach.

11. Má bhíonn cáin inmhuirir faoi alt 8 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó leis an duine céanna nó ina leith i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla agus go mbeidh sí inmhuirir amhlaidh don bhliain mhéasúnachta chéanna, beidh feidhm ag míreanna 7 go 10 den Sceideal seo ionann agus dá ndéanfaí na híocaíochtaí sin i leith na hoifige nó na fostaíocht acéanna agus dá mba shochair oifige i leith na hoifige nó na fontaíochta céanna aon sochair oifige ó aon cheann de na hoifigí só de na fostaíochtaí sin.

Forlíontach

12. Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Sceideal seo d'íocaíocht ar inmhuirir cáin ina leith faoi alt 8 den Acht seo is tagairt í d'oiread den íocaíocht sin agus is inmhuirir i leith cánach tar éis an faoiseamh is infheidhmithe ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 9 den Acht seo a asbhaint.

13. Sa Sceideal seo ciallaíonn “íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige” íocaíocht a dhéanfar—

(a) de bhun ordú ó chúirt in imeachtaí mar gheall ar dhífhostú éagórach nó ar shlí eile mar gheall ar chonradh fostaíochta a shárú, nó mar shocrú ar na himeachtaí sin nó mar shocrú ar éileamh a bhféadfaí imeachtaí den sórt sin a bhunú ina leith; nó

(b) mar chúiteamh i dtaobh aon cheart a mhúchadh a mbeadh sárú air inchaingne in imeachtaí den sórt sin;

agus déanfar aon cheist i dtaobh cé acu is íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige nó nach ea aon íocaíocht áirithe, agus cá mhéad is íocaíocht den sórt sin í, a chinneadh de réir na gcúinsí uile agus ní trí thagairt do na téarmaí ar a ndeirtear í bheith déanta a chinnfear (nó a chinnfear go huile) an cheist sin.

14. Aon tagairt atá sa Sceideal seo do shochair oifige nó fostaíochta is tagairt í do na sochair oifige sin lasmuigh d'aon íocaíocht ar ar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo; agus nuair a bheifear ag ríomh méid na sochar oifige sin chun aon chríche de chuid an Sceidil seo—

1959, Uimh. 18 .

(a) cuirfear san áireamh aon mhuirear cothromaíochta a bheidh dlite ar shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1959 ;

1921, c. 32.

(b) asbhainfear aon liúntais faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II den Sceideal D nó faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1959 , agus aon liúntas faoi Riail 9 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E, nó faoi alt 32 den Acht Airgeadais, 1921, nó faoi alt 38 den Acht Airgeadais, 1958 , a mbeidh teideal aige chucu;

agus, chun méid na sochar oifige in aghaidh aon bhliana seirbhíse a dhéanamh amach áireofar aon mhuirir nó liúntais mar a dúradh do bhliain mheasúnachta mar a bheadh siad ag faibhriú ó lá go lá agus cionroinnfear ar an dóigh sin iad de réir ama.

15. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an dáta iomchuí” maidir le híocaíocht nach íocaíocht ag iomalartú íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a dhéanfar é agus, maidir le híocaíocht ag iomalartú íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a dhéanfaí na híocaíochtaí sin.

16. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “seirbhís choigríche” maidir le hoifig nó fostaíocht, seirbhís de chineál a fhágann—

(a) nach raibh cáin inmhuirir i leith sochar na hoifige nó na fostaíochta, nó

(b) toisc gurbh oifig nó fostaíocht faoi Sceideal E an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin faoin Sceideal sin inmhuirir i leith iomlán na sochar oifige a bhain leis an gcéanna, nó

1929, Uimh. 32 .

(c) toisc go meastar gur seilbh in áit lasmuigh den Stát de réir bhrí Chás III de Sceideal D an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin i leith an ioncaim ón gcéanna le ríomh de réir Riail (1) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 .

17. Aon tagairt atá sa Sceideal seo don mhéid cánach is inmhuirir nó ab inmhuirir ar dhuine is tagairt í don mhéid cánach is inmhuirir nó ab inmhuirir ar dhuine trí mheasúnacht nó trí asbhaint.

AN DARA SCEIDEAL

Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam)

Alt 14.

An Saghas Biotáille

Rátaí Fabhair

Lán-rátaí

(1)

(2)

(3)

£ 

s. 

d.

£ 

s. 

d.

Ar gach galún de bhiotáille chumhraithe

..

..

17

13

10

17

17

10

Ar gach galún de licéirí, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadtar i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le

tástáil

..

14

18

7

15

1

11

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon saghas biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil

biotáille

..

11

1

2

11

3

8

AN TRIU SCEIDEAL

Dleachtanna ar Thobac

Alt 17.

Cuid I

Custaim

Tobac Neamhmhonaraithe:—

£

s.

d.

má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

3

0

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

3

6

mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

3

0

0

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

3

6

8

Lán-ráta

Ráta Fabhair

Tobac Monaraithe:—

£

s.

d.

£

s.

d.

todóga     ..     ..     ..     ..     ..

an

lb.

3

16

0

3

3

4

toitíní     ..     ..     ..     ..     ..

,,

,,

3

13

6

3

1

3

Cavendish nó Negrohead     ..     ..

,,

,,

3

15

0

3

2

6

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh

faoi bhanna     ..     ..     ..     ..

,,

,,

3

14

6

3

2

1

tobac monaraithe eile     ..     ..     ..

,,

,,

3

13

0

3

0

 10

Snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad

de fhliuchra ann de réir meáchain     ..

,,

,,

3

13

0

3

0

 10

Snaois nach bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir

3

15

0

3

2

6

meáchain     ..     ..     ..     ..

,,

,,

Cuid II.

Mál

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an

lb.

2

18

11

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

,,

3

5

tobac monaraithe:—

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ..

,,

,,

3

0

11

AN CEATHRU SCEIDEAL

Rátaí Dleachta Arm Tine

Alt 18.

£

s.

d.

1. Ar dheimhniú airm tine i leith piostail, lena n-áirítear aerphiostal nó gunnán     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

10

0

2. Ar dheimhniú airm tine i leith raidhfil, lena n-áirítear mionraidhfil

1

0

0

3. Ar dheimhniú airm tine i leith aerghunna, lena n-áirítear aer-raidhfil

1

0

0

4. Ar dheimhniú airm tine i leith airm thoirmiscthe     ..     ..

10

0

5. Ar dheimhniú airm tine i leith gunna gráin lena mbaineann forálacha alt 12 d'Acht na nArm Tine, 1964      ..     ..     ..     ..

10

0

6. Ar aon deimhniú airm tine eile—

Ar dheimhniú amháin den sórt sin     ..     ..     ..

2

5

0

I gcás ina ndeonofar dhá dheimhniú nó níos mó don duine céanna (ní gá gur san am céanna é) agus go rachaidh siad in éag ar an dáta céanna—

ar an gcéad deimhniú den sórt sin     ..     ..     ..

2

5

0

ar an dara deimhniú den sórt sin agus ar gach deimhniú den sórt sin ina dhiaidh sin     ..     ..     ..

10

0

AN CUIGIU SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 33.

Cuid I

(1)

(2)

(3)

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 15 de 1951

An tAcht Airgeadais, 1951 .

Alt 4.

Cuid II

(1)

(2)

(3)

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 14 de 1940 .

An tAcht Airgeadais, 1940 .

Fo-alt (4) d'alt 17.

Cuid III

(1)

(2)

(3)

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

26 & 27 Vict., c. 7.

Manufactured Tobacco Act, 1863.

In alt 4: na focail “whether imported and warehoused as such or”, coinníollacha 1 go 4, na focail “wrapping and labelling” i gcoinníoll 6 agus na focail “,wrapped, labelled,” i gcoinníoll 8; ailt 6, 7 agus 8; in alt 9, na focail “nor shall any cavendish or negrohead tobacco be imported into Great Britain and Ireland, except to be warehoused in the first instance in some warehouse approved by the Commissioners of Customs for security of duties of customs on tobacco;” agus na focail “,or being imported shall not be forthwith duly entered and warehoused,”.

Uimh. 28 de 1935 .

An tAcht Airgid, 1935 .

Mír (c) d'fho-alt 8 d'alt 21.

Uimh. 23 de 1963 .

An tAcht Airgeadais, 1963 .

Alt 45.

Cuid IV.

(1)

(2)

(3)

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

54 & 55 Vict., c. 39.

Stamp Act, 1891.

Ailt 79, 80 agus 90.

62 & 63 Vict., c. 9.

Finance Act, 1899.

Alt 9.

7 Edw. 7.c. 13.

Finance Act, 1907.

Alt 9.

9 Edw. 7, c. 43.

Revenue Act, 1909.

Alt 9.

10 & 11 Geo. 5, c. 18.

Finance Act, 1920.

Alt 35.