|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 36 de 1964. | ||
| [EN] |
AN tACHT RÁTHAÍOCHTAÍ STÁIT (LEASÚ), 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA RÁTHAÍOCHT STÁIT, 1954 . [22 Nollaig, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Ráthaíocht Stáit, 1954 . |
| [EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht trí “agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead d'airgeadra seachas airgeadra an Stáit)” a chur isteach i ndiaidh “i pé foirm agus slí”. |
| [EN] |
Leasú ar ailt 3, 5 agus 6 den Phríomh-Acht. |
3. —(1) Maidir le ráthaíocht, de bhua an leasaithe a dhéantar le halt 2 den Acht seo, in airgead d'airgeadra seachas airgeadra an Stáit— |
| [EN] | (a) áireofar gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim in alt 3 den Phríomh-Acht mar thagairt do mhéid is comhionann in airgeadra an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an méid comhionann sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt, | |
| [EN] | (b) áireofar gach ceann de na tagairtí d'airgead in alt 5 agus i bhfo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgeadra an Stáit. | |
| [EN] | (2) Más rud é— | |
| [EN] | (a) go mbeidh an méid is comhionann in airgeadra an Stáit le hairgeadra eile á ríomh de bhun mhír (a) den fho-alt roimhe seo, agus | |
| [EN] | (b) go mbeidh, an tráth a shonraítear sa mhír sin, airgeadra an Stáit agus an t-airgeadra eile ar áireamh ar na hairgeadraí ar a mbeidh luachanna ar cothrom, a bunaíodh faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, | |
| [EN] | measfar gur tagairt don ráta iomlaoide a bunaíodh ar na luachanna sin an tagairt atá sa mhír sin don ráta iomlaoide an tráth sin. | |
| [EN] |
Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. I.R. Uimh. 185 de 1964. |
4. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí thagairt do £6,000,000 a chur in ionad na tagartha do £5,000,000, a cuireadh isteach sa tríú colún maidir le hAer Lingus, Teoranta leis an Ordú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal) (Uimh. 2), 1964. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Ráthaíochtaí Stáit (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Ráthaíochtaí Stáit, 1954 agus 1964, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |