38 1964


Uimhir 38 de 1964.


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1961. [22 Nollaig, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

1961, Uimh. 45 .

1935, Uimh. 16 .

1. —Aisghairtear leis seo alt 2 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1961 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná dhá chéad agus caoga milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 .

Méideanna áirithe a dhíscríobh.

1935, Uimh. 16 .

2. —(1) Déanfar na méideanna príomhshuime agus úis a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a dhíscríobh as sócmhainní chiste na n-iasachtaí áitiúla.

(2) D'ainneoin fho-alt (3) d'alt 14 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , i gcás ina ndíscríobhfar méideanna de bhun an ailt seo, scoirfidh dliteanas aon duine chun na méideanna agus an t-ús pionósach atá dlite ina leith a íoc.

(3) Measfar, i gcás na méideanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, an t-alt seo a theacht i ngníomh ar an dáta a shonraítear ag an uimhir thagartha sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1964, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1961, agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

Alt 2.

Uimh. Thag.

Ainm an iasachtaí

An phríomhshuim atá le díscríobh

An t-ús atá le díscríobh

Dáta éifeachta an díscríofa

£

s.

d.

£

s.

d.

1.

John Cosgrave

...

3

13

6

9

6

3 Samhain, 1947

2.

Denis Eivers

...

...

1

19

0

1

0

1 Bealtaine, 1908

3.

John Fallon

...

...

1

9

10

9

3

29 Eanáir, 1930

4.

James Foley

...

...

6

2

1

10

16 Iúil, 1934

5.

James Fox

...

...

35

0

0

2

13

0

25 Aibreán, 1959

6.

Thomas Hanrahan

...

62

15

9

6

2

5

24 Eanáir, 1955

9

8

3

1

3 Aibreán, 1935

7.

James Kelly

...

...

2

13

9

17

6

5 Nollaig, 1941

8.

George McKenzie O'Rorke

...

...

6

10

9

2

10

0

8 Samhain, 1930

9.

Mary McLoughlin

...

6

3

4

7

15

10

5 Aibreán, 1908

10.

James Maguire

...

18

1

5

7

4 Nollaig, 1940

11.

John Murray

...

...

6

10

2

1

28 Eanáir, 1935

12.

Michael O'Donnell

...

98

1

5

25

12

11

5 Aibreán, 1921

13.

John Naughton

...

7

6

2

6

17 Nollaig, 1932

14.

Bridget Queeney

...

1

9

9

18

10

2 Samhain, 1953

15.

Hugh F. Small

...

6

10

4

11

16 Bealtaine, 1916

16.

Peter Small

...

...

12

10

5

2

11 Samhain, 1930