37 1964


Uimhir 37 de 1964.


AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ GO TRÍOCHA MILLIÚN PUNT COMHIOMLÁN NA nDEONTAS A FHÉADFAIDH AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA A THABHAIRT DON FHORAS TIONSCAL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE DEONTAIS ÓN bhFORAS TIONSCAL CHUN GNÓTHAIS TIONSCAIL A MHÉADÚ NÓ A OIRIÚNÚ. [22 Nollaig, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Méid na ndeontas ón Aire don Fhoras Tionscal.

1952, Uimh. 1 .

1956, Uimh. 48 .

1. —Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 (a fhorálann go bhféadfaidh an tAire deontais a thabhairt don Fhoras Tionscal) den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , agus faoi alt 3 (a d'fhoráil go bhféadfaidh an tAire deontais a thabhairt don Údarás Forbartha Tionscail) den Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , thar tríocha milliún punt.

An tréimhse chun deontais a thabhairt le haghaidh méadú nó oiriúnú ar ghnóthais.

1963, Uimh. 3 .

1963, Uimh. 4 .

2. —Féadfar deontas a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Limistéir Neamhfhorbartha (Leasú), 1963 , i leith méadú nó oiriúnú is den chineál dá dtagraítear san alt sin agus a cheadóidh an Foras Tionscal tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus roimh an 31ú lá de Mhárta, 1966, agus féadfar deontas a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , i leith méadú nó oiriúnú is den chineál dá dtagraítear san alt sin agus a cheadóidh an Foras Tionscal tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus roimh an 31ú lá de Mhárta, 1966, agus, dá réir sin, déantar leis seo “an 31ú lá de Mhárta, 1966” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1965” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) de na hailt sin.

Leathnú ar an gcumhacht chun deontais a thabhairt le haghaidh méadú nó oiriúnú ar ghnóthais.

1963, Uimh. 3 .

1963, Uimh. 4 .

1959, Uimh. 36 .

3. —(1) Más rud é, de dhroim an mhuirir speisialta a forchuireadh ar earraí áirithe a allmhaireofar isteach sa Bhreatain Mhór, i dTuaisceart Éireann, in Oileáin Mhuir nIocht nó in Oileán Mhanann an 27ú lá de Dheireadh Fómhair, 1964, nó dá éis sin, go dtarlóidh aon deacracht neamhghnách maidir le díol a tháirgí lasmuigh den Stát ag gnóthas tionscail, féadfar deontas i leith costas réitithe na deacrachta sin a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Limistéir Neamhfhorbartha, 1963, nó faoi alt 4 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , de réir mar is iomchuí ag féachaint do shuíomh an ghnóthais, amhail is dá mba é a bheadh sa chostas sin costas méadaithe nó oiriúnaithe den chineál a bhféadfar deontais a thabhairt ina leith faoi na hailt sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 11 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 , maidir le deontais den chineál a fhéadfar a thabhairt de bhua an ailt seo.

Pionós mar gheall ar ráitis a bheidh bréagach nó míthreorach.

4. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, go feasach, d'fhonn deontas is iníoctha de bhua alt 3 den Acht seo a fháil i leith gnóthais tionscail, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach ó bhéal nó i scríbhinn nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £100 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air nó an fhíneáil agus an phríosúnacht araon nó, ar a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil agus an phríosúnacht araon.

(2) Más rud é, i gcás cion faoin alt seo a rinne comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith, aon mhainneachtana ar thaobh aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile dá samhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a bhí á airbheartú go raibh sé ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, measfar eisean, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, a bheith ciontach sa chion.

Aisghairm.

1963, Uimh. 4 .

5. —Aisghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 7 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 .

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1964, a ghairm de na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, agus den Acht seo le chéile.