17 1964


Uimhir 17 de 1964.


AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (LEASÚ), 1964.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961 . [7 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1961, Uimh. 41 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Phríomh-Acht” an tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 .

Suimeanna nach mbeidh le háireamh nuair a bheifear ag measúnú damáistí (díobháil phearsanta nach cúis bháis).

2. —Nuair a bheifear ag measúnú damáistí i gcaingean chun damáistí a ghnóthú maidir le gníomh éagórach (lena n-áirítear coir) as ar tháinig díobháil phearsanta nár chúis bháis, ní chuirfear san áireamh—

(a) aon suim is iníoctha i leith na díobhála faoi aon chonradh árachais,

(b) aon phinsean, aisce nó sochar eile dá leithéid is iníoctha faoi reacht nó ar shlí eile mar gheall ar an díobháil.

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

3. —Déantar leis seo alt 27 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) Féadfar éileamh a dhéanamh nó fógra a sheirbheáil de bhun fho-alt (1) den alt seo d'ainneoin go séanann an duine ag a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh nó an fógra á sheirbheáil, nó nach n-admhaíonn sé, gurb éagóiritheoir é agus ní bheidh sé intuigthe as an éileamh a dhéanamh nó an fógra a sheirbheáil go bhfuil aon dliteanas á admháil aige.”

Leasú ar alt 35(2) den Phríomh-Acht.

4. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 35 den Phríomh-Acht a leasú trí “faoi réir mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo,” a chur isteach ann roimh “urchosc”.

Leasú ar alt 36 den Phríomh-Acht.

5. —Déantar leis seo alt 36 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) D'ainneoin aon ní in alt 62, i gcás ina ndéanfar éileamh i gcoinne duine a bheidh faoi árachas i leith dliteanais a líomhnaíodh san éileamh agus nach n-íocfaidh an t-árachóir an t-éileamh mar gheall ar é a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne suime a bheidh dlite don duine árachaithe ón duine a rinne an t-éileamh sin, beidh an duine árachaithe nó aon duine a bheidh ag feidhmiú ar a shon nó a ghabhann teideal faoi i dteideal méid an éilimh sin a ghnóthú ó na hárachóirí.”

Aisghairm.

6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Dhliteanas Sibhialta, 1961 agus 1964, a ghairm díobh le chéile.

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 6.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 6 de 1957 .

Reacht na dTréimhsí, 1957 .

Mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 49.

Uimh. 41 de 1961 .

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 .

Mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 40; mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 49.